Nuachtlitir Scoil Lorcáin Samhain 2015

Nov 20, 2015

An N… tagtha go luath

Tá scéal iontach tagtha chun cinn ón tseachtain seo caite. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna chun aitheantas a thabhairt do mhúnla an tumoideachais don chéad uair riamh. Ní hamháin seo, ach tá an múnla a úsáidimid i Scoil Lorcáin – dhá bhliain iomlána den tumadh – slán ar deireadh ó bhagairt na Roinne. Troideadh cath fada, fíochmhar i gcoinne iarrachtaí an Roinn Oidheachais le blianata agus iad ag iarraidh deireadh a chur le tumoideachas gan aon taighde a bheith déanta acu. Ghlac pobal Scoil Lorcáin páirt san fheachtas roinnt blianta ó shin. Míle buíochas agus comh ghairdeas le gach duine a scríobh litir ag an am. Is féidir an ciorcalán is déanaí a fheiscint ar shuíomh na Roinne. Beidh curaclam nua Gaeilge agus Béarla á fhoilsiú Mí na Nollag agus inseirbhís á soláthar do mhúinteoirí na tíre chun é a chur i bhfeidhm thar thréimhse trí bliana.
Christmas has come early for Scoil Lorcáin and the whole Gaelscoil sector with the announcement by the Dep of Ed of a new language curriculum which recognises, for the first time, the policy of Immersion (in Irish) as practised in Scoil Lorcáin and other gaelscoileanna. Now, hopefully, we are safe from the long and draining efforts of the Dep to put an end to Immersion Education without any relevant research. Scoil Lorcáin took part in the campaign some years ago. Thanks and congratulations to all those who wrote letters at the time. More info on the Departments website education.ie and ncca.ie.

Ceolchoirmeacha na Nollag

Ní bheidh an Halla ná an chuid eile den athfhorbairt ar fáil roimh an Nollaig. Mar sin ní féidir linn ár gCeolchoirmeacha Nollag a bheith againn mar is gnáth. Ach tá socrú déanta againn le Comhaltas Ceoltóirí Éireann úsáid a bhaint as an halla sa Chultúrlann ar Chearnóg Belgrave chun Seó Nollag na Naíonán a chur ar siúl. Is dócha gur ar maidin Déardaoin nó Aoine 17 nó 18 Nollaig a bheidh sé sin.
Neither our halla nor the rest of Phase 2 of the development will be finished before Christmas. We won’t be having our usual Christmas Concerts, unfortunately. However, we have made arrangements for the infants to do their show. It will take place in the Cultúrlann on Belgrave Square probalble on the morning of Thrusday or Friday 17th or 18th December. We’re very grateful to Comhaltas Ceoltóirí Éireann for their continued support during our re-development.

MSU

Tá na cigirí tar éis teacht agus imeacht ó Scoil Lorcáin. Ba mhaith linn míle buíochas a ghabháil leis na tuismtiheoirí a líon ceistneoirí agus le Coiste na dTuismitheoirí a bhuail leis na cigirí. Beidh pobal na scoile ábalta an tuairisc a léamh dóibh féin nuair a fhoilsítear ar shuíomh na Roinne é i gceann roinnt míonna. Fuaireamar go leor moladh ó na cigirí don scoil mar atá agus moltaí ar conas feabhas a chur ar réimsí áirithe. I measc na rudaí a sheas amach bhí caighdeán iontach ard Gaeilge na bpáistí agus dearcadh dearfach na dtuismitheoirí – míle buíochas libh – i leith na scoile.
The inspectors have come and gone. Their report will be published on the Departmental website in a few months. The school community can judge it for themselves when it is. We’d like to thank all the parents who completed questionnaires and the Coiste who met with the inspedctors. There will be praise for many apsects of the school in the report and suggestions on how to improve other aspects. Without wanting to seem pre-emptory (a la Albert ‘It’s in the bag’) the inspectors highlighted the very high standard of Irish and high level of parental satisfication expressed in the questionnaires – a thousand thanks to you.

Aonach na Nollag Scoil Lorcáin

Beidh Aonach na Nollag ar siúl 2-5 in. Dé Sathairn 28 Samhain i Halla Cuala, Deilginis. Is féidir buidéil, duaiseanna crannchuir agus earraí ar ard-luach a thabhairt isteach chuig Oifig na Scoile. Baileofar earraí eile – bréagáin, bric-agus-breac, éadaí – ag geataí na scoile ar maidin Luan – Aoine 23-27 Samhain. Má tá tú ar fáil chun cabhrú fág d’ainm le Rós in Oifig na Scoile nó le haon bhall den Choiste.

Aonach na Nollag will be in Cuala Halla, Dalkey, again this year, Saturday 28th November 2-5 pm. Bottles, prizes and high value goods can be left in to the school. Toys, books, bric-a-brac, clothes etc will be collected at the school gates mornings Monday – Friday 23rd – 27th November We will be at the Cuala Hall from 10 am Saturday 28th November to take in cakes, plants and other goods. If you are available to help out, please leave your name with Rós in Oifig na Scoile or with any Coiste member.

Cruinnithe Tuismitheoirí/Muinteoirí Rang 1- 6 Céadaoin, Déardaoin 18, 19 Samhain.

Beidh an scoil ag dúnadh ag 2.00 ar an gCéadaoin 18 Samhain de réir socrú a deineadh roimh Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh ach ag dúnadh ag 2.15, mar is gnáth, Déardaoin 19 Samhain.
We’re having our Parent/Teacher meetings for Rang 1-6 Wednesday Thursday 18th 19th November. The school will close at 2 pm on Wednesday 18th but at 2.15, as usual ,on Thursday 19th.

Céilí na Samhna

D’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí Céilí na Samhna roimh an mbriseadh i Halla Cuala, Deilginis. Bhí caighdeán an-ard leis an bhfeisteas bréige ar an oíche. Bhain gach duine taitneamh as. Buíochas leis an gCoiste, na ceoltóirí agus Niamh Uí Chroidheáin mar Bhean a’ Tí. Buíochas le Cuala as ligint dúinn an Halla a úsáid.
Coiste na dTuismitheoirí organised a very enjoyable Céilí before the Halloween Break. The fancy dress was fancy and a great night was had. Well done to all involved. Thanks to Cuala for letting us use their hall.

Gaeilge

Buíochas as an nGaeilge a labhairt timpeall na scoile. Tá sé an-tábhachtach dúinn leanúint leis seo. Bheadh sé an-mhaith do na naíonáin dá mbeannófaí dóibh as Gaeilge nuair a bhailítear iad ag 1.15 in
Thanks to all for making the effort to speak Irish around the school. It’s very important. Scoil Lorcáin is almost unique in the amount of Irish spoken by parents. So let’s keep it up. Greeting your infant child in Irish ag 1.15 is a great way to support him/her. Beatha teanga í a labhairt.

Craobh Peile

Comhghairdeas leis na buachaillí ar an bhFoireann Shinsireach Peile a bhuaigh Sciath Mhic Caoilte don dara bliain as a chéile i bPáirc an Chrócaigh roimh an mbriseadh. Buíochas leis na múinteoirí go léír as a gcuid dúthrachta leis an bpeil.
Well done to pupils and teachers on the Senior Football team who beat an excellent Baldoyle in a superb final in Croke Park before the break. Thanks to all who supported. Thanks to all the teachers who helped out with the football.

Taisteal ar scoil

Míle buíochas le gach duine atá ag cabhrú linn laghdú a dhéanamh ar an méid gluaisteán timpeall ar an scoil. Tá sibh go hiontach ar fad. Moladh mór speisialta do na páistí atá ag siúl, rothaíocht, scútaráil is rl. Déanaimís cúram agus muid ag páirceáil ar Bhr. Alma, lbdt.
A big thanks to all for helping in our efforts to reduce traffic around the school. Special thanks to those using leg power to come to school. Please, let’s be careful out there.

Cuala Iomáint

Comhghairdeas le foireann Shinsireach Iomána Cuala as Craobh an Chontae a bhuachaiint le déanaí. I measc na n-iarscoláirí atá ag imirt le Cuala tá Colm Ó Séanáin, Colm Ó Cróinín, Síomón Ó Timlín, Ros Ó Tighearnaigh, Seán Ó Móráin, Jake Ó Maoileoin, Eoghan Ó Naoire.
Congratulations to the Cuala Senior Hurling team – replete with past pupils – who won the Dublin Senior Final recently.

Eolas úsáideach do thuismitheoirí

Tá eolas úsáideach i nGaeilge agus Béarla do thuismitheoirí le fáil ar shuíomh an CNCM ag an nasc seo: http://www.ncca.ie
Useful information for parents with regard to their child’s education is available on the NCCA website at www.ncca.ie

Bord Nua Bainistíochta

Beidh Bord nua Bainistíochta ag teacht i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2015, tar éis don Bhord reatha 4 bliana a chaitheamh ag fónamh don scoil. Reachtálfar toghachán d’ainmnithe na dtuismitheoirí (fear agus bean) go luath agus toghachán d’ainmní na múinteoirí. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach Gearóidín Charlton leis na baill eile den bhord reatha atá tar éis 4 bliana crua a chaitheamh ag obair ar son na scoile.
A new Board of Management will take over the running of the school on 1st December 2015, when the current one has served it’s 4 year term. There will an election for the parents’ nominees (a woman and a man) and for the Teachers’ Nominee. We’d like to thank Chair Gearóidín Charlton and the other members of the current board who have spent four hard years working for the school cummunity.

Fógra ó Choiste na dTuismitheoirí

Mar is eol daoibh, beidh tréimhse an Bhord Bainistíochta reatha críochnaithe ar an 30/11/2015 agus tosóidh Bord nua ar an 1/12/2015. 
Caithfear beirt thuismitheoirí a thogadh mar ainmnithigh ar an mBord nua seo (duine ó phainéal na máithreacha agus an duine eile ó phainéal na n-aithreacha). 
Tionólfar cruinniú sa scoil ar an gCéadaoin 25ú Samhain ar 8.00in. 
Ag an gcruinniú sin: 
1. Beifear ag lorg ainmniúcháin ó thuismitheoirí le haghaidh thogadh na nainmnitheach ar an mBord. 
2. Reachtálfar toghchán na n-ainmnitheach. Más rud é nach bhfuil ach aon ainmnitheach amháin do cheachtar painéal, measfar an t-ainmnitheach/na hainmnithigh a bheith tofa. Má fhaightear níos mó ná ainmniúchán amháin do cheachtar painéal, socrófar rúnbhallóid ag an gcruinniú céanna.
As you may be aware the current term of the Board of Management will expire on 30/11/2015 and a new Board of Management takes up office on 1/12/2015. Two parents of children enrolled in the school (one being a mother and the other a father) must be elected by the general body of parents of children enrolled in the school. A meeting will be held at the school on Wednesday 25th of November at 8pm. At this meeting: 1. Nominations will be sought from parents for persons to stand for election as parent nominees on the Board. 2. A ballot will be held at the meeting to elect the nominees. If there is only one nominee for either panel, the nominees shall be deemed to be elected. If more than one nomination is received for either of the panels, a secret ballot shall be held at the meeting.

Ciara Uí Aodha

Cathaoirleach Coiste na dTuismitheoirí


Billeog Lóin Sláintiúla

Beidh billeog á sheachadadh againn ar gach teaghlach a thugann treoir faoi Lón Sláintiúil. Tá súil againn go mbeidh sí ina cabhair. Moladh don bhFeidhmeannas Sláinte as é a bheitha r fáil as Gaeilge.
We’re distributing Irish and English versions of a Healthy Lunch Box leaflet form the Health Service Executive. We hope it helps at home.

Iarscoláirí Abú

Comhghairdeas le Zena Ní Dhonnaile a bhfuil páirt ‘Whitney’ aici sa scannán Nollag ‘A Christmas Star’ atá sna pictiúrlanna faoi láthair.
Past-pupil Zena appears as Whitney in ‘A Christmas Star’ which is being shown in cinemas nationwide.

FEIGHLIÍ LEANAÍ AR FÁIL

Hi,is mise Jess agus táim fiche bliain d’aois agus táim ag freastal ar an gColáiste faoi láthair. D’fhreastail mé ar Scoil Lorcáin maraon le Coláiste Íosagáin agus tá taithí mhaith agam ar pháistí de gach aois. Tá triúr siblíní óga agam agus tá neart taithí agam ar fheighlíocht leanaí. D’oibrigh mé sna campaí Cuala ar feadh blianta freisin. Tá tagairtí ar fáil agam agus má tá aon suim agat labhairt liom an mbeifeá ábálta glaoch a chur orm ar an uimhir
086 235 0114 (Jessica).

BABYSITTER AVAILABLE

Hi I’m a twenty year old past-pupil student available to babysit children of all ages. I have three younger siblings. I have also babysat and worked with young children previously in a crèche and through the Cuala Camps for a number of years. I have references available and if you would be interested please feel free to contact me on the number 086 235 0114 (Jessica).

Camógaíocht/Iomáint

Táimid ag súil le roinnt cleachtadh a dhéanamh roimh an Nollaig do chailíní agus buachaillí R4-6. Beidh na cailíní ag cleachtadh Dé Céadaoin agus beidh na buachaillí ag cleachtadh Máirt nó Déardaoin. Inseoimid do na páistí nuair atá socrú cinnte déanta.
We’re hoping to do get some camogie and hurling training in before Christmas for boys and girls Rang 4-6. Girls will be after school an Wednesday and boys Tuesday or Thursday.

Ranganna Veidhlín Classaiceach ar fáil!

An bhfuil suim agat nó ag do pháiste ranganna veidhlín clasaicigh a thosnú? Táim ag staidéar faoi láthair i gColáiste Uí Ghríofa chun a bheith mar mhúinteoir veidhlín. Táim láncháilithe le céim sa cheol chomh maith. Má tá spéis agat, no eolas ag teastáil cuir glaoch orm ☺. Táim fós ag staidéar, mar sin beidh an chéad dhá cheacht saor in aisce! Cuir glaoch ar Laoise ag, 0860505157
Classical Violin lessons offered by a past-pupil who is studying music.