Cumann na dTuismitheoirí / Parents Association

B’iad na tuismitheoirí a bhunaigh Scoil Lorcáin an chéad lá riamh i 1952 agus tá Coiste na dTuismitheoirí an-ghníomhach i gcónaí i saol na scoile. Reachtálann an coiste imeachtaí éagsúla a chuireann leis an scoil nó a bhailíonn airgead ar son na scoile. Feidhmíonn an Coiste sna réimsí seo:

1. Maoiniú: An príomhimeacht chun airgead a bhailiú ná Aonach na Nollag. Úsáidtear an t-airgead a bhailíonn an Coiste chun tacú leis an bpríomhoide agus na múinteoirí chun scolaíocht den scoth a chur ar fáil do na páistí. Le bliain anuas, chaith an Coiste airgead ar: Leabhair léitheoireachta Gaeilge agus Béarla, Dialanna obair bhaile do ranganna 1 – 6, Ranganna breise i rith am scoile do Taekwando (ranganna 1-6), rince (ranganna 1-6) agus cluichí Gaelacha (naíonáin shinsearacha – rang 6). Cóiriú áirithe ar an scoil Le blianta beaga anuas, chaith an Coiste airgead ar mhór-rudaí eile cosúil le cláir bána do na seomraí ranga agus uirlisí ceoil a cheannach chun iad a thabhairt ar iasacht do dhaltaí. An gnáth-nós ná go ndéanann an príomhoide (leis na múinteoirí) iarratas ar chaiteachas áirithe agus go dtacaíonn an Coiste leis seo.

2. Imeachtaí sóisialta: Céilí na Samhna, Fáiltiú don Chéad Chomaoineach, An Lá Spóirt, Bronnadh na dTeastas do rang 6.

3. Imeachtaí eile:  Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus Scéim na n-uirlisí ceol.  Déanann an Coiste iad seo a eagrú, agus eagraítear iad ar bhunús féín-mhaoinithe. Bíonn fáilte i gcónaí roimh tuismitheoirí nua atá sásta cabhrú leis an obair seo. Chun níos mó a fhoghlaim faoi Choiste 2018-19 agus na h-imeachtaí atá beartaithe féach na leathanaigh: Baill/Members Imeachtai/Events Ionadaithe Ranga / Class Reps Parents’ Association.


It was parents who founded Scoil Lorcáin in 1952 and Coiste na dTuismitheoirí is still very active in the school. The coiste organises various events to support the school or to collect money on its behalf. The activities of the Coiste are in the following broad areas:

1. Fundraising: The primary fund raising activity is the Christmas fair (Aonach na Nollag). Money raised by the Coiste is used to support the principal and teachers in enhancing the school experience for the children. Use of the Coiste funds over the past year included the following Purchase of English and Irish reading books for the children Purchase of homework journals for the children (rang 1-6) Payment for extra teachers for activities during school hours such as Tai Kwan Do (Rang 1-6), Irish dancing (Rang 1-6), GAA (N.Shins – Rang 6) and essential health and safety maintenance of the school. In prior years the Coiste made capital expenditure such as purchase of whiteboards for the classrooms, purchase of musical instruments, which are lent to students for the year. It is usual that the principal in conjunction with the teaching staff makes a request for the purchase of items, which is then sanctioned by the Coiste.

2. Organizing social events: A Reception Party for first communion children and their families.  A Sixth Class graduation ceremony.  Halloween music and dance party.  Sports Day.  All social events are either funded by the Coiste or undertaken on a ‘self funding’ basis.

3. Other: Irish classes for parents. Musical instrument rental scheme. The committee organises these but are operated on a self funding basis. There is always a welcome for more parents to join in this work.