Nuachtlitir na Nollag 2019c

Mar 06, 2020

Fobhrístí Nollag

(Christmas Briefs)

 

Buíochas le gach duine inniu as freastal ar na ceolchoirmeacha, as fanacht go dtí an deireadh, as páirceáil go ceart agus as Oíche Chiúin a chanadh amach.

Thanks to all who attended our concerts today, who stayed till the end, who parked safely and who sang out ‘Oíche Chiúin’.

 

Comhghairdeas leis na daltaí agus le foireann na scoile as ceolchoirmeacha iontachta inar ghlac gach duine páirt.

Congratulations to the pupils and the staff for great concerts in which all were involved.

 

Tá cead ag na páistí a n-éadaí féin a chaitheamh amárach.

The pupils may wear their own clothes tomorrow.

 

Ghnóthaigh Caifé Lorcáin €650 do thógáil tithe sa tSaimbia.

Caifé Lorcáin generated €650, shared between 4 past-pupils for house building in Zambia.

 

€931.40 bailithe ar Lá na nGeansaithe Nollag do Focus

Collected for Focus on our Christmas Jumper day.

 

 

Iarthuismitheoir a thug cuairt ar an scoil an tseachtain seo caite ag 1.15 in, a shiúl thar chúig ghluaisteán agus go raibh gach tuismitheoir ag labhairt Gaeilge agus na páistí á gcur isteach sna gluaisteáin.  Is fiú agus is féidir.

A former parent who had cause to visit the school last week ag 1.15 pm as children were being put into cars, walked past five cars and all the parents were speaking Irish to their children.  ‘Yes we can’.

 

Duais na Gaeilge 9 Nollaig 2019

Amalia Breathnach, R3, In Ní Mhurchú

Eleanor Crosbie, R2, In Mhic Íomhair

Aoife Ó Sioradáin, R4, Máistir Ó Briain,

Méabh Ní Cholmáin, R1, Iníon Mhic Ruairí,

Mary Bhreathnach, R3, In Uí Mhuineacháin

Lochlann Dingle, R6, In Uí Mhathúna

Finian Mac an Rothaidh, R4, In Uí Labhraí,

Orlaith Nic Aonghusa, R5, In Mhig Shamhráin

Keely Ní Choisteala, R6, Bn Uí Lúing,

Caoilfhionn Ní Chrualaoi, R2, In De Staic

Liadh Ní Chomáin, R1 In Uí Mhurchú

 

 

Duais na Gaeilge 16 Nollaig 2019

Aoibhinn Nic Shiacais, R6, In Uí Mhathúna

Ailbhe Nic Shiacais, R3, In Uí  Mhurchú

Ella Ní Uadhaigh, R6, In Uí Mhathúna

Fiadh Ní Cheallaigh, R2, Iníon Mhic Íomhair

Liam Ó Mathúna, R4, In Uí Labhraí

Laoise Ní Bhuachalla, R3, In Uí Mhuineacháin

Evie Ní Leathlobhair, R1, In Mhic Ruairí

Kate Ní Chárthaigh, R6, Bn Uí Lúing

John Quinlan, R6, Bn Uí Lúing

Emmet Ó Máille, R1, In Uí Mhurchú

 

Fágtha amach as an liosta urraithe Aonach na Nollag  (ár leithscéal)

The Panel, Spirit Motor Group, Gill and Hock, Café/Deli Gráinseach an Déin/ Deansgrange

The above were omitted from our list of sponsors for Aonach na Nollag.  Apologies.

 

Brístí Fada

(Not so brief)

Feighlí á lorg

Tá feighlí leanaí á lorg le haghaidh beirt bhuachaillí ó mí Feabhra ar aghaidh i gceantar Dún Laoghaire/Gleann na gCaorach/Baile na Manach. Beidh siad 10.5 mí agus 12 mí ansin. Teastaíonn 5 lá sa tseachtain uainn, ó 8-6, i dteach an fheighlí. Ba mhaith linn feighlí le taithí dhá bhliain ar a laghad, agus a labhródh Gaeilge leis na buachaillí. Tá teastas garchabhrach agus grinnfhiosruchán garda ag teastáil. Beidh ardmheas ar dheimhniú i gcúram leanaí freisin. Teagmháil: Ruth 0851483923 nó nidhonar@tcd.ie

An Irish speaking minder being sought in Dún Laoghaire / Glenageary/ Monkstown area from February on.

 

 

Club Dornálaíochta Bhaile na Manach

Cúrsa Dornálaíochta do Bhuachaillí agus Cailíní 9-11 bl.

Gach Máirt nó Aoine, ag tosú 21 agus 24/1/20.

€3 san oíche

JP Kinsella  (téacs) 085 1046037

 

Crainn Nollag

Beidh Seirbhís ar fáil chun do chrann Nollag a bhailiú ón teach agus é a athchúrsáil.

Curtha ar fáil ag mac léinn Cuala agus iarscolairí Scoil Lorcáin ina measc, atá ag bailiú airgid chun tithe a thógáil sa tSaimbia leis an gCarthanacht Habitat for Humanity.

€5, 2-12 Eanáir 2020

Gráinseach an Déin/Carraig an tSionnaigh                                  083 4032546

Baile na Manach / An Charraig Dhubh / Cábán tSíle       083 0566279

Deilginis/ Cill Iníon Léinín/ An tSeanchill                        087 9786453

Más lasmuigh de na cheantair seo thú, cuir glaoch ar aon uimhir thuasluaite agus beidh duine den ghrúpa i dteangmháil leat.  Ná bac le spíonlach giúise i do charr i mbliana!!

 

Would you like to have your Christmas tree collected and recycled?

A group of Cuala TY students, including Scoil Lorcáin past pupils, are providing this service as part of their fundraising efforts to build houses in Zambia with the charity Habitat for Humanity.

€ 5 ,2-12 January

If you’d like to avail of this service, see the numbers and areas above.  If you are living outside of the areas mentioned, call any of the numbers and one of the group will contact you. 

 

Nollaig Shona