Ráiteas um Pholasaí Covid-19

Wednesday, February 21st, 2018

Ráiteas um Polasaí COVID -19

Scoil Lorcáin tiomanta ionad oibre sláintiúil agus sábháilte dár bhfoireann ar fad agus timpeallacht foghlama shábháilte dár ndaltaí uile a chothú. Chun é sin a chinntiú tá an Plean Freagartha COVID-19 seo forbartha againn. Tá Bainistíocht agus foireann na scoile go léir freagrach as cur i bhfeidhm an phlean seo agus cuideoidh iarracht chomhchoiteann le bac a chur ar scaipeadh an víris. Tá sé mar aidhm againn:

  •         leanúint ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar ár bhfreagra COVID-19 agus an plean seo a leasú i gcomhairle lenár bhfoireann
  •         eolas suas chun dáta maidir le treoracha sláinte phoiblí an FSS agus Gov.ie a chur ar fáil dár bhfoireann agus daltaí
  •         eolas faoi chomharthaí COVID-19 agus conas ba cheart do lámha a ní a thaispeáint
  •         ionadaí oibrithe atá  furasta a aithint a aontú leis an bhfoireann chun an ról atá leagtha amach sa phlean seo a chomhlíonadh
  •         an fhoireann agus na daltaí go léir a chur ar an eolas faoi shláinteachas riachtanach mar aon le béasaíocht anála agus riachtanais scaradh sóisialta
  •         an scoil a athchóiriú chun scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm mar is oiriúnach le treoracha agus orduithe na Roinne Oideachais
  •         logleabhar teagmhála a choimeád chun chabhrú le rianú teagmhála
  •         cinntiú go rachaidh an fhoireann i dteagmháil leis an bhfaisnéis ionduchtaithe / taithíocha a chuir an Roinn Oideachais ar fáil
  •         an próiseas comhaontaithe i gcás go mbeadh duine sa scoil ag taispeáint na gcomharthaí de COVID-19 agus iad ar scoil a chur i bhfeidhm
  •         treoracha a chur ar fáil don fhoireann agus do na daltaí i gcás go bhfuil siad ag taispeáint na gcomharthaí de COVID-19 agus iad ar scoil 
  •         glantóireacht a chloíonn le treoracha na Roinne Oideachais a dhéanamh

Rachfar i comhairliúchán leis an bhfoireann ar bhonn leantach agus fáiltítear roimh aiseolas ar ábhar imní ar bith, fadhbanna nó moltaí.

Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bPríomhionadaí (/-ithe) Oibrithe, a dtacófar leis/léi de réir an chomhaontaithe idir an Roinn agus na páirtithe oideachais.

Príomhoide:                  Dáta: 21 Lúnasa 2020

Cathaoirleach:   Dáta: 21 Lúnasa 2020