Frasaí / Phrases

    Nótaí / Notes for the teacher
  • Beidh Áine as láthair ar feadh coicíse i mí Meithimh.
    Áine will be absent for a fortnight in June.
  • Tá an teaghlach go léir ag dul ar saoire.
    All the Family are going on holidays.
  • Críochnóidh sí ar scoil ar an 12 Meitheamh agus beidh sí ar ais ar scoil ar an 27 Meitheamh
    She will finish school on June 12 and she will be back in school on June 27.
  • Níl aon obair bhaile déanta ag Órlaith.
    Órlaith didn’t do her homework.
  • Níor bhraith sí go ró-mhaith nuair a tháinig sí abhaile ón scoil.
    She didn’t feel too well when she came home from school.
  • Chaith sí an trathnóna sa leaba
    She spent the evening in bed.
  • Déanfaidh sí anocht é
    She will do it tonight.
  • Ní raibh Úna ar scoil inné mar bhí a scornach an-tinn
    Úna wasn’t in school yesterday because her throat was very sore.
  • Beidh Caoimhe as láthair ón scoil ó 9 Samhain go dtí 24 Samhain.
    Caoimhe will not be in school from November 9th to November 24th.
  • Beidh sí ag dul faoi scian in ospidéal Naomh Uinsinn chun a Céislíní a bhaint amach.
    She is having an operation in St. Vincents to have her tonsils taken out.
  • Beidh sí ag dul faoi obráid in ospidéal Naomh Uinsinn chun a Céislíní a bhaint amach.
    She is having an operation in St. Vincents to have her tonsils taken out.
  • Beidh Bríd as láthair amárach (8 Meitheamh) mar beidh uirthi dul go dtí an t-ospidéal chun an plástar a bhaint dá cos.
    Bríd will not be in school tomorrow (June 8, ) as she has to go to the hospital to get the plastar on her leg removed.
  • Beidh Aoife déanach ag teacht ar scoil amárach (18 Meán Fómhair )
    Aoife will be late coming to school tomorrow (18 September)
  • Tá coinne aici leis an bhfiaclóir ag 9 rn.
    She has an appointment with the dentist at 9 am.
  • Gortaíodh Dónall le linn cluiche iománaíochta ar an Satharn. Tógadh go dtí an t-ospidéal é, áit ar chaith sé an oíche. Tá orainn dul ar ais go dtí an t-ospidéal inniu chun x-ghathú a fháil ar a chos chlé
    Dónall was hurt during a hurling game on Saturday. He was taken to hospital and spend the night there. We have to go back to the hospital today to get an x-ray on his left leg.
  • Tá deilgneach ar Chiara. Dúirt an dochtúir liom í a choimeád ón scoil ar feadh coicíse
    Ciara has chicken pox. The doctor said to keep her at home from school for a fortnight.
  • Tá múchadh ar Lúc agus níl cead aige ag rith.
    Lúc has asthma and he is not allowed to run.
  • Thit Pádraig anuas ó rothar agus ghortaigh sé a ghlúin. Níl siúl ceart aige go fóill agus tá air maidí croise a úsáid.
    Pádraig fell from a bike and he hurt his knee. He can’t walk properly and he has to use crutches.
  • Bhí na faireoga sa mhuineál ataithe. Ní raibh sé in ann ithe.
    His glands in his neck were swollen and he wasn’t able to eat.
  • Bhris Tomás caol a láimhe agus ní bheidh sé in ann scríobh ar feadh cúig seachtaine.
    Tomás broke his wrist and he won’t be able to write for five weeks.
  • Níl aon obair bhaile déanta ag Oisín. Leag sé cupán tae te anuas air féin. Dódh a lámh agus bhí orm dul go dtí an tAonad Timpiste agus Éigeandála leis. Bhí sé déanach nuair a thángamar abhaile.
    Oisín hasn’t done any homework. He knocked a cup of hot tea on himself. He burned his hand and I had to go to A&E with him. It was late when we got home.
  • Níl aon léitheoireacht déanta ag Lúsaí mar bhí laraingíteas uirthi.
    Lúsaí hasn’t done any reading as she had laryngitis.
  • Tá spotaí dearga ar aghaidh Ríona. Níl said tógálach
    There are red spots on Ríona’s face. They are not contagious.
  • Níl aon litriú déanta ag Gearóidín mar ní raibh an leathanach in a mála
    Gearóidín hasn’t done any spellings because the page wasn’t in her bag.
  • Níl aon Mhata déanta ag Gearóidín mar ní raibh an leabhar in a mála
    Gearóidín hasn’t done any maths because the book wasn’t in her bag.
  • Níor chríochnaigh Peadar a obair bhaile aréir. Bhí sé tar éis uair go leith a chaitheamh uirthi. Níl na habairtí Gaeilge críochnaithe. Críochnóidh sé anocht iad.
    Peadar didn’t finish his homework last night. He was after spending 1½ hours on it. The sentences in Irish aren’t finished. He will finish them tonight.

Litir / Letters

Seoladh / Address

22 Meán Fómhair 

A Phríomhoide a chara,

Tá brón orm go raibh Rónán déanach don scoil inniu.

I am sorry Rónán was late for school today.

(a) Bhí timpiste ag ceann do mo pháistí eile am bricfeasta agus bhí orm í a thógáil go dtí an t-ospidéal.

One of my other children had an accident at breakfast time and I had to bring her to hospital.

D’fhan Rónán i dteach comharsan go dtí gur tháinig mé ar ais.

Rónán stayed in a neighbour’s house until I came back.

(b) Bhí duine de na páistí tinn i rith na hoíche agus bhí orm é a thógáil chuig an dochtúir.

One of the children was sick in the middle of the night and I had to bring him to the doctor.

(c) Bhí timpiste uafásach ar an mbóthar

There was terrible accident on the road.

(d) Bhí an bóthar dúnta go dtí gur tógadh na carranna ar shiúl.

The road was closed until the cars were taken away.

(e) Níor thosaigh an gluaisteán agus bhí orainn an bus a fháil.

The car didn’t start and we had to get the bus

Bhí piscíní ag an gcat !

The cat had kittens !

Tá aiféala orm faoi seo ach ní raibh aon réiteach ar an scéal

I am sorry about this but there was no solution to the problem.

Mise le Meas
Máire Uí Choileáin

—————————————————————————————————————-

15 Aibreán, 

A Mhúinteoir,

Bhí Rós ar shochraid a seanmháthar inné.

Rós was at her grandmother’s funeral yesterday.

Treasa Ní Mhóráin

—————————————————————————————————————

12 Bealtaine,

A Mhúinteoir,

Ní bheidh Brian ar scoil tar éis 12:30 in. inniu (12 Bealtaine). Tá Daideo tinn agus táimid ag dul go dtí an t-ospidéal. Baileoidh mé Brian ag 12:30

Brian will not be in school after 12:30, today (May 12). Grandad is sick and we are going to visit him.I will collect Brian at 12:30.

Seán Ó Néill

Cuirí Lá Breithe / Birthday Invitations

Lá Breithe/ Birthday

  • Cóisir – Party
  • Breithlá / Lá Breithe – Birthday
  • Cárta Lá Breithe – Birthday card
  • Cáca Breithe/Císte Breithe – Birthday cake
  • Coinneal – candle
  • Reoán – Icing
  • Mála cóisire – Party bag
  • Bronntanas/Féirín – Present
  • Páipéar fillte – Wrapping paper
  • Las na coinnle ar an gcáca – Light the candles on the cake
  • Séid na coinnle ar an gcáca. – Blow the candles on the cake

Suggested Headings

  • Cóisir lá Breithe – Birthday Party
  • Cuireadh – Invitation
  • Cuireadh chuig cóisir – Invitation to party
  • Cuireadh chuig cóisir Lá Breithe – Invitation to Birthday party
  • Lá Breithe Róisín – Róisín’s birthday

Introductory text

Ba mhaith le Seán cuireadh a thabhairt duit chuig a 7ú Cóisir Lá Breithe.  Beidh cóisir spóirt agam agus ba bhreá liom tusa a bheith ann.

Seán would like to invite you to his 7 birthday party. I am having a sports party and I would love if you can be there.

Go raibh maith agat as an gcuireadh.

Thanks for the invitation

Tiocfaidh Sheila go dtí an chóisir, go raibh maith agat.

Sheila will go to the party, Thanks

Ba bhreá le Sheila dul go dtí an chóisir.

Sheila would love to go to the party.

Ní féidir le Sheila teacht go dtí an chóisir. Tá brón orm.

Sheila can’t go to the party. I am sorry

Information on Card

Áit (Where/Location):FitZone, 34 Sráid Eoin, Dún Laoghaire

Treoracha (Directions):Bileog faoi iamh (leaflet enclosed)

Am / Time: 9:30 – 11:30 rn. (9.30 – 11.30 am) 3:30 – 5:30 in. (3.30 – 5.30 pm) 14:00 – 17:00 (2-5 pm)

Dáta / Date: Dé Máirt, 14 Bealtaine, Tuesday 14 May
Cathain / When:Dé Céadaoin, 7 Aibréan,  Wednesday 7 April

Any Other information

  • Aois an pháiste: 7ú Cóisir Lá Breithe – 7 birthday party
  • Seacht mbliana d’aois – 7 years old
  • 9ú Cóisir Lá Breithe – 9 birthday party
  • Naoi mbliana d’aois – 9 years old
  • Beidh cóisir “princess” againn. Tar gléasta suas. – We are having a princess party, come dressed up.
  • Caith bríste fada – Wear long trousers
  • Caith léine le muinchillí fada – Wear long sleeved shirt
  • Caith blús le muinchillí fada – Wear long sleeved blouse
  • Caith seanéadaí, beimid ag déanamh ealaíne – Wear old clothes, we will be doing art
  • Caith éadaí spóirt – Wear sports gear
  • Caith bróga reatha – Wear runners
  • Bíodh cóta báistí agat – Bring a raincoat
  • Bíodh éadaí snámha agat – Bring swimming gear
  • R.S.V.P. – Freagra le do thoil
  • Leithscéalta amháin – Regrets only
  • Do Sheila, – To Sheila
  • Lá breithe sona duit – Happy birthday
  • Ó – from
  • Laoise

Cuireadh / Invitation

Áine ,

Ba mhaith le Niamh cuireadh a thabhairt duit chuig a 7ú Cóisir Lá Breithe.

Dáta: 18 Nollaig,
Áit: 34 Sráid San Séamus, Baile na Manach
Treoracha: Treoracha faoi iamh
Am: 3 – 5 in

Leithscéalta amháin:
Marie 111 11111
087 – 222 2222

Niamh would like to invite you to her 7 birthday party.
Date:18 Dec, I
Where: 34 Sráid San Séamus, Baile na Manach
Directions: Directions enclosed
Time: 3 – 5 pm

Regrets Only:
Marie 111 11111
087 – 222 2222

Cuireadh chuig Cóisir / Party invitation

Diarmuid,

Ba bhreá liom tú a fheicéail ag mo 8ú Cóisir Lá Breithe.

Dáta: Dé Luain, 25 Meitheamh
i: LeisurePlex, Stillorgan
Am: 14:00 – 17:00

Mura bhfuil tú ábalta teacht, cuir glaoch ar:
Marie 111 11111
087 – 222 2222

I would love to see you at my 8 birthday party
Date: Monday 25 June
At: LeisurePlex, Stillorgan
Time: 14:00 – 17:00

Regrets only
Marie 111 11111
087 – 222 2222