Nuachtlitir na Nollag 2016

Jan 12, 2017

Nollaig 2016

Aonach na Nollag

Beidh Aonach na Nollag again Satharn 3 Nollaig.  Tá gá again le hearraí ar ard-chaighdeán, duaiseanna do Roth an Áith agus Seastán na mBuidéal, cárta Chrannchur na bPáistí a bheith líonta agus tugtha ar ais agus slua mór ar an lá.  Agus tar éis sin is uile, tá do chabhair uainn ar an lá le seastán nó glanadh suad.  Go raibh maith agaibh as bhur dtacaíocht.

Aonach time is here again.  We need high value goods, prizes for Wheel of Fortune and bottle stall, raffle cards to be filled in and returned and for you to come along on the day and enjoy yourself.  As well as bleeding you dry, we would like you to volunteer to help out in some way by manning a stall for an hour or helping with the clean-up.

Ath-Oscailt na scoile

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh agus a tháinig go hOscailt Oifigiúil Scoil Lorcáin 11 Samhain 2016.  Bhí oíche den scoth againn, breis is 300 duine sa halla agus meascán álainn de sheanfhondúirí agus de thuismitheoirí úra.  D’oibrigh an Bord agus Coiste na dTuismitheoirí an-dian chun an oíche a eagrú.  D’oibrigh daoine  eile go dian, chomh maith. Is mian linn buíochasa ghabháil le Paula Uí Mhurchú, Feargal Condúin, Cyril Kavanagh, Anna Ní Choncheanainn agus Mairéad Ní Chiosáin go speisialta.  Leanfaidh cuimhne ha hóiche go ceann i bhfad.

We’d like to thank all who helped with and who attended our Oíche na nAislingí – Oscailt Oifigiúil Scoil Lorcáin on the 11th November.  We had a huge crowd of current and past parents, teachers and pupils.  It was heartening to see such an attendance and to hear the old-timers express their content that their work and vision was still bearing fruit.

Oscailt na bPáistí

Bhí lá den scoth ag na páistí ar scoil Luan 14 Samhain, Lá Naomh Lorcán.  Fuair siad feiríní, bheannaigh an tAthair Lomán an scoil, léadh Aifreann Lorcáin agus níor deineadh aon obair ar chor ar bith.  Lá foirfe.

It was such a perfect day when we opened and blessed the school with the pupils on Monday 14th November, Feast of Naomh Lorcán.  We were glad to spend it together.  We heard Mass, got presents and did no work, what-so-ever.  These are the days that keep us hanging on.

Árachas ar pháistí na scoile

Glacann an scoil páirt i Scéim Árachais Phearsanta do Pháistí.  Díolann tuistí as leis an mBille Leabhar ag tús na bliana.  Tá na sonrai thíos.

http://www.pupilcover.ie/schools/

The school operates a personal accident scheme for all pupils.  Parents pay for it as part of the Book Bill at the beginning of the year.  Details available at link above.

Foireann fichille

Tá foireann fichille curtha isteach ar chomórtas Scoileann Laighean againn don chéad uair.  Tá babhta buaite agus babhta caille ag Conor, Conor, Conor agus Rónán.  Go n-éirí leo sna babhtaí eile.  Buíochas le Donnchadh Mac Aogáin, ár Máistir Fichille.

We have entered a Chess team in a Leinster Schools League for the first time.  We have won one and lost one  thus far.  Thanks to the parents who are helping and to Donnchadh Mac Aogáin  – our Chess Master.

Páirc an Chrócaigh

Grianghrafanna ar fáil anseo ó Pháirc an Chrócaigh.  Comhghairdeas arís leis na buachaillí agus leis na múinteoirí.

https://www.flickr.com/photos/cnmb_ath_cliath/albums

Photographs from the boys final in Croke Park are available at the link above.  Congratulations, again, to the boys and the teachers involved.

Pleananna Tráchta Bhóthar Alma is an Cheantair

Tá buairt ar Bhord Bainistíochta Scoil Lorcáin faoi na moltaí do chúrsaí tráchta i gceantar na scoile.

Cuireann an scoil an-bhéim ar thaisteal gan gluaisteáin, le béim ar shiúl, rothaíocht, scútáil agus iompar poiblí.  Aineoin sin, tiomáineann roinnt mhaith tuismitheoirí chun na scoile.  Dár ndóigh, tá a lán páistí an-óg le tabhairt anseo.  Cuirimid a lán béime ar pháirceáil tamall ón scoil agus siúl don chuid dheireannach.  Páirceálann roinnt mhaith tuismitheoirí ar Bhóthar Alma agus ligeann siad dá bpáistí siúl tríd Lána Alama chuig an scoil.  Tá eagla orainn nach mbeidh sé seo indéanta faoi na moltaí nua.  Beidh ar thuismitheoirí páirceáil níos faide ón scoil agus siúl chomh fada leis an scoil leis na páistí agus ansin ar ais chuig an ngluaisteán, rud a chuirfidh go mór le fadhbanna páirceála, nó beidh orthu tiomáint isteach do Cearnóg Eaton, rud a chuirfidh go mór leis na fadhbanna tráchta timpeall na scoile. Bheimís buíoch dá gcaomhnódh an plean an úsáid a bhaineann pobal na scoile as Bóthar Alma mar áit gur féidir stopadh agus ligint do na páistí siúl chun na scoile iad féin.

Tá eagla orainn, chomh maith, leis an gcóras molta aontreo don cheantar, go mbeidh ar thuismitheoirí cúrsa timpill a thógaint agus iad ag tiomáint chun na scoile, rud a thabharfaidh isteach i dtrácht níos troime iad, rud a chuirfidh leis na fadhbanna tráchta.

Seo thíos tuairim áitritheora áirithe:

The following is a note from a local resident re plans by the NRA for traffic measures along the coastal strip of South County Dublin.  “The specific area of concern is the plan to make Seapoint Avenue and Alma Road one-way.

Our overall concern is the increased traffic that will be diverted from Seapoint Avenue up Alma Road.  With the amount of parents/children that use the Alma Road laneway the proposed changes will impact Scoil Lorcain:

Alma Road becomes a feeder for all traffic from Dun Laoghaire up to Monkstown Road and heading into town in the morning – not ideal for all parents dropping kids off at Alma Road to walk down the laneway.

Alma Road is a one-way, which will mean all schoolchildren coming from Monkstown Road will no longer be able to drive down, and will have to join the Rock Road morning traffic to then come back down Seapoint Avenue and try and turn up Alma Road.

If Alma road becomes one way and they include a cycle lane, the odds are they will remove parking spaces on one side of the road, which means little space for residents, but particularly none for parents waiting to pick up their children.

Details of the proposed changes are covered in Page 57 of the document – all submissions can be raised on November 22/23 in the Tara Towers or else written submissions by December 16th.

 

https://www.nationaltransport.ie/consultations/nta-opens-consultation-on-ambitious-proposals-to-tackle-merrion-gate-bottleneck/

Dátaí don Dialann

Céadaoin 15 Feabhra  Rang 2 Chéad Fhaoistin

Céadaoin 15 Feabhra Rang 6 Aifreann na nGeallúintí.

Céadaoin 15 Márta Rang 6 Cóineartú

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge

21 Samhain

R1 Lucia Nic Shim, Art Mac Conghail, Finian, R2 Traolach Ó Súilleabháin, Ruairí Ó Condúin, R3 Fionn Ó Dúnaigh, Louise Crotty, Niomi Ní Aodha R4 Seoinín Ní Sheafraigh, Aengus Ó Néill, Turlough Ó Síocháin, Máire Groome. R5 Róisín Dubh, Finn Ó Donnaile. R6 Oisín Mac Tiarnáin, Annalivia Ní Aodha, Ailbhe Ní Chroidheáin.

Tiúibíní
Tá cainéal nua YouTube do pháistí seolta ag Macalla Teoranta darbh ainm TIÚIBÍNÍ. Tá beirt deartháracha mar ‘réaltaí’ i gcuid des na físeáin agus tá’n buachaill is sine i Scoil Lorcáin – Mac Dara Ó Drisceoil. Tá’n nasc anseo thíos:

https://www.youtube.com/channel/UC5lZ-HW0s_QMwBeMPukNRBw

A link above to a new youtube channel with children’s videos in Irish, some starring children from Scoil Lorcáin.

 

Ceolchoirmeacha na Nollag

Do na tuismitheoirí

Máirt 20 Nollaig

9.30 Ceolchoirm na Naíonán

 

10.30 Ceolchoirm 1 Sraith A

R1 In. Uí Dhuinneacha agus R2 In. Uí Dhóláin

R3 In. Firtéar agus R4 Máistir Mac Aogáin

R5 In. Uí Labhairí agus R6 Bn. Uí Lúing

 

11.45 Ceolchoirm 2 Sraith B

R1 In. Mhic Fhionnghaile agus R2 In. Uí Choitir

R3 In. Uí Mhurchú agus R4 In. Mhic Íomhair

R5 Máistir Ó Flatharta agus R6 Máistir Ó Ceallaigh

 

Tionól an Chultúir

Táímid chun Tionól Ócáidiúil an Chultúir a bheith againn sa scoil ar Aointe anois is arís.  Beidh ranganna éagsúla ag canadh, seinnt, aithris agus ag rince.

We’re going to have an occasional Tionól an Chultúir (Assembly of Culture, works better in Irish) on Fridays.  Various classes will sing, recite, play and dance.

Ilchultúrachas agus Frithchiníochas

Tá béim á cur sa scoil againn i mbliana, don chéad uair, ar ilchultúrachas agus frithchiníochas.  Beidh aonad 4 seachtaine á dhéanamh ag gach rang sa Chéad Téarma ar an ábhar seo.  Beimid ag caint faoi leis na páistí go neamhfhoirmeálta, ó am go ham, chomh maith.  Ní dhéanfadh sé aon dochar labhairt faoin gceist sa bhaile.

We’re emphasising multiculturalism and anti-racism this year in the school.  Every class will complete a 4 week unit on the subject in the first term.  We are also taking informal opportunities to talk to the children about the issue.  It would help for parents to talk at home about the subject.  Go raibh maith agaibh.

Cabhair sa Leabharlann

Tá an Leabharlann á cur i bhfearas againn, ar deireadh.  Má ta fonn ar aon tuismitheoir cabhrú linn (droch-phá, an-sásamh), ní gach ach labhairt le Colmán nó Rós.

We’re putting our library in order, at last.  If any parent would like to help (low wages, high satisfaction), please talk to Colmán or Rós.

Pádraig Ó Méalóid

Bhí brón orainn cloisteáil faoi bhás Phádraig Uí Mhéalóid le déanaí.  Mhúin Pádraig i Scoil Lorcáin sula ndeachaigh sé ag obair in RTÉ.  Déanaimid comhbhrón lena pháistí – Seán, Pádraig, Gráinne, Caitríona, Máirtín agus Micheál – iarscoláirí uile.

Páirceáil sa lána

Is d’fhoireann na scoile amháin na spásanna páirceála sa lána in aice na scoile.  Ní ceart do thuismtheoirí ná d’éinne eile páirceáil iontu gan socrú a bheith déanta chuige sin roimh réidh.

The parking bays in the lane adjacent to the school are for school staff only.  Neither parents, nor anyone else, should park there unless by prior arrangement.  Go raibh maith agat.

Geansaithe Nollag

Beidh cead ag páistí geansaithe Nollag a chaitheamh ar scoil Aoine 9 Nollaig.  Táimid ag tabhairt cuireadh dóibh €2 a thabhairt isteach ar mhaithe le FOCUS ar an lá céanna.

Children may wear Christmas Jumpers on Friday 9th December.  We are inviting them to contribute €2 to a collection for FOCUS on that day.

Brístí Scoile

Bhíodh stór brístí scoile againn do pháistí 4 – 8 bl i  gcás timpistí.  Tá an stór ídithe anois mar nár tháinig siad ar ais chughainn.  Má tá bríste agat sa bhaile nach bhfuil uait a thuilleadh, b’fhéidir go bhfágfá le Rós in Oifig na Scoile é, ldt.

We used to have a store of school trousers 4 – 8 yrs in case of accidents in school.  However, our store is empty because they haven’t come back to us.  If you have a small school trousers surplus to requirements, you could leave it in with Rós.  Many thanks.

Polasaí Cláraithe

Tá an Bord Bainistíochta tar éis cinneadh a dhéanamh áiteanna a thairscint ar bhonn ‘duine is sine ar dtús’ sa chás go mbíonn níos mó siblingí ar an liosta iarrthóirí d’aon bhliain ar leith ná mar atá áiteanna ar fáil dóibh.  Dá bharr sin, as seo amach caithfear Teastais Breithe a chur ar fáil nuair atá sibling á gclárú seachas nuair atáthar ag glacadh le tairscint áite.  Buíochas leo siúd a chur tuairimí isteach.

The Board of Management has decided, in principle, that if we are unable to accommodate all siblings of current pupils in the Junior Infants in any given year that places will be allocated on an ‘oldest first’ principle.  Birth Certs must now be presented when registering siblings, rather than when accepting an offer of a place.  Thanks to those who wrote in on the subject.

Dea-scéal

Comhghairdeas le Tim Carey as an ainmniúchán a fuair a leabhar  – Dublin Since 1922 – le déanaí.

Congratulations to past-parent Tim Carey (father of Aron and Jennifer) whose  book Dublin Since 1922 was shortlisted for a Bord Gais Energy Irish Book Award. 
Gaelscoil nua

Féach an t-eolas thíos agus scaip an scéal, le do thoil, ar aon duine eile  a mbeadh suim acu.

BUNSCOIL ILCHREIDMHEACH LÁN-Ghaeilge i nDún Laoghaire

Tá se fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil bunscoil nua le hoscailt i gceantar Dhún Laoghaire in 2017.  Tugann Bord Bainistíochta Scoil Lorcáin tacaíocht don bhfeachtas do ghaelscoil nua i nDún Laoghaire.  Más maith leat go mbeidh scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach ar fáil mar rogha sa cheantar seo, líon isteach foirm léirithe spéise inniu.

The Department of Education & Skills has announced that a new primary school is to open in the Dún Laoghaire area in September 2017.   The Board of Management of Scoil Lorcáin supports the campaign for a new gaelscoil in Dún Laoghaire.  Let anyone else who may be interested know.  If you would like to have the choice of a multidenominational

Gaelscoil in this area, please fill out an expression of interest form today. www.gaelscoileanna.ie/dunlaoghaire/

 

Fógra

Bíonn Cúram Iarscoile Explorers’ i Scoil Lorcáin ar oscailt ó 2.15 go dtí 6.15 gach lá i rith an bhliain scoile.

Bíonn féitheoireacht ar obair bhaile scríofa gach lá. San áireamh sna táillí tá 3 ghníomhaíocht sa tseachtain, gníomhaíochtaí cosúil le damhsa, dramaíocht, karate agus spórt.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh idirlín www.explorersafterschool.com

Seoil ríomhphost chuig  explorersafterschool@gmail.com nó cuir glaoch ar Míde 0876367916 más rud é go bhfuil foirm áirithinte ag teastáil. Tabharfar na spásanna amach ar dtús do na daoine a thagann ar dtús.

We are an Afterschool Club in Scoil Lorcáin since September 2016.  Cúram Iarscoile Explorers in Scoil Lorcáin is open from 2.15 – 6.15  every day during the school year.

We supervise all written homework.

Included in the fees are 3 activities each week, activities like dancing, drama, karate and sport.  There is further information on our website www.explorersafterschool.com

 

Fógra
Ag lorg tuismitheoir/duine chun beirt buachaillí a bhailiú ag 2.15 agus iad a thabhairt go dtí Sharavogue Creche and Montessori i nGleann na Gaorach, Luan go hAoine, nó fiú cuid den tseachtain.

I seek a parent/student/person who is capable of bringing 2 boys from one school to the aftercare facility in the other, where younger siblings are currently attending. Ideally, someone who can do 5 days a week, but not necessarily as there is some flexibility. Perhaps someone else is already making a similar journey and we can join ranks and share the load.

Uimhir teileafón:0871343878

Méabh Ní Bhroin

 

Ceolchoirm le Moya Ní Bhraonáin

Céadaoin21 Nollaig 7.30 in

Séípéal Bhaile na Manach

Arna eagrú ag

Craobh Phiarais Uí Ghréagáin CCÉ.

Ticéídí €15/10

An Irish Christmas  Moya Brennan

Monkstown Church

Wednesday 21st December 7.30 pm

Tickets available from Hewitts

www.moyabrennan.com