Nuachtlitir Scoil Lorcáin

Jul 02, 2021

Meitheamh 2021b

NL Meitheamh 2021b

Caitríona Nic Íomhair

Beidh an múinteoir Caitríona Nic Íomhair ag dul ar scor ó Scoil Lorcáin agus ó shaol na múinteoireachta ag deireadh na míosa seo.  Tá 36 bliana caite ag Caitríona mar mhúinteoir againn sa scoil agus 8 mbliana roimhe sin mar dhalta. Tá croí Chaitríona tugtha aici don scoil agus do na páistí a mhúin sí – 1023 páiste san iomlán.  Beimid ag ceiliúradh saol Chaitríona anseo sa scoil sula bhfágann sí muid – faraor nach féidir linn é a cheiliúrach mar is ceart.  Ba mhaith linn go léir – pobal uile na scoile – ár mbuíochas a ghabháil le Caitríona agus fad saoil agus sonas grá uirthi agus ar a teaghlach amach anseo.

Caitríona Nic Íomhair is retiring from Scoil Lorcáin and from teaching at the end of this school year.  Caitríona has spent 36 years teaching here as well as her 8 years as a pupil.  She has given her heart to the school and to the children – all 1023 that she taught, and all the children in the school.  We’ll be celebrating Caitríona’s time with us over the next week and a half while, unfortunately, being unable to celebrate it as we would like because of the restrictions.  We – the school community – would like to thank Caitríona for everything she has done.  We send her on the next part of her journey with our love.

Nuacht Foirne

Beidh na Cuntóirí Riachtanais Speisialta Lucy Martin agus Siobhán Ní Cheallacháin ag fágáil na scoile ag deireadh na míosa.  Guímid gach rath orthu agus deirimie ‘Go raibh maith agaibh’ as an am atá caite acu linn.

Our SNAs Lucy Martin and Siobhán Ní Cheallacháin are leaving us at the end of the month.  We’re grateful to them for the time they spent with us and wish them well in their lives and careers.

Gaeilge i rith na saoire

Leanaimis ar aghaidh ag labhairt Gaeilge, nuair is féidir, le linn na saoire, lbhdt.  Is cúis áthais an méid Gaeilge a chloistear lasmuigh den scoil ó pháistí is tuistí gach lá.

Let’s keep talking Irish during the holidays.  The amount of Irish spoken outside the school each morning and eveing makes our hearts dance.

Aire don scoil

Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag taisteal tríd an gceantar agus tríd an scoil ó thosaigh an dianghlasáil.  Bíonn formhór mór na ndaoine ceart, cúramach ach tá méadú ag teacht ar iompar mí-shóisialta dá bharr.  Bíonn bruscar, buidéile bhriste, salachar eile fágtha agus iarrachtaí dochar a dhéanamh  rud nár tharla le fiche bliain, nach mór.  Beidh an scoil in úsáid, cuid mhaith, le linn an tsamhraidh le campaí, tógáil is eile.  Má fheiceann aon duine agaibh aon iompar mí-oiriúnach sa scoil bheimís buíoch ach scéal a fháil nó go nglaofaí ar na Gardaí, más ceart.

There has been an increase in footfall in the area and in the school since the lockdowns began.  While most people behave themselves impeccably, there has been a corresponding increase in anti-social behaviour.  We’re seeing rubbish, broken bottles, other dirt and attempts at damaging school property.  The school will be in use quite a bit during the summer with camps, internal construction etc but if you are in the area and see anything untoward please let us or the Gardaí know, as suits.

Meán Fómhair

Níl aon treoirlínte fós maidir le prótacail Covid do Mheán Fómhair.  Mar sin níl a fhios againn conas mar a bheidh ach is é an focal ar bhúlbhaird chrannlínithe dheisceart Bhaile Átha Cliath go mbeidh na treoirlínte atá againn faoi láthair i bhfeidhm go dtí an Nollaig.

We haven’t received any guidelines with regard to opening in September – not surprisingly with the ever changing situation – but we expect little change to current guidelines for school before December.

Dúnadh agus athoscailt

Beimid ag dúnadh Céadaoin 30 Meitheamh ag meánlae don samhradh agus ag athoscailt Máirt 32 Lúnasa don bhliain nua scoile.

We’ll be closing Wednesday 30th at noon for the summer and re-opening Tuesday 31st August.

Tuairiscí Scoile

Seoladh amach na tuairiscí Dé Máirt ar 3.00 in.  Muna bhfuair tú do cheann, seol ríomhphost chughainn, ldt.

End of year reports were sent by email on Tuesday.  If you didn’t receive one, you might email us, please.

Teagmháil le linn an tsamhraidh

Is féidir teagmháil leis an scoil ar ríomhphost scoillorcain1@scoillorcain.ie le linn an tsamhraidh.  Seiceálfar go hócáidiúil.  Is féidir ríomhphost a scríobh go codrisceoil@scoillorcain.ie I gcás fíoréigeandála, má tá freagra níos tapúla de dhíth.

You can contact the school by email over the summer scoillorcain1@scoillorcain.ie.  It’s checked occasionally.  In case of genuine need, where a quicker response is needed, you are welcome to email codrisceoil@scoillorcain.ie.

Tóg

Beidh roinnt earraí fágtha taobh amuigh den bhfalla againn idir seo agus deireadh na bliana.  Tóg a bhfuil uait, ldt.  Caithfear amach an fuílleach.  Beidh cófra mór scoile seanfhaiseanta ann ar an Luan.

We’ll be leaving stuff outside the gates mornings and afternoons between now and the 30th.  Take any and all that interest you, please.  The rest will be disposed of.  There will be a big wooden old fashioned press there Monday.

Geataí an Charrchlóis

Beidh tugtha faoi ndearadh ag roinnt go bhfuil na geataí ar an gcarrchlós á ndúnadh anois lasmuigh d’amanna scoile.  Cabhróidh sé seo le slándáil.  Bíonn gá le rochtan 24-7 anseo – tá 14 theach a bhfuil cearta slí acu tríd an ngeata/lána agus bímid ag obair sa scoil déanch is deireadh seachtaine.  Ná páirceáil os comhair na ngeataí, ldt.

Some of you will have noticed we have put the gates on the car park into operation outside of school hours.  This will help with security.  24-7 access is needed here; 14 houses have right-of-way through the gate/laneway and work goes on in the school in the evenings and at weekends.  Please don’t park in front of the gates.

Cosc ar ghutháin chliste

Meabhraimid go bhfuil cosc ar ghuthán cliste a bheith ag daltaí ar scoil in aon chor.

We’d like to remind you that pupils may not bring smartphones to school at all.

Ranganna ceoil – music classes

Beidh Comhaltas – Craobh Phiarais Uí Ghréagáin ag glacadh le daltaí nua Meán Fómhair 2021. Beidh ranganna ar-líne ar fáil do pháistí 5-7 ,mbliana d’aois agus ranganna beo do pháistí 7+ mbl. Bíonn na ranganna ar siúl Dé Máirt agus Déardaoin sa Chultúrlann, Cearnóg Belgrave, Baile na Manach.

Foirmeacha iarratais ar fáil ar ár suíomh www.craobhphiarais.ie nó déan teangabháil le Mairéad ar 087 4191567

Comhaltas – Craobh Phiarais Uí Ghréagáin are accepting new pupils in September 2021. Online classes for children aged 7 yrs and in-person for those 7+yrs. The classes are held on Tuesday and Thursday nights in An Cultúrlann, Belgrave Square, Monkstown.

Application forms are available on our website www.craobhphiarais.ie or contact Mairéad on 087 4191567

Leabhair don samhradh

Beimid ag tabhairt deis do dhaltaí Rang 2-6 leabhair a thabhairt abhaile ón Leabharlann Scoile roimh an samhradh agus deis do thuismitheoirí Naíonán – Rang 1, a bhfuil léiríonn suim, leabhair bhreise léitheoireachta a fháil uainn.  Má tá suim agat, seol ríomhphost gearr chuig múinteoir do pháiste.

We’ll be giving pupils Rang 2-6 an opportunity to bring books from the school library home for the summer and parents of Naíonáin – Rang 1 a chance to get some readers sent home.  If you are interested, please send a short email to your child’s teacher.

Slán le Rang 6

Táimid ag fágáil slán le Rang 6.  Chaill na daltaí seo amach ar roinnt de na himeachtaí is taitneamhaí de bharr na héigeandála ach lean siad orthu le dea-thoil agus fonn.  Táimid an-bhuíoch dóibh agus dá gcaomhnóirí/ tuismitheoirí as a gcuid ama agus iompair anseo i Scoil Lorcáin.  Guimid gach rath agus séan orthu.  

Go dté siad slán.