Nuachtlitir Scoil Lorcáin Meán Fómhair 2016

Sep 06, 2016

Cás Cúirte

Thionscain Scoil Lorcáin cás san  Ard-Chúirt roimh an Samhradh i gcoinne na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is é an cúlra leis an gcás ná gur thóg tuismitheoir achomharc faoi Alt 29 den Acht Oideachais leis an Roinn i gcoinne Scoil Lorcáin nuair a dhiúltaiomar glacadh lena iarratas ar rollú faoin bhforáil a thugann tosaiocht do pháistí atáthar á dtógaint le Gaeilge. D’éirigh leis an tuismiitheoir san achomharc agus thug  an Roinn treoir an páiste a ionrollú sa scoil.

Braitheadh go raibh an cinneadh seo ag dul i gcoinne an phrionsabail go bhfuil de cheart ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do pháistí atáthar á dtógaint le Gaeilge agus ar an gcur chuige a chleachtann Scoil Lorcáin chuige seo.  Tá áthas orainn a rá gur éirigh le Scoil Lorcáin sa chás agus gur cuireadh breithiúnas an Bhord Achomhairc ar neamhní.  Is cinneadh an-tábhachtach é seo do Scoil Lorcáin agus do Ghaelscoileanna eile.  Is féidir breithiúnas iomán an Bhreithimh Hogan a léamh ag an  nasc

sa leagan leictreonach den Nuachtlitir seo.

Cúpla focal ón gCathaoirleach

Tá áthas orainn gur sheas an Breitheamh leis an gceart atá ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do pháistí atáthar á dtógaint as Gaeilge agus gur sheas an Breitheamh leis an measúnú a dhéanann Scoil Lorcáin.  Is léiriú an cinneadh an cás cúirte a thógaint ar dhiongbháilteacht an Bhord Bainistíochta seasamh leis an aidhm a bhí ag bunaitheoirí na scoile oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí a rabhathas á dtógáil le Gaeilge.

Scoil Lorcáin initiated a High-Court case before the summer against the Department of Education and Skills.  The background is that a parent lodged an appeal under Section 29 of the Education act against a decision not to grant priority to the parent’s child under the provision in our Enrolment Policy which grants priority to children being raised as Irish speakers.  The parent won the appeal and the Department directed us to enrol the child.  We felt that the decision undermined the right of gaelscoileanna to give priority to children from Irish speaking families and the approach we have in Scoil Lorcáin to implement this.  We are delighted to say that we succeeded in the case and that the judgement of the Section 29 Appeals Board against Scoil Lorcáin was quashed.  This is a very important judgement for Scoil Lorcáin and other gaelscoileanna.  The full judgement can be read on the llink

 in the electronic version of this Nuachtlitir.

Muireann Ní Mhóráin, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Scoil Lorcáin stated:   We are delighted that Judge Hogan affirmed the right of gaelscoileanna to give priority to children from Irish speaking families and that he accepted the method we have for applying this in Scoil Lorcáin.  We hope that the decision to take the case is a demonstration of the intention of the Board of Management to stay loyal to the first aim of the school’s founders, i. to provide all-Irish education to children from Irish speaking families.

An Clós ar maidin

Iarraimid ar thuismitheoirí na Naíonán gan ligint dóigh rith timpeall ar maidin agus iad ag bailiú sa chlós.  Bíonn a lán daoine ann agus ba mhaith linn timpistí a sheachaint.  Bailíonn na múinteoirí na ranganna ag 8.35 rn agus ba cheart do pháistí a bheith sna línte faoin am seo.  Ní bheidh aon pháiste I dtrioblóid as a bheith déanach, ach ní ceart a bheith déanach muna bhfuil cúis mhaith chuige sin.  Is gné de shaol na scoile í an phoncúlacht a luaigh na cigirí a thug cuairt orainn an bhliain seo caite.

We ask parents of infants and Rang 1 not to let them run around the yard in the mornings.  We have a lot of people around at that time and would like to avoid accidents.  Please have your child in school by the time the teacher collects the class at 8.35 am.  The Inspectors noted that we could improve on this aspect of the school when they visited us last year.

Geansaithe Contae

Tá cead ag na páistí geansaithe peile a rogha contae a chaitheamh Dé hAoine seo chughainn 14 Meán Fómhair roimh an gCraobh Shinsireach Peile ar an Domhnach.

Children may wear their preferred county jersey next Friday 14th September in preparation for Dublin’s 7 point win over Mayo in the All-Ireland Football Final.

 

Billí Leabhar – Bealach  íoctha.

Buíochas leo siúd go léir a dhíol an bille leabhar cheana féin.  Don bheagán nár íoc go fóill, b’fhearr linn go n-íocfaí billí ar líne.  Muna n-oireann sé sin duit, tá fáilte romhat an bille a dhíol le seic  go dtí an

Thanks to all the families who have payed their book bills thus far by on line.  For the few families who have yet to pay, this is our preferred method of payment.  If this doesn’t suit you, then you are welcome to pay by cheque to the school office.

 

Síntiús Deonach

Má rinne tú dearmad an síntiús deonach a dhíol roimh an samhradh is féidir é a fhágaint isteach san Oifig go fóill do Choiste na dTuismitheoirí.

If you forgot to pay last year’s voluntary contribution, it can still be left in the office for the parents’ committee.

Peil

Beidh cleachtadh peile do chailíní Rang 4, 5 agus 6 Dé Máirt, Dé Céadaoin  agus Déardaoin 6, 7, 8  Meán Fómhair 2.30 – 3.45 Bóthar Bhaile Thomáis.  Roghnófar na painéil do na foirne ansin.  Tá fáilte roimh aon chailíní teacht.  Ní gá go mbeadh tú ag imirt le cumann.  Tá leagan amach na gcluichí thíos.  Níl aon gheallúint go bhfaighidh aon pháiste ar leith áit ar fhoireann áirithe.  Déanaimid ár ndícheall do na páistí i gcothromaíocht lenár ndícheall déanamh go maith sna cluichí.

Beidh ar thuismitheoirí a socruithe féin a dhéanamh ó thaobh taisteal go cluichí agus traenáil.  Ní féidir linne cabhrú anseo ar bhonn chaomhnú pháistí.  Beidh Foireann Shinsireach na gCailíní ag imirt Dé Céadaoin i gcomórtas Chumann na mBunscol  agus Foireann Shóisireach ag imirt Céadaoin idir seo agus an briseadh Meán Téarma n in goomórtas áitiúil Cuala CLG.

We’ll have football practise for all interested girls   Rang 4-6 in Thomastown Tuesday, Wednesday and Thursday 6th – 8th September after which the panels will be arranged for the various teams.  Matches start the following week until the mid-term on Wednesdays for the Senior Team and  Junior Team.  There are no guarantees that any particular girl or group of girls will be playing on any particular team because of the class they are in or for any other reason.  We try to strike a balance between being competitive and giving as many as possible a chance.

Training for boys in Rang 5 and 6 will take place Thursday 8th Thomastown 2.30 – 3.45 after which the panel for the boys team which plays on Thursdays will be selected.

Parents will have to make their own arrangements to get their children to training and matches.  We used to arrange lifts for children sometimes, but this isn’t advisable on child safety issues.

Taisteal ar scoil

Iarraimid ar gach duine leanúint ar aghaidh leis an iarracht iontach ón mbliain seo caite ag laghdú an méid tráchta timpeall na scoile.  Is féidir siúl, rothaíocht, scútáil nó canoeáil ar scoil.   Má tá tú ag tiomáint is féidir páirceáil tamall ón scoil agus siúl uaidh sin.  Ní bheidh aon pháiste i dtrioblóid as ucht a bheith déanach.  Agus páirceáil go cúramach, pé áit a ndeineann tú í.

It would be great if we could keep up the huge effort from last year in reducing the traffic around the school.  Walk, cycle, scoot, canoe, bus, dart or run to school.  If driving, park some way from the school and walk from there.  No child wil be reprimanded for being late.  And, of course, park with due care whereever you park.

Rothair agus scútair

Is ceart aon rothar nó scútar a thugtar ar scoil a shiúl ón ngeata síos ar chúl na scoile na scoile nua.  Ní ceart iad d’fhágaint aon áit eile, le do thoil.  Beidh seastán eile rothar againn chun tosaigh taréis an bhriseadh meán-téarma.

Bicycles and scooters should be wheeled from the gate round thecorner and parked behind the new rooms.  They should not be left anywhere else, please.  We will have another bike stand to the fron of the school after the mid-term

 

Cártaí Poist

Míle buíochas le gach páiste a sheol cárta poist chughainn i irht an tsamhraidh chun a insint dúinn faoin laethanta saoire agus faoin leabhar atá á léamh acu. Crochfar na cártaí sa scoil an tseachtain seo ionas gur féidir leis na páistí go léir iad a léamh.

Thanks to all the children who posted a card to us during the holidays to let us know where they were and what book they were reading.  The cards will be displayed in the school from this week on.

Teacht isteach sa scoil i rith an lae

Tar éis do na múinteoirí na ranganna a thabhairt isteach ar maidin dúnfar na doirse go léir.  Is gá d’aon chuairteoirí nó tuismitheoirí ar mian leo teacht isteach teacht go dtí an príomhdhoras ansin.   Tá an doras sin ar ghlas maignéadach.  Scaoilfear cuairteoirí isteach ansin de réir mar is caoi.

Once classes have been brought into school at 8.35 all doors will be closed.  Entrance to the school after that will be by way of the main door, only.  This door is on a magnetic lock and visitors must be allowed in by a member of staff

Maidin Caifé Scoil Lorcáin

Maidin caifé don Oispís

Dáta: Déardaoin 15 Meán Fómhair.

Ám : 8:30 – 9.30 ar maidin.

Más féidir leat cabhrú leis an Maidin Caifé labhair le Paula, ldt, nó tabhair d’ainm do Rós san Oifig.

Coffee Morning for the Blackrock Hospice Thursday morning 15th in the school 8.30 – 9.30 am.  If you can help with the Coffee Morning have a word with Paula or leave your name with Rós in Oifig na Scoile, please.

 

Úsáid uaireanta Pháirc an Chrócaigh

Déanann na múinteoirí sa scoil 36 uair a chloig oibre neamhtheagmhála ar chuid de Chomhaontas Pháirc an Chrócaigh.  I measc na mbuntáisti a bhainimid as an am seo tá cruinniú míosúil foirne (10 uair),  cruinnithe ullmhúcháin ag tús na scoilbhliana (6 uair), cruinnithe fhorbairt polasaithe (10), cruinnithe tuismitheoirí/múinteoirí (2) agus uaireanta inseirbhíse (8).Dár ndóigh, caitheann na múinteoirí a lán ama lasmuigh den chomhaontas thuasluaite ar imeachtaí den chineál seo agus ar ghníomhíochtaí deonacha eile.  Bíonn na cruinnithe againn gach dara Luan tar éis am scoile, go ginearálta.

The teachers in Scoil Lorcáin fulfil 36 hours non-contact hours as part of the Croke Park Agreement.  The uses we put these hours to include 10 hours spent on monthly staff meetings, 6 spent on a preparation at the start of the school year, 10 hours spent on policy formation, 2 hours on parent/teacher meetings and 8 on inservice.  Of course, the teachers spend many more hours outside of the agreement on activities such as these and on other voluntary work.  We usually hold these meetings every second Monday after school time.

 

Laethanta Gleacaíochta na Naíonán

Naíonáin Shóisireacha – Cristín Reddin Dé Máirt agus Jacinta Nig Shamhráin agus Jen Ní Mhathúna Déardaoin

Naíonáin Shinsireacha Dé Luain agus Dé Máirt.  Tá Scileann Peile agus Iomána ag na N. Shins le Cionnaith Mac Gearailt ar an Luan ar feadh 10 seachtaine ó 5/9 – 14/11.

Ba cheart éadaí gleacaíochta agus bróga reatha a chaitheamh ar na laethanta seo.  Is feidir éadaí gleacaíochta nó éide scoile a chaitheamh laethanta eile.

Junior Infant PE Days are Cristín Reddin on Tuesday and Jen Ní Mhathúna and Jacinta Nig Shamhráin Thursday.

Senior Infant PE Days are Monday and Tuesday.  The Senior Infants  are also doing Hurling and Football Skills with Cionnaith Mac Gearailt every Monday until 5/9 – 14/11from

Tracksuits and runners should be worn on these days please.  Tracksuit or school uniform may be worn other days. 

 

Dialann sínithe

Tá Dialann Scoile ag gach dalta i Rang 1-6.  Iarraimid ar thuismitheoirí an obair bhaile a shíniú agus a sheiceáil gach oíche.  Tá Polasaí Obair Bhaile ar ár suíomh idirlín.

Every child in Rang 1-6 has a homework diary – Dialann Obair Bhaile.  It should be signed and the homework checked Monday – Thursday.  Our Homework Policy is on our website should you need clarification on any issue.

 

Leaganacha Gaeilge

Caithimid a lán dua ag cur brú ar áisínteachtaí stáit foirmeacha dátheangacha a chur ar fáil.  Iarraimid oraibh an leagan Gaeilge  a úsáid nuair is féidir chun tacú linn.  Bain úsáid as an leagan Gaeilge atá ar fáil ar roinnt inneal dáileadh airgid.

We spend a lot of time encouraging Government departments and agencies to provide bilingual literature and forms.  Please help us in this by using the Irish version of forms where possible.  Why not use the Irish service available on some cash dispensing machines?

 

Ranganna Iarscoile

Féach liosta na ranganna iarscoile leis seo.  Má tá aon cheist agat labhair leis an múinteoir atá luaite.

Amhránaíocht ar an Sean-nós Aodán Ó Ceallaigh, Dé Luain

Ealaín R 1/2 Máirt Aisling Nic Fhionnghaile

Ceoldráma Ann Marie Ní Labhairí Máirt Rang 5-6

Ríomhairí Orla Ní Choitir Rang 1-4, Máirt, Céadaoin, Déardaoin

Ealaín Rang 3-4 Máirt , Rang 5-6 Céadaoin Caitríona Nic Íomhair

Fidil Máirt agus Céadaoin Ciara Nic Giolla Bhríde

Fuáil Ann Marie Ní Labhairí Déardaoin Rang 5-6

Club Spóirt  Cuán Ó Flatharta agus Bríd Firtéar, R5-6 Dá Máirt, R3-4 Dé Ceadaoin, R1-2 Déardaoin

 

Grúpa Tuismitheora is Linbh

Beidh an Grúpa Tuismitheora is Linbh ag tosú arís ar an Aoine 9 Meán Fómhair agus gach Aoine  Buaileann said le chéile 8.40 – 9.40 sa Halla chun a bheith ag cleachtadh a gcuid Gaeilge eatarthu féin agus leis na páistí.

Our Parent and Toddler Group will be starting up again on Friday 9th September s 8.40 – 9.40 am after Christmas.  Children play and parents have an opportunity to practice whatever Irish they have with each other and with the children.  All parents and toddlers welcome, no matter what level of Irish.

 

Laethanta Breithe

Iarraimid ar thuismitheoirí gan milseáin ná cístí a chur isteach chuig an rang ar laethanta breithe.  Cé gur smaoineamh deas é cruthaíonn sé deacrachtaí éagsúla do na múinteoirí agus tagann sé trasna ar ár bPolasaí Lón Sláintiúil.

We ask parents not to send in sweets or cakes to the class for birthdays.  While it is a nice idea it causes some difficulties for the teacher and isn’t supportive our Healthy Eating Policy.

 

Cuirí Laethanta Breithe

Gabhaimid buíochas libh mar go ndéanann a lán tuismitheoirí iarracht na cuirí a bheith i nGaeilge nó dátheangach.  Tá cuirí samplacha ar an Suíomh nua idirlín mar threoir.  Níor cheart cuirí as thabhairt amach ar scoil ach nuair atáid i nGaeilge nó dátheangacha  agus nuair atá gach buachaill agus/nó cailín sa ranga ag fáil cuireadh.

Thanks to all who make the effort to have Birthday Invitations in Irish or bilingual.  It is a very positive step for promoting Irish.  We have samples on our website to help with creating Irish cards.  Invitations may only be handed out in school when they are in Irish/bilingual and when all the girls and/or boys in the class are being invited.

 

Cruinnithe le Múinteoirí

Tá fáilte roimh thuismitheoirí focal tapaidh a bheith acu le múinteoir  ag 8.35 rn nuair a bhailíonn an múinteoir an rang ón gclós.  Níl an t-am seo oiriúnach chun fadhb a phlé leis an múinteoir.

Ba cheart coinne a dhéanamh leis an múinteoir más mian leat ceist éigin a phlé léi/leis.

Parents are welcome to have a quick word with the teacher when the teacher collects the class from the clós at 8.35 am.  This time is not suitable to discuss a problem.  An appointment should be made with the teacher if some issue needs to be discussed.  

 

Éide scoile

Iarraimid ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil an éide scoile á caitheamh gach lá.  Is féidir an éide scoile nó an chulaith reatha a chaitheamh aon lá.  Ba cheart go mbeadh an éide glan agus néata agus gruaig fhada cheangailte siar.  Scríobhaigí ainm an pháiste ar gach geansaí agus cóta, le bhur dtoil.

Please ensure that your child is wearing the uniform or the school tracksuit in school.  Both are equally acceptable.   Clothes should be clean and tidy and long hear tied back.  Please write  your child’s name on every school jumper and coat and t-shirt.

 

Oifig na Scoile

Bíonn Oifig na Scoile ar oscailt ó 8.35 rn. – 12.15 in. agus ó 12.45 in. – 2.30 in.

The office is open from 8.35 to 12.15. and from 12.45 to 2.30.

 

Páiste as láthair

Cuimhnigh go gcaithfear nóta a thabhairt don mhúinteoir má tá páiste as láthair.  Is ceart na nótaí ar chúl an Dialann Scoile a úsáid do pháistí Rang 1-6.  In aon chás, níl aon ghá glaoch ar an scoil chun neamhláithreacht a chur in iúl dúinn muna dtéann sé thar 3 lá.

Please remember that we require a note to explain any absence by a child.  The notes at the back of the new school diary should be used for children Rang 1-6.   In any case, there is no need to ring the school to inform us of absences unless they extend past 3 days.

 

Pointí Teagmhála Nua

Má tá aon athrú i do phointí teagmhála – go speisalta uimhreacha gutháin nó ríomhphost, cuir in iúl do Rós é, le do thoil ag scoillorcain1@eircom.net.  Ní bheidh Foirm Eolais ag dul amach ach chuig páistí nua sa scoil

If there is any change in your points of contact, please let us know by email to scoillorcain1@eircom.net.  We will only be sending our Foirm Eolais/Information Form out to new children’s parents.

 

Tiomáint agus Páirceáil

Iarraimid arís ar gach duine a bheith cúramach sna gluaisteáin timpeall na scoile.  Páirceál tamall ón scoil agus siúl, más féidir leat.  Ná páirceáil os comhairaon gheata ar feadh aon seal ama.

Again we ask every one to do their best if using cars.  Park and walk the last bit to school.  Whereever you park, don’t block a driveway, even for a minute.  Don’t park on cornets, especially the corner opposite the double gates.

Go raibh maith agaibh.

 

 

Acadamh Cuala

Fáilte roimh bhuachaillí agus chailíní nua a rugadh 2011, 20010, 2009 agus 2008.  Clárú ar an Satharn 10 Meán Fómhair Ionad Cuala, Deilginis.

Cuala GAA Academy welcomes new boys and girls born , 2008, 2009,  2010and 2011 who are interested in playing footbal and hurling/camogie.  Registration is in the Cuala Centre Dalkey Saturday 10th September 9.30 – 11.00 am.

Fógra

An bhfuil tu ag teacht o Bhaile na Lobhar? Ar mhaith leat a labhart faoi an turas chun na scoile? B’fheidir gur feidir linn a roinnt. Maidin agus/no 1.15. Brenda 086 8517649

Are you coming from Leopardstown? Would you like to discuss the school run? ‎Maybe we can share it. Mornings and/or 1.15. Brenda 086 8517649

 

Suíomh Gréasán

Suíomh gréasáin darb ainm www.irishforparents.ie – tá sé dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.

A website for parents learning Irish is available at www.irishforparents.ie/

Baile Átha Cliath abú.

Up the Dubs.