Nuachtlitir na Nollag 2015

Feb 01, 2016

Bronnadh an Bhrait

Tháinig na Ceannairí Seán Ó Gallchóir agus Conor Ó Maoilmheadha ó Óglaigh na hÉireann chughainn chun an brat náisiúnta a bhronnadh orainn.  Léadh Forógra na Cásca le cabhair ó Hilary Ní Mhuirgheasa agus Conor Dubh, chanamar Amhrán na bhFiann agus d’fhreagair na saighdiúir ceisteanna faoin saol san Arm.  Bronnadh cóip d’Fhorógra na Cásca ar Mhatthew Mac Uaid agus Eryn Nig Ráine as na Naíonáin Shóisireacha.

Táimid buíoch dod na saighdiúirí as an am a chaith siad linn.  Ardóimid an brat nuair a fhaighimid cuaillí cearta chuige sin.

We were presented with the National Flag and a copy of the Proclamation by two soldiers recently.  The whole schoool attended the ceremony.  The Proclomation was read and Amhrán na bhFiann sung.  We will raise the flag when we have a proper flagpole in place.

 

Páistí Déanacha

Tháinig 128 páistí ar scoil go déanach Dé Máirt, 131 Dé Céadaoin agus, fós,  78 Déardaoin tar éis dúinn litir a sheoladh abhaile.  Níl sé maith go leor.

128 children were late on Tuesday, 131 on Wednesday and, still, 78 on Thursday, after the note was sent home to all families.  We really must do better.  Please help us with this.

 

Bord Nua Bainistíochta

Ba mhaith linn fáilte a chur roimh an mBord nua Bainistíochta a bheidh i mbun na scoile ar feadh ceithre bliana.  Seo thíos na baill:

Cathaoirleach: Muireann Ní Mhóráin

Dara hAinmní an Phátrúin: Aisling Lavelle

Ainmní na Múinteoirí: Gráínne Uí Lúing

Príomhoide: Colmán Ó Drisceoil (Rúnaí an Bhoird)

Ainmnithigh na dTuismitheoirí: Cathy Ní Riain , Conor Olden

Ionadaithe ón bPobal: Méabh Ní Néill, Páraic O Toole

Táimid an-bhuíoch dóibh go léir go bhfuil siad sásta a gcuid ama a chaitheamh ag obair ar son na scoile.  Is ceart scríobh chuig: An Cathaoirleach, Scoil Lorcáin, más mian leat aon ábhar a phlé.

The members of the new Board of Management are listed above.  Thanks to them for taking on the four year term.  If you wish to make contact with the Board you should write to the Cathaoirleach, c/o Scoil Lorcáin or email scoillorcain1@eircom.net.

 

Aonach na Nollag

Ba mhaith le Coiste na dTuismitheoirí agus Fo-choiste Aonach na Nollag buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an Aonach i mbliana in aon bhealach agus le gach duine a tháining ar an lá.  D’éirigh go sár-mhaith leis an lá.  Rinneamar brabús c €10,500, agus ní beag san.  Feicfidh sibh thíos an brabús a deineadh ar roinnt de na seastáin.  Dár ndóigh, is ócáid iontach shóisialta í an tAonach agus tá an taobh sin an-tábhachtach, chomh maith.  Bhain Daidí na Nollag an-taitneamh as a bheith ag bualadh leis na páistí go léir ó Scoil Lorcáin agus as a bheith ag labhairt Gaeilge leo.  Dúirt sé go raibh siad go léir go hiontach, agus go mbeidh cuairt á tabhairt aige orthu Oíche Nollag, ach iad a bheith ina gcodladh go sámh.  Moladh speisialta do dhaltaí Rang 6 a rinne éacht laistigh agus lasmuigh.

Foilseoimid lisota dár n-urraithe i Nuachtlitir Eanáir.

 

Leabhair €435.62
Crannchur 1 Ticéidí €1,037.40
Crannchur 2 Billeoga Gorma €2,088.50
Borgairí €505.00
Cístí €590.32
Bréagáin €770.35
Doras €1,074.60
Milseáin €388.01
Buidéil €1,315.00
Caifé Gaelacha €439.39
Roth an Áidh €916.12
Daidí na Nollag €1,144.22
Bric & Breac €463.51
Ceardaoíchat/R6 €939.95
 

Aonach na Nollag was a great success.  Thanks to all who helped and all who came.  We pulled in c €10,500 profit.  Well done to Coiste na dTuismitheoirí and the organising sub-committee.  The big earners are listed above, but, of course, the Aonach is hugely important as a social event.  Santa Claus said all the children who visited him were really good boys and girls and that he was looking forward to visiting their houses Christmas Night.  Special mention to the children from Rang 6 who excelled themselves this year more than ever.

 

Suíomh nua Idirlín

Tá ár suíomh nua idirlín seolta againn.  Ba bhreá linn go dtabharfadh sibh cuairt air.  Buíochas le  hUsna Tunney ag pointblank.ie as an obair go léir.  Bhí sé éifeachtach, díograiseach, tuisceanach.  Mholfaimís é.

We’ve launched our new website.  We hope you like it.  Thanks to Usna Tunney from pointblank.ie who designed and constructed it.  He was a pleasure to work with.  We would have no hesitation in recommending him.

 

Buaiteoirí Chrannchur na Nollag:

Samsung Galaxy  Tab 4: Conor Ó hAodha

Bábóg Cailín Meiriceánach: Iseult nic Giolla Easpaig

Cathair Lego:  Aoife Ní Drisceoil

Build a Bear:  Cooper Murphy

Dearbhán Movies@Dundrum: Cian Mac Aonghusa

Bosca Mór Milseán: Eoin Ó Cairealláin

Míle buíochas le Susan Rodgers as a hobair go léir air seo.

Thanks to Susan for all her work on this raffle again this year.

 

Ranganna Iarscoile Eanáir 2016

Scaipfidh na múinteoirí nótaí ag tús Eanáir.

Ealaín Rang 3 ags 4,  Dé Máirt, Caitríona Nic Íomhair

Amhránaíocht – Luan (agus ní Céadaoin, mar a luadh roimhe seo) Aodán Ó Ceallaigh

Ranganna fidile Dé Luain le páistí rang 3-5 atá/a bhí ag seinm ar feadh bliain nó dhá bhliain roimhe seo, Ciara Nic Giolla Bhríde

Rangann Fidile Dé Céadaoin do thosaitheoirí Rang 1 & 2. Ciara Nic Giolla Bhríde

Ceoldrámaíocht – Ranganna 5+6, Máirt, Ann Marie Ní Labhairí

Fuáil – Ranganna 5+6, Déardaoin Ann Marie Ní Labhairí

Ealaín Rang 1 agus 2 Dé Máirt Aisling Nig Fhionnghaile

Ríomhairí Rang 1-3 Dé Céadaoin agus Déardaoin Orla Ní Choitir

Notes will be distributed in January for the after-school classes listed above.

 

Forbairt

Faraor, tá cúrsaí forbartha ag bogadh i bhfad níos moille ná mar a bhíomar ag súil leis.  Tá an chuma ar an scéal anois nach mbeidh lucht tógála réidh leis an athchóiriú go dtí Mí Feabhra am éigin.  Tá an-bhrón orainn faoi seo.

Unfortunately, the refurbishment of the main building is going slower than we hoped, much slower.  It looks now like we won’t be moving in until February some time.  We’re sorry about this.  Believe us, we are at least as disappointed.

 

Ceolchoirmeacha na Nollag

Tá fáilte roimh thuismitheoirí grianghrafanna agus físeáin a ghlacadh ach níl cead iad a chur suas ar aon suíomh poiblí.

Parents are welcome to take videos and phototgraphs at the Christmas Concerts,but they may not be posted on any social media.

 

Litir ó áitritheoir thíos.

Níl aon rud mí-réasúnta sa litir thíos.  Tiomáin agus páirceáil go réasúnta, le do thoil.

Letter from a local resident:

Hi this is about parents parking in the square at pick up and drop off . I understand that children need picking up and dropping off near to school but the parents could have a bit more consideration for residents , they double park block other cars in,
I took 10 minutes to get out from outside my own house which in turn made me
late to pick my own children up .  …. I find it very frustrating . The same parents would not like it if I parked outside their houses blocking them in daily .

Above is a letter we received recently from a local resident.  Please drive and park respectfully around the school.

 

Seó na Nollag

An Chultúrlann    Déardaoin 17 Nollaig

 

  1. 30 Seó N Shóisir

 

  1.      10.30 Seó N Shinsir

 

Beidh fáilte roimh bheirt dhaoine fásta teacht do gach páiste.  Tá brón orainn, ach níl spás sa halla do bhreis air seo.  Níl cead páistí scoile a thabhairt chuig na seóanna.  Gheobhaidh siad sin seans iad a fheiscint ar an Aoine.  Is ceart do na Naíonáin a bheith ar scoil ag 8.35 mar is gnáth maidin Déardaoin.  Beidh siad ag dul ar ais chun na scoile tar éis an tSeó.  Ní thógfaidh aon seó ach c 20 nóiméad.  Beidh Oíche Chiúin á chanadh ag gach duine.  Bímís ag cleachtadh.

 

Parents/Guardians/Grandparents are invited to the infant Christmas shows Thursday 17th December in Cultúrlann na hÉireann, Belgrave Square. We’re sorry, but because of space constraints, we only have room for two adults per child.  Other Scoil Lorcáin pupils may not attend these shows.  They will have an opportunity to see them on Friday.  Children should come to school at 8.35 as normal Thursday morning.  They will be returing to school after the show until normal home time.  Each show will only last c 20 minutes.  All will take part in the singing of Oíche Chiúin (Silent Night).  Lyrics below .

 

1916

Tá seacht dteaghlach sa scoil a raibh gaolta leo páirteach in imeachtaí 1916 atá sásta a bheith páirteach i gComóradh 1916 sa scoil.  Beimid ag fógairt na n-imeachtaí i Mí Eanáir, ach tá sé i gceist go mbeadh imeacht do na daltaí agus imeacht poiblí Gaeilge do phobal na scoile agus an cheantair.

We have seven families in the school who have relations who were involved in 1916.  These families are willing to become involved in our commemoration.  We hope to have pupil centred activities as well as an Irish public event for the school community and the general public.  More details in January.

 

Corn Mhig Uidhir

Tháinig Sam ar cuairt Dé hAoine seo caite.  Míle buíochas le Michael Fitzsimons a thóg am óna staidéar chun an corn a thaispeáint dúinn.  Féach roinnt pictiúr ar ár gcuntas Twitter.

Fitzsimons for bringing him.

Baile Átha Cliath abú.

 

Lá Geansaí Nollag

Beidh cead ag na páistí geansaí Nollag a chaitheamh ar scoil Dé Luain 21 Nollaig.  Tugaimid cuireadh daoibh €2 a dheonadh do charthannacht ar an lá.

Pupils may wear a Christmas jumper on Monday 21st December.  They are invited to donate €2 to charity on the day.

 

Léirmheas Leabhar na Nollag

Beidh nóta ar leith ag dul abhaile faoi chuireadh a bheidh á thabhairt againn do na páistí léirmheas leabhar ‘difriúil’ a dhéanamh i rith na Nollag.

A separate note will be sent home about an invitation we will be giving to the children to review (with a difference) a book over the holidays.

 

Bríd Firtéar

Comhghairdeas le Bríd Firtéar Captaen Fhoireann Tag Rugbaí na hÉireann ar éirigh léi a fhoireann a thabhairt chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais, áit ar chuir An Astráil deiradh lena rith.

Well done to Bríd Firtéar who has returned from captaining the Irish Tag-Rugby team to a quarter-final  placing in the world cup in Australia.

 

Sneácha sa Ghruaig

Seiceáil gruaig do pháiste go rialta, le do thoil, do shneácha agus glac na ceimeanna cuí, má aimsíonn tú iad.  Ba cheart gruaig fhada a bheith ceangailte suas, le do thoil.

Please check your child’s hair regularly for nits and take appropriate action when found.  Long hair needs to be tied up in school, please.

 

Coiste na dTuismitheoirí

Tá tuismitheoir á lorg ag Coiste na dTuismitheoirí chun Scéim na nUirlisí a eagrú, Beidh Clare Grehan ag éirí as tar éis roinnt blianta.  Is féidir teagmháil le Clare ag claremfgrehan@gmail.com

Tá beirt Leas-chisteoirí á lorg chun cabhrú leis an gCisteoir Lara Henry.  Is féidir teagmháíl le Ciara Uí Aodha an Cathaoirleach ciarahayes@gmail.com má tá suim agat.

Coiste na dTuismitheoirí are looking for someone to take over from Clare Grehan  running the instrument rental scheme.  They are also looking for two Assistant Treasurers.  Don’t leave it to some one else, please, if you think you can help.

 

Grianghrafadóir

Comhghairdeas le Tadhg Verdier Rang 6 as saoire clainne a bhuachaint i gCosta Rica ó National Geographic  le pictiúr dá dheirfiúr ar an trá:

http://ngkids.co.uk/kids-club/photo-competition-entries-2015

Congratulations to Tadhg Verdier for winning a 9 day family holiday in Costa Rica for a photograph of his sister on a beach. 

 

Cór Mhichíl Naofa, Dún Laoghaire

Aifreann an Domhnaigh 10rn.

Ar mhaith leat ceol a dhéanamh linn ?

Fáilte roimh gach éinne, (óg, sean agus méan-aosta !)

chun canadh agus chun ceol a dhéanamh leis an gcór in onóir Dé.

Siúl isteach, fáilte romhat gach Domhnach ag 09:45rn.

Cór Mhichíl Naofa, Dún Laoghaire

Sunday 10am Irish Mass

Would you like to join the Irish choir/musicians ?

Everybody (of all ages !) welcome, to sing/play music.

Be there at 9:45am any Sunday !

 

Saoire na Nollag

Beidh an scoil ag dúnadh don Nollaig Máirt 22 Nollaig ag 12.00 meán lae.  Beimid ag athoscailt Dé Céadaoin 6 Eanáir 2015.

We’re closing for Christmas Tuesday 22nd at 12 noon and re-opening Wednesday 6th January.

 

OÍCHE CHIÚIN
Oíche chiúin, oíche mhic Dé,
Cách ‘na suan, dís araon,
Dís is dílse, ‘faire le spéir,
Naíon beag gnaoi-Gheal, ceananntais caomh,
Críost ‘na chodladh go séimh, Críost na chodladh go séimh.

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala an scéal,
Allelúia aingeal ag glaoch,
Cantain tSuairc i ngar is í gcéin,
Críost ár Slánaitheoir féin, Críost ár Slánaitheoir féin.
Ceolchoirm le Moya Ní Bhraonáin

Déardaoin 17 Nollaig 7.30 in

Séípéal Bhaile na Manach

Arna eagrú ag

Craobh Phiarais Uí Ghréagáin CCÉ.

Ticéídí €15/10

An Irish Christmas  Moya Brennan

Monkstown Church

Thursday 17th December 7.30 pm

Tickets available from Hewitts or

Oifig an Phoist in Baile na Manach

www.moyabrennan.com

 

Nollaig Shona

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí agus do phobal uile na scoile.

Merry Christmas agus Happy New Year to all our readers and the whole school community.