Nuachtlitir na Samhna 2017

Jan 22, 2018

 

Aonach na Nollag
Beidh Aonach na Nollag againn Satharn 2 Nollaig. Scaipfimid níos mór eolais an tseachtain seo chughainn, ach tá gá le hearraí ar ard-chaighdeán, duaiseanna do Roth an Áith agus Seastán na mBuidéal. Agus tar éis sin is uile, tá do chabhair uainn ar an lá le seastán nó glanadh suas. Go raibh maith agaibh as bhur dtacaíocht.
Aonach time will be here again soon. We need high value goods, prizes for Wheel of Fortune and bottle stall, raffle cards to be filled in and returned and for you to come along on the day and enjoy yourself.  More info next week.  It takes lot of work in preparation, on the day and for clean-up.  If you can help in any way, please do so.

 

Inseirbhís

Beidh an scoil dúnta Aoine 8 Nollaig mar go mbeidh na múinteoirí ag freastal ar inseirbhís ar an gCuraclam Nua Teangan.

The school will be closed Friday 8th December for the teachers to attend inservice on the new Language Curriculum.

 

Gairdín na Scoile

Tá Gairdín na Scoile i ndroch-chaoi.  Ní dhearnamar mórán leis go dtí seo mar go bhfuilimid in achrann le lucht thógáil na scoile faoi.  Ach tá sé in am againn rud éigin  a dhéanamh.  Tá plean curtha le chéile ag tuismitheoir.  Ba mhaith linn meitheal a thabhairt le chéile ar an Aoine bheag seo 17 Samhain 2.15 – 3.45 chun tabhairt faoin obair seo.  Bí linn má tá suim agat cabhrú.  Beimid ag díriú i dtús ar an gceapach os comhair an doras tosaigh.  Beidh fáilte roimh iarscoláirí, chomh maith.  Caithimís éadaí agus bróga oiriúnacha.  Lucht oibre abú.  Lucht leapan, fanaigí uainn.

The school gardens are in a poor state.  We haven’t done much to them until now because we are in dispute with the development company over them.  It’s time to plough on, however.  This Friday 2.15 – 3.45 we’re looking for volunteers to help with clearing and planting the area in front of the main door.  One of our parents has produced a plan and we’ll do as much as we can.  Past pupils also welcome.  Wear suitable clothes and footwear.  We have tools in the school, but you are welcome to bring your own.  Workers welcome.  No wallflowers, please.

 

Ardaitheoir

Bíonn an t-ardaitheoir ar siúl gach maidin 8.35 – 9.00 rn ionas gur féidir bugaithe a thabhairt idir íoslach agus an chéad urlár.

The lift is available 8.35 – 9.00 am every morning for buggies to go between the basement and Ground Floor.  We have to turn it off then, for safety reasons.

 

Ficheall
Tá foireann fichille againn arís i mbliana. Is iad Oisín Ó Riain, Conor Mag Ruairc, Conor Mac Giolla Iasachta agus Emilie Slyne (an chéad chailín le seacht mbliana anuas) atá uirthi.  D’imríodar i gcoinne Scoil Naomh Lorcán ina gcéad chluiche i Roinn 1 an tseachtain seo caite.  Go n-éirí go geal leo sa léig.

Our Chess Team is competing in Division 1 of the Leinster League this year.  We have already played one match and will be playing once a month until March.

 

Dúshlán Ophelia

Bhain a lán daltaí páirt i nDúshlán Ophelia agus muid dúnta le linn na stoirme.  Buíochas leo go léir.  Tugadh isteach obair ar ard-chaighdeán.  Chrochamar na pictiúir sa dorchla thuas staighre.

Thanks to all the parents who encouraged their children Rang 3-6 to take part in the Ophelia Challenge while we were closed for the storm.  The Limericks were interesting.

Words which rhyme with Ophelia (apparently)

Camelia, Labelia, Dahlia, Celia, Delia, Shelia, Maria, Cordelia, Earhart Amelia, Sopheeeeia (Sophia) Mama Mia, See Ya, Wikipedia, encyclopaedia, Halleluia, hysteria, media, For yeh, familia (family), big dealia (deal), e-mealia (e-mail), tequila, daoibhse, Armenia, Baile Átha Cliath, diva, amnesia, Ophelia,

 

Limerick :le William Olden

There once was a great storm called Ophelia

That put us all in a state of hysteria

So we tied up our bins

And said Hail Marys for our sins

While the teachers all toasted with Tequila.

 

Limerick: le Marc Ó hAodha

There once was a great storm called Ophelia,

Whose presence caused quite the hysteria,

With schools firmly shut,

Máistir Ó Drisceoil said ‘BUT’.

“Tá go leor obair agam anseo daoibhse”

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge

23 Deireadh Fómhair.

R1 Sam Ó Tuathaigh, Sadhbh Ní Bhrádaigh, Oscar Mac Sandair, Ailghe Nic Shiacuis, Matilda Ní Chionnaith, Toby de Brún Ó Loingsigh R2 Saoirse Fíobhuí, Emily-Rose Loughery, Sadhbh Harpur, Seosamh R3 George Ó Cinnéide, Ann Lee Cooper, Blaise Ó Murchú, Zita Tempany R4 Senan Ó Cearbhaill, Fionn Ó Dúnaigh , Niomi Ní Aodha, Tara Ní Ghraollaigh, R5 Béibhinn Ní Dhufaigh, Seonín Ní Sheafraigh, Cian Mac Aonghusa, James Ó Gríofa R6 Kerrie Ní Bheaglaoich, Jack Mac Cárthaigh, Clíodhna Nic Shiacuis, Darragh Ó Raghallaigh, Róisín Dubh, Lochlann Ó Síocháin, Aidan Mac Gamhna, Emma Ní Dhomhnaill.

 

Déan É Seo i gCuimhne Orm ( Rang 2)

Cuireadh tús maith leis an ullmhúchán don Chéad Chomaoineach 2018 ina raibh páistí Rang 2 agus a dteaghlaigh rannpháirtíoch i Séipéal Naomh Eoin Baiste, an Charraig Dhubh ar an 1 agus an 22 Deireadh Fómhair ag na hAifrinn speisialta sa chlár Déan É Seo i gCuimhne Orm. Táimid ana-bhuíoch do Liz Watson agus Sinéad Nic Criostail ( tuismitheoirí le Martha agus Connie faoi seach) don mhéid oibre a dhéanann siad chun cabhrú le páistí Rang 2 páirt lárnach a thógáil sna hAifrinn seo . Buíochas chomh maith leis na hIonadaithe Ranga i Rang 2 ; Lisa Harpur agus Máire-Mairéad Ní Cholla as ucht muid uilig a choimead ar an eolas faoi na socraithe ar bhonn rialta. Bhí a lán tuismitheoirí eile i mbun sóláistí a chur ar fáil i ndiaidh an Aifrinn agus buíochas leo. Ar deireadh, chuir an tAthair John Delaney ( sagart paróiste) fáilte mhór romhainn uilig chuig an séipéal. Táimid ag tnúth le hócáid álainn ar an 19 Bealtaine 2018.

( Do This in Memory of Me- Rang 2)

The preparations for the First Communion 2018 got off to a great start in which the Rang 2 children and their families participated in the Church of St. John the Baptist , Blackrock, on the 1 and 22 October during the special Do This In Memory of Me masses . We are very appreciative of Liz Watson and Sinéad Cristall – parents to Martha and Connie respectively – for all that they do to help Rang 2 children participate fully in these masses. We also thank the Class -Representatives in Rang 2 ; Lisa Harpur and Mary-Margaret McCullough for keeping us all up-to-date with the arrangements . Many other parents were involved with providing refreshments after the masses and thanks to them. Finally, Fr. John Delaney ( PP) welcomed us all whole-heartedly to the Church during the mass and afterwards in the Parochial House at refreshments. We are looking forward to the Big Day next 19 May 2018.  B.Uí Mh.

 

Ophelia: le Méabh Stiobhairt

There was a great storm called Ophelia,

That travelled the west causing husteria,

The here in the East,

She was less of a beast,

And more of a storm cause by the media.

 

Soip

Tá feachtas tosaithe a Néala Ó Móráin Rang 3 Bríd Firtéar chun muid a spreagadh gan sopaí a úsáid.  Níl gá leo, de ghnáth, agus déanann siad dochar don timpeallacht.  Tá moladh mór tuillte aici.  Chun tacú leis an bhfeachtas seo, déanaimís gan na soip más féidir linn in aon chor é.

Neala Ó Móráin has started a campaign in the school to encourage us not to use straws.  They are usually unnecessary and do damage to the environment and to wild animals.  So, if we can, let’s leave out the straws.

 

Céilí na Samhna

Comhghairdeas le Coiste na dTuismitheoirí as Céilí na Samhna.  Bhaineamar go léir Rang 2-6 an-taitneamh as.  Bhí caighdéan ard ag baint leis an bhfeisteas bréige agus post deacair ag na moltóirí.  Comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir.  Gné nua i mbliana ba ea an maisiú lasmuigh den scoil.  Chuir sé go mór leis an ócáid agus leis an lá scoile ar an Aoine.

Congratulations to Coiste na dTuismitheoirí for organising another brilliant Céilí na Samhna.  The fancy dress was excellent and all Rang 2-6 enjoyed a great night.  The external decoration was a new, much remarked upon feature this year.  Well done to all concerned.

 

Cruinnithe Tuismitheoirí/Múinteoirí

Beidh cruinnihte tuismitheorí /múinteoirí Rang 2-6 againn ar an gCéadaoin 22 Samhain agus i rith na seachtaine sin.   Beidh an  scoil ag dúnadh 2.00 in ar an gCéadaoin (tá sé saghas amaideach, ach is cuid de chomhaontú náisiúnta é).  Bailigh do pháistí in am, le do thoil.

We’re having parent teacher meetings next Wednesday 22nd November and on other days during the week.  The school will close at 2.00 pm on Wednesday, as part of a national agreement that goes back in time.  Collect your children on time, please.

 

Aonach na Nollag

Coláiste Eoin/Íosagáin

An Domhnach beag seo

19 Samhain 1-5in.

 

Twitter

Tá cuntas Twitter ag an scoil.  Seolaimid amach scéalta agus pictiúir a bhaineann leis an scoil.  Ach, ní bealach oifigiúil cumarsáide é.  Cuirtear scéalta oifigiúla abhaile ar ríomhphost nó le téacs nó i Nuachtlitir Scoil Lorcáin.

We have a twitter account @scoillorcain where we publish photographs, opinions and happenings in school.  However, all official information is distributed by email or text.

 

Grúpa Tuistí is Leanbh

Gach maidin Aoine.  Buail isteach.  Lig dod leanbh a bheith ag spraoi agus bíodh tusa ag cleachtadh do chuid Gaeilge.

Parent and Toddler Group 8.35 – 9.30 every Friday morning in the hall.  Come in, let your child play and practise your Irish.  All levels welcome.

 

Leabharlann na hAoine

Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht isteach chuig an Leabharlann Dé hAoine 8.35 – 9.30 chun leabhair Ghaeilge a fháil ar iasacht dá bpáistí nó chun a bpáistí a thabhairt isteach chuig an Leabharlann chun leabhar Gaeilge a léamh.

Parents are welcome to the school library Friday mornings 8.35 – 9.30 am to borrow an Irish book for their children or to bring their child to the library to choose an Irish book.

 

Lá Naomh Lorcán

Bhí lá iontach againn inné, Lá Naomh Lorcán.  D’fhreastal Rang 1-6 agus roinnt tuismitheoirí ar aifreann leis an Athair Lomán.  Bronnadh t-léinte ar na Naíonáin Shóisireacha agus scriosán, peann luaidhe agus píosa císte ar gach páiste.  Rinne gach rang imeacht a bhí níos taitneamhaí fiú ná na gnáthimeachtaí ranga.  Buíochas le gach duine a chabhraigh.

We had a great Lá Naomh Lorcán.  Pencils, erasers, cakes were bandied about – in an orderly fashion – Junior Infants got their t-shirts (they will come in handy at our Lá Spóirt later in the school year) and all classes had fun (but educational) activities.

 

Ficheall Mhór

Thosaíomar ag baint úsáide as an bhFicheall Mhór a bhronn Rang 6 na bliana seo caite orainn ag Bronnadh na dTeastas.  Ní ficheall go dtí é.

We’ve started playing with the Giant Chess that last year’s Rang 6 presented to the school.  It’s been a great move.

 

Duais na Gaeilge 13 Samhain 2017

R1 Aibhlinn Báicéir, Éanna Ó Caoimh, Róisín Ní Chomhraí, Ruaidhrí Ó Murchú R2 Eoin Mac Pháidín, Cillian Ó Ceallaigh, Clodagh Ní Chuana, Joy Nic Craith, Oscar Ó Murchú, Rebekah Olden R3 Dylan Ó Ceallaigh, Áine Ní Chormhaí, James Lorenc R4 Cillian Ó Sé, Méabh Nic Pháidín R5 John Ó hAodha, Sadhbh Ní Mheachair, Caoimh Ní Raghallaigh, Tomás Ó hÓgáin R6 Luan Ó Sioradáin, Anna Nic Cárthaigh, Cillian Ó Cuana, Albha Hodgett.

 

Bailiúchán do Naomh Uinsionn de Pól

Beidh Orla Ní Choitir ag eagrú bailiúcháin do N Uinsionn de Pól arís i mbliana, mar a rinne sí anuraidh.  Beidh fáilte roimh earraí éagsúla bídh is rl. Dátaí  13 -15Nollag

Orla Ní Choitir will be organising a collection for Vincent de Paul again this year.  Children are invited to contribute foodstuffs etc. 13th-15 December.

 

Faoistiní

Beidh faoistiní á n-éisteacht ag an Athair Lomán do ranganna 3-6 sa scoil ar an 6 agus 7 Nollaig.

An tAthair Lomán will hear confessions for Rang 3-6 in the school 6th and 7th December.

 

Geansaithe Nollag

Beidh cead ag daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí geansaithe Nollag a chaitheamh Aoine 15 Nollaig.  Beidh fáilte roimh shíntiúis ar an lá ar mhaithe le Focus Ireland.  Molaimid €2 an páiste, ach fút féin atá seo.

All are invited to wear Christmas Jumpers Friday 15th December and are invited to contribute to a collection for focus Ireland.  €2 is the suggested contribution.

 

Ophelia: le Daisy Kirkwood

There was a great storm called Ophelia,

They really hyped it up in the media,

She came and she went,

Blowing down tents,

They should call the next storm Cecilia.

 

Ceolchoirmeacha na Nollag

Beidh fáilte roimh thuismitheoirí teacht chuig Ceolchoirmeacha na Nollag ar an gCéadaoin 20 Nollaig.  Beidh na Naíonáin ar siúl ag 9.30 rn agus ranganna 1-6 – roinnte ina ndá leath – ag 10.30 agus 12.00

Parents will be welcome to attend our Christmas concerts Wednesday 20th December – infants at 9.30 am and Rang 1-6 split between two concerts at 10.30 am and 12 noon.

 

Bainis

Déanaimid comhghairdeas leis an múinteoir Solweg Ní Fhiaich atá le pósadh an Satharn beag seo 19 Samhain le Conor.  Go maire siad beirt a nuaíocht.

Congratulations to Solweg Ní Fhiaich who will marry Conor this Saturday.  Happiness, health and wealth to them, in that order.

 

Ophelia: le Clódagh Stiobhairt

There was a great storm called Ophelia,

Who went about causing hysteria,

But she soon got bored,

And walked out the door,

Much to the relief of a girl called Delia.

 

Sláinte Meabhrach

Beidh Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ag eagrú oíche ‘Supporting Parents to support their Children’s Mental Health and Wellbeing’ Dé Luain 27samhain, Óstán Talbot, Stigh Lorgan 7.30 in.  Saor chead isteach.

NPC running a Children’s Mental Health session Monday 27th November 7.30 pm Talbot Hotel, Stillorgan.  Admission Free