Lá Spóirt / Sports Day 2026

Lá Spóirt Scoil Lorcáin / Scoil Lorcáin Sports Day

Scoil Lorcáin Lá Spóirt 2026 banner - Dé Domhnaigh 21ú Meitheamh, 2-5pm, St Laurence's D18 AK07

A thuistí, féach thíos eolas ó Choiste na dTuismitheoirí maidir leis an Lá Spóirt.

Dear Parents, please see below information from the Parents’ Committee regarding Sports Day.

Réamhrá / Introduction

Is lá speisialta é Lá Spóirt Scoil Lorcáin a eagraíonn Coiste na dTuismitheoirí gach bliain. Tagann an pobal scoile ar fad le chéile chun lá lán de spraoi, gáire agus comhluadar a chruthú. Tá fáilte roimh gach teaghlach, go háirithe dóibh siúd atá ag freastal air den chéad uair.

Scoil Lorcáin Sports Day is a special annual event organised by the Parents’ Committee each year. The entire school community comes together to create a day full of fun, laughter and togetherness. All families are welcome, especially those attending for the first time.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le d’ionadaí ranga.

If you have any questions, please contact your class representative.

Sonraí an Imeachta / Event Details

  • Dáta / Date: Dé Domhnaigh, 21ú Meitheamh / Sunday, 21st June
  • Am / Time: 2.00i.n – 5.00i.n / 2.00pm – 5.00pm
  • Ionad / Venue: Scoil St. Laurence’s, Bóthar Wyattville, Loughlinstown, D18 AK07

Clár Ama / Running Order

1.30i.n – Osclaítear na geataí i Scoil St. Laurence’s
1.30pm – Gates open at St Laurence’s

2.00i.n – An Píobaire
Bailíonn na páistí ar an bpáirc don pharáid tosaigh.
2.00pm – The Piper. Children gather on the pitch for the opening parade.

2.15i.n – An Pharáid Mhór
Siúlann na páistí timpeall na páirce taobh thiar den phíobaire agus canaimid Amhrán na bhFiann.
2.15pm – The Main Parade. Children walk around the pitch behind the piper followed by Amhrán na bhFiann.

2.30i.n – Tosaíonn na rásaí
Tá rian reatha ar leith ag gach bliainghrúpa. Féach an gclár ama le haghaidh sonraí.
2.30pm – Races begin. Each year group has its own running track. Please see timetable for race details.

4.00i.n – 4.30i.n
Rás na Máithreacha, Rás na n-Aithreacha agus Rás na n-Iardhaltaí.
4.00pm – 4.30pm. Race for mums, dads and past pupils.

4.45i.n – Tosaíonn an glanadh
Cuidíonn gach duine.
4.45pm – Clean-up begins. Everyone helps.

Féach an clár ama de na rásaí do gach bliainghrúpa thíos.
Please see the timetable of the races for each year group below.

Lá Spóirt 2026 timetable - races for each year group

Dathanna na dT-Léinte / T-Shirt Colours

Tabhair leat an t-léine chuí do do pháiste, le do thoil.
Please bring the appropriate t-shirt for your child.

  • Naíonáin Shóisireacha – Glas / Junior Infants – Green
  • Naíonáin Shinsireacha – Oráiste / Senior Infants – Orange
  • Rang 1 – Buí / 1st Class – Yellow
  • Rang 2 – Gorm Geal / 2nd Class – Bright Blue
  • Rang 3 – Dubh / 3rd Class – Black
  • Rang 4 – Dearg / 4th Class – Red
  • Rang 5 – Bán / 5th Class – White
  • Rang 6 – Gorm Dorcha / 6th Class – Navy

Cabhair de Dhíth / Help Needed

Is iad tuismitheoirí a eagraíonn an lá seo agus tá cabhair ó gach duine riachtanach. Ní tharlaíonn sé gan sibh!

This day is organised by parents and we need everyone involved to make it happen. It doesn’t happen without you!

Beidh d’ionadaí ranga i dteagmháil chun oibrithe deonacha a eagrú do gach bliainghrúpa agus bunófar grúpaí WhatsApp chuige sin freisin.

Your class representative will be in touch to organise volunteers for each year group and associated WhatsApp groups will also be organised for this.

Cad a bheidh ann / What Will Be There

  • Veain tae & caife / Tea & coffee van
  • Veain Uachtar reoite / Ice cream van
  • Giggles an Fear Greann / Giggles the Clown
  • Puball Céadfach / Áit Chiúin ar fáil i rith an lae / Sensory & Quiet Space Tent available throughout the day
  • Péinteáil aghaidhe / Face Painting

Bia & BBQ / Food & BBQ

Beidh BBQ á reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí ar an lá le burgers, hotdogs agus neart bia blasta eile ar fáil.

The Parents’ Committee will be running the BBQ on the day with burgers, hotdogs and plenty of tasty food available.

Rachaidh gach brabús ón BBQ agus ón mbia ar ais go díreach chuig an scoil chun tacú lenár bpáistí agus le himeachtaí scoile amach anseo, mar sin táimid fíorbhuíoch as bhur dtacaíocht.

All proceeds from the BBQ and food sales will go directly back to the school to support our children and future school events, so we would really appreciate your support.

Bígí linn don bhia, don spraoi agus don phobal!
Come along for the food, fun and community spirit!

Cad ba chóir a thabhairt leat / What to Bring

  • Éadaí spóirt compordacha / Comfortable sports clothes
  • Buidéal uisce / Water bottle
  • Grianscéithe agus hataí / Sunscreen and hats
  • Seaicéad – bí ullamh do gach cineál aimsire! / Jacket – be prepared for all Irish weather!
  • Sneaiceanna más mian leat / Snacks if desired
  • Beidh stáisiúin athlíonta uisce ar fáil. / Water refill stations will be available.
  • Tabhair an teaghlach ar fad leat / Bring the whole family along!

Iompar & Páirceáil / Transport & Parking

Tá páirceáil an-teoranta. Seol ríomhphost chuig Laspoirtsl@gmail.com chun spás páirceála a chur in áirithe más gá amháin. Tar éis sin, beidh sé ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce”.

Parking is very limited. Please email Laspoirtsl@gmail.com to reserve a parking space only if absolutely necessary. Remaining spaces will be first come, first served.

Moltar siúl, rothaíocht nó teacht ar bhus.
We encourage walking, cycling or public transport.

Moltar do theaghlaigh Journey Planner TFI nó Google Maps a úsáid chun an bealach is fearr a aimsiú.
Families are encouraged to use the TFI Journey Planner or Google Maps to plan the best route.

Busanna / Buses: Stopann an E1 ar Bhóthar an Bhré ag stad 3133, le lána isteach chuig an ionad. Stopann an 7, 7A agus an 111 ar Bhóthar Wyattville.
The E1 stops on Bray Road at stop 3133, with a laneway entrance to the venue. The 7, 7A and the 111 stop on Wyattville Road.

Rothaíocht / Cycling: slí oiriúnach do theaghlaigh trí Pháirc Chill Bóid, ag imeacht ag Club Dornálaíochta Bhaile Breac agus ar aghaidh go Bóthar Wyattville.
Family-friendly cycle route through Kilbogget Park, exiting at Ballybrack Boxing Club and continuing along Wyattville Road.

Críoch / Closing

Bígí linn don lá iontach seo lán craic, spraoi agus gáire. Táimid ag tnúth go mór libh ar fad a fheiceáil ann!

Join us for a fantastic day full of fun, laughter and community spirit. We’re really looking forward to seeing you all there!