Nuachtlitreacha 2021 – 2022

Wednesday, May 3rd, 2023

Nuachtlitreacha 2021 – 2022

NL Lúnasa 2021

Fáilte ar ais tar éis an tsamhraidh.  Táimid ag tnúth le gach duine a fheiscint Dé Máirt seo chughainn.

Welcome back.  We’re looking forward to seeing you all on Tuesday.

Teacht ar scoil: Am Glactha 8.35 – 9.05

Beidh cead ag na páistí teacht ar scoil go hagaithe idir 8.35 – 8.55.  Beidh nóta eolais maidir le ham agaithe don teacht ar scoil á sheoladh abhaile againn go luath. Ba cheart do chuile dhuine aird a thabhairt ar an scaradh sóisialta i gcónaí.  Tá a fhios againn go bhfaighimid an tacaíocht iontach céanna leis an mbliain seo caite.

Coming to school: ‘Am Glactha’ 8.35  -9.05.

Children can come into school at set staggered times between 8.35 – 8.55 am. We’ll have staggered home time too.   We’ll send home a detailed plan by Monday.  We all need to respect social distancing guidelines.  We know we’ll get the same great support as last year. 

Doirse na Scoile

Beidh na doirse á ndúnadh ar maidin ag c 9.10 ar mhaithe le slándáil.  Is ceart an doras tosaigh a úsáid ina dhiaidh sin. 

We’ll be closing the various external doors at 9.10 for security.  The front door should be used from then on.

Boscaí Lóin agus Fleascanna Te agus bróga

Is gá go mbeadh an páiste in ann an lón a láimhseáil é/í féin.  Is ceart do thuismitheoirí a chinntiú gur féidir leis an bpáiste an bosca lóin nó an fleasc a oscailt.  Ná bíodh iallacha ar bhróga do pháiste muna bhfuil sí/sé in ann iad a cheangal.  Bain triail as sa bhaile le do pháiste.  Déan cleachtadh.  

Pupils need to be able to handle their lunch themselves.  Parents should ensure they can open lunch boxes and, especially, flasks.  They also need to be able to tie laces if they have them.  Practise at home with your child.  

Coinnithe le múinteoirí

Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an múinteoir le ríomhphost.  Glaochanna gutháin agus coinnithe ar líne a bheidh ag múinteoirí le tuismitheoirí seachas coinnithe fisiciúla, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

You are welcome to contact your teacher by email.  Meetings between parents/teachers will be by phone/zoom/meets except in exceptional circumstances.

Cúrsaí Páirceála is Tráchta

D’éirigh go sár-mhaith linn an bhliain seo caite..  Ná dearmad an Córas aon-treo ar Chearnóg Eaton,isteach taobh na Carraige Duibhe agus amach taobh Bhaile na Manach.  Ní thiománaimid síos ná suas thar an scoil.  Cruthaíonn sé seo spás sábháilte trasnaithe do na páistí.  Agus cuimhnigh nach bhfuilimid ag páircéail ar na línte dúbalta buí in aice leis an scoil.  Ní thugann na flashers/táscairí a bheith ar siúl nó tiománaí ag fanacht sa ghluaisteán díolúine uaidh seo.

Traffic and parking behaviour was excellent by nearly all, last year.Remember our one way system for Eaton Square, in at the Blackrock side and exit by the Monkstown side.  We don’t drive up or down past the school.  This creates a safe crossing area for the children.  And we’re not parking on the double yellow just outside our Cone Zone.  No exemptions granted for flashing indicators or drivers who stay in the car.

Clárú do Mheán Fómhair 2022

Bhí ar gach scoil sa stát polasaí nua iontrála a chur i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana seo caite.  Tá ár bpolasí nua cláraithe ar an suíomh idirlín.  Gné lárnach de pholasaí gach scoil is ea nach bhfuil Liosta Feithimh ann a thuilleadh.  Ní féidir clárú ach ar feadh tréimhse 3 seachtaine a thosaíonn 1 Deireadh Fómhair an bhliain sular mhaith leat go bhfreastalódh do pháiste ar an scoil.  Léigh an polasaí go cúramach, má bhaineann sé leat.  Má chláraigh tú páiste roimh 1/2/2020 beidh forálacha an tseanPholasaí i bhfeidhm maidir le Liosta Iarratais.  Beidh foirmeacha iarratais do 9.22 amháin ar fáil ón Luan 27/9/21.  Léigh an polasaí go cúramach.

Every school in the state introduced a new enrollment policy last year.  Our policy is on the website.  An essential feature of every policy is that there are no more Waiting Lists.  Applications can only be accepted for a 3 week period starting 1st October prior to the September when you would like your child to start.  If you don’t apply within that period your application will go to the bottom of the list, no matter what category you are in.  Read the policy carefully if this concerns you.  Applications received prior to 1/2/20 will be placed on Lists of Applicants under the previous policy.  Enrolment forms for 9/21 only will be available from Monday 29/9/21.  Read the policy, please.

As-láithreacht

Is ceart ríomhphost a chur chuig an múinteoir ag an seoladh ranga nuair a bhíonn páiste as láthair.  Is gá dúinn cuntas a choimeád ar chúiseanna as-láithreachta.

An email should be sent to the class email in case of pupil absence, please.  We have to record reasons for absences.  Thank you.

Cúrsaí Foirne

D’fhágamar slán le Caitríona Ní Mhurchú i rith an tsamhraidh.  Gabhaimid buíochas léi as an am a chaith sí linn anseo i Scoil Lorcáin.  Curimid fáilte roimh Sarah Nic Aonghusa agus Sinéad Nic Criostail a bheidh ag obair linn mar CRSanna.

Tá ceithre phost buana, maille le post sealadach bliana agus dhá phost saoire máthreachais le líonadh againn.  Ní rabhamar in ann na postanna seo a líonadh roimhe seo de bharr an phainéil athlonnaithe do mhúinteoirí breisiúla.  Mar sin, beidh seachtar múinteoirí fostaithe go gearrthéarmach ag tús na bliana go dtí gur féidir ceapacháin níos fadtéarmaí a dhéanamh.

We said ‘Goodbye’ to Caitríona Ní Mhurchú as a teacher here during the summer.  She has taken a post in another gaelscoil nearer home.  Thanks to Caitríona for the time she spent working with us in Scoil Lorcáin.  We welcome Sinéad Nic Criostail and Sarah Nic Aonghusa who will join us as SNAs.

We have to appoint 4 permanent teachers, as well as fill a temporary one year post and two maternity leaves.  We have been unable to do this before now because of the redeployment panel system for surplus teachers.  Therefore we will have seven short term appointments at the beginning of the school year until these posts are filled on a longer term basis.

Feighlí Nua

Curimid fáilte roimh ár bhfeighlí nua Seán Manners.

We welcome Seán Manners as our new caretaker.

Múinteoirí 2021 – 2022

RangMúinteoir 
N Shóis AJen Ní Mhathúna
N Shóis BChristina Ní Mhurchú
N Shóis CSaffron Rosenstock (sealadach)
N Shins A Rang Róisín Uí MhuineacháinJacinta Nig Shamhráin
N Shins B Rang Niamh Uí ChroidheáinGráinne Uí Lúing
N Shins C Rang Shorcha Mhic ShamhráinNatasha Ní Dhuileáin
Oideachas SpeisialtaDonnchadh Mac Aogáin, Paula Uí Mhurchú, S, Róisín Ní Mhuineacháin, Niamh Uí Oldáin(sealadach), Múinteoir Eile.
R1 Rang Chaitríona Mhic ÍomhairNiamh Uí Chroidheáin
R1 Rang Ghráinne Uí LúingSarah Nic Gearailt (sealadach)
R1 Rang Phaula Uí MhurchúColmán Ó hÁinle
R2 Rang Christina Uí MhurchúOrla Ní Choitir 
R2 Rang Cholmáin Uí ÁinleÉabha de Staic
R3 Rang Éabha de StaicMait Ó Briain
R3 Rang Orla Uí ChoitirClíodhna Ní Leocháin (sealadach)
R4 Rang Chaitríona/ ChlíodhnaAnn Marie Ní Labhairí
R4 Rang Mhait Uí BhriainGráinne Ní Drisceoil (sealadach)
R5 Rang Solweg Uí FhaoláinCáit Ní Dhuinneacha
R5 Rang Ann Marie Uí LabhairíClodagh Ní Dhaltúin (sealadach)
R6 Rang Cháit Uí DhuinneachaEva Ní Mháirtín
R6 Rang Eva Uí MháirtínCliona Máirtín

Prótacal I gCásanna Amhrais ar scoil

Déantar aonarú ar an bpáiste ar scoil

Bailíonn tuismitheoir páiste ón scoil

Glaonn ar an dochtúir agus lorgaíonn comhairle

Tugtar an páiste do Thástáil Covid má mholtar

Coimeádtar an páiste sa bhaile má mholann an dochtúir.

Protocol in Suspect Cases in school

Child Isolated in school 

Parents Collect the child from the school  

Ring the GP, describe the symptoms and seek advice  

Take the child for a COVID test, if so advised  

Keep the child at home for the period advised by the GP

*Scéim Uirlisí Ceoil 2021/22*

Tá réimse uirlis cheoil ar fáil ar iasacht ó Choiste na Tuismitheoirí gach Meán Fómhair.

Tá Píopaí Uilleann , Fidil, Consairtín, Boscaí Ceoil, Giotár, Bainseó , Maindilín, Bodhráin & Feadóga Mór ar fáil.

Tá foirm léirithe spéise in uirlis a thógáil ar iasacht ar fáil anseo: https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdP_J9Ry_zjCC8ZQ7wwf3-JuqWJt6oXCypZ5M8ei4AYDscuLQ/viewform 

Tabharfar tosaíocht do pháistí nach raibh uirlis acu cheana féin, má cláraiotar ríomh an Aoine 3 Meán Fómhair iad. In diaidh sin déanfar tús freastail ar an ceoilteoir is túisce!

Leathdháilfear na húirlisí ar Déardaoin & Aoine 9-10 Meán Fómhair

*Musical Instrument rental scheme 2021/22*

The Parents committee has a range of instruments available to rent each September. These include Uilleann pipes, fidils, concertinas, accordions, a giotar, banjos, mandalins, bodhráns and flutes.

Expressions of interest are being taken now. Please express your interest on the link above.

Priority will be given for children who have not previously borrowed an instrument if they are registered before Friday 3rd September. After this date instruments will be allocated on a first come first serve basis.

Instruments will be issued Thursday & Friday  9 – 10 September. 

Lorcán  

sluirlisiceoil@gmail.com

Ag dúnadh go luath

Beidh an scoil ag dúnadh go luath ar 12.00 meánlae ar an Aoine 22 Deireadh Fómhair – roimh an mbriseadh meántéarma – d’inseirbhís ar an gCuraclam nua Teanga.

We will be closing early at 12.00 noon Friday 22nd October, before the mid-term for inservice training on the new Language Curriculum.

Físeáin Eolais

Tá go leor físeán agus póstaeir i nGaeilge ar fáil ón nasc thíos i dtaobh filleadh ar scoil, do dhaltaí bunscoile, daltaí iar-bhunscoile agus tuismitheoirí.

https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/comhairle-do-mhic-leinn-agus-a-dteaghlaigh/#comhairle-i-dtaobh-filleadh-ar-an-scoil

 Irish language videos and posters availabe at link regarding returning to school.

Explorers

An comhlucht a chuireann seirbhís iarscoile ar fáil.

Baill foirne á lorg acu.

Déan teagmháil le Míde/Aisling: 

Phone: +353 876367916 

https://www.facebook.com/ExplorersAfterschoolClub

E-mail: explorersafterschool@gmail.com

Website: www.explorersafterschool.com

Explorers After School looking to employ.  Contact above.  Basic spoken Irish required.

NL Meán Fómhair 2021

Tús iontach

Bhí tús iontach againn leis an mbliain scoile.  Buíochas leis na páistí, na muinteoirí agus na tuismitheoirí – agus le gach duine eile.  Tá dúshláin éagsúla ag teacht chun cinn i rith an ama agus muid ag déanamh ár ndichill, mar phobal scoile, deileáil leo.  Tá atmaisféar álainn oibre sa scoil, ar trua nach féidir le gach duine é a bhraith.  Fáilte speisialta roimh na Naíonáin Shóisireacha agus roimh na páistí eile a thosaigh i ranganna éagsúla sa scoil.

We had a great start to the school year, thanks to the efforts of the pupils, staff and parents – and the whole school community.  Various challenges are popping up but we’ll do our best to meet all of them.  There is a great positive working atmosphere inside the school – the pity is that we can’t all see it.  We have a special welcome and congratulations to the Naíonáin Shóisireacha and the other families whose children started in various classes in the school.

Covid

  1. Buíochas arís as an tacaíocht leanúnach láidir, as páistí a choimeád sa bhaile nuair atá siomptóim orthu agus as iad a bhailiú ón scoil nuair a iarrtar or.
  2. Táimid ag déileáil le cáscanna covid sa scoil.
  3. Leanaimis na treoirlínte, lbhdt.  Má tá comharthaí ar do pháiste coimeád sa bhaile.  Má tá tú in amhras in aon bhealach, coimeád sa bhaile.
  4. Tá páistí leochaileacha le deacrachtaí éagsúla i ranganna éagsúla, bímis rí-chúramach ar a son siúd.
  5. Féach an treoir sna hiatáin leis an Nuachtlitir seo.
  6. Níor chearrt go mbeadh páistí ná tuismitheoirí ag bailiú ag na geataí roimh 8.35 in.  Dírigh ar a bheith anseo ag 8.40, seachas 8.35.
  7. Tá roinnt páistí á bhfágáil lasuigh den scoil an-luath, suas go 30 nóiméad roimh am oscailte na scoile.  Níor cheart dó seo tarlú de bharr covid agus ar chúiseanna slándála ginearálta.
  8. Níl vaicsín ag 92.4% de dhaonra lae na scoile.  Cabhraigh linn sceach a choimeád sa bhearna sin.  Leanaimis na treoirlínte.
  1. Thanks again for the continuous support.  It is appreciated.  Thank you for keeping children and home when symptomatic and for collecting them when requested.
  2. We are dealing with covid cases in school.
  3. Follow the guidelines, please.  If your child has symptoms, keep her/him at home.  If in doubt, keep her/him out.
  4. We have children with serious health issues in some classes, not all of which are public knowledge.  Let’s look after them.
  5. See the advice in the attached posters.
  6. Neither pupils nor parents should collect at the gates before 8.35.  Time yourself to be here at 8.40 rather than 8.35.
  7. Some pupils are being left outside very early.  This shouldn’t happen for covid and general safety reasons.
  8. 92.4% of the school day population is not vaccinated and is susceptible to infection.  Please follow all the public health guidelines.

Cúramach ar an mbóthar

Meabhraigh dod’ pháiste gur gá a bheith cúramach ar an mbóthar lasmuigh den scoil.  Nil maoirseacht á déanamh air i mbliana agus tá roinnt gluaisteán ag tiomáint suas síos.  Buíochas leis an bhformór mór a sheachnaíonn tiomáint lasmuigh den scoil.  Seantuismitheoirí is mó a dhéanann é as pobal na scoile.  B’fhéidir nach bhfuil a fhios acu nár cheart dóibh.

Please remind your child to be careful outside the school.  The road isn’t supervised any more.  Some cars do drive up and down there.  Thank you to all of you for not doing so.  It seems to be mostly grandparents from the school population who do drive there.  Maybe they don’t know that we’re hoping they won’t.

Scoil in úsáid

Iarraimid ar thuismitheoirí agus ar pháistí atá ina gcónaí go háitiúil fanacht amach as an scoil nuair atá sí in úsáid, i. suas go 6.00 laethanta na seachtaine.

We ask children and parents who live locally not to come in to the yard when the school is in use, ie. up to 6.00 pm weekdays.

Bailiú páiste to luath

Má tá páiste le bailiú go luath agat is gá dul chun na hoifige ag Príomhdhoras na Scoile agus labhairt leis an Rúnaí.  Ní ceart teacht isteach aon doras eile, fiú má tá sé ar oscailt.

If you’re collecting a child early you should come to the main door and talk to Caitríona an Rúnaí.  You shouldn’t come in any other door, even if it’s open. 

Polasaí Nua Iontrála ag Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin

Má tá do pháiste i Rang 6 agus fonn ort go rachadh sí/sé go C Eoin/Íosagáin is ceart féachaint an bPolasaí nua Iontrála ar an suíomh acu.  Tá tréimhse ghearr i nDeireadh Fómhair le do pháiste a chláru don bhliain seo chughainn.

If your child is in Rang 6 and you want her/him to go to C Íosagáin/Eoin, it’s vital to read their new enrolment policies on their website.  There is an enrolment window in October, during which you must enrol your child. 

Múinteoir á lorg

Tá múinteoir á lorg againn ón Luan beag seo ar feadh roinnt seachtainí.  Tá teipthe orainn teacht ar aon duine.  Más féidir leat cabhrú seol ríomhphost chughainn.

We are unable to locate a substitute teacher for one of our classes from this Monday for a number of weeks.  If you can help us please respond to this email.  Grma.

Seomra Nua

Tá ár seomra nua ranga go hálainn.  Ghlac Rang 1 agus Bean Uí Chroidheáin seilbh air ag tús na bliana.  Níl gach rud críochnaithe, ach beidh go luath.  Crochfaimid cúpla pictiúr ar chuntas twitter na scoile @scoillorcain níos déanaí inniu.  Buíochas le hAoibheann Ní Mhearáin as an gcabhair a thug sí.

Our new classroom was occupied by Rang 1 and Niamh Uí Chroidheáin last week.  It’s really lovely and bright.  We’ll post a few pics on our twitter account @scoillorcain later. We lost two Learning Support rooms in its making but created one out of half of the hall storeroom.  Things will be tight in LS.

Cúrsaí Foirne

Tá Clíodhna Ní Leocháin R3, Niamh Uí Óldáin (O.S) agus Saffron Rosenstock  (N. Shóis) á gceapadh go buan anseo i Scoil Lorcáin. Curimid fáilte rompu, cé go bhfuil siad linn le tamall chean féin.  Cuirimid fáilte roimh Sarah Nic Gearailt go post bliana i Rang 1, chomh maith agus roimh Nóra Ní Aodha a bheidh ag múineadh Rang 4 don bhliain.

Welcome to Clíodhna, Niamh and Saffron who have been appointed permanently to the school and Sarah and Nóra who will be with us for the year.

Fógra

Ceannaire Club Iarscoile

Táimíd ag lorg ceannaire le fostú i gclub iarscoile i mBaile na Mánach.

Duine díograiseacha, iomasach, fuinniúil a bhfuil ábalta an craic a bheith acu.

20 uair sa tseachtain atá i gceist. (14.15 – 18.15 gach lá i rith an tearma scoile)

Cumas/tathaí faoi leith ag obair le páistí iarscoile.

Scileanna cumarsáide láidre

Gaeilge líofa (Leibhéal TEG 2 labhartha molta)

QQI Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí go hidéalach

Seol ríomhpost chuig explorersafterschool@gmail.com

Explorers are looking to employ a Leader for their after-school care in Scoil Lorcáin.  Details above.

Labhraimis Gaeilge éigin gach lá.

Let’s speak some Irish every day.

NL Meán Fómhair 2021b

Clárú do Mheán Fómhair 2022

Bhí ar gach scoil sa stát polasaí nua iontrála a chur i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana seo caite.  Tá ár bpolasí nua cláraithe ar an suíomh idirlín.  Gné lárnach de pholasaí gach scoil is ea nach bhfuil Liosta Feithimh ann a thuilleadh.  Ní féidir clárú ach ar feadh tréimhse 3 seachtaine a thosaíonn 1 Deireadh Fómhair an bhliain sular mhaith leat go bhfreastalódh do pháiste ar an scoil.  Léigh an polasaí go cúramach, má bhaineann sé leat.  Má chláraigh tú páiste roimh 1/2/2020 beidh forálacha an tseanPholasaí i bhfeidhm maidir le Liosta Iarratas.  Beidh foirmeacha iarratais do 9/22 amháin ar fáil ón Luan 27/9/21 ar an suíomh idirlín nó ar iarratas.  Léigh an polasaí go cúramach.  Scaip an scéal orthu siúd a mbeadh suim acu áit a fháil i Scoil Lorcáin, lbhdt.

Every school in the state has introduced a new enrollment policy since last year.  Our policy is on the website.  An essential feature of every policy is that there are no more Waiting Lists.  Applications can only be accepted for a 3 week period starting 1st October prior to the September when you would like your child to start.  If you don’t apply within that period your application will go to the bottom of the list, no matter what category you are in.  Read the policy carefully if this concerns you.  Applications received prior to 1/2/20 will be placed on Lists of Applicants under the previous policy.  Enrolment forms for 9/22 only will be available on request on our website from Monday 27/9/21.  Read the policy, please.  Our enrolment period is 1/10/21 – 21/10/21.  Please mention this to anyone who may be interested in a place in Scoil Lorcáin.

Cúrsaí Tráchta

Tá comhairle ghairmiúil á lorg maidir le Cúrsaí Tráchta timpeall na scoile, agus muid ag smaoineamh ar phlean a chur le chéile le cur os comhair na Comhairle.  Má tá saineolas ag aon duine san ábhar seo, nó aithne agat ar chomhlucht a mholfá, bheimis an-bhuíoch cloisteáil uait.

We’re looking for professional help as we consider formulating a traffic plan for the school for submission to the county council.  If anyone has expertise in this area, or has dealt with a company they are happy to refer, we would appreciate hearing from you.

Covid

Buíochas le cách as an tacaíocht agus muid ag iarraidh an scoil a choimeád sábháilte.  Tuigimid go bhfuil sé deacair teacht agus páiste a bhailiú ón scoil de bharr siompóim covid a bheith uirthi/air agus páistí a choimeád sa bhaile ar eagla na heagla.  Léiríonn an líos íseal cásanna sa scoil an iarracht atá déanta ag pobal na scoile agus léiríonn, chomh maith, gur fiú an iarracht a dhéanamh.  Táimid ag déanamh ár ndíchill na treoirlínte a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs scoile, áit go bhuil breise is 500 duine i bhfoirgneamh agus bheimís buíoch as tacaíocht leantach.

Má tá do pháiste ag filleadh ar scoil tar éis aon asláithreacht cuir ríomhphost chuig an múinteoir le heolas ábharach, le do thoil.  Ní féidir linn é a thógaint san áireamh muna bhfuil a fhios againn.

Thank you to all for the support as we work to keep the school safe.  We understand the difficulties in collecting your child from school because of a covid symptom and of keeping your child at home, just in case.  The low level of cases in the school – there have been a few recently – are proof of the effort our community has made, and proof also that it is worthwhile.  We’re trying our best to interpret the guidelines in the context of the whole school and ask for your continued support.  We know the guidelines are changing and we’ll try to work the new guidelines when they are in force.

If your child is returning after being absent- for whatever reason – please email the teacher with relevant information.  If we don’t know we won’t be able to take it into account.

Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire

Beidh an tAifreann Gaeilge ag filleadh ar Shéipéal Naomh Micheál i Dún Laoghaire Mí na Nollag, tar éis roinnt blianta.  Go seachtainiúil ag 10.00 rn Dé Domhnaigh a bheidh sé.  Breis eolais amach anseo.

The Irish Mass is returning to St. Michael’s Church, Dún Laoghaire after a break of some years.  It will be weekly on Susday  at 10.00 pm.  More anon.

Cártaí pokeman is rl

Tá brón orainn ach níl cead cártaí Pokeman, FIFA ná eile a thabhairt ar scoil de bharr threoirlínte covid.

We’re sorry but pokemon, FIFA and other cards are not allowed to school because of covid guidelines.

Cótaí báistí

D’éirigh go leor páistí fliuch sa chlós ag am lóin inniu gan chótaí báistí acu.

A lot of children got wet at lunchtime today because they didn’t bring coats with them to school.

Scútair Fágtha

Iarraimid oraibh gan scutair na rothair a fhágaint a scoil.  Bíonn cuairteoirí eile ag pleidhcíocht leo agus ag imirt go garbh orthu.

Please don’t leave scooters, bikes in the school overnight.  They attract attention and can be broken or used to cause damage.

Imeachtaí Iarscoile

Ní bheidh aon imeachtaí iarscoile go dtí tar éis na Nollag.

We won’t be having any after school activities this side of the new year.

NL Deireadh Fómhair 2021

‘Múscailt’ – Tionscnamh Ealaíona Scoil Lorcáin

Thosaigh ar an Aoine 8ú Deireadh Fómhair.  Seacht seachtaine atá i gceist le gach rang ag fáil seisiúin in aghaidh na seachtaine.  Beidh imeacht dhifriúil ag dul ar aghaidh do na ranganna difriúla. M.sh.

  • Gluaiseacht le Ciarán Gray – léachtóir i gColáíste Froebel
  • Ceol le Máire Nuinseann – leachtóir i gColáiste Marino
  • Scéalaíocht le Sadhbh Devlin – Údar
  • Beochan leis an IADT – faoi stiúir Rónán Ó Muirthile (réamhthaifeadtha)
  • Ealaín le hIsobel Henihan – ealaíontóir (réamhthaifeadtha)

Ar an 26ú Samhain chun deireadh a chur leis an gcéad cuid den tionscnamh beidh seó beo pupadóireachta ann do na ranganna.  Tá tuismitheoir ag taifead fís dúinn d’Oíche Shamhna – conas Báírín Breac a bhácáil.  Tar éis na Nollag beidh a thuilleadh ceardlann agus imeachtaí ag dul ar aghaidh.  Buíochas ollmhór do Shiobhán, Máire, Eva agus cách a chabhraigh go dtí seo ar aon bhealach. 

Our arts project ‘Múscailt’ – Tionscnamh Ealaíona Scoil Lorcáin started last Friday with each class receiving a virtual visit from an artist.  There was music, movement, drawing, storytelling, animation and more.  This term will last for 7 weeks and will culminate with a puppet show on the 26th November. Huge credit to the organising committee for drawing all this art together, giving us added colour in our school and adding another string to our bow.  (Appropriately enough, ‘Múscailt’ means ‘awakening’)

Glór na scoile

Tá an scoil i bhfad níos glóraí ná mar a bhí roimh an bpaindéim, go háirithe de bharr am lóin roinnte, Corpoideachas a bheith amuigh sa chlós, doirse a bheith ar oscailt agus níos mó ranganna ag dul amach faoin aer.    Mheasamar gurbh fhiú tabhairt faoi roinnt tionscnamh sa chomhthéacs:

  • Go bhfuil an clós an-ghlórach
  • Go bhfuil an glór sin ag cur isteach ar an múinteoiracht
  • Go bhfuil glór eile ag cur isteach ar mhúinteoireacht
  • Go bhfuil sé ag cur isteach ar pháistí leochailleacha
  • Nach féidir an fhadhb sin a réiteach to hiomlán ach gur féidir méid áirithe a dhéanamh

I measc na ngníomhaíochtaí atá ar bun againn:

  • Táimid chun iarradh ar na páistí gan a bheith ag béicíl in ard a ngutha sa chlós.  
  • As seo amach, beidh ciúnas ag teastáil ó línte agus iad ag gluaiseacht istigh sa scoil.  

Tá súil againn atmaisféar níos compordaí a chruthú.

School is much nosier than before with split break times, Physical Education in the yard, doors left open and more classes taking to the air.  We decided to do something because

The yard is very noisy

This affects learning

This affects some children more than others

We can’t solve the problem but we can reduce it.

So we are asking the children not to scream at the top of their voices when in the yard, and to move silently when moving through the school.  They have responded excellently since this was initiated last week.  As a reward there will be no homework this Thursday 14th October.

Chéad Fhaoistin agus Chéad Chomaoineach

Cheiliúr Rang 3 a gCéad Fhaoistin inné Dé Luain 11 Deireadh Fómhair.  Buíochas leis na muinteoirí ranga Mait Ó Briain agus Clíodhna Ní Leocháin agus le hAnn Marie Ní Labhairí a chabhraigh.  Buíochas, chomh maith, leis an Athair Pádraig Ó Baoill.

Ceiliúrfaidh Rang 4 amháin agus an dá Rang 3 An Chéad Chomaoineach i Mí na Samhna agus Rang 6 na bliana seo caite an Cóineartú, chomh maith.  Tá súil againn go mbíonn ardlaethanta acu.

Clár Triallach Spáinnise

Tá súil againn go mbeidh Rand 5 agus Rang 6 ag tabhairt faoi bhlaiseadh Spáinnise a fháil tar éis na Nollag, nosotras esperamos.

We hope to take part in a language taster initiative after Christmas with Spanish for Rang 5 and 6.

Dúnadh ar 12.00 meánlae Aoine 

Ná dearmad dúnadh 12.00 meánlae Aoine 22 Deireadh.

12.00 noon closing Friday 22nd October, before the mid-term.

Paráid na Samhna

Feisteas bréige ceadaithe Aoine 22 Deireadh.  Beidh duaiseanna.  Oiriúintí beaga cgl, boscaí móra nó fearas as cuimse i dTigh an Diabhail.

Fancy dress allowed Friday 22nd October.  There will be prizes and bonus prizes for recycled dress.  Small accessories such as sunglasses ar ‘a la mode’, cardboard or oversized accoutrements are definitely boxed off passé.

Geansaithe gan ainm

Fágfar amach lá tirim go luath.  Tóg a bhfuil uait.

School jumpers with no names will be left out on the wall some dry day soon.  Take at will, please.  Whatever is left will be recycled.

Obair sa scoil

Bíonn gá ócáidiúil le

CRS, gá le Gaeilge labhartha réasúnta.

Glantóirí

Lucht Cúraim 1.15 – 2.15, gá le Gaeilge labhartha réasúnta.

Déan teagmháil linn má tá suim agat, ldt.  Obair ar phá is ea í seo.

We occasionally need replacements for the following paid jobs in Scoil Lorcáin.  Please contact us if interested:

SNA, basic spoken Irish required

Cleaners

Cúram 115 – 2.15, basic spoken Irish required.

Amanna agaithe

Táimid ag malartú am agaithe na bpáistí don dara leath den téarma, mar mhaithe le cothromaiocht.  Ag tosú Luan 1 Samhain.  Táimid buíoch as bhur gcomhoibriú leis seo.

We’re swopping the groups staggered times as below for the second half of the term, in the interests of fairness.  Starting Monday 1st November. Thanks for your support.

Sloinne*Abhaile
(R1-6)
1. Néil – Vond2.06 
2. Floi – Neach2.09 
3. Chir – Flann2.12 
4. Aic – Chion2.15 

*Sloinne – ‘Ó hAonghusa’ = A, ‘Ní Mhathúna’ = M, ‘Mac Suibhne’ = S, fág amach ‘Mac’, ‘Ó’, ‘Ní’, ‘Nic’ srl.

Múinteoir nua

Cuirimid fáilte roimh April Nic Eoin atá ceapaithe go buan sa scoil agus a bheidh ag múineadh Rang 5 don chuid eile den bhliain seo.

We welcome April Nic Eoin to the school as a permanent teacher.  April will teach Rang 5 for the rest of this year.

Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire

Beidh Aifreann seachtainiúil Gaeilge ag filleadh ar Shéipéal Naomh Micheál i Dún Laoghaire ag tosú Chéad Domhnach den Aidbhint 28 Samhain 10.00 rn.  Ba bhreá leo clanna ó Scoil Lorcáin a bheith páirteach sa chór, sna paidreacha is rl.  Beidh siad sásta, chomh maith, déileáil le ceisteanna maidir leis an gclár paróistebhunaithe ‘Déan é seo i gcuimhne ormsa’ mar ullmhúchán don Chéad Chomaoineach.  Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig aifasgaeilge@gmail.com nó glaoch ar Bhríd Mhic Shamhráin 0879908694.

The weekly Irish Mass is returning to St. Michael’s Church, Dún Laoghaire after a break of some years on Sunday 28th November, the First Sunday of Advent.

The group organising the mass would be happy to hear from anyone at aifasgaeilge@gmail.com to deal with queries or suggestions.  They would love Scoil Lorcáin families to become involved with the choir, saying prayers etc.  They would also be happy to deal with queries regarding the ‘Do this in memory of me’ parish based programme for First Communion.

You are also welcome to ring Bríd Bean Mhic Shamhráin 0879908694.  Bríd subs as a teacher regularly enough with us in Scoil Lorcáin.

Clárú do Mheán Fómhair 2022

Bhí ar gach scoil sa stát polasaí nua iontrála a chur i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana seo caite.  Tá ár bpolasí nua cláraithe ar an suíomh idirlín.  Gné lárnach de pholasaí gach scoil is ea nach bhfuil Liosta Feithimh ann a thuilleadh.  Ní féidir clárú ach ar feadh tréimhse 3 seachtaine a thosaíonn 1 Deireadh Fómhair an bhliain sular mhaith leat go bhfreastalódh do pháiste ar an scoil.  Tréimhsí cláraithe Scoil Lorcáin, Choláiste Íosagáin agus Eoin ar oscailt ar feadh seactaine eile.

Every school in the state has introduced a new enrollment policy since last year.  Our policy is on the website.  An essential feature of every policy is that there are no more Waiting Lists.  Applications can only be accepted for a 3 week period starting 1st October prior to the September when you would like your child to start.  If you don’t apply within that period your application will go to the bottom of the list, no matter what category you are in.  Scoil Lorcáin, Coláiste Íosagáin and Eoin are accepting enrolments for next year for another week ar so.

Fógra

“Táimid ag lorg duine éigin chun aire a thabhairt d’ár n-ínion (naíonain shoisir) gach lá (De Luain – De hAoine) ar feadh uair amhain roimh na scoile agus uair amhain tar éis na scoile. Más feidir leat cúnamh a thabhairt dúinn, déan teagmháil linn le do thoil ar 0858753433 chun tuilleadh eolas/ráta a fháil.”

A family looking for a parent who might look after their child for an hour before and after school.

Scútair ar iarraidh

Tógadh dhá scútar ón Scoil sa chéad leath de Mheán Fómhair.

‘They must have been left there 3rd meán fómhair – 15/16th meán fómhair, 2 weekends.

… great to ask in the Nuachtlitir if any of the parents saw anything or might know where they could be. They cost over €300. They were 2 maxi micro scooters, aon Buí agus aon dearg. Buí is a very rare colour for a maxi micro.’

Labhair linn má tá aon eolas agat.

Leabhair

Bheimis an-sásta cóipeanna de na leabhair thíos a fháil os rud é go bhfuilimid go léir ar an leathanach céanna ó thaobh thábhacht na léitheoireachta.  Is féidir iad a fhágaint taobh istigh de gheataí na scoile i mála aon mhaidin nó tráthnóna roimh an mbriseadh meántéarma.

Diary of a Wimpy Kid

Rainbow Magic

Dogman 

Tom Gates

David Walliams

We’d be happy to get copies of the above books,  seeing as we’re all on the same page on the importance of literacy.  They can be left inside school gates in a bag any morning before the mid-term.  Thank you.

Cumann na bhFiann

Is Óg Eagraíocht í Chumann na bhFiann atá ag freastal ar óige na hÉireann le breis is caoga bliain anuas le deis a chur ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht spreagúil. I mí Eanáir 2021, chuireamar tús le hÓg Chlubanna Fíorúla do lucht na nGaelscoileanna sa cheantar agus d’éirigh thar chinn leo

D’athoscail Cumann na bhFiann na Clubanna seo ar an 28 Meán Fómhair 2021 le rogha Chlubanna seachtainiúla ar an Máirt, Déardaoin nó Aoine do pháistí i Rang a 4, 5 & 6. Tá gach eolas ar fáil faoin teideal ‘Cumann na bhFiann’ ag www.cnb.ie.

Cumann na bhFiann is an Irish Language Youth Organisation who have been providing opportunities to young people for over 50 years to use their Irish in a fun environment. 

In January 2021, we began running Virtual Youth Clubs online for pupils of Gaelscoileanna in the area with 14 new Clubs formed and very positive feedback from our parents’ survey. 

Cumann na bhFiann re-opened these Clubs on September 28th 2021 with a choice of weekly Clubs on Tuesday, Thursday and Friday for children in 4th, 5th and 6th classes. All information is available under the ‘Cumann na bhFiann’ tab at www.cnb.ie

These Clubs give young people the opportunity to use their Irish in a social setting, and help them make new friends.

Dónal Mac Cionnaith | Oifigeach Óige | Cumann na bhFiann

Fón: (+3531) 825 9342 | Fón Póca: (+44) 77 36232105

Rphost: donal@cnb.ie | Suíomh: www.cnb.ie

NL Samhain 2021

Iompar Cúramach

Agus cúrsaí covid mar atá, iarraimid ar gach duine a bheith chomh cúramach agus is féidir.  Ná cuir aon pháiste ar scoil má tá aon amhras.  Ná cuir páiste ar scoil má scrúdú PCR déanta agus tú ag fanacht ar thoradh.  Níl aon seasamh ag scrúdú antigen sa chás go bhfuil siomptóim ar dhuine.  Bainistigh teagmhálacha sóisialta do pháiste go réasúnta, ldt.

With covid as it is, we’re asking all to be as careful as possible.  Don’t send a child to school if there is any doubt.  Don’t send to school if awaiting a PCR result.  Antigen testing has no value where symptoms are present.  Please, manage your child’s social contacts reasonably.

Lá Mór na Nollag

Táimid ag beartú Lá Mór na Nollag ar Aoine 10 Nollaig.

Beidh siúlóidí ranga á n-eagrú ag Cumann na dTuismitheoirí (má fhaigheann siad go leor cabhrach), Geansaí agus Hata Nollag a gcaitheamh, Crannchur na Nollag le tarraingt agus Carthannacht na Nollag ag fáil an airgid a bhailimid.

We’re planning our big Christmas day Friday 10th December.  We’ll have our Christmas walk organised by Cumann na dTuismitheoirí (as long as they get enough volunteers), Christmas jumpers and hats, the draw for a Christmas Raffle and collection for a Charity nominated by Rang 6.

Deacrachtaí foirne le Covid

Go leor ráite sa litir dheireannach.  Grma as bhur dtacaíocht.

Staff difficulties with covid – enough said in last letter.  Thank you for your support.

Obair Bhaile

Deireadh le hobair bhaile Déardaoin 9/12.

Homework will end for Christms Thursday 9th.

Glantachán

Buíochas leis na tuismitheoirí atá ag cabhrú linn leis an nglanadh an tseachtain seo.  Níl glantóir aimsithe againn fós, mar sin is gá róta a eagrú don tseachtain seo chughainn.  Féach nasc thíos.  Cuir síos d’ainm agus an t-am má tá tú ar fáil.  (Ár leithscéal munar oibrigh an nasc duit roimhe seo).  Níl aon bhuntáiste le fáil as an nglanadh a dhéanamh, dár ndóigh.  Cuirfear an bonus 5% i bhfeidhm ar mharcanna Scrúdaithe Dhroim Conrach pháistí ghlantóirí sula seolar tuairiscí abhaile ag deireadh na bliana.

https://docs.google.com/document/d/1xbpcz0wQCPkNFc0ddYs2uPThiiYt3wbpWL5zjcSLAHk/edit?usp=sharing

Thanks to all 15 parents who are helping this week with the cleaning.  We haven’t found a cleaner yet, despite a few leads.  We need to fill next week’s rota, so.  If you are available write your name and the time via the link above.  (Apologies if the link didn’t work previously for you.)  Let’s see can we get different cleaners for next week.  We have 308 families in the school.  There is no personal benefit to be got from helping us out here, but the bonus 5% will be credited to your child’s Drumcondra Test Results before they are entered in the Tuairisc Scoile at the end of the year.

Ceiliúradh na Nollag i Scoil Lorcáin

Tá sé socruithe againn go mbeidh an Nollaig a ceiliúradh go cuí i ngach rang le go leor ealaíne, scéalta, imeachtaí taitneamhacha is rl.  Beidh béim ar ghníomhaíochtaí Nollag agus laghdú béime ar obair nach mbaineann le taitneamh agus sonas na Nollag.

Beidh dorchlaí is rl á maisiú le pictiúir agus maisiúchán Nollag ó thús na míosa.

Chun cabhrú leis an atmaisféar Nollag agus baint den bhrú ar na páistí agus ar an bhfoireann, ní beidh aon ‘seó’ ná ‘taispeántas’ digiteach á sheoladh abhaile againn.  Beidh an bhéim ar a bpróiseas, seachas na torthaí.  

We have arranged that Christmas will be celebrated appropriately in every class with much art, stories and enjoyable activities.  There will be an emphasis on festive activities and a concomitant reduction of emphasis on academic outcomes.  The corridors etc will be decorated from the start of the month.  To reduce pressure on children and staff we won’t be sending home any recorde/digital shows.  The emphasis will be on the process, rather than the outcome.

Múscailt – féile ealaíon agus cultúir

Bhí ealaíontóirí éagsúla ag déanamh ceardlanna ar líne le gach rang gach Aoine ar feadh sé seachtaine.  M.sh.

  • ceoil (Máire Nuinseann & Cairde), 
  • damhsa & gluaiseacht (Ciarán Gray), 
  • scríbhneoireacht (Sadhbh Devlin), 
  • puipéadóireachta (Teresa Beausang) 
  • péinteáil (Isobel Ní Éanacháin)
  • agus líníocht beocháin (Pádraig Fagan)

Téarma 2: Tá an clár ama le dearbhú fós ach táimid ag súil le himeachtaí iontacha eile a chur ar fáil.

  • Tá roinnt ealaíontóirí curtha in áirithe go dtí seo – Máire Nuinseann, Cormac Ó Bréartúin x 2 Aoine i mí Feabhra – obair chré agus potadóireacht; Niall de Búrca – Scéalaí – mí Feabhra / Márta 
  • Ceolfhoireann Náisiúnta 
  • Turas go stiúideo Macalla – agus Spongebob mar threoraí
  • Féile le heagrú i rith mhí na Bealtaine chun ceiliúradh a dhéanamh ar ‘Múscailt’. 

Buíochas ó chroí le cách cabhraitheach.

Scoil Lorcáin is delivering ‘Múscailt’, an arts in education project organised by teachers, Board of Management and Parent’s Association members, inviting artists and volunteer parents and past pupils, online, into every classroom every Friday for 30 minutes – 1 hours duration, during October and November 2021. To date, the children and teachers have experienced and enjoyed various participatory art forms online including storytelling, creative writing, crafts, movement, music and art. The  project is funded from school funds.  We hope that the experiences of ‘Múscailt’ will be showcased in a Scoil Lorcáin arts festival in May 2022.  The result of an artists residency being planned will be central in our arts festival and to the ‘Múscailt’ project.   We hope the children are enjoying the experiences.  We’d like to thank all the parents and guests who are involved.  Why not talk to your children and ask them what they did?

Pluiméirí agus aibhléiseoirí

Buíochas as na hainmneacha a seoladh isteach.  Táimid i mbun caidrimh leo.

Thanks to all who submitted names of plumbers and electricians.  We’re contacting them to try and make arrangements.

Searmanais Creidimh

Táimid tar éis Chéad Fhaoistin (Rang 3), dhá Chéad Chomaoineach (Rang 3 agus Rang 4) agus Cóineartú (Rang 6 na bliana seo caite) a cheiliúradh le roinnt seachtainí anuas, leis an Athair Pádraig Ó Baoill.  D’éirigh an-mhaith leo.  Déanaimid comhghairdeas leis na páistí go léir agus gabhaimid buíochas le gach duine a chabhraigh.

Searmanais simplithe a bhí iontu, ceol gairmiúil seachas cór scoile mar shampla agus tuismitheoirí seachas páistí ag léamh paidreacha, de bharr bhrú oibre.  Seans maith go leanfaimid an teimpléad céanna do shearmanais na bliana seo.

We celebrated missed ceremonies of First Confession, two First Communions and Confirmation over the last number of weeks.  They all went well.  Congratulations to all the children who took part.  Thank you to all who helped.

They were simplified ceremonies with, for example, professional musicians rather than a school choir and parents doing readings and prayers, rather than the pupils.  It is likely we’ll follow the same template for this year’s ceremonies to reduce pressure and disruption.

Scútair is rl fágtha sa chlós

Ná fág scútair ná rothair sa chlós thar oiche, ldt.  Baintear mí-úsáid astu.  Beidh orainn iad a thógaint agus fáil réidh leo as seo amach.

Please don’t leave scooters or bikes in the school overnight, unless locked.  They are mis-used to cause damage.  We will have to remove if they are left.  We have 3 micro scooters – purple/ pink/ pinky orange which we’ll dispose of if not reclaimed within 2 days.

‘Scéal an Tí’, 

Sraith 6 páirt i gcóir TG4.

Tá siad ag lorg duine atá ina cónaí I teach Victeoiriach a mbeadh sásta é a thaispeáint ar an gclár, agus agallamh beag a dhéanamh as Gaeilge, más féidir. Má tá d’fhéadfaidís ríomhphoist a sheoladh go: southernmanfilms@gmail.com .

A Victorian house owner being sought by a tv production company.

Gardaí Tarrthála

Tá Gardaí Oilte Tarrthála ó lorg againn d’ócáidín i mBealtaine seo chughainn.  An féidir leat cabhrú linn?

We’re looking for trained lifeguards for a small happening next May.  Can you help?

Clárú 2022

Tá moill ar phróiseál na n-iarratas do bharr brú breise paindéime.  Mar shampla den bhrú, féach an nóta faoi na searmanais creidimh.  Seolfaimd eolas amach nuair atá réidh.   Ná bí ag cur glaochanna orainn, ldt.

Our enrolment process for Naíonáin Shóisireacha September 2022 is delayed because of the pressure of covid.  For example, see note on the sacraments.  We will contact all applicants as soon as we can.  Please, try not to ring us about this.

Foirmeacha Siceolaithe

Tá foirmeacha ó shiceolaithe le tabhairt d’Oifig na Scoile.  Níl siad le tabhairt díreach chuig an múinteoir.  Fág seachtain leis na foirmeacha seo a bheith líonta.

Forms for psychological assessments which teachers are asked to fill are to be handed in to the office, please.  They are not to be handed to the teachers.  Please allow a week to get them back.

Teachtaireacht ón gCNCM

A Thuismitheoirí! An bhfuil a fhios agaibh go bhfuil Curaclam na Bunscoile ag athrú?

Tá na rudaí atá á bhfoghlaim ag páistí agus an dóigh a bhfoghlaimíonn siad ag athrú. Tá sé mar aidhm ag na hathruithe molta foghlaim na bpáistí ar scoil a fheabhsú agus deis foghlama níos ábhartha agus níos fiúntaí a thabhairt dóibh. 

Tiocfaidh tú ar na moltaí ANSEO.  

Tá sé tábhachtach go mbeadh deis agat mar thuismitheoir cur le foghlaim do pháiste amach anseo. Dúnfar an comhairliúchán faoi dheireadh mhí Feabhra 2022.  

Glac idir 8 agus 10 nóiméad chun do thuairimí a nochtadh dúinn ANSEO

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Téigh chuig ár suíomh gréasáin www.ncca.ie/bunscoil

Parents! Do you know that the Primary Curriculum is changing?

What children learn and how children learn in primary school is changing. The proposed changes aim to enhance children’s learning in school and provide for even more relevant and meaningful learning. 

You can find the proposals HERE.  

As a parent, it is important that you have a say in shaping your child’s future learning. Consultation will close by the end of February 2022.  

Please take 8-10 minutes to tell us what you think HERE

Want to know more? Visit our website www.ncca.ie/primary

Glantachán 2

Bhí ar thuismitheoir amháin tarraingt siar ón nglanadh amárach.  Más féidir leat cabhrú, cuir síos d’ainm ldt.

We have a late withdrawal from tomorrow’s cleaning rota.  If you can help, put down your name, please.

NL Nollaig 2021

Siúlóid na Nollag

Bhain na ranganna go léir an-taitneamh as Siúlóid Mór na Nollag eagraithe ag Cumann na dTuismitheoirí.  Buíochas le Mary-Michelle agus gach duine a chabhraigh.  Roghnaigh Rang 6a Cumann na hÉireann Um Madraí Treorach roghnaithe  agus Rang 6b Children’s Health Foundation don €910.20 a bhailíomar. Grma.

All the classes enjoyed their Christmas Walk last Friday.  Thanks to Cumann na dTuismitheoirí for organising and to all who helped.  It was brilliant.  The two charities above will be delighted to share the €910.20 we collected.  Thank you.

Crannchur na Nollag

Míle buíochas le gach duine a cheannaigh línte agus le Jen Ní Thuama agus lucht eagraithe.  Féach thíos duaisbhuaiteoirí.  Comhghairdeas leo.

Duais – Éabha Ní Ghallchóir Rang 1

Duais Ceamara – Tadhg Ó Drisceoil Rang 2

Duais Mórbhosca Lego – Cian Bairéad Rang 1

Duais Bosca Ealaíne – Daniel Ó Fiaich Naíonáin Shóisireacha

Ciseán Milseán  – Amelia Ní Rúáin Rang 4

Duais Seastán Cispheile – Lauren Ní Ghallchóir Rang 1

See above list of Crannchur na Nollag winners.  Thanks to all who bought lines and to all who helped.

Tacaíocht

Buíochas as na teachtaireachtaí dea-mhéine agus tacaíochta ó thaobh chur chuige na scoile maidir le sábháltacht Covid.

Thank you for the messages of support and appreciation with regard to our efforts to keep all safe from covid.  They are appreciated.

Fuinneoga agus doirse ar oscailt

Bíonn an scoil fuar.  Bíodh éadaí breise ar na páistí.

The school is cool to cold.  Give your child an extra layer to wear.

Crannchur

Thugamar breis is €6,000 isteach ar Chrannchur na Nollag a d’eagraigh Cumann na dTuismitheoirí.  Ní beag san.  Chuirfeadh an méid sin scagaire aeir i ngach seomra ranga – ach go bhfuil sin déanta cheana féin againn.

We brought in over €6,000 in Crannchur na Nollag.  There will be some costs to be subtracted for final profit, but it’s a grand sum, six times over.  Thank you.

Cigireacht Covid agus Chaomhnú Pháistí

Deineadh Cigireacht ‘Ag Tacú le Soláthar Sábhailte Scolaíochta (TSSS)’ ar an scoil ag tús na seachtaine seo.  Beidh Tuairisc an Chigire á foilsiú sa bhliain nua.  Bhí an cigire sásta leis na céimeanna go léir atá tógtha againn chun an scoil a choimeád sábhálta ó Chovid.

We had a ‘Supporting the safe provision of schooling’ inspection by our schools’ inspector earlier this week.  The final report will be published in the new year.  The inspector was happy with all the steps we have taken to keep us safe from Covid.

Dúnadh na Nollag Dé Céadaoin 22 Nollaig

11.45 Naíonáin abhaile

12.00, 12.03, 12.06, 12.09 – na grúpaí agaithe

Ná bímis ag crochadh timpeall, lbhdt.

Christmas Closing Wednesday 22nd December

11.45 Naíonáin can be collected

12.00, 12.03, 12.06, 12.09 staggered groups Rang 1-6

Please leave promptly when your child comes out. 

Lá Mór Geansaithe Nollag

Maidin amárach 8.30 – 9.00 geansaithe á mbailiú

1.00 – 1.30 Rang 4, 5, 6 agus tuismitheoirí na Naíonán ag roghnú geansaithe

2.00 – 2.30 Tuismitheoirí is rl Rang 1-6 ag roghnú geansaithe.

8.30 – 9.00 tomorrow Friday morning ex-loved Christmas jumpers being collected at the school gate,

1.00 – 1.30 Rang 4-6 and parents of infants welcome to take jumpers.

2.00 – 2.30 – parents Rang 1-3 welcome

Be aware – don’t let anyone pull the wool over your eyes on this one.

Amanna agaithe

Táimid ag malartú am agaithe na bpáistí don dara téarma, ar mhaithe le cothromaiocht.  Ag tosú Déardaoin 6 Eanáir.  Táimid buíoch as bhur gcomhoibriú leis seo.

We’re swopping the groups staggered times as below for the second term, in the interests of fairness.  Starting Thursday 6th January. Thanks for your support.

Sloinne*Abhaile
(R1-6)
1. Aic – Chion2.06 
2. Chir – Flann2.09 
3. Floi – Neach2.12 
4. Néil – Vond2.15 

*Sloinne – ‘Ó hAonghusa’ = A, ‘Ní Mhathúna’ = M, ‘Mac Suibhne’ = S, fág amach ‘Mac’, ‘Ó’, ‘Ní’, ‘Nic’ srl.

Seanchófra 

Seanchófra mór 6’ scoile ar fáil, péint bhán curtha air.  Is féidir a fheiscint lasmuigh d’uaireanta scoile.  Tóg é más mian leat.  Is féidir leat insint dúinn níos déanaí.

A traditional 6’ school press, whitepainted, is available if anyone is interested.  You can see it at the back of the school in the small yard below the ramp outside school hours.  Take it if you want it.  You can tell us after.

An tSeachtain seo chughainn

Muna bhfuil do pháiste chun a bheith ar scoil an tseachtain seo chughainn, an gcuirfeá ríomhphost chuig an múinteoir inniu, ldt.  Cabhróidh sé seo linn ar bhealaí éagsúla.

If your child isn’t going to come to school next week, could you let the teacher know today by email, please.  This will help us in various ways.

Comhairle gutháin

Táimid ag iarraidh guthán eile a chur i bhfearas anseo sa scoil.  Ba mhaith linn glaoch a fháil uait má tá saineolas agat ar a leithéid.  

We want to set up another phone/ phone line here, either by splitting a line we use already or by using another line, which we have installed.  If you have expertise in this area you might give us a call.

Sona Sásta

Leabhair ó Inis Oírr  i nGaeltacht Oileáin Árann!

We would be very grateful if you ordered these books below from us here at Sona Sásta, a small business on Inis Oírr in the Aran Islands Gaeltacht! 

 ”DAIDÍ NA NOLLAG”

”Dónall Dána Luíochán na Nollag”

(Horrid Henry i nGaeilge)

Tá plean ag Dónall Dána Saintí a sháinniú. . . le go mbeidh na bronntanais ar fad aige. . 

 Dónall Dána has a plan to capture Santa Claus so he can be sure he gets all the presents for himself! 

MacDara Ó Conaola, Sona Sásta, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe, 085-1295594

Nollaig Shona daoibh go léir.

NL Nollaig 2021b

Cártaí Nollag

Tháinig na Cártaí Nollag ar deireadh ar maidin.  Muna raibh do pháiste ar scoil inniu agus nach mbeidh amárach, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an múinteoir má tá duine eile sa scoil ar féidir na cártaí a thabhairt dóibh daoibh.

The children’s Christmas cards finally arrived this morning.  If your child isn’t in school today and won’t be tomorrow you can email the teacher if there is someone else in the class/ school  we can give the cards to for you.

Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire

Beidh Aifreann Gaeilge i Séipéal Naomh Micheál Lá Nollag Dé Sathairn 25 Nollaig ag 10.00 rn.  Tá fáilte speisialta roimh phobal Scoil Lorcáin a bheith i láthair.

Ní bheidh aon aifreann Gaeilge Dé Domhnaigh Lá ‘le Stiofáin.

There will be an Irish mass in Dún Laoghaire Christmas Day Saturday 25th.

There will be no Irish mass Sunday St. Stephen’s Day.

Twitter

Féach ar Chuntas Twitter @scoillorcain níos déanaí anocht chun beirt scoláire – Fia agus Muireann – a fheiscint ag casadh ‘Don oíche naofa úd’.  

See our Twitter @scoillorcain from 9.00 pm tonight for a Christmas treat from Fia and Muireann in Rang 6.

Glantóir faighte, buíochas

Fuaireamar glantóir ar deireadh.  Buíochas libh go léir agus leo siúd a chabhaigh leis an nglanadh.

We finally found a cleaner.  Thanks to all who helped, especially to those who cleaned.

Éadaí

Beidh cead ag na páistí agus ag na múinteoirí a gcuid éadaí féin a chaitheamh Dé Céadaoin.

Pupils may wear their own clothes this Wednesday.

Amanna agaithe

 Ag tosú Déardaoin 6 Eanáir.

Staggered home times for January.

Sloinne*Abhaile
(R1-6)
1. Aic – Chion2.06 
2. Chir – Flann2.09 
3. Floi – Neach2.12 
4. Néil – Vond2.15 

*Sloinne – ‘Ó hAonghusa’ = A, ‘Ní Mhathúna’ = M, ‘Mac Suibhne’ = S, fág amach ‘Mac’, ‘Ó’, ‘Ní’, ‘Nic’ srl.

Nollaig faoi shéan is faoi shláinte dár léitheoirí go léir.

A happy healthy Christmas to all our readers.

NL Feabhra 2022

Riail na Gaeilge

Braithimid go bhfuilimid tar éis sleamhnú ó thaobh labhairt na Gaeilge ar scoil.  Tá baint aige leis na srianta atá orainn, faoi láthair, ach táimid buartha faoi.  Beidh béim á cur againn air seo sa tréimhse amach romhainn.  Bheimís buíoch dá labhrófá le do pháiste chun tábhacht labhairt na Gaeilge ar scoil a chur ina luí uirthi.

We feel we’ve slipped a bit in school in speaking Irish.  Certainly, that’s, at least partially, as a result of various constraints, in particular not being able to bring everyone together for a Tionól where we emphasize school messages.  We’d appreciate if you could discuss the importance of speaking Irish in school.  We will be focusing on this in the next while.

Ról na Gaeilge

D’fhéadaí seo a chur abhaile ar na daltaí sinsireacha ach go dtuigfidís go bhfuilimid ag súil go labhróidh siad Gaeilge lena chéile lasmuigh de gheataí na scoile.  Is sampla an-tábhachtach é seo do na daltaí níos óige.  Buíochas libh as bhur dtacaíocht seasta.

One way of supporting attitudes towards Irish is to explain to the more senior children Rang 3-6 that we would expect/ like them to speak Irish when outside the school gate, morning and evening.  Thank you for your continuous support.

Eolas faoi bpáipéar athchúrsálta nua

Faoi threoir ár bhFeighlí Seán Manners, táimid tar éis bogadh i dtreo pháipéir athchúrsálta ó chomhlucht Eco Natural do pháipéir leithris agus tuáillí páipéir, páipéar a dhéantar as cartáin athchúrsálta.  Tá dath donn ar an bpáipéar mar nach gcuirtear ceimicigh leis.  Tá buntáistí eile timpeallachta maidir le laghdú rian carbóin.  Buíochas le Seán as muid a spreagadh sa treo seo.

Under the guidance of our Feighlí Seán Manners we’re now using recycled paper for toilet paper and hand towels.  The paper, made from recycled cartons,  has a brown hue because whitening chemicals are avoided.  There are other carbon footprint reducing benefits.  Thanks to Seán for the initiative.

Cill Mo Choda/ Na Crócaigh

Go n-éirí le Cill Mo Choda i gCraobh Shinsireach Peile na bhFear amárach 12 Feabhra i bPáirc an Chrócaigh.  Tá fáilte roimh lucht Chill Mo Choda a ngeansaithe a chaitheamh ar scoil Dé Luain, cuma cén toradh.  Tá fáilte roimh dhaltaí eile geansaithe a gclubanna a chaitheamh mar chomhartha tacaíochta do Chill Mo Choda/ Na Crócaigh.

Good luck to Kilmacud / Crokes tomorrow in the Senior Men’s Football Final.  It’s a great feat to reach this stage.  Kilmacud jerseys may be worn in school on Monday in recognition.  Other pupils are welcome to wear jerseys from their clubs as a sign of support for Kilmacud, if they wish. 

Cosc ar ghutháin

Ar chúiseanna sábháilteachta, níl cead ag daltaí gutháin chliste a bheith acu ar scoil.  Iarraimid ar thuismitheoirí tacú linn sa riail seo.  Déileálfar go dáiríre le haon sárú ar an riail.

For safety reasons, pupils are not allowed to have smartphones in school.  We ask parents to back us in this.  Bringing one to school will be seen as a serious issue.

Spáinnis le Rang 5 agus 6

Beidh Rang 5 agus 6 ag fáil blaiseadh Spáinnise sna seachtainí amach romhainn ón tuismitheoir Ray Breathnach.  

Rang 6 and 5 will be getting a taste of Spanish under a pilot programme, with the help of parent Ray Walsh.

Gracias a Rayo.

Cúram

Meabhraimid do thuismitheoirí nach ceart dóibh teacht isteach sa chlos chun páiste a bhailiú ó Chúram 1.15 – 2.15.  Tabharfaidh an siblín an páiste amach.  Muna bhfuil an siblín ar scoil tabharfaidh lucht an Chúraim an páiste amach nó chuig Oifig na Scoile.

A reminder to parents of children in Cúram 1.15 – 2.15 not to come in to the clós to collect your child, please.  Slbings bring the children out.  If the sibling isn’t in school then the Cúram personnel bring the child to the gate or the school office.  

Tiomáint thar an scoil

Méadú beag seasta ar líon na ngluaisteán atá ag sleamhnú síos thar an scoil.  Meallann gach gluaisteán acu gluaisteán eile.  B’fhearr linn é seo a sheachaint.  Seantuismitheoirí is mó a bhíonn ina bhun.  Labhraigí leo, más gá, lbhdt.

We have a few more cars creeping down past the school each morning.  Every car that does this, attracts another.  It would appear go be mostly grandparents driving.  Please let them know.

Obair Bhaile ar bhonn laethúil

Ó Luan beag seo ar aghaidh beidh roinnt múinteoirí ag tosú ag cur obair bhaile abhaile agus á bhailiú ar bhonn laethúil.

From Monday, some  – but not all – teachers are going to start sending homework home and collecting it on a daily basis.

Ranganna Gaeilge ar líne do thuismitheoirí/caomhnóirí/feighlithe ag tosú i Mí Feabhra.  

Costas €50 don téarma (6 seachtain).   

Is féidir leat do shuim sna ranganna a chlárú ag an nasc a leanas:  https://forms.gle/wYKgVFjKsXgwFcpR9

Tuilleadh eolais: SLRangannaGaeilge@gmail.com (Keelin Deasy).

Online Irish classes for parents/guardians/minders starting in February.  

Cost is €50 for the term (6 weeks).  

You can register your interest in the classes at this link:  

https://forms.gle/wYKgVFjKsXgwFcpR9

For more information:  SLRangannaGaeilge@gmail.com (Keelin Deasy).

Campa Cásca

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 11ú – 15ú Aibreán 2022. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2.

Beidh costas €100 an pháiste/€180 do bheirt. *Beidh seirbhís maoirseachta ar fáil ó 9.00 r.n. – 9.30 r.n. agus ó 1.30 i.n. – 2.00 i.n. ar chostas breise. Tuilleadh eolas le fáil ag campacascasl@gmail.com.

An Easter Camp will be running from the 11th – 15th April 2022 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils.

The cost of the camp will be €100 per child/€180 for two children. There will be an optional drop-off/collection service at an extra cost from 9.00 am – 9.30 am and from 1.30pm – 2.00pm. Additional information available at campacascasl@gmail.com.

Peil

D’imríomar ár gcéad chluichí CLG le dhá bhliain an tseachtain seo, na cailíní Dé Céadaoin agus na buachaillí Déardaoin.  Bhí sé go hiontach a bheith ar ais ar an bhféar.  Beidh camógaíoct/ iomáint againn tar éis na Cásca, tá súil againn.  Buíochas leis na múinteoirí atá ag cabhrú.

We played our first GAA in two years this week with girls and boys football matches.  It’s great to be back.  

An Chéad Fhaoistin

Beidh an Chéad Fhaoistin ar siúl ar Rang 2 Déardaoin seo chughainn.  Go n-éirí go geal leo.

We have First Confession for Rang 2 this Thursday coming in our halla.  Life returning to normal.

Teanga Tí

Ghlac grúpa ón scoil páirt sa scéim seo.  Má tá suim ag duine éigin tabhairt faoin scéim a eagrú do ghrúpa i Scoil Lorcáin, déan teagmháil le Colmán.

A group from Scoil Lorcáin took part in this scheme which encouraged increasing the use of Irish at home for families.  If someone is interested in running the scheme in the school, talk to Colmán, please.

A chara,

Anois go bhfuil srianta dianghlasála á scaoileadh, tá dóchas ag Glór na nGael go mbeidh an scéim Teanga Tí á fhorbairt againn arís.  Bhíodh Scoil Lorcáin gníomhach sa scéim roimh an phaindéim Covid-19. An mbeadh suim ag tuismitheoirí i bhur scoilphobal páirt a ghlacadh sa scéim arís?

Tá mé ag dúil le cluinstin uait.

Le meas

Marcas Mac Ruairí

Bainisteoir Forbartha

marcas@glornangael.ie +353 86 171 9755.

Clár vacsaínithe COVID-19 do leanaí idir 5 bliana agus 11 bhliain d’aois

Litir a bhaineann leis an gclár vacsaín. 

https://www.hse.ie/eng/health/immunisation/hcpinfo/correspondence/principalslettercovid19gae.pdf

COVID-19 vaccines for 5-11 year olds

A letter regarding this vaccine programme. https://www.hse.ie/eng/health/immunisation/hcpinfo/correspondence/principalslettercovidenglish.pdf

Cumann na bhFiann

Mar is eol duit, is Óg Eagraíocht í Chumann na bhFiann atá ag freastal ar óige na hÉireann le breis is caoga bliain anuas le deis a chur ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht spreagúil. Déantar seo tríd Óg Chlubanna seachtainiúla a reáchtáil ar fud na tíre, mar aon le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta.

I 2021, chuireamar tús le hÓg Chlubanna Fíorúla do lucht na nGaelscoileanna sa cheantar agus d’éirigh thar chinn leo. Reáchtálfar na Clubanna seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge, agus bíonn teorann de 12 ag freastal ar gach club le rannpháirtíocht gach duine a chinntiú.

Tá Cumann na bhFiann ag athoscailt na gClubanna arís ar an 25 Eanáir 2022 le rogha Chlubanna seachtainiúla ar an Máirt nó Déardaoin ag 5-5.40in do pháistí i Rang a 4, 5 & 6 i nGaelscoileanna i gCúige Laighean. 

Tá costas €20 ar na Clubanna do thréimhse 10 seachtaine idir deireadh Eanáir agus tús Aibreán 2022, ach is féidir laghdú €10 a fháil leis an gCód Lascaine CLUB221 nuair atá áit á chur in áirithe. Is féidir clárú do na Clubanna ag https://www.cnb.ie/youth-clubs/ agus tá tuilleadh eolas faoi na Clubanna ag www.cnb.ie agus ag an nasc seo Clubanna Fíorúla – Virtual Clubs

Cumann na bhFiann is an Irish Language Youth Organisation who have been providing opportunities to young people for over 50 years to use their Irish in a fun environment. This is done through running weekly Youth Clubs all over the country, along with various regional and nationwide events.

In 2021, we began running Virtual Youth Clubs online for pupils of Gaelscoileanna in the area with 14 new Clubs formed. These are run entirely through the medium of Irish, and each club is limited to 12 people to ensure full participation.

Cumann na bhFiann is re-opening these Clubs on January 25th 2022 with a choice of weekly Clubs on Tuesday or Thursday at 5-5.40pm for children in 4th, 5th and 6th classes in Leinster. There is a cost of €20 for a 10 week term of the clubs between late January and early April 2022, but you can receive a €10 reduction by using the discount code CLUB221 when booking. Registration can be done at https://www.cnb.ie/youth-clubs/ and there is further information at www.cnb.ie and at this link Clubanna Fíorúla – Virtual Clubs

Dónal Mac Cionnaith | Oifigeach Óige | Cumann na bhFiann

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, A85 K221

Fón: (+3531) 825 9342 | Fón Póca: (+44) 77 36232105

Rphost: donal@cnb.ie | Suíomh: www.cnb.ie

NL Márta 2022

Dóchas linn Márta

Táimid ag baint an-sásaimh agus tairbhe oideachasúil as an bhfilleadh ar an ngnáthshaol.  Buíochas le pobal uile na scoile as an gcomhoibriú leis na hathruithe chun normáltachta.  Táimid ag déanamh iarrachta cloí leis na treoirlínte go fóill, más laghdaithe iad.  Is ceart do pháistí siomptóimeacha fanacht sa bhaile.

We’re enjoying the increasing normality and benefitting educationally too.  Thanks to the whole school community – fully supportive, as usual.  While the guidelines have been reduced and modified we are still trying to live by them.  Symptomatic children should be kept at home.

Ar maidin

Leanfaimid ar aghaidh ag oscailt na ngeataí ag 8.20 rn.  Ní bheidh baill foirne ar dualgas sa chlós.  Na daltaí a thagann roimh 8.35 rn, is ar an tuiscint go seasfaidh siad ina líne go socair í agus gur Gaeilge a labhróidh siad.  Is ceart do thuismitheoirí na Naíonán  fanacht leis na páistí go dtí go mbailítear iad nó cúram a bpáiste a leagadh ar thuismitheoir eile.  Is ceart cabhrú le naíonáin Gaeilge a labhairt sa líne.

We’ll continue opening the gates at 8.20 rn.  Staff will not be on duty in the yard.  If a pupil comes in, it’s on the understanding that they will stand in their line, speak Irish and talk/read/muse.  Infants should be minded by parents – either their own or others by arrangment until the teacher brings the class in.  They should be encouraged and helped to speak Irish in the line.

Um thráthnóna

Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht isteach sa Chlós Fada ó 2.10 ar aghaidh chun bualadh le páistí laistigh.  Is ceart labhairt le do pháiste faoi bheith cúramach nuair a théann siad amach an geata.  Ní bheidh feighlíocht ag na geataí as seo amach.  Is páistí le rothair amháin a mbeidh cead acu dul amach tríd a ngeata mór ag an gcúinne mar go bhfuil an cúinne seo dainséarach.  Déan cinnte go dtuigeann do pháiste go bhfuil fáilte roimpi/ roimhe teacht ar ais isteach go hOifig na Scoile muna mbailítear í/é.

You are welcome to come into the Clós Fada from 2.10 on to meet your child.  Please talk to her/him about being road-careful when they go out the gate as gates will not be supervised from now on.  Only pupils with bikes may exit through the double gates at the corner, as extra care is needed here because some cars still drive down around the corner.  Please ensure your child knows that s/he can come back in to Oifig na Scoile if they aren’t collected in time.

Tuismitheoirí na Naíonán Sinsireach agus Rang 1

Tá fáilte romhaibh siúl isteach go dtí an seomra ranga le do pháiste aon mhaidin an tseachtain seo chun an seomra a fheiscint ar feadh cúpla nóiméad, ach masc a chaitheamh.

Parents of Naíonáin Shinsireacha and Rang 1 are welcome to accompany their child to the classroom any morning this week to see their child’s room for a few minutes.  Please wear a mask when you come into the school.

Focal tapaidh

Tá fáilte roimh thuismitheoirí focal tapaidh a bheith acu le múinteoir nuair atá an rang á bhailiú sa chlós ar maidin, m.sh. ‘Tá tuirse uirthi, níor chodail sí go maith.’ nó ‘Tá sceitimíní air inniu.  Fuaireamar coileán nua.’  Ní ceart ceist a phlé le múinteoir.  Is féidir scríobh ag an múinteoir chun coinne a dhéanamh chuige sin.

Parents are welcome to have a quick word with the teacher when the class is being collected in the morning, to give a bit of information eg. ‘She’s a bit tired, she didn’t sleep well.’ or ‘He’s a bit giddy today, we got a new puppy’.  If there is an issue that needs to be discussed, then you can email the teacher to arrange a meeting.

Poncúlacht

Déan iarracht na páistí a bheith anseo ag 8.35, ldt.  Cabhróidh sé leis an múinteoir an obair a thosú go luath agus muid ag iarraidh déanamh suas don am foghlama a cailleadh.

Please try to have your children here at 8.35 am.  It will help the teacher to start teaching straight away as we try to make up for lost teaching/ learning time.

Sábháltacht

Anois, níos mó ná riamh, is gá nach dtiománfadh daoine síos thar an scoil ar maidin agus ag 2.15.  Seantuistí agus feighlithe is mó a bhíonn sa líon an-bheag a dhéanann é.

Now, more than ever, it’s vital for safety that we don’t drive down past the school in the morning or at 2.15pm.  The very small number who do are mostly grandparents and minders.  Please, make sure they don’t.

Saoire Scoile

Beidh an scoil ag dúnadh Céadaoin 29/6 ag 12.00 meánlae, seachas Déardaoin 30/6 mar a luadh cheana.  Tá lá saoire poiblí á thabhairt ar an 18 Márta 2022 mar aitheantas ar iarrachtaí an phobail i gcoitinne agus oibrithe thúslíne na hÉireann le linn na paindéime COVID-19 agus i gcuimhne orthu siúd a chaill a mbeatha de dheasca na paindéime COVID-19.  Beidh lá saoire poiblí bliantúil nua ó 2023 mar cheiliúradh ar Imbolc/Lá Fhéile Bríde, a thionólfar ar an gcéad Luan i ngach Feabhra.  Laghdófar an scoilbhliain ó 183 go 182 lá do bhunscoileanna agus ó 167 go 166 lá d’iarbhunscoileanna. Beidh sé seo i bhfeidhm don scoilbhliain reatha 2021/22.

There school will close Wednesday 29/6 at noon for the summer holidays, rather than Thursday 30/6 as previously notified.  The Government has decided that there will be a new annual public holiday from 2023 in celebration of Imbolc/St Brigid’s day, which will be the first Monday in every February. The school year will reduce from 183 to 182 days for primary schools and 167 to 166 days for post primary schools. This will take effect for the current school year 2021/22.

Lúthchleasa do Rang 5 agus 6

Beidh lúthchleasa do Rang 6 agus Rang 5 ag tosú go luath faoi stiúir Ghráinne Uí Lúing agus roinnt múinteoirí eile.  Cleachtadh ag tosú Máirt seo chughainn 8/3 2.30 – 3.30 Bóthar Bhaile Thomáis.  Fáilte roimh gach dalta páirt a ghlacadh.  Bíodh na páistí in am do 2.30 agus tuismitheoirí in am 3.30 in.  Ná fág BBT go dtí go bhfuil beirt mhúinteoirí, ar a laghad, i láthair.  Tá fáilte roimh thuismitheoirí fanacht agus cabhrú.  Meabhraigh dod’ pháiste, ldt, gur Gaeilge amháin a labhraimid go léir ag ócáidí scoile, pé áit a mbíonn siad.

Athletics training for Rang 6 and Rang 5 will start next Tuesday  under the guidance of Gráinne Uí Lúing and other teachers.  All pupils welcome.  Thomastown GAA pitches 2.30 – 3.30 pm. Drop off and pick up promptly, please. Do not leave Thomastown until at least two teachers are present, please.  Parents welcome to stay and help.  Remind your child, please,  that we all speak Irish at Scoil Lorcáin events, wherever they are held.

Muireann Ní Mhóráin

Tá Muireann Ní Mhóráin ina Cathaoirleach ar Scoil Lorcáin don dara téarma.  Chaith sí blianta ina tuismitheoir gníomhach ar Chumann na dTuismitheoirí.  Bhí a máthair – Máire – ar an gcéad Chathaoirleach ar Scoil Lorcáin, ar feadh 17 mbliana.  Bhí agus tá baint ag Muintir Mhóráin le bunú agus forbairt Scoil Lorcáin ón tús.  D’éirigh Muireann as a post mar Chathaoirleach ar COGG ar an 28 Feabhra tar éis a saol a chaitheamh go dtí sin ag saothrú ar son an oideachais Ghaelaigh agus ar son an phobail Ghaelaigh.  Tá an t-ádh linn go bhfuil Muintir Mhóráin, agus Muireann go speisialta, ina gcrann taca leis an scoil.  Táimid an-bhuíoch dóíbh agus di, go háirithe.  Ní bheidh Muireann díomhaoin.

Our Chairperson for a second term – Muireann Ní Mhóráin – has retired from her job with COGG, whose remit is to provide resources for Irish language education.  She is a laoch (hero) in Irish language education, fighting the good fight which needs to be fought too often.  Muireann was a pupil and a parent in Scoil Lorcáin, spending many active years on Cumann na dTuismitheoirí.  The Ó Móráin family have been involved in Scoil Lorcáin since the first meeting in 1951 to set up the school.  Muireann’s mother – Máire – was the first Chairperson for 17 years when Boards of Management were initiated in 1975.  Muireann may have retired, but we know she won’t be idle. 

Sonas ar Mhuireann is ar Mhuintir Chonchubhair/ Mhóráin go léir.

Nuacht Rang 4

Tá rang 4 ag déanamh an dara glanadh trá inniu. D’éirigh go hiontach linn an uair dheireannach.  Beidh muid ag leanúint ar aghaidh uair in aghaidh na míosa as seo amach.

Beidh rang 4B ag déanamh iarracht gan ola pailme a úsáid nó a ithe an tseachtain seo chugainn chun feachaint ar an tionchar atá ag ola pailme ar an saol agus conas gur féidir linn feabhas a dhéanamh ar na rudaí a úsáidtear. 

Rang 4 conducted their second beach clean-up today 1/3/22.  Rang 4B will be trying not to use palm oil next week to see what effect its use has on our lives.

Nóta ó thuismitheoir

‘An féidir leat meabharachán beag a tabhairt do phobal na scoile an réchasadh innill (‘idling’) os comhair na scoile a sheachaint.

Tá sé go hainnis dár sláinte, sláinte ár bpáistí agus sláinte na timpeallachta.

Tuilleadh eolas anseo. Idling — Mums for Lungs

A note above from a parent asking us not to leave car engines idling outside the school, for the obvious reasons.  Thank you.

Imeachtaí Iarscoile

Tá súil againn ranganna is rl iarscoile a thosú go luath.  Scaipfimid eolas nuair atá socruithe.

We hope to resume after-school classes/ clubs shortly.  We’ll circulate information shortly.

Fógra Feighlí á lorg

Ag lorg feighlí linbh, Luan go Céadaoin 12 – 6, beirt pháiste 6 bliana agus 8 mí. Tiomáint ag teastáil, beidh carr ar fáil. Bailiú ó Scoil Lorcáin ag 1.15 gach lá. Teagmháíl ruthalynch@gmail.com nó 0876981711. Grma.

We are currently looking for a childminder for our two boys, aged 6 years and 8 months. Monday to Wednesday from 12 to 6 each day. A car will be provided for school pick up from Scoil Lorcáin at 1.15 each day. Contact ruthalynch@gmail.com

 r 0876981711.

         Campa Cásca  Image result for easter eggs clipartImage result for easter eggs clipart

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 11ú-15ú Aibreán 2022. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2. Beidh seirbhís maoirseachta ar fáil ó 9.00 r.n. – 9.30 r.n. agus ó 1.30 i.n. – 2.00 i.n. ar chostas breise. Ba chóir go mbeadh lón iomlán agus deoch uisce ag gach páiste. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl sa champa m.sh. cócaireacht, spóirt, ealaíon, cluichí agus tóraíocht taisce!! Seol ríomhphost go campacascasl@gmail.com má tá aon cheist agat.

An Easter Camp will be running from the 11th – 15th April 2022 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils. There will be an optional drop-off/collection service at an extra cost from 9.00 am – 9.30 am and from 1.30pm – 2.00pm. Children should have a packed lunch and drink. The camp will consist of a wide range of activities including cooking, sports, arts and crafts, games and an Easter Egg Hunt!! Please email campacascasl@gmail.com if you have any questions.

Foirmeacha ar fáil ó campacascasl@gmail.com nó Oifig na Scoile.

Forms available from  campacascasl@gmail.com or at the school office.

Cealtán

Cealtán dhá tharraiceán inghlasálta á lorg againn má tá ceann agat nach bhfuil uait.

We’re looking for a lockable two drawer filing cabinet if you have an idle one.

Gaelcholáiste nua

Tá an t-ádh orainn in Scoil Lorcáin go bhfaigheann ár ndaltaí áit i gColáiste Íosagáin/Eoin.  Ach tá go leor daltaí gaelscoileanna nach mbíonn áit ar fáil dóigh.  Tá grúpa tuismitheoirí i mbun feachtais chun suim a mhúscailt i nGaelcholáiste i gCoill na Silíní. Is nasc é chun chlárú leis an bhfeachtas.

https://tinyurl.com/GC4Cherrywood

We are lucky in Scoil Lorcáin that our pupils get places in Coláiste Eoin/ Íosagáin.  Not all gaelscoil pupils have access to a gaelcholáiste.  A group of parents is starting a campaign for a gaelcholáiste (Irish medium secondary school) in Cherrywood.  See link above to register to support the campaign.

Sléibhte, gleannta máighe, ‘s bailte mór na hÉireann,

 Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár naomh dhil.

 Iarrmaid ort, a Phádraig, guí orainne Gaela,

 Dia linn lá ‘gus oíche ‘s Pádraig Aspal Éireann.

The hills, glens and plains

And the towns of Ireland

He cleansed them for ever for us

A thousand glories to our beloved saint

We ask you, Patrick,

To pray for us, Irish

May God be with us day and night

And Patrick apostle of Ireland.

(Dóchas Linn Naomh Pádraig, Tomás Ó Flannghaile / Thomas Flannery (1846-1916))

NL Márta 2022b

An Úcráin

Ba mhaith linn cothromaíocht a bhaint amach sa scoil maidir le hionsaí na Rúise ar an Úcráin – ag aithint go bhfuil imeacht mhór thragóideach ag tarlú ach gan buairt bhreise a chur ar na daltaí.  Nílimid chun díríu ró-mhór ar an scéal sna ranganna sóisireacha.  Pléifear ar bhealach aoisoiriúnach léi má ardaíonn an cheist i rang.  Táimid chun déileáil leis mar mhaistínteacht seachas go polaitiúil.  Is maistín é Putin agus diúltaimid don mhaistínteacht.  Seasaimid leo siúd a ndéantar maistínteacht orthu agus glaoimid amach an maistín.

Beidh Brat na hÚcráine á ardú againn an tseachtain seo chughainn mar chomhartha tacaíochta do mhuintir na Úcráine. Táimid chun cuireadh a thabhairt do phobal na scoile síntiús a thabhairt agus bronnfar aon t-airgead ar Cumann na Croise Deirge.  Seolfar nasc amárach do na síntiúis.

We want to balance the need to recognise the important tragic  event which is happening in the Ukraine with the need not to cause more worry for the pupils, who have already been under pressure for the last two years.  We’re not going to dwell on the situation in the younger classes but it will be dealt with in an age appropriate way where it arises.  We are going to deal with it as bullying, rather than politically.  Putin is a bully and we reject bullying.  We support those who are being bullied and call out bullying behaviour.

We will raise the flag of Ukraine next week in a gesture of support and invite the school community to donate via a link which will follow this Nuachtlitir.  All money raised will be donated after next Wednesday to the Irish Red Cross to be passed to their Ukraine counterparts.

Seachtain na Gaeilge

Tá Féile Sheachtain na Gaeilge ar siúl againn faoi láthair. Beidh béim ar bhród agus taitneamh agus ranganna sinsireacha ag cabhrú le ranganna sóisireacha, rud nach raibh ceadaithe le dhá bhliain.

  • Tráth na gCeisteanna
  • Comórtas Seanfhocal
  •  Comórtais agus cluichí eile
  • Samhlacha do na hardranganna.  
  • Greamáin.
  • Tréimhsí léitheoireachta Gaeilge
  • Tóraíocht taisce 

Ar an gCéadaoin seo chughainn beidh ár Lá traidisiúnta Glas againn agus cead ag daltaí glas a chaitheamh.  Tabhair faoi ndearadh gur glas an toradh ar bhuí agus gorm a mheascadh. 

Buíochas le Gráinne Uí Lúing as na himeachtaí a eagrú.

We’re celebrating Féile Sheachtain na Gaeilge with various events for the classes, some listed above.  Thankfully, this year, we can ask the senior classes to help the junior ones – something we have been unable to do for two years.  All are welcome to wear green next Wednesday.  We notice that green is the result when you mix blue and yellow.  Thanks to Gráinne Uí Lúing for pulling the events together.

Riail na Gaeilge

Thagraíomar do Riail na Gaeilge cúpla uair sa scoil le déanaí.  Mheasamar gurbh fhiú a chinntiú go raibh gach duine ar an eolas faoi.

We have had cause to refer to our Irish language rule a few times recently.  We thought it worthwhile to publish it here for all to be aware of it.

Riail na Gaeilge

Is i nGaeilge amháin a dhéanfaidh daltaí na scoile cumarsáid lena chéile agus leis na múinteoirí ar scoil agus ag imeachtaí scoile.  Cuirtear an Riail seo i bhfeidhm go daingean ó Rang 1 ar aghaidh.

Spreagfar agus tabharfar tacaíocht do na páistí an Ghaeilge a úsáid sna seomraí ranga, timpeall ar an scoil, sa chlós  agus ag gach imeacht a bhaineann leis an scoil. Cuirfear scéimeanna ar siúl le haitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na bpáistí agus d’iarrachtaí ghrúpaí paistí agus ranganna.

Cuirfear smachtbhannaí aoisoiriúnacha ar dhaltaí a sháraíonn riail na Gaeilge, ar mhaithe leo féin agus leis na daltaí eile sa scoil. Is é seo an córas foirmeálta atá againn chun déileáil le daltaí ó Rang 1 – 6 a bhriseann Riail na Gaeilge sa scoil.

Céim 1: An chéad uair a bhriseann an dalta an riail, cuirtear nóta abhaile ón múinteoir

Céim 2: An dara huair a bhriseann dalta an riail, labhrann an múinteoir a bhfuil Dualgas Speisialta i leith na Gaeilge uirthi – leis an dalta agus cuireann sí litir abhaile.  .

Céim 3: An tríú huair a bhriseann dalta an riail, socraítear coinne do thuismitheoir/chaomhnóir leis an bPríomhoide chun an fhadhb a phlé. 

I gcás fíor-eisceachtúil nach dtoileodh páiste glacadh le riail na Gaeilge d’fhéadfadh fionraí a bheith i gceist nó dul i bpáirt le tuismitheoir maidir le malairt scoile a aimsiú don pháiste.

Children will communicate with each other and with the teachers using Irish in school and at school events.  This rule is applied strictly from Rang 1.  The children will be encouraged and supported in using Irish in the class, around the school, in the yard and at all school events.  Schemes will be organised to recognise the efforts of individual children, groups and whole classes.

Age appropriate sanctions will be imposed, for their own good and that of other pupils, on pupils who breach the Rule of Irish. The following is the procedure that will be used to deal with pupils from 1st to 6th class who are in breach of the Irish Rule in school :

Step 1: First offence – a note will be sent home to parents by the teacher;

Step 2: Second offence – the teacher with special responsibility for Irish, will speak to the pupil and send a letter home to parents;

Step 3: Third offence – there will be a meeting with the Headmaster to discuss the issue.

A pupil in serious breach of the Rule of Irish may be suspended, or expelled, from the school, in accordance with provisions of the Code of Conduct and Discipline.

Ranganna/ Clubanna Iarscoile

Féach thíos liosta de na ranganna/ clubanna a bheidh ag tosú tar éis Lá ‘le Pádraig.  Labhróidh na múinteoirí leis na ranganna cuí ar an Luan beag seo agus scaipfidh siad foirmeacha agus breis eolais.  Inis dod’ pháiste foirm a thabhairt abhaile má tá suim agat.  Foirmeacha ar fáil ó Oifig na Scoile ina dhiaidh sin.

MúinteoirÁbharLá RangannaLíon seachtainí,costasEile
Christina Club Obair BhaileLuan – Déardaoin1-69 seachtain€6 in aghaidh an laeS2
Ann-Marie Ní LabhairíCeoldrámaíochtMáirt5, 610 seachtain€80 don tearmaS23
Ann-Marie Ní LabhairíFuáilDéardaoin5, 610 seachtain€100 don tearmaS23
Clíodhna Ní LeocháinFraincísDéardaoin4-611 seachtain€88 don téarmaS14
Clíodhna Ní LeocháinFidilCéadaoin3-68 seachtainS14

List above of afterschool classes starting after St. Patrick’s Day.  The teachers will talk to the relevant classes next Monday and give forms with more information to interested children. Ask your child to bring a form home if you are interested.  Forms available from Oifig na Scoile after that.

Conradh Tacaíochta Ríomhairí

Tá an comhlucht a thugann tacaíocht theicniúil/ ríomhaireachta dúinn – Capita – ag tarraingt amach as réimse an oideachais ag deireadh na míosa.  Beidh orainn socrú nua a dhéanamh.  Má tá saineolas nó moladh ag aon duine ba mhaith le Colmán cloisteáil uait.

Capita – the company which provides us with tech/ computer support is withdrawing from the ed sector at the end of the month.  We’ll have to make a new arrangement.  If you have expertise or a suggestion, Colmán would be happy to hear from you.

Buaiteoirí Chomórtas Ghrianghrafanna Rang 6

Teideal an Chomórtais: Is féidir léamh in aon áit.  Tá formhór na bpictiúr le feiscint ar chuntas twitter @scoillorcain.

Donal Ó Riain, Martha Crosbie, Saoirse Fíobhuí, Sadhbh Harpur, Emily Rose Loughrey, Lucy Nic Giolla Earnáin, Alice Ní Nuanáin, John Ó hArrachtáin

Comhghairdeas leo.

Plota sa Ghairdín

Tá sé phlota ar fáil i nGairdín na Scoile to chlanna ar mian leo glasraí a fhás.  Seol ríomphost inniu má tá suim agat úsáid a bhaint as ceann.  Is féidir le grúpa dul i mbun plota, seachas d’iomaire féin a threabhadh.

We have 6 small plots available to school families who would like to grow vegetables etc.  Reply by email if interested.  Try not to be upset but last one in loses the plot.

Covid

Táimid ar an eolas faoi chásanna covid sa scoil nár cuireadh in iúl dúinn.  Bheimís buíoch ach ríomhphost a fháil má tá covid ar pháiste ionas go mbeimid ar an eolas agus ionas gur féidir tuismitheoirí ranga a chur ar an eolas, gan aon ainm a lua, ionas gur féidir cur isteach ar thástálacha aintigine.

We are aware of cases of covid among pupils which haven’t been notified to us by parents.  We’d appreciate an email in each case so that we have a clear picture and so that we can inform other parents, without mentioning names, who will then be able to apply for antigen tests.

Gaelscoil Lios na nÓg

Tá Gaelscoil Lios na nÓg ag ceiliúradh 25 bliana ag fás le ceolchoirm:

Liberty Spraoi 8.00 in Déardaoin 31 Márta Halla na Saoirse.  Molann na ceoltóirí iad féin.

Liam Ó Maonlaí

Hilary Bow

Katerina Garcia

Cór Chuilinn

Big Love

Róisín Chambers

The Local

Na Casaidigh

Gaescoil Lios na nÓg in Ranelagh are celebrating 25 years fortifying Irish language education with the concert in Liberty Hall detailed above.  It’s an impressive line-up.

Go n-éirí go geal leo don chéad 25 eile.

Fógra

Stiúrthóir ag teastaíl i Club Iarscoile Explorers Scoil Lorcáin

Tá duine díograiseacha, iomasach agus fuinniúil uainn chun na poist seo a líonadh.

Sonraí na bpost:

25 uair sa tseachtain atá i gceist. 13.00 – 18.00 gach lá i rith an scoil bhlian. (Campaí á rith aginn i rith na saoire)

Cumas/taithí faoi leith ag obair le páistí iarscoile.

Scilleana cumarsáide láidre

Gaeilge labhartha 

QQI Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí inmhianaithe molta

€12.80 – €16 san uair, ag breath ar caillíochtaí agus taithí. 

Seol litir iarratais agus CV chuig  explorersafterschool@gmail.com 

Explorers After-School Club are looking for a director for their unit in Scoil Lorcáin.  25 hrs a week.  Fluency in Irish required.  Further details above.

Nuachtlitir Márta 2022c

An Úcráin

€9,769 bailithe.  Buíochas libh.  Nuair a thagann an brat ardóimid é.

€9,769 collected for the Red Cross.  Thank you.  We’ll raise the Ukranian flag, when it comes – this week hopefully.

Ceolchoirm

Beidh ceolchoirm againn sa halla do na daltaí ar an Aoine, do chéad uair le dhá bhliain.  In. Uí Leocháin R3, Seán Feighlí Manners agus Muireann Ní Mhuirthile R6 ag seinnt.

We’ll have a concert in the hall on Friday for the pupils for the first time in two years with music from our caretaker, a pupil and a teacher.

Daonáireamh

Tá foirmeacha an daonáirimh ar fáil i nGaeilge. Níor úsáideadh ach 8, 543 foirm Ghaeilge an uair dheireannach.  Déanaimis ár ndícheall.

Census forms available in Irish. Why not ask for one? Only 8, 543 Irish forms last time.  Let’s not give the naysayers succour.

Glantóirí ganna

Glantóir amháin imithe agus glantóir eile tinn.  Cabhair uainn arís.  Féach nasc leis seo.  Cuirfear trealamh agus treoir ar fáil.  Seomraí na Naíonán thíos staighre (glantóir imithe) agus R1 In Mhic Gearailt, dhá Rang 4 agus dhá Rang 6 thuas staighre (glantóir tinn).

Agus má tá aithne agat ar ghlantóir atá ag lorg oibre, seol inár dtreo iad, ldt.  €14 san uair.

https://docs.google.com/document/d/1Rj1-v4T9iSX9QUCz8hmQBSODVjwOZKu-WIUFC–Jh2c/edit?usp=sharing

One of our cleaners has finished working here and another is sick.  We’re looking   for your help again.  Link with this to volunteer to clean rooms from 2.15pm. Infant rooms can be cleaned from 1.15 pm..  Equipment and instructions will be available.

Also, we’re looking for a cleaner, again; 2 ½ hours a day, 5 days.

Covid

Minicíocht ard sa scoil, fós.  Leanaimis na treoirlinte, le bhur dtoil.

Frequent in school, still. Let’s follow the guidelines, please.

Macalla Teo

An comhlucht a rinne HomeSchoolHub i Scoil Lorcáin, agus Arracht agus a lán eile ag lorg grúpa daoine óga:

An nóta dos na daoine óga

An dteastaíonn uait bheith ar chlár teilifíse spleodrach le do chairde? Táimid ar thóir grúpaí cairde (4-6 páistí) DO GHEAING – idir 8-12 mbliana d’aois le tabhairt faoi dhúshlán ar leith ar an gclár TEACH SPRAOI. Beidh deis agat agus ag do chairde TEACH SPRAOI dochreidte a thógáil i do ghairdín nó áit éígin i bhur gceantar. Is bhur smaoineamh agus dearadh a bheidh ann. Spás dochreidte le spraoi a bheith agat le do chairde. 

Déan físeán gairid le do chairde agus seol chuig macallapaisti@gmail.com é. Cuir sibh féin in aithne, mínigh cén ról atá ag gach duine sa GHEAING – mar shampla, cé hé/hí an duine is greannmhara, cé hé/hí an bas agus cé hé/hí an duine is clistí sa gheaing.

Abair linn cad a theastaíonn uaibh cruthú sa teach spraoi agus roghnóidh muid na smaointe is bríomhara agus spéisiula le bheith ar an gclár. Úsáid do chuid samhlaíochta.

 Sadhbh Ní Nualláin, Macalla Teo, 085 7621332

Sadhbh, from the Macalla production house, is looking for a gang of 4-6 Irish speaking kids to take part in a television show which will entail them creating their own den.  Details above.

Fógra

Oibrí ag teastaíl i Club Iarscoile Explorers Scoil Lorcáin

Tá duine díograiseacha, iomasach agus fuinniúil uainn chun na poist seo a líonadh.

Sonraí na bpost:

25 uair sa tseachtain atá i gceist. 13.00 – 18.00 gach lá i rith an scoil bhlian. (Campaí á rith aginn i rith na saoire)

Cumas/taithí faoi leith ag obair le páistí iarscoile.

Scilleana cumarsáide láidre

Gaeilge labhartha 

QQI Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí inmhianaithe molta

€12.80 – €16 san uair, ag breath ar caillíochtaí agus taithí. 

Seol litir iarratais agus CV chuig  explorersafterschool@gmail.com 

Explorers After-School Club are looking for a director for their unit in Scoil Lorcáin.  25 hrs a week.  Fluency in Irish required.  Further details above.

NL Márta 2022d

Úcráin

Beidh brat na hÚcráine á hardú againn amárach Aoine 2.25 – 2.35 in.  Tá fáilte roimh pháistí agus a dtuismitheoirí freastal.  Tá fáilte roimh dhaltaí Rang 5-6 fanacht gan tuismitheoirí leo.  Beidh an brat á chur i láthair na ndaltaí ag na ceolchoirmeacha a bheidh againn níos luaithe sa lá.

We will be raising the flag of Ukraine 2.25 – 2.35 pm tomorrow Friday.  Children and parents welcome to attend.  Pupils Rang 5-6 welcome to attend without parents.  The flag will be displayed at the concerts we’re having tomorrow morning, before being raised.

Glanadh

Táimid gann ar bheirt ghlantóirí fós.  Tá cabhair uainn go géar inniu, amárach agus don tseachtain seo chughainn.  Is beag an chabhair atá faighte go dtí seo.  Tá deacracht, a bhí leis an nasc ar feadh tamaill, réitithe.  Le chéile is láidre sinn.

https://docs.google.com/document/d/1Rj1-v4T9iSX9QUCz8hmQBSODVjwOZKu-WIUFC–Jh2c/edit?usp=sharing

We’re still short of two cleaners.  We really do need your help today, tomorrow and next week.  Support, thus far, has been underwhelming.  There was an issue for a while with the link, but that’s rectified now.  Stronger together.

Sábháltacht

Ba bheag ná go raibh drochthimpist lasmuigh den scoil inné nuair a rith páiste trasna an bhóthair os comhair gluaisteáin.  Murach an gluaisteán a bheith ag taisteall go mall d’fhéadfadh drochthimpist cheart a bheith againn.  Seachnaígí an píosa bóthair seo, le bhur dtoil, go hiomlán.  Seantuismitheoirí is mó a dhéanann neamhaird den impí seo.  Níos sábháilte le chéile.

We almost had a serious accident yesterday afternoon when a child ran from behind a parked car across the road in front of a car  being driven past the school.  Only for the car travelling slowly, we could have been calling an ambulance.  Avoid this stretch of road altogether, please.  Many grandparents seem not to have gotten this message.

Safer together.

Campa Cásca

Image result for easter eggs clipart

         Campa Cásca  Image result for easter eggs clipart

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 11ú-15ú Aibreán 2022. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2. Beidh seirbhís maoirseachta ar fáil ó 9.00 r.n. – 9.30 r.n. agus ó 1.30 i.n. – 2.00 i.n. ar chostas breise. Ba chóir go mbeadh lón iomlán agus deoch uisce ag gach páiste. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl sa champa m.sh. cócaireacht, spóirt, ealaíon, cluichí agus tóraíocht taisce!! Seol ríomhphost go campacascasl@gmail.com má tá aon cheist agat.

An Easter Camp will be running from the 11th – 15th April 2022 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils. There will be an optional drop-off/collection service at an extra cost from 9.00 am – 9.30 am and from 1.30pm – 2.00pm. Children should have a packed lunch and drink. The camp will consist of a wide range of activities including cooking, sports, arts and crafts, games and an Easter Egg Hunt!! Please email campacascasl@gmail.com if you have any questions.

Foirmeacha ar fáil ó campacascasl@gmail.com nó Oifig na Scoile.

Forms available from  campacascasl@gmail.com or at the school office.

Ranganna/ Clubanna Iarscoile

Féach thíos liosta de na ranganna/ clubanna a bheidh ag atá tar éis tosú.  Foirmeacha ar fáil ó Oifig na Scoile.

MúinteoirÁbharLá RangannaLíon seachtainí,costasEile
Christina Club Obair BhaileLuan – Déardaoin1-69 seachtain€6 in aghaidh an laeS2
Ann-Marie Ní LabhairíCeoldrámaíochtMáirt5, 610 seachtain€80 don tearmaS23
Ann-Marie Ní LabhairíFuáilDéardaoin5, 610 seachtain€100 don tearmaS23
Clíodhna Ní LeocháinFraincísDéardaoin4-611 seachtain€88 don téarmaS14
Clíodhna Ní LeocháinFidilCéadaoin3-68 seachtainS14

List above of afterschool classes which have started.   Forms available from Oifig na Scoile.

NL Aibreán 2022

Fáilte Isteach

Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht isteach sa Chlós Fada ó 2.05 chun bualadh lena bpáistí laistigh chun baol an bhóthair a laghdú. Bheimís buíoch dá bhfanfadh sibh timpeall an gheata go dtí 2.10 má tá rang ag baint úsáide as an gclós.  Tá fáilte roimh thuismitheoirí Rang 1 teacht isteach an geata íochtarach agus fanacht ar dheis.  Tiocfaidh na ranganna amach agus imeoidh ar a ndeis sula scaoileann na múinteoirí leo.

Parents etc. are welcome from 2.05 pm inside the double gate on the Clós Fada to meet their children in the yard to reduce the risk from the road.  Please, leave as much of the yard as practicable free until 2.10 , if it’s in use by a class.

Parents for Rang 1 are welcome to come inside the lower gate and stay right.  Classes will emerge and go to their right, to be supervised by the teachers.

Bleaist Eolaíochta

Ghlac rang 4, 5, 6 páirt sa Bhleaist Eolaíochta i bhFeabhra/ Márta. Bhain siad bleaist as.

Rang 4, 5,6 participated in the Science Blast in February/ March and had a great time.

Poncúlacht na Maidine ag 8.35 rn.

Tá a fhios againn go bhfuil an saol, nach mór, ina cheart arís nuair a thosaíonn alt sa Nuachtlitir leis an teideal seo.

Another sign of life returning to normal is when an article in the Nuachtlitir starts with Poncúlacht/ Punctuality and includes 8.35 am somewhere in the text.

An tInneall Samhlaíochta

Beidh an clár teilifíse The Imagination Machine ar siúl ar RTÉ Junior agus ar RTÉ player ón 18ú mí Aibreáin, gach lá, trí uair in aghaidh an lae. Tá triúr siblíní ón scoil Muintir Chionnaith  – Matilda, Ralph and Penelope – páirteach sa chlár agus Daidí Ian ina stiúrthóir.

New programme starting soon on RTÉ starring Matilda, Ralph and Penelope.  

Bealaí tiomána timpeall na scoile

Níor tháinig an léarscáil amach i gceart cheana.

The map below of driving routes around the school didn’t come out properly, previously.  Try to stick with it, please.

Campaí Samhraidh, ní dóigh liom é.

Ní bheidh aon champaí samhraidh sa scoil i mbliana, mar go mbeidh mórobair chothabhála ar siúl ag eascairt as deacrachtaí a bhí againn leis an gcomhlucht a bhí i mbun na hathfhorbartha móire 2013 – 2017.

There will be no summer camps in the school for we recently got the funding for snag work relating to major (ahem) difficulties we had with the contractor of our 2013 – 2017 refurbishment project.

Rang 4

Tá rang 4A i ndiaidh bheith ag obair leis an pupadóir Niamh Lawlor ó tús Feabhra. Tá an-obair déanta acu ar pupéid agus seiteanna a dhéanamh, chomh maith le scéal a scríobh agus foghlaim conas na pupéid a úsáid. Tháinig deireadh lenár dtionscnamh an tseachtain seo le taifead agus taispeántas.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a gabhál le Niamh agus an Comhairle Contae as cabhrú linn.

Rang 4A has been working with the puppeteer Niamh Lawlor from the beginning of February. They have done great work creating puppets and sets as well as writing a script and learning how to use their puppets. Our project ended this week with a recording and viewing.

We would like to thank Niamh and the County Council for helping us.

Image result for easter eggs clipart

         Campa Cásca  Image result for easter eggs clipart

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 11ú-15ú Aibreán 2022. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2. Beidh seirbhís maoirseachta ar fáil ó 9.00 r.n. – 9.30 r.n. agus ó 1.30 i.n. – 2.00 i.n. ar chostas breise. Ba chóir go mbeadh lón iomlán agus deoch uisce ag gach páiste. Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl sa champa m.sh. cócaireacht, spóirt, ealaíon, cluichí agus tóraíocht taisce!! Seol ríomhphost go campacascasl@gmail.com má tá aon cheist agat.

An Easter Camp will be running from the 11th – 15th April 2022 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils. There will be an optional drop-off/collection service at an extra cost from 9.00 am – 9.30 am and from 1.30pm – 2.00pm. Children should have a packed lunch and drink. The camp will consist of a wide range of activities including cooking, sports, arts and crafts, games and an Easter Egg Hunt!! Please email campacascasl@gmail.com if you have any questions.

Foirmeacha ar fáil ó campacascasl@gmail.com.

Forms available from  campacascasl@gmail.com.

Is Féile Ceoil Dhúchais agus ceol traidisiúnta í Féile Nasc. Tá an fhéile dírithe ar chlainnte agus beidh sí ar siúl i measc na gcrann i bPáirc Mharlaí i Ráth Fearnáin ar an 21ú Lúnasa. Chomh maith le scoth an cheoil, beidh bia agus deoch áitiúil ar fáil mar aon le gníomhaíochtaí iontacha do pháistí. Cuireann eagraitheoirí Féile Nasc an-bhéim ar an nasc atá againn leis an dtimpeallacht nádúrtha. Tá an fhéile saor ó phlaisteach agus úsáidtear na crainn agus sceacha mar mhaisiúchán nádúrtha.

Féile Nasc is Dublin’s outdoor Folk and Traditional Music Festival. It is a family-friendly festival and will take place amongst the trees in Marlay Park, Rathfarnham on Saturday, May 21st. As well as featuring the very best of folk and traditional music, the festival will have some fantastic activities for children. Parents can enjoy great local food and drink provided by local producers and brewers. Féile Nasc places huge importance on our connection (Nasc) with nature which acts as a natural backdrop to the festival. Féile Nasc insists that all vendors use compostable plastic packaging.

Táimid ag súil le sibh a fheiceáil ag Féile Nasc 2022!!!

NL Bealtaine 2022

Paula Uí Mhurchú

Beidh Paula Uí Mhurchú ag éirí as a post i Scoil Lorcáin ag deireadh na bliana, tar éis de 35 bliain a chaitheamh linn, 21 bliain acu siúd mar Phríomhoide Ionaid.  Beimid ag ceiliúradh saol Phaula i Scoil Lorcáin roimh dheireadh na bliana.  Cheapamar gur mhaith libh a bheith ar an eolas.

Paula Uí Mhurchú will be retiring from Scoil Lorcáin at the end of this school year after 35 years teaching here, 21 of them as Deputy Principal.   We’ll be celebrating Paula’s contribution to the school before the year’s end.  We thought you’d like to know.

Chéad Chomaoineach

Beidh Rang 2 ag déanamh an Chéad Chomaoineach ar an Satharn beag seo ag 11.00 sa Charraig Dhubh.  Tá obair mhór déanta ag na daltaí le hÉabha de Staic agus Róisín Ní Mhuineacháin.  Guímid gach rath orthu.  Beidh fáiltiú sa scoil ina dhiaidh, an chéad cheann le dhá bhliain.  Buíochas le gach duine atá ag cabhrú.

Gach seans gurb é seo an uair dheireannach a cheiliúrfar an Chéad Chomaoineach sa bhealach scoilbhunaithe seo agus an bhéim ag méadú ar pháirtíocht teaghlach agus pobail.

Rang 2 will celebrate their First Communion this Saturday.  The children have worked very hard with their class teachers to prepare.  We wish them a fantastic day.  There will be a reception in the school afterwards, for the first time in two years.  Thanks to all involved in helping out.

This is probably the last time we’ll have this school based celebration of First Communion, with the emphasis shifting to family and parish/ community based celebration.

Foirne Camógaíochta agus Iomána

Tá camógaíocht agus iomáint ar siúl sa scoil arís don chéad uair le breis is dhá bhliain agus daltaí Rang 5 agus 6 ag traenáil agus ag imirt leis an scoil.  Buíochas leis an múinteoirí atá ag cabhrú.

We have camogie and hurling teams again for the first time in over two years.  Players from Rang 5 and 6 are representing the school in Cumann na mBunscol Competitions.  Thanks to the teachers who are taking part.

Lúthchleasaíocht

Tá an cleachtadh lúthchleasaíochta ag dul ar aghaidh gach Máirt tar éis am scoile faoi stiúir Ghráinne Uí Lúing agus múinteoirí eile.

Our athletics training continues every Tuesday in Thomastown under the the guidance of Gráinne Uí Lúing and other teachers.

Turas Chléire

Beidh Rang 6 ag dul ar thuras bliantúil Rang 6 go hOileán Chléire, Poblacht Iarthar Chorcaí ag deireadh na Bealtaine.  Go n-éirí go geal leo.

Rang 6 are preparing for – amongst other things – for their trip to Oileán Chléire in West Cork at the end of May.  Guaranteed sunshine all the way.

Athoscailt Meán Fómhair 2022

Beimid ag athoscailt ar an gCéadaoin 31 Lúnasa.

We’ll be re-opening after the summer break Wednesday 31st August.

Socruithe Foirne 2022 – 2023

N Shóis: Jen Ní Mhathúna, Christina Ní Mhurchú, Saffron Rosenstock.

N Shins: Eva Ní Mháirtín(Rang In. Rosenstock)), Jacinta Nig Shamráin (Rang In. Uí Mhathúna), Natasha Ní Dhuileáin (Rang In. Uí Mhurchú)

R1 Niamh Uí Chroidheáin (Rang In. Uí Dhuileáin), Colmán Ó hÁinle (Rang In. Mhig Shamhráin), Orla Ní Choitir (Rang Bhn. Uí Lúing)

R2 Niamh Uí Óldáin (ach Múinteoir Eile M Fómhair/ D Fómhair). Róisín Ní Mhuineacháin

R3 Ann-Marie Ní Labhraí (Rang In. Uí Mhuineacháin), Donnchadh Mac Aogáin (Rang In. de Staic.)

R4 Sorcha Nic Shamhráin (Rang Máistir Ó Briain), M Eile 2 (Rang In. Uí Leocháin)

R5 Cáit Ní Dhuinneacha(Rang In. Uí Aodha), Clíodhna Ní Leocháin (Rang In. Uí Labhraí)

R6 Mait Ó Briain(Rang In. Mhic Eoin), Cliona Máirtín (Rang In. Uí Dhuinneacha)

Oideachas Speisialta: Sinéad Ní Dhóláin, Gráinne UÍ Lúing, Éabha de Staic, Múinteoir Eile.

Ag tabhairt tacaíochta do pháiste nó déagóir atá buartha

Tá cláracha féin-leasa digiteacha ar fáil ó Childline/ISPCC do pháistí agus do dhéagóirí.  Tá cláracha acu, chomh maith go thuismitheorí/ cúramóirí.  Tugann ball oilte de Childline tacaíoch go gach páirtí.  Eolas ag childline.ie nó 1800 666666.  Tá na cláracha bunaithe ar Theiripe Iompraíochta Cognaíoch.

Childline/ISPCC have developed Guided Self-Care Digital Programmes aimed at reducing anxiety in children and teens.  They are based on the principals of Cognitive Behavioural Therapy.  There is a programme to support parents and carers, too.  Information childline.ie or 1800 666666.

Éadaí caillte

Beidh na héadaí caillte á gcur amach ar an bhfalla againn amárach.  Tóg a bhfuil uait.  Beidh a bhfuil fágtha á gcaitheamh amach againn.

We’ll put lost clothes on the wall tomorrow and/or Tuesday.  Take at will, please – what’s left will be discarded.

Cabhair don Chéad Chomaoineach

Tá cabhair bhreise á lorg amárach 2.30 – 4.00 in agus Dé Sathairn 2.00 – 3.30 in chun troscáin a bhogadh don Chéad Chomaoineach agus don ghlanadh ina dhiaidh.  Má tá tú ar fáil, buail isteach ldt.

Help is need tomorrow 2.30 – 4.00 pm and Saturday 2.00 – 3.30 pm with moving furniture etc for the First Communion.  If you’re available, drop in, please.

Lá Mór na Gaeilge

Beidh an fhéile sráide Lá Mór na Gaeilge ar siúl Dé Domhnaigh seo, 01/05, ar Chearnóg Pharnell Thuaidh ó 12:00-16:00. Imeacht iontach spleodrach leis an siamsaíocht ar fad saor in aisce agus foirfe do theaghlaigh ar deireadh seachtaine fada (gach rud ó cheol, céilí, cluichí móra ar nós twister, ceardlanna, srl. go péinteáil aghaidhe, fear grinn, srl..). Líofa nó cúpla focal – tá fáilte agus rud ann do chách ar an lá.

The Lá Mór na Gaeilge street festival will take place this Sunday, 01/05, on Parnell Square North from 12:00-16:00. This will be a fantastic, and free event, with perfect entertainment for families on the long weekend (everything from music, céilí, giant games such as twister, workshops, etc. to face painting, clowns, etc.). Fluent or cúpla focal – All are welcome and there will be something for everyone on the day.

NL Bealtaine 2022b

Cóineartú

Rinne Rang 6 a gCóineartú inné Déardaoin 19 Bealtaine.  Bhí an-lá againn sa séipéal sa Charraig Dhubh agus bhí an-lá ag na teaghlaigh go léir ina dhiaidh.  Buíochas le gach duine a chabhraigh, na múinteoirí ranga Eva agus Cliona, agus na ceolóirí Seán, Clíodhna, Máire agus Ann-Marie, go speisialta.

Rang 6 had a great day at their Confirmation yesterday.  Thanks to all who helped.

Bronnadh na dTeastas Máirt 28/6

Beidh Bronnadh na dTeastas do Rang 6 againn ar an Máirt 28/6 i mbliana.  Ba dheas cabhair a fháil ó thuismitheoirí Rang 5 chuige seo, mar a tharla le blianta fada roimh an bpaindéim.

Rang 6 will have their end of year celebration Tuesday 28th June.  It would be great to get help from Rang 5 parents, as is tradition in Scoil Lorcáin for many years before the pandemic.

Éadaí féin agus Obair Bhaile

Tá cead ag na daltaí a gcuid éadaí féin a chaitheamh ón Luan 13 Bealtaine.  Rinne an Máistir Ó Drisceoil botún ag Tionói nuair a luaigh sé tús na míosa.  Tá brón air faoi seo.  Ní bheidh aon obair bhaile ón dáta sin ar aghaidh, ach an oiread.

Pupils may wear their own clothes from Monday 13th June, rather than from the beginning of the month as Colmán mistakenly mentioned at a Tionól.  There will be no homework from then on, either.

CCB Chumann na dTuismitheoirí

Beidh CCB Chumann na dTuismitheoirí ar siúl ag 8.00 in Dé Céadaoin 25 Bealtaine sa scoil. Bheadh sé go deas slua maith a fheiscint i láthair.  Déanann an Cumann dea-obair ar son na scoile.

Our parents committee Cumann na dTuismitheoirí will have your agm Wednesday 8.00 pm 25th May.  They would be happy to see a healthy attendance.  Cumann na dT does a lot of good work.  You are welcome to become involved.

Brat Bród á ardú

Tá cinneadh tógtha ag an mBord Bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an bhfoireann agus le Cumannn na dTuismitheoirí an Brat Bród  ardú le linn Mhí an Mheithimh mar aitheantas agus ceiliúradh ar ilchineálacht chlanna Scoil Lorcáin.

The Board of Management after consultation with Cumannn na dTuismitheoirí and staff has affirmed a decision to raise the Pride Flag in the school during June to celebrate the variety of families and people in Scoil Lorcáin.

Grúpa Leanaí agus Lapadán

Beidh an Grúpa Leanaí agus Lapadán ar siúl arís go seachtainiúil ag tosú ón Déardaoin 26 Bealtaine. 

Is grúpa spraoi agus comhrá atá i gceist do pháistí agus caomhnóirí trí Ghaeilge. 

Tosóimid leis ‘An Fharraige’ mar théama.  Beidh gníomhaíochtaí ar fáil do na páistí agus caifé do na caomhnóirí. 

Áit: seomra na múinteoirí sa scoil

Am: 8.45 – 9.45

Fáilte teacht ar an lá.

Eolas: Solweg 086 358 7491

A weekly Irish language Child and Toddler Play and Conversation Group is starting this Thursday in the school 8.45 – 9.45 am.

Scoil ag críochnú don samhradh

Beimid ag dúnadh Dé Céadaoin 29/6 ag 12.00 meánlae don samhradh

We’ll be closing Wednesday 29/6 ag 12.00 noon for the summer holidays.

Lá Inseirbhíse

Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 meánlae Déardaoin 2/6 mar go mbeidh an fhoireann ag freastal ar inseirbhís.

We’ll be closing at 12.00 noon Thursday 2/6 for the staff to attend inservice.

Laethanta Spóirt 14 agus 15 Meitheamh

Páirc na nGasóg, Rinn na Mara.

Dé Máirt 14/6

9.30 – 11.30 R3/4

11.45 – 1.45 Rang 5/6

Dé Céadaoin 15/6

9.30 – 11.30 Naíonáin

11.45 – 1.45 R1/2 

Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht agus breathnú/ cabhrú agus Gaeilge a labhairt leis na páistí.  Tá lear céimeanna síos ag an bpáirc.

After overcoming some hurdles, Sports’ Days being organised by Cumann na dTuismitheoirí as above.  Parents are welcome to attend to help out and watch and to speak Irish to the children.  There are steps down to the field.

Dialanna 

Beidh na dialann traidisiúnta crua ag ag Rang 3 – 6 an bhliain seo chughainn.

Rang 3-6 will be reverting to hard copy diaries for next year.

Asláithreachtaí

Má bhíonn to pháiste as láthair is ceart teachtaireacht a sheoladh chuig an múinteoir ag míniú cana thaobh.  Bíonn taifead le coimeád againn.  Má bhíonn a fhios agam roimh réidh go bhfuil do pháiste chun a bheith as láthair – saoire, coinne – cur in iúl don mhúinteoir, ldt.  Cabhróidh sé seo go mór.  Grma.

If your child is absent you should send a message to the teacher as to why.  We are meant to recored absences and reasons for them.  If you know beforehand that your child will be absent – holidays, appointments – please let the teacher know, as it may impact on what is being planned.  Thank you.

Scrúdaithe Dhroim Conrach

Déanaimid Scrúdaithe Dhroim Conrach Rang 2, 4 agus 6 i mBealtaine, de ghnáth.  Ní fhoilsimid na dátaí roimh réidh mar nach mian linn brú a chothú.  Níl sé d’acmhainn againn scrúdaithe a athshocrú dóibh siúd a chailleann iad de bharr saoire is eile.

We do our standardised numeracy and literacy (Drumcondra Tests) in May, usually. We don’t publicise the precise dates beforehand as we don’t want to create pressure.  We are not in a position to arrange alternative dates for pupils who miss out because they are gone on holidays etc.

Nóta Mínithe Marcanna 1-5 Tuairiscí Chinn Bliana

Táimid amhrasach anseo sa scoil faoi bhoilsciú ghrádanna.  Is mian go mbeadh ár/bhur dtuairiscí réalaíoch, úsáideach.  Bainfimid úsáid as an gcóras marcála 1-5 chomh hionraic agus is féidir chun an áit a bhfuil do pháiste – bunaithe ar bhreithniú an mhúinteora agus torthaí meastúchán – a léiriú. Eiseofar na tuairiscí faoin Aoine 17 Meitheamh.

5 An-chumasach agus an-inniúil/ Very competent and very capable.

4  Cumasach agus inniúil/ Competent and capable

3 Ag éirí go maith leis/léi/ Doing well

2 Roinn deacrachtaí/ some difficulties

1 Deacrachtaí Móra/ Significant difficulties

We’re wary of ‘grade inflation’ here in Scoil Lorcáin as we want our reports to be realistic assessments of your children.  The system of 1-5 marking will be used as accurately as possible to reflect where your child is, based on teacher observation of test results.  Reports will issued by Friday 17th June.

Féilire

Faigh, leis seo, féilire na bliana seo chughainn.  Cuirfimid cóip chrua abhaile leis an bpáiste is sine i ngach teaghlach.  Tá súil againn gur cabhair é.

We’re enclosing our school calendar for next year with this.  We’ll send a hard copy home with the oldest child.  We hope it helps.

Craobh Phiarais Uí Ghréagain -Cumann na nÓg

Beidh ranganna ceoil ar siúl sa Chultúrlann arís i Meán Fómhair 2022 gach Máirt/Déardaoin.

 Má tá spéis ag do pháiste tabhairt faoi tá gach eolas ar fáil ar www.craobhphiarais.ie

Táimid ag glacadh le iarrtaisí nua agus iar-dhaltaí anois. Foirm clárúcháin le fáil ar an suíomh. 

Ma tá aon cheist eile agat is feidir iad a chur ar Bn. Uí Chroidheáin.

Music classes will resume in the Cultúrlann in September 2022 each Tuesday/Thursday.

If your child is interested, all information is available on our website www.craobhphiarais.ie.

We are accepting applications from new and former pupils now. Registration forms available on the website. 

Fógra

Naíonra Lorcáin

Tá ball breise foire á lorg ag Naíonra Lorcáin. Má tá Gaeilge réasúnta agat (beidh cabhair ar fáil) agus má tá –

·        cáilíocht leibhéal 5 i gCúram agus Oideachas na Luath-óige nó

·        cáilíocht Montessori agat nó

·        más múinteoir bunscoile nó

·        altra thú –

ba bhreá linn r-phost uait.

Ní gá go mbeadh tú ar fáil cúig lá na seachtaine. Má tá tú saor lá nó dhó gach seachtain agus suim agat san obair, is fiú r-phost a sheoladh chugainn ag naionralorcain@gmail.com faoin Aoine 17 Meitheamh.

We are looking for an extra member of staff to work with us in Naíonra Lorcáin. If you have reasonable Irish (help will be provided) and if you have –

·        a level 5 qualification in Early Childhood Care and Education or

·        a Montessori qualification or

·        if you are a primary school teacher or

·        a nurse –

we would like to hear from you.

You may not be available five days every week. If you are available one or two days each week and are interested in this position please email us at naionralorcain@gmail.com, by Friday 17th June.

 Mary Ann Uí Dhuibhghiolla.

Siopa do mhuintir na Úcráine i nDún Laoghaire. 

https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/new-ukrainian-hub-to-help-refugees-is-inundated-with-offers-of-support-1.4858669

Tá siad gann ar cótaí báistí, húdaí, bun culaith spóirt, bróga reatha. An mbeadh an scoil in ann cabhrú le seo? 

A shop set up in Dún Laoghaire is short of light waterproof raincoats, hoodies and tracksuit bottoms.  Can we help?  Contact Martin Ronan   085-8174393

Feighlí Iarscoile á lorg

Feighí a lorg do thriúr páistí i Meán Fómhair sa Charraig Dhubh.  Breis sonraí thíos.

What: Minder required to collect 3 children (ages 8, 7 & 4) from school & care for them in minder’s home or in the children’s own home (Blackrock). Oversee homework, drop / collect from after school activities – car can be provided if required.

When: From September 2022

Hours: 2.00pm – 4.30/5.00pm (c. 3 hours per day), Monday – Friday

Pay: Negotiable

Anyone interested, please contact Gillian @ 0863009181.

A Chairde Gaeil,

Conchúr Ó Sé anseo. Is mise an tOifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin.

Táim ag scríobh chugaibh inniu ar mhaithe libh a chur ar an eolas go mbeidh ócáid á reáchtáil ag Leabharlanna dlr agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin sa Stiúideó i Leabharlann an LexIcon Dé Luain 23 Bealtaine ag 3:00 i.n.

Beidh an t-údar, foilsitheoir agus ceoltóir iomráiteach Tadhg Mac Dhonnagáin ag labhairt leis an gcraoltóir agus scríbhneoir Cathal Póirtéir faoina chéad úrscéal ‘Madame Lazare’, a bhfuil an-rath ar fad air agus roinnt gradaim buaite aige go dtí seo.

Beidh cóipeanna síníthe den leabhar ar fáil le díol ar ráta laghdaithe ar an lá freisin agus beidh tae beag ansin i ndiaidh na cainte agus roinnt sólaistí ar fáil. 

An mbeadh sibh ábalta an scéal seo a scaipeadh ar bhur gcomhghleacaithe agus éinne a cheapann sibh a mbeadh suim acu teacht chuig an ócáid seo? Má theastaíonn ó éinne teacht chuig an ócáid ní mór dóibh ríomhphost a chur chugam chun é a dheimhniú ag coshea@dlrcoco.ie .

 Má tá ceist ar bith agaibh na bíodh drogall oraibh teacht i dteagmháil linn. Go raibh míle maith agaibh ar fad.

 Beir bua agus beannacht, Conchúr

Campa Samhradh Gaeilge 

Ógras Crois Araild

Costas: €60 in aghaidh an pháiste

Dáta: 18-22 Iúil

Am: 10rn go 2.30in 

Áit: Bunscoil Crois Araild

Aoisghrúpa: 7-12 bliain 

Gníomhaíochtaí éagsúla

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun do páiste a chlárú don campa, téigh go suíomh Ógras www.ogras.ie nó déan teagmháil le Amie ag laighean@ogras.ie

Irish Summer Camp Ógras Harold’s Cross

Cost: €60 per child

Date: 18-22 July

Time: 10am-2.30pm

Place: Harold’s Cross National School

Age group: 7-12 years

​Lots of activities

For more information or to register your child for the camp, visit Ógras’ website www.ogras.ie or contact Amie at laighean@ogras.ie

NL Meitheamh 2022

Díolachán Cístí

Beidh Díolachán Cístí ag Rang 6 ar an Aoine bheag seo 10/6.  Tugtar cuireadh do pháistí €2 an duine thabhairt isteach.  Ba mhaith an smaoineamh mála nó boiscín beag a bheith leo.  Bronnfar an t-airgead a bhailítear ar https://www.gofundme.com/f/support4drummo.  Tá fáilte roimh Rang 5 – a bheidh ag bliots Cuala – €2 a thabhairt don mhúinteoir agus cuirfimid ordú ranga isteach a thabharfaimid chuig an mbliots dóibh.

Rang 6 are organising a cake sale this Friday 10/6 in aid of support4drummo as seen on the Dublin Senior Football, Camogie and Hurling shirts over the last two weekends.  Children are invited to bring €2 to school, along with a small bag or lunch box for the cakes they buy. Rang 5, who will be at the Cuala Blitz are welcome to give their teacher €2 and we’ll bring a class selection to the blitz for them.

Lúthchleasaíocht

Comhghairdeas le gach dalta a ghlac páirt sa lúthchleasaíocht ar son na scoile le déanaí agus le beirt go speisialta – Cillian Ó Ceallaigh Bonn Créumha 600m, Rachel Murdock 600m Bonn Óir.  Buíochas leis na múinteoirí go léir a chabhraigh faoi stiúir Ghráinne Uí Lúing agus leis na tuismitheoirí, chomh maith.

Well done to all our athletes who competed in the athletics recently, especially to Rachel Murdock and Cillian Ó Ceallaigh for bringing home Gold and Bronze medals in the 600 metres respectively.  Thanks to all the teachers who helped out.

Snámh

Alex Ó hIarlaithe Rang 5 agus Aoibheann Ní Earchaí agus Ruaidhrí Ó Conraoi Rang 6 ar éirigh go hiontach leo sa 100 agus 200 méadar ag Gala Snámha Scoileanna le déanaí.

We had three swimmers who excelled in the recent schools’ swimming gala.

Meitheal

Ba mhaith linn meitheal beag a chur le chéile ar an Aoine 1/7 nó Satharn 2/7 chun seilfeanna a bhogadh ón Leabharlann agus a chur i bhfearas sa halla – daoine atá go maith ag druileáil, ag cur scriúnna isteach agus ag gearradh.  Má tá tú ar fáil chun cabhrú, labhair le Colmán, ldt.

We’re looking to put a meitheal/ crew together to move shelving from the Library to the Halla Friday/Saturday 1sr/ 2nd July – those handy with a drill, screwdriver or saw.  Talk to Colmán if you can help, please.

Craobh Iomána na hÉireann

Comhghairdeas le Saoirse Fíobhuí a bheidh ag imirt i gcluiche taispeántais i bPáirc an Chrócaigh ag 17 Iúil ag leatam Chraobh Iomána na hÉireann.

Saoirse Fíobhuí Rang 6 will represent Scoil Lorcáin and Cuala proudly in an exhibition match ag half time of the All-Ireland Hurling Final on the 17th July, organised by Cumann na mBunscol.

Scútair is rothair

Iarraimid arís ar thuismitheoirí a chinntiú nach bhfuil scútair, rothair is rl fágtha timpeall tar éis am scoile ná ag an deireadh seachtaine.  Meallann siad trioblóid.   Níl spás againn chun iad a stóráil, mar sin caithfear amach iad tar éis lae.  Is féidir teacht isteach sa scoil ag aon am chun iad a bhailiú.

Please don’t leave unlocked bikes or scooters in the school.  They attract trouble and damage.  We haven’t space to store, so we’ll have to throw out.  You can come in to the yard any time in the evening to collect.

Go raibh maith agaibh.

Scéim Uirlisí Ceoil 

  1. Tá réimse uirlis cheoil ar fáil ar iasacht ó Choiste na Tuismitheoirí do theaghlaigh a bhfuil baint acu le Scoil Lorcáin. Tá Píopaí Uilleann, Fidil, Consairtín, Boscaí Ceoil, Giotáir, Bainseónna, Maindilíní, Bodhráin & Feadóga Móra ar fáil. Déantar na huirlisí a leithdháileadh i Meán Fómhair ach tá an córas clárúcháin ar oscailt anois ar: https://forms.gle/zPEdWXDvgN3xL4qy5   Tabharfar tosaíocht do pháistí nach raibh uirlis acu cheana féin, má dhéantar clárú ríomh an Aoine 9 Meán Fómhair iad. Ina diaidh sin déanfar tús freastail ar an gceoltóir is túisce
  2. Tá an Coiste ag lorg 3-4 tuismitheoirí a mbeidh sásta cabhrú leis an Scéim a reáchtáil sa bhliain romhainn, má tá suim agat cabhrú leis an scéim a cur i bhfeidhm in aon slí cuir ríomhphost chuig sluirlisiceoil@gmail.com le do thoil.
  3. Dóibh siúd atá uirlis acu i mbliana beidh siad á bhailiú taobh amuigh den scoil ar maidin Céadaoin 22 Mheitheamh.

Musical Instrument rental scheme 

  1. The Parents committee has a range of instruments available to rent each September. These include Uilleann pipes, fidils, concertinas, accordions, giotars, banjos, mandalins, bodhráns and flutes. Expressions of interest are being taken now. Please express your interest on the link above. Priority will be given for children who have not previously borrowed an instrument if they are registered before Friday 9rd September. After this date instruments will be allocated on a first come first serve basis.
  2. The Parent Committee is looking for 3-4 parents who would be willing to help adminstter the scheme next year, if you think you might be able to help please email sluirlisiceoil@gmail.com.
  3. Instruments on loan this year will be collected on the morning of Wed 22 June outlside the school.

sluirlisiceoil@gmail.com

Fógra Feighlí á Lorg

Ag tosnú i Meán Fomhair, táimid ag lorg duine éigin chun aire a thabhairt d’ár bpáistí (10 bliain, 8 mbliana agus 6 bhliana) gach Dé Luain & Dé Céadaoin ó 2:15 – 17:00. Ag bailiú ó Scoil Lorcáin. Más feidir leat cúnamh a thabhairt dúinn, déan teagmháil linn le do thoil ar 087 068 2297 nó 087 6316 855 chun tuilleadh eolas/ráta a fháil. Grma.

Starting in September 2022, we are looking for a person to mind our three children (ages 10, 8 and 6) every  Monday  and  Wednesday from 2:15 – 5:00. Collecting from Scoil Lorcáin. If you are interested please contact us at 087 068 2297 or 087 6316 855 for further information. Thanks. 

Litir ó Oifigeach Forbartha Gaeilge DLRD.

 Táim ag scríobh chugaibh inniu maidir le tionscadal atá ar bun ag comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin faoin stair áitiúil sa Chontae. Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhar le Cnuasach Béaloideas Éireann ag tabhairt faoi thionscadal béaloidis darbh ainm “The People’s History of Dún Laoghaire-Rathdown”. Iarradh orm an scéal a scaipeadh faoi seo ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.

Tá súil ag an gComhairle a bheith i dteagmháil le daoine timpeall an chontae ó gach saghas cúlra agus ó gach ceantar sa chontae chun iad a chur faoi agallaimh neamhfhoirmeálta chun taifead a dhéanamh ar a n-eispéiris agus eispéiris a dteaghlach i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin thar na blianta. Is ábhar áthais é don Chomhairle go bhfuilimid ábalta na hagallaimh seo a reáchtáil trí mheán na Gaeilge anois.  

Is féidir na hagallaimh a dhéanamh i Leabharlann an LexIcon i nDún Laoghaire, ag Cnuasach Béaloideas Éireann i gColaiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, nó i dtithe na n-agallaithe féin.

Más mian leat páirt a ghlacadh sa tionscadal suimiúil seo, téigh i dteagmháil le peopleshistory@dlrcoco.ie nó cuir glaoch ar Deirdre Black ag 087 1183160. Más féidir an scéal a scaipeadh ar éinne sa Chontae a bhfuil Gaeilge acu (comhghleacaithe, tuismitheoirí, seantuismitheoirí s.rl) a shíleann sibh a mbeadh suim acu sa tionscadal bheimis an-bhuíoch díbh. Go raibh míle maith agaibh.

 Le gach dea-ghuí,

Conchúr Ó Sé

Above is a letter from the Irish Language Dev Officer in dlrcoco inviting Irish speakers to take part in the Peoples’ History Project being run by the Coco.  All county residents are welcome to take part.

Conchúr Ó Sé | Conor O’Shea

Oifigeach Forbartha Gaeilge | Irish Language Development Officer

An Roinn Seirbhísí Corporáideacha | Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin | Urlár 3 | Uimhir 2, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire

01 2047995

0874301891

NL Meitheamh 2022b

Slán abhaile le Paula Uí Mhurchú

Tá Paula Uí Mhurchú ag múineadh i Scoil Lorcáin le 34 bliana.  D’oibrigh sí mar mhúinteoir ranga agus mar mhúinteoir Oideachais Speisialta san am sin.  D’oibrigh Paula go dian, gairmiúil ón lá ar chuireas aithne uirthi agus níor tháinig maolú – ach a mhalairt – ar an saothar agus í ag teacht i dtreo an deiridh anseo sa scoil.

Chomhlíon sí dualgaisí an Phríomhoide Tánaistigh ó ceapadh sa phost sin i 21 bliain ó shin.  Is sa phost seo, go speisialta, a bhí Paula ina cranna taca don scoil agus domsa go speisialta.  Níor ob sí aon dualgas dian, aon chruinniú crua, aon chinneadh deacair riamh.

N’fheadar bhfuil aon ghné de shaol na scoile nach raibh baint ag Paula leis: ó na cluichí Gaelacha go dtí an Brat Glas go dtí Seastán na gCístí ag Aonach na Nollag.

Cuirfear crann úll sa Ghairdín Scoile in onóir Phaula ar an Luan seo chughainn 27/6  ag 1.30 in.  Oireann sé seo agus Paula ina crann taca na scoile lena saol gairmiúil.

Ba mhaith liom mo bhuíochas féin, buíochas an Bhord Bainistíochta agus buíochas Phobal Scoil Lorcáin a chur in iúl do Phaula.

Paula Uí Mhurchú is leaving us after 34 years teaching and 21 as Deputy Principal.  Paula has immersed herself in practically all aspects of the school’s life in that time and has gone beyond her responsibilities as a matter of course.  We’ll be planting an apple tree in Paula’s honour Monday coming 1.30 pm and the school community is welcome to attend to say ‘Go raibh maith agat’.  I’d like to express my own thanks to Paula for all the support she has given me personally.  Muireann Ní Mhóráin Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta, the school children, staff and community express their thanks as well.

Slán abhaile.

Nóta ó Phaula

A Chairde,

Táim cinnte go bhfuil sé cloiste agaibh faoin am seo go bhfuil mo thréimhse i Scoil Lorcáin ag teacht chun deiridh i mbliana, tar éis ceithre bliain is tríocha , ag múineadh inti. Táim an- bhródúil agus an-bhuíoch as an deis a fuair mé chun a bheith mar mhúinteoir , mar thuismitheoir agus mar phríomhoide ionad i Scoil Lorcáin i rith na mblianta sin .Níl aon amhras orm ach go bhfuil Scoil Lorcáin fíorspeisialta.  Ó tháinig mé go Scoil Lorcáin, bhraith mé i gcónaí go raibh mé mar bhall de chlann. Bíonn pobal na scoile cairdiúil agus tacúil lena chéile. Cuirtear fáilte chroíúil roimh gach éinne i gcónaí. Déanann sibhse, tuismitheoirí na scoile, sárobair agus tacaíonn  bhur gcuid oibre go mór leis an scoil ina hiomláine. Tuigim go maith an t-ionchur, an méid ama agus an dua a thógann sé chun na himeachtaí uilig a stiúradh. 

Mar mhúinteoir óg ,ag tosú amach ar mo shaol gairmiúil múinteoireachta , bhí mé lán le smaointí faoi cad a bheinn in ann a thabhairt do pháistí Scoil Lorcáin ach ní raibh mé ag súil le cad a bhí ag Scoil Lorcáin le tabhairt domsa. Cuireadh fáilte fhial romham ón gcéad lá, agus rinne mé cairde saoil le baill foirne agus le tuismitheoirí na scoile. Tá cuid de na blianta is sona caite agam mar thuismitheoir sa scoil fad is a bhí mo bheirt mac mar pháistí inti . Ba mhór an phribhléid í , a bheith leo le linn na mblianta sin . Gabhaim buíochas ó chroí libh go léir as an gcineáltas , as an meas agus as an gcairdeas a léiríodh dom . Níl aon cheist faoi ach gur clann faoi leith é pobal Scoil Lorcáin . Táim tar éís a bheith fíorshona agus tógfaidh mé liom na dea-chuimhní ar an am a chaith mé anseo. 

I am sure that you have heard by now, that I am coming to the end of my time, as a teacher in Scoil Lorcáin, having spent thirty four years teaching here. I am both proud and thankful that I had the opportunity to be a teacher, a parent and deputy principal in the school, during those years. There is no doubt, but that Scoil Lorcáin is unique. Since coming to Scoil Lorcáin, I have always felt that I was a member of a family .The school community have at all times been friendly and supportive of each other and a warm welcome has always been extended to everyone. You, the parents of the school, do Trojan work, which is an invaluable support to the school as a whole. I understand, only too well, the input, the time and the hard work that is required to organise all the various events.  

When I began my career, as a young teacher, I was full of idealistic ideas of what I would like to give to the children in Scoil Lorcáin. However, I was not prepared for what Scoil Lorcáin would give to me. I was given a heartfelt welcome from the first day. I have made lifelong friends with members of the staff and also with parents .I have spent some of my happiest years as a parent in the school, when my two sons were children here. It was a privilege to have been able to be with them for those years. Scoil Lorcáin is indeed a special community. I will take with me, many happy memories, of the wonderful times I have had, down through the years. I want to thank you all, from the bottom of my heart for your kindness , for the respect you have shown me and for your friendship.

Slán go fóill

Le gach dea-ghuí 

Paula Uí Mhurchú.

Uirlisí ar iasacht.

Is féidir aon uirlisí a fuarthas ar iasacht ar Scéim na nUirlisí Ceoil a fhágaint ar ais go hOifig na Scoile amárach nó Dé hAoine.  Bíodh a fhios ag cách go mbeidh uirlisí ceoil ar fáil arís faoin scéim um Mheán Fómhair: fidilí, píobaí uilinn, bodhráin, feadóga móra, consairtíní agus bosca ceoil.  Tá na huirlisí ar fáil le n-úsáid ar scoil nó lasmuigh den scoile le grúpaí agus ranganna ceoil eile.

Instruments on the loan scheme from Cumann na dTuismitheoirí can be returned to the school tomorrow Thursday or Friday.  Be it known that the instrument rental scheme will commence again in September of the year with fiddles, bodhráns, concertinas, flutes (or big whistles as they are poetically called in Irish), accordians and uilleann pipes available for a nominal fee for the year for us in or outside school.

Ceolchoirm 

Beidh ceolchoirm ar siúl ag an ngrúpa ceoil sa scoilar an Déardaoin.  Beidh an grúpa ag seinnt lasmuigh den scoil ar maidin agus um thráthnóna.  Tabhair cluas éisteachta agus bualadh bos dóibh.   Táimid ag súil le grúpa níos mó an bhliain seo chugainn.  Is féidir leis na páistí a bhfuil suim acu a bheith ag cleachtadh i rith an tsamhraidh. Buíochas le Clíodhna Ní Leocháin, Gráinne Uí Lúing agus na múinteoirí eile go léir a chabhraíonn leis an gceol.

We’re having a small school concert for the pupils tomorrow Thursday.  Our music group will also be playing outside the school tomorrow morning and afternoon.  Lend them your ears and your clapping palms, please.

Bóthar Tivoli

Tá grúpa gníomhaithe ag iarraidh dlrcoco a spreagadh chun Bóthar Tivoli a dhéanamh níos sábháilte do rothaithe agus coisithe trí sínithe a fháil ar aighneacht.  Breis eolais ar fáil:

TIVOLISAFEMOBILITY@GMAIL.COM

Twitter: @RoadTivoli

A group has set up to encourage dlrcoco to improve safety on Tivoli Road for pedestrians and cyclist by gathering signatures on a petition.  Information at points above.

TO: DUN LAOGHAIRE RATHDOWN COUNTY COUNCIL

Cuntasóir/ Coimeádaí Leabhar

Tá cuntasóir no coimeádaí leabhar á lorg ag an mBord Bainistíochta sa scoil chun obair rialta páirtaimseartha ar tháille a dhéanamh.  Labhair linn, ldt, má tá suim agat.

We’re looking for an accountant or book-keeper for regular part time paid work.  Talk to us if available, please.

Príomhoide Tánaisteach nua.

Comhghairdeas le hEva Ní Mháirtín atá le ceapadh in Príomhoide Tánaisteach nua i gcomharbacht ar Phaula Uí Mhurchú.

Beidh roinnt athruithe sna socruithe foirne a shocraíomar don bhliain seo chughainn.  Beidh Eva Ní Mháirtín ag obair mar Mhúinteoir Oideachais Speisialta (OS) anois, beidh Niamh Uí Óldáin leis na Naíonáin Shinsireacha seachas OS/Rang 2 agus beidh múinteoir eile atá le ceapadh fós ag múineadh Rang 2 in éineacht le Róisin Ní Mhuineacháin.

Congratulations to Eva Ní Mháirtín who is to be appointed as Deputy Head to replace Paula.  There are some changes to the class arrangements previously posted.  Eva will work in Special Ed, Niamh Uí Óldáin will teach Naíonáin Shinsireacha and  another teacher, yet to be appointed, will teach Rang 2 alongside Róisín Ní Mhuineacháin.

Tóg,tóg, tóg

Tá fáilte romhaibh aon rud fágtha taobh amuigh den scoil sna laethanta beaga romhainn – éadaí scoile, leabhair is rl – a thógaint. Tá trí scútar scútair a fágadh thar oíche agus nár lorgaiodh ar ais le cur amach againn ar an Aoine.

You are welcome to take anything left outside the school over the coming days, eg clothes, books.  We’ll also be leaving out three scooters which were left overnight in the school and haven’t been reclaimed.

Bliotsanna

Buíochas le Cionnaith Mac Gearailt agus Cuala CLG as na bliotsanna go léir a eagrú do Ranganna 2-6 le trí seachtaine anuas i mBóthar Bhaile Thomáis.  Bhaineamar an-taitneamh astu.

Ceol ar scoil

Beidh cuairteoirí ceoil againn go luath ie Meán Fómhair.

On the 9th of September 2022, of Vox Amicum brass Quintet, as part of Music in Monkstown Outreach, as part of the MIM Festival. 

An scoil le linn an tsamhraidh

Bheimís buíoch ach go gcoimeádfadh pobal na scoile súil ar an scoil i rith an tsamhraidh agus gníomhú má fheictear aon rud mí-chuí.   

We’d be grateful, again, if all could keep an eye on the school during the summer, when in the vicinity.  

Árachas Scoile

 Íocann tuismitheoirí  daltaí Scoil Lorcáin don árachas  dá bpáistí nuair a íoctar do na leabhair don bhliain úr.  Clúdaíonn Polsaí árachais scoile na micléin taobh amuigh den scoil chomh maith le i rith am scoile, sé sin le rá 365 lá sa bhliain 24/7

www.pupilcover.ie le tuilleadh eolais nó foirm a fháil

Parents pay for insurance when paying for the schoolbooks for the new school year.

The insurance policy held by Scoil Lorcáin covers the children outside of school hours also. It covers the students 365 days a year, 24/7.

Gaeilge i rith na saoire

Leanaimis ar aghaidh ag labhairt Gaeilge, nuair is féidir, le linn na saoire, lbhdt.  Is cúis áthais an méid Gaeilge a chloistear lasmuigh den scoil ó pháistí is tuistí gach lá.  Táimid ar an bhfód le seachtó bliain agus ag dul i neart.

Let’s keep talking Irish during the holidays.  The amount of Irish spoken outside the school each morning and evening makes our hearts dance with pride and joy.  We are on the sod (works better in Irish) for 70 years this year and we are only  getting better.

Teagmháil le linn an tsamhraidh

Is féidir teagmháil leis an scoil ar ríomhphost scoillorcain1@scoillorcain.ie le linn an tsamhraidh.  Seiceálfar go hócáidiúil.  Is féidir ríomhphost a scríobh go colman.odrisceoil@scoillorcain.ie i gcás fíoréigeandála, má tá freagra níos tapúla de dhíth.

You can contact the school by email over the summer scoillorcain1@scoillorcain.ie.  It’s checked occasionally.  In case of genuine need, where a quicker response is needed, you are welcome to email colman.odrisceoil@scoillorcain.ie.

Cosc ar ghutháin chliste

Meabhraimid go bhfuil cosc ar ghuthán cliste a bheith ag daltaí ar scoil in aon chor.  Breathnaítear air mar mhí-iompar tromchúiseach ceann a bheith ag dalta.

We’d like to remind you that pupils may not bring smartphones to school at all.  It’s seen as serious mis-behaviour for a pupil to bring one to school.

Buíochas agus slán

Táimid tar éis bliain iontach a bheith againn sa scoil.  Buíochas leis na páistí as a n-obair, a nGaeilge agus a n-iompar.  Buíochas leis na múinteoirí agus pobal uile na scoile as na rudaí céanna.  Bainimís go léir taitneamh as an samhradh.  Guímid rath, to speisialta, ar Rang 6.

Go dté siad, sibh agus muid go léir slán.