Nuachtlitir na Nollag 2016b

Jan 12, 2017

Aonach na Nollag

D’éirigh thar barr leis an Aonach.  Míle moladh agus móradh le Hilary Thompson, Coiste na dTuismitheoirí agus gach duine a chabhraigh agus a tháinig, ina measc Fo-Choiste an Aonaigh, Chanel agus Susan as na crannchuir, Rós san Oifig agus Diarmuid agus cléirigh an airgid.  D’iompar na páistí go léir iad féin thar barr.  Thugamar isteach €15,000.  Beidh roinnt costaisí le híoc.  Cuntas níos iomláine in Nuachtlitir Eanáir.

The Aonach was a great success.  Thanks to all who helped and attended, including Susan and Chanel for the raffles, Rós in the Oifig and Diarmuid with the money.  We took in €15,000, but there will be some expenses to come out of that.  More details in January Nuachtlitir, but blessings on all.

 

 

Foraois na nAislingí

Tar éis Cheolchoirmeacha na Nollag beidh Foraois na nAislingí á tógaint as a chéile.  Is í an tuismitheoir agus an t-ealaíontóir Fionnuala Ní Chiosáin a spreag, a dhear agus a chruthaigh Foraois na nAislingí.   Tháinig an ionsparáid ó obair a dhéanann Yoko Ono.  Tá an-mholadh faighte ag Foraois na nAislingí agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Fionnuala as a cuid saothair.  Is í Fionnuala, chomh maith, le cabhair ó fho-choiste a d’eagraigh an píosa ealaíne a rinne Peadar Lamb atá ar taispeáint laisitigh den doras tosaigh anois. Tá ár mbuíochas ag dul d’Fhionnuala as sin, chomh maith.

Our art installation Forais na nAislingí (Forest of Dreams) will be dismantled after the Christmas Concerts.  Many thanks to Fionnuala Ní Chiosáin for her work on this and on the stained glass window by Peadar Lamb in the reception area, which has been warmly welcomed by all.

 

Corn Mhig Uidhir agus Lá Geansaithe Nollag

Beidh Corn Mhig Uidhir ag teacht ar cuairt go Scoil Lorcáin maidin Aoine 9 Nollaig.  Beidh fáilte roimh thuismitheoirí a bheith linn don ócáid.  Beidh fáilte roimh pháistí a ngeansaithe contae a chaitheamh.  Bhí sé i gceist againn Lá Geansaithe Nollag a bheith againn an lá sin agus airgead a bhailiú do FOCUS in am don Nollaig – síntiús molta €2.  Baeileoimid an t-airgead ar an 9ú, pé scéal é, agus beidh Lá Geansaithe Nollag againn Aoine 16 Nollaig.

Sam Maguire will be visiting Scoil Lorcáin Friday morning 9th December.  Parents are welcome to be with us.  We had intended having a Christmas jumper Day on the 9th to collect money for Focus Ireland in time for Christmas.  We’ll go ahead with the collection – suggested donation €2 – on the 9th and have a Christmas Jumper Day on Friday 16th.  County or club jerseys may be worn on the 9th.

 

Brón ar an mBás

Cailleadh, le déanaí, duine de sheanfhondúirí Scoil Lorcáin – Brenda Uí Choigligh.  Bhí baint ag Brenda leis an scoil le fada.  Ainmníodh ina hiontaobhaí ar an scoil í, dualgas ar éirigh sí as beagán de bhlianta ó shin.  D’fhreastal clan Bhrenda ar an scoil.  Déanaimid comhbhrón leo go léir ar a bás.

Our sympathies to the family of Brenda Uí Choigligh, an old-time stalwart of the school and a former trustee on her recent passing.

 

Sioc sa Chlós Mór

Is léir anois gur féidir le sioc titim sa Chlós Mór éasca go leor.  Dúnfaimid an Clós Mór ar maidin nuair a tharlaíonn sé seo agus scaoilfimid na Naíonáin isteach go Cúinne na Naíonán.  Is féidir leis na páistí níos mó fanacht sa Chlós Fada leis na ranganna eile.  Má bhíonn sioc ansin, osclóimid an Halla agus cuirfimid salann ar na cosáin.

It’s apparent now that the Clós Mór can become frosty.  When it does, we’ll open Cúinne na Naíonán for the naíonáin and ask Rang 5 and Rang 3 to join the other classes in An Clós Fada.  If that’s slippy, we’ll open the Halla.  Paths will be salted, but, please, let’s be careful out there.

 

Aonach na Nollag

Stáin agus boscaí fágtha ó Sheastán na gCístí, sa halla.  Tóg go luath aon cheann ar leat, le do thoil.

Boxes and tins from the Cake Stand are left in the hall.  Please take yours tomorrow.  They will be recycled soon.

 

Ceistneoir

Beidh ceistneoir do phaistí, atá le líonadh acu le cabhair ó thuismitheoirí, á scaipeadh againn go leictreonach an tseachtain seo chugainn.  Luíonn sé seo le ceann de na moltaí sa Mheastúchán Scoile Uile a deineadh le déanaí, go mbeadh guth níos láidre ag na páistí sa scoil.

A questionnaire will be distributed to all families week, for children to complete with help from parents.  This stems from a recommendation in our recent Whole School Evaluation that children be more actively involved in decision making.

 

Gaeilge sa chlós ag am baile

Iarraimid ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil a bpáistí ag labhairt Gaeilge sa chlós ar maidin agus ag am baile.  Is é an bealach is fearr, dár ndóigh, ná dea-shampla a thabhairt trí Ghaeilge a labhairt tú féin.  Ní hé post ‘the Máistir’ é seo a chur i bhfeidhm, ach dualgas gach éinne.

Please encourage and ensure that your child speaks Irish in the yard in the morning and at going home time.  The best way to do this, of course, is to lead by example.  It’s not ‘the Máistir’s’ job, but all our responsibility.

 

Páirceáil sa Lána

Níl cead aon aon tuismitheoirí ná eile spásanna páirceála na scoile a úsáid, ach amháin nuair atá socrú déanta chuige sin.  Go raibh maith agaibh.

Staff parking in the laneway, ajacent to the school is not to be used by parents or anyone else, except by prior arrangement.   Thank you.

 

Páistí Tinn

Má tá do pháiste tinn ar maidin, ná cuir ar scoil é nó í, le do thoil.  Tá roinnt páistí ag teacht ar scoil nuair nár cheart dóibh.  Leathann tinneas go héasca i rang de 30 páiste.  Go raibh maith agaibh.

If your child is sick in the morning, please do not send her or him to school.  Some children are coming to school when they shouldn’t.  Sickness spreads easily in a class of 30.  Go raibh maith agaibh.

 

 

 

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge

5 Nollaig 2016

R1 Clodagh Ní Chuana, Molly Ní Fhlatharta R2 Liam Ó hUiginn, Áine Ní Chomhraí, R3 Keely Ní Choisteabhla, Méabh Nic Pháidín, R4 Joseph Ó hAirtnéide, Seán Ó Buachalla Gleeson, Sadbh Ní Mheachair, R5 Aidan Mac Gamhna, Seán Ó Donnchú R6 James Mac Crosáin, Darragh Ó Flaithmhín.

 

Gaelscoil Nua 

D’eisigh  an Roinn Oideachais & Scileanna an léarscáil den scoilcheantar don scoil mholta i nDhún Laoghaire ag tús na seachtaine seo caite. Tá sí ar fáil anseo. Tá an scoilcheantar níos mó ná mar a shamhlaigh daoine.   Tá na foirmeacha léirithe spéise ag teacht isteach go tréan    Gaelscoileanna. Tá iomaíocht an-ghéar idir na pátrúin sa ceantar faoi láthair agus tá an-bhrú ar Ghaelscoileanna breis foirmeacha léirithe spéise a bhailiú roimh dheireadh na míosa seo le cur leis an iarratas. Mar a thuigeann tú, níl aon cheangal ar thuismitheoirí a gcuid gasúr a sheoladh chun na scoile, níl siad ach ag rá go bhfuil suim acu sa múnlú oideachais seo don cheantar. Tá an fhoirm léirithe spéise le fáil anseo http://www.gaelscoileanna.ie/dunlaoghaire/

 The area covered by the new primary school to be opened in Dún Laoghaire next September is greater than anticipated.  You will find the link here: anseo .

Gaelscoileanna’s campaign for it to be a gaelscoil is going well with expressions of interest being received.  But the need more.  Filling an expression of interest form does not bring any obligations, it’s just a statement that you would like the option of a multi-denominational gaelscoil to be available in Dún Laoghaire.  Please spread the word.  Find forms here: http://www.gaelscoileanna.ie/dunlaoghaire/

 

Fógra

Cuireadh do chailíní a rugadh 2011 teacht chuig Cóisir Nollag Acadamh Cuala Satharn 10 Nollaig ag 10.30 agus, más mian leo, teacht in Eanáir chun scileanna peile agus camógaíochta a fhoghlaim I dtimpeallacht thaitneamhach.

Invite for girls born in 2011

Date/Time – Sat 10th Dec, 10.30 – 12.00 

Venue – Cuala Halla, Hyde Rd

Event – Cuala Academy Christmas party

 Parents, your daughters are invited to the Cuala Academy Christmas party and also very welcome to join our Sat morning training sessions in Cuala Halla at 11.00 when we start back on Sat 14th Jan 2017.  Our focus is on fun, agility, balance, co-ordination and of course developing sporting skills to last a lifetime. 

 

 

Ticéidí Rugbaí

Tá dhá thicéad don chluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc i gComórtas na Sé Náisiún againn.  Beidh siad ar fáil go dtí An Domhnach 11 Nollaig, má tá aon duine ag iarraidh tairscint a dhéanamh dóibh is féidir glaoch ar: Fo-Choiste an Aonaigh 086-84099698.

We have two tickets for the Ireland v France Six Nations which were given to us for the Aonach.  They will be available until Sunday 11th December.  If you wish to make an offer ring the Aonach sub-committee: 086-84099698.

 

Coiste na dTuismitheoirí

Míle buíochas le Coiste na dTuismitheoirí a cheannaigh troscáin agus leabhair don Leabharlann le deanaí.  Dhíol an Coiste as na t-léinte agus na feiríní eile a fuair na daltaí ar Lá Naomh Lorcán – Lá na bPáistí.  Bhí breis is €10,000 i gceist leis an gcaiteachas seo.  Dúirt páiste amháin – 4 bliana d’aois – gurb é a lá ab fhearr ina shaol riamh é.

Thanks to Coiste na dTuismitheoirí for funding furniture and books for our new library and for buying all the gifts the children received for our Official Opening – Lá Naomh Lorcán.  Total expenditure was over €10,000.  One 4-year-old said it was the best day of his life, ever.

 

Pleananna Tráchta Bhóthar Alma is an Cheantair

Tá buairt ar Bhord Bainistíochta Scoil Lorcáin faoi na moltaí do chúrsaí tráchta i gceantar na scoile.

Cuireann an scoil an-bhéim ar thaisteal gan gluaisteáin, le béim ar siúl, rothaíocht, scútáil agus iompar poiblí.  Cuirimid a lán béime ar pháirceáil tamall ón scoil agus siúl don chuid dheireannach.  Páirceálann roinnt mhaith tuismitheoirí ar Bhóthar Alma agus ligeann siad dá bpáistí siúl tríd Lána Alma chuig an scoil.  Tá eagla orainn nach mbeidh sé seo indéanta faoi na moltaí nua.  Beidh ar thuismitheoirí páirceáil níos faide ón scoil agus siúl chomh fada leis an scoil leis na páistí agus ansin ar ais chuig an ngluaisteán, rud a chuirfidh go mór le fadhbanna páirceála, nó beidh orthu tiomáint isteach do Cearnóg Eaton, rud a chuirfidh go mór leis na fadhbanna tráchta timpeall na scoile. Bheimís buíoch dá gcaomhnódh an plean an úsáid a bhaineann pobal na scoile as Bóthar Alma mar áit gur féidir stopadh agus ligint do na páistí siúl chun na scoile iad féin.

Tá eagla orainn, chomh maith, leis an gcóras molta aontreo don cheantar, go mbeidh ar thuismitheoirí cúrsa timpill a thógaint agus iad ag tiomáint chun na scoile, rud a thabharfaidh isteach i dtrácht níos troime iad, rud a chuirfidh leis na fadhbanna tráchta.  Is é an 16 Nollaig an dáta deireannach le tuairimí a thabhairt.

Seo thíos tuairim áitritheora áirithe:

The following is a note from a local resident re plans by the NRA for traffic measures along the coastal strip of South County Dublin.  “The specific area of concern is the plan to make Seapoint Avenue and Alma Road one-way.  Our overall concern is the increased traffic that will be diverted from Seapoint Avenue up Alma Road.  With the amount of parents/children that use the Alma Road laneway the proposed changes will impact Scoil Lorcain.”  The Board of Management is concerned.

Details of the proposed changes are covered in Page 57 of the document – all submissions can be raised on November 22/23 in the Tara Towers or else written submissions by December 16th.

https://www.nationaltransport.ie/consultations/nta-opens-consultation-on-ambitious-proposals-to-tackle-merrion-gate-bottleneck/

 

 

Uirlisí Ceoil

Tá banjo, bodhrán agus bosca ceoil le fáil ar scéim na n-uirlisí ceoil.

‘Deal maith’ le déanamh!

Cuir téacs, glaoch no ríomhphoist chugam. Niamh

 

 

Ceolchoirmeacha na Nollag

Do na tuismitheoirí

Máirt 20 Nollaig

9.30 Ceolchoirm na Naíonán

 

10.30 Ceolchoirm 1 Sraith A (do na tuismitheoirí ins na ranganna seo)

R1 In. Uí Dhuinneacha agus R2 In. Uí Dhóláin

R3 In. Firtéar agus R4 Máistir Mac Aogáin

R5 In. Uí Labhairí agus R6 Bn. Uí Lúing

 

11.45 Ceolchoirm 2 Sraith B (do na tuismitheoirí ins na ranganna seo)

R1 In. Mhic Fhionnghaile agus R2 In. Uí Choitir

R3 In. Uí Mhurchú agus R4 In. Mhic Íomhair

R5 Máistir Ó Flatharta agus R6 Máistir Ó Ceallaigh

 

Fan go dtí deireadh na ceolchoirme, ldt, seachas fágáil leathbhealach tríd.

Please stay till the end of the concert, rather than leaving half way through.

 

Crannchur na Nollag

(Míle buíochas le Susan Rodgers)

Buaiteoirí na nDuaiseanna – comhghairdeas leo go léir

Samsung Galaxy Tablet – Ollie Naughton (Sam Ó Duinn R5)

Bábóg Chailín Mheiriceánaigh – American Girl Doll

Cathair Lego Stáisiún na nGardaí – Katelyn Ní Eidhin (R1)

Bábóg Bob Minion –Fionnán McKeener (Traolach Ó Súilleabháin R2)

Dearbhán Movies@Dundrem – Blaise Ó Murchú (R2)

Bosca Mór Milseán – Alan Curran (Caoimhe Ní Chorráin R2)

 

 

 

Príomh-Urraithe an Aonaigh – Míle buíochas leo.  Ná dearmad iad nuair a bhíonn gnó le déanamh agat.

Main Aonach Sponsors – thanks to them.  Don’t forget them when you have something to buy.

 

Sallynoggin Inn

Bank of Ireland

House of Ireland

THE PANEL RECRUITING PROFESSIONALS

Fitspatrick Hotel

Chapter 1

Osteria Lucio

 

 

Baile na Manach

Howbert and Mays

Café du Journal

Banyan Tree

Ribbons and Bows Florist

Hi Hair Salon

Renaissance Boutique

Seagreen

Greene’s Florist

FXB’s

Searson’s

Cosgrove’s Pharmacy

Baile na Manach

Howbert and Mays

Café du Journal

Banyan Tree

Ribbons and Bows Florist

Hi Hair Salon

Renaissance Boutique

Seagreen

Greene’s Florist

FXB’s

Searson’s

Cosgrove’s Pharmacy

 

 

Frascati Centre, An Charraig Dhubh

Serena

Boots

Lloyds Pharmacy

Pamela Scott

Book Value

Brown Sugar

Wine Cellar

Art and Hobby

Mademoiselle

 

 

Dun Laoghaire

Tierney’s

Grandstand Sport (tá siad taréis bogadh go Sráid Seoirse /Georges Street an tseachtain seo)

 

 

Killiney

News and Gifts shop

Killiney Dry cleaners

Cáfe solo

Derring Butchers

Supervalue Killiney

Haven Pharmacy

Fitspatrick Hotel

Fitspatrick Gym

 

Deasgrange

Supervalue Deasngrange

Fruit and Veg

Grange Pub

Liberos

Sakura hairdressers

 

Eile

64 Wine Glasthule

Bradys Shankill

THE PANEL RECRUITING PROFESSIONALS

Newpark School

Uniform shop UCD

Stillorgan Décor

 

 

 

 

 

 Aifreann na Gine

BELFIELD9.00 p.m.

AN SÉIPÉAL OLLSCOILE

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 4

 

Duais na Gaeilge 12 Nollaig 2016

R1 Jack Ó Ceallaigh, Eva, John R2 Art Ó Súilleabháin, Éabha Mortún, Alyson Groome, R3 Éabha Scollard, Eleanor Ní Shúilleabháin, R4 Caoimhe Ní Rabhallaigh, Fiachra Mac Ionnrachtaigh, Siún Ní Dhuibhghiolla R5 Lucy Ní Airtnéide, Anna Nic Cárthaigh R6 Jamie Ó Conaire, Iarlaith Mortún.