Nuachtlitir Mheán Fómhair 2017

Jan 22, 2018

Oíche Eolais agus Shóisialta

Céadaoin 27

Do thuismitheoirí na Naíonán, Rang 1 agus Rang 6

Cruinniú Eolais 8.00 in

Oíche Shóisialt 9.00 in

Information Night and Social for parents of Infants, Rang 1 and rang 6 Wednesday 27th September.

Information Session 8.00 pm

Social Session 9.00 pm

 

Iarscoláirí Abú

Comhghairdeas leis an iarscoláire Martha Ní Bhroina bheidh ag imirt le B.Á.C. i gCraobh na hÉireann i gcoinne Mhaige Eo ag deireadh na míosa agus le Sinéad Wylde a bheidh ag imirt le Baile Átha Cliath Dé Domhnaigh i gcoinne ha hIarmhí sa Chraobh Camógaíochta Sóisirigh.   Comhbhrón leis na hiarscoláirí Marc Ó Treasaigh, Peadar Ó Cofaigh Byrne a chaill Leathchraobh Peile F 18 agus Diarmuid Ó Floinn a chaill Leabhchraobh Iomána F18.

It’s great to see so many past-pupils excelling on GAA and other sporting fields for Dublin and other teams.

 

An Clós ar maidin

Bailíonn na múinteoirí na ranganna ag 8.35 rn agus ba cheart do pháistí a bheith sna línte faoin am seo.  Ní bheidh aon pháiste i dtrioblóid as a bheith déanach, ach ní ceart a bheith déanach muna bhfuil cúis mhaith chuige sin.  Is gné de shaol na scoile í an phoncúlacht a luaigh na cigirí a thug cuairt orainn arú anuraidh.

Please have your child in school by the time the teacher collects the class at 8.35 am.  No child will be in trouble for being late, but parents may be.  The Inspectors noted that we could improve on this aspect of the school when they visited us the year before last.

 

Geansaithe Contae

Tá cead ag na páistí geansaithe peile a rogha contae a chaitheamh Dé hAoine 15 Meán Fómhair roimh Chraobh Shinsireach Peile na bhFear ar an Domhnach agus ar an Aoine 29 Meán Fómhair roimh Chraobh Shinsireach Peile na mBan.  Baile Átha Cliath abú.

Children may wear their preferred county jersey next Friday 15th September to celebrate the Men’s All-Ireland Football Final and Friday 29th September before the Dubs take on Mayo in the Senior Ladies’ Gaelic Football Final.  Up the Dubs.

 

Comhbhrón

Ba mhaith linn comhbhrón a dhéanamh le hAibhlínn Báicéir Rang 1 agus lena gaolta as bós tragóideach a máthair Aoife Baker an tseachtain seo.  Suaimhneas síoraí di.

We offer our condolences to Aibhlínn Báicéir  in Rang 1 and to her relations on the tragic death of her mother Aoife Baker this week.

 

Billí Leabhar – Bealach  íoctha.

Buíochas leo siúd go léir a dhíol an bille leabhar cheana féin.  Don bheagán nár íoc go fóill, b’fhearr linn go n-íocfaí billí ar líne.  Muna n-oireann sé sin duit, tá fáilte romhat an bille a dhíol le seic  go dtí an oifig.

Thanks to all the families who have paid their book bills thus far on line.  For the few families who have yet to pay, this is our preferred method of payment.  If this doesn’t suit you, then you are welcome to pay by cheque to the school office.

 

Síntiús Deonach

Má rinne tú dearmad an síntiús deonach a dhíol roimh an samhradh is féidir é a fhágaint isteach san Oifig go fóill do Choiste na dTuismitheoirí.

If you forgot to pay last year’s voluntary contribution, it can still be left in the office for the parents’ committee.  Thank you.

 

Peil

Beidh cleachtadh peile do chailíní Rang , 5 agus 6 an tseachtain seo i mBóthar Bhaile Thomáis.  Roghnófar an painéal don fhoireann ansin.  Tá leagan amach na gcluichí thíos.  Níl aon gheallúint go bhfaighidh aon pháiste ar leith áit ar fhoireann áirithe.  Déanaimid ár ndícheall do na páistí i gcothromaíocht lenár ndícheall déanamh go maith sna cluichí.

Beidh ar thuismitheoirí a socruithe féin a dhéanamh ó thaobh taisteal go cluichí agus traenáil.  Ní féidir linne cabhrú anseo ar bhonn chaomhnú pháistí.  Beidh Foireann na gCailíní ag imirt Dé Céadaoin i gcomórtas Chumann na mBunscol .  We’re having football practise for   Rang 5-6 in Thomastown this week after which the panel will be arranged .  Matches start the following week until the mid-term on Wednesdays for girls and Thursdays for boys.  We try to strike a balance between being competitive and giving as many as possible a chance.

Parents will have to make their own arrangements to get their children to training and matches. 

 

Taisteal ar scoil

Iarraimid ar gach duine leanúint ar aghaidh leis an iarracht iontach ón mbliain seo caite ag laghdú an méid tráchta timpeall na scoile.  Is féidir siúl, rothaíocht, scútáil, eitilt nó canoeáil ar scoil.   Má tá tú ag tiomáint is féidir páirceáil tamall ón scoil agus siúl uaidh sin.  Ní bheidh aon pháiste i dtrioblóid as ucht a bheith déanach.  Agus páirceáil go cúramach, pé áit a ndeineann tú í.

It would be great if we could keep up the huge effort from last year in reducing the traffic around the school.  Walk, cycle, scoot, canoe, bus, dart, fly or run to school.  If driving, park some way from the school and walk from there.  No child wil be reprimanded for being late.  And, of course, park with due care wherever you park.

 

Teacht isteach sa scoil i rith an lae

Tar éis do na múinteoirí na ranganna a thabhairt isteach ar maidin dúnfar na doirse go léir.  Is gá d’aon chuairteoirí nó tuismitheoirí ar mian leo teacht isteach teacht go dtí an príomhdhoras ansin.   Tá an doras sin ar ghlas maignéadach.  Scaoilfear cuairteoirí isteach ansin de réir mar is caoi.

Once classes have been brought into school at 8.35 all external doors will be locked, or should be at least.  Entrance to the school after that will be by way of the main door, only.  This door is on a magnetic lock and visitors must be allowed in by a member of staff

 

Maidin Caifé Scoil Lorcáin

Maidin caifé don Oispís

Dáta: Déardaoin 14 Meán Fómhair.

Ám : 8:30 – 9.30 ar maidin.

Más féidir leat cabhrú leis an Maidin Caifé labhair le Paula, ldt, nó tabhair d’ainm do Rós san Oifig.

Coffee Morning for the Blackrock Hospice Thursday morning 14th in the school 8.30 – 9.30 am.  If you can help with the Coffee Morning have a word with Paula or leave your name with Rós in Oifig na Scoile, please.

 

Úsáid uaireanta Pháirc an Chrócaigh

Déanann na múinteoirí sa scoil 36 uair a chloig oibre neamhtheagmhála ar chuid de Chomhaontas Pháirc an Chrócaigh.  I measc na mbuntáisti a bhainimid as an am seo tá cruinniú míosúil foirne (10 uair),  cruinnithe ullmhúcháin ag tús na scoilbhliana (6 uair), cruinnithe fhorbairt polasaithe (10), cruinnithe tuismitheoirí/múinteoirí (2) agus uaireanta inseirbhíse (8).Dár ndóigh, caitheann na múinteoirí a lán ama lasmuigh den chomhaontas thuasluaite ar imeachtaí den chineál seo agus ar ghníomhíochtaí deonacha eile.  Bíonn na cruinnithe againn gach dara Luan tar éis am scoile, go ginearálta.

The teachers in Scoil Lorcáin fulfil 36 hours non-contact hours as part of the Croke Park Agreement.  The uses we put these hours to include 10 hours spent on monthly staff meetings, 6 spent on a preparation at the start of the school year, 10 hours spent on policy formation, 2 hours on parent/teacher meetings and 8 on inservice.  Of course, the teachers spend many more hours outside of the agreement on activities such as these and on other voluntary work.  We usually hold these meetings every second Monday after school time.

 

Laethanta Gleacaíochta na Naíonán

Beidh Scileann Peile agus Iomána ag na N. Shins le Cionnaith Mac Gearailt ar an Luan ar feadh 10 seachtaine ó 11/9 – 13/11.

Ba cheart éadaí gleacaíochta agus bróga reatha a chaitheamh ar na laethanta seo.  Is feidir éadaí gleacaíochta nó éide scoile a chaitheamh laethanta eile.

The Senior Infants  will be doing Hurling/ Camogie and Football Skills with Cionnaith Mac Gearailt every Monday from 11/9 – 13/11.  Tracksuits and runners should be worn on these days please.  Tracksuit or school uniform may be worn other days. 

 

Dialann sínithe

Tá Dialann Scoile ag gach dalta i Rang 1-6.  Iarraimid ar thuismitheoirí an obair bhaile a shíniú agus a sheiceáil gach oíche.  Tá Polasaí Obair Bhaile ar ár suíomh idirlín.

Every child in Rang 1-6 has a homework diary – Dialann Obair Bhaile.  It should be signed and the homework checked Monday – Thursday.  Our Homework Policy is on our website should you need clarification on any issue.

 

Leaganacha Gaeilge

Caithimid a lán dua ag cur brú ar áisínteachtaí stáit foirmeacha dátheangacha a chur ar fáil.  Iarraimid oraibh an leagan Gaeilge  a úsáid nuair is féidir chun tacú linn.

We spend a lot of time encouraging Government departments and agencies to provide bilingual literature and forms.  Please help us in this by using the Irish version of forms where possible. 

 

Ranganna Iarscoile

Féach liosta na ranganna iarscoile leis seo.  Má tá aon cheist agat labhair leis an múinteoir atá luaite. Beidh na múinteoirí ag tabhairt amach foirmeacha do aon pháiste go bhfuil spies acu ionta.

Complete list of after-school classes with this Nuachtlitir.  Talk to the teacher concerned if you have any query. Form for the classes will be distributed to the classes this afternoon.

 

Grúpa Tuismitheora is Linbh

Tá seomra beag againn a fhéadfaimís a chur ar fáil aon mhaidin nó tráthnóna da mbeadh suim ag aon duine tabhairt faoi Ghrúpa Tuismitheora agus Linbh a eagrú.

We have a small room which we would be glad to make available any morning or afternoon should anyone be interested in organising a parent and toddler group to help with practising Irish.

 

Laethanta Breithe

Iarraimid ar thuismitheoirí gan milseáin ná cístí a chur isteach chuig an rang ar laethanta breithe.  Cé gur smaoineamh deas é cruthaíonn sé deacrachtaí éagsúla do na múinteoirí agus tagann sé trasna ar ár bPolasaí Lón Sláintiúil.

We ask parents not to send in sweets or cakes to the class for birthdays.  While it is a nice idea it causes some difficulties for the teacher and isn’t supportive  of our Healthy Eating Policy.

 

Cuirí Laethanta Breithe

Gabhaimid buíochas libh mar go ndéanann a lán tuismitheoirí iarracht na cuirí a bheith i nGaeilge nó dátheangach.  Tá cuirí samplacha ar an Suíomh nua idirlín mar threoir.  Níor cheart cuirí as thabhairt amach ar scoil ach nuair atáid i nGaeilge nó dátheangacha  agus nuair atá gach buachaill agus/nó cailín sa ranga ag fáil cuireadh.

Thanks to all who make the effort to have Birthday Invitations in Irish or bilingual.  It is a very positive step for promoting Irish.  We have samples on our website to help with creating Irish cards.  Invitations may only be handed out in school when they are in Irish/bilingual and when all the girls and/or boys in the class are being invited.

 

Cruinnithe le Múinteoirí

Tá fáilte roimh thuismitheoirí focal tapaidh a bheith acu le múinteoir  ag 8.35 rn nuair a bhailíonn an múinteoir an rang ón gclós.  Níl an t-am seo oiriúnach chun fadhb a phlé leis an múinteoir.  Ba cheart coinne a dhéanamh leis an múinteoir más mian leat ceist éigin a phlé léi/leis.

Parents are welcome to have a quick word with the teacher when the teacher collects the class from the clós at 8.35 am.  This time is not suitable to discuss a issue.  An appointment should be made with the teacher if some issue needs to be discussed.  

 

Maor Tráchta

Iarrann Jackie Maor Tráchta orainn labhairt lenár bpáistí faoin mbóthar a thrasnú go cúramach ag na soilse.  Iarrann sí, chomh maith, ar thuismitheoirí gan  páistí a tharraingt trasna an bhóthair sula gcomharthaíonn sise gur féidir sin a dhéanamh.

Our Traffic Warden Jackie asks all parents to talk to their children about crossing safely at the pedestrian lights.  She also asks parents to wait for her signal before crossing, rather than bringing their children across before it is safe to do so.

Go raibh maith agaibh.

 

Éide scoile

Iarraimid ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil an éide scoile á caitheamh gach lá.  Is féidir an éide scoile nó an chulaith reatha a chaitheamh aon lá.  Ba cheart go mbeadh an éide glan agus néata agus gruaig fhada cheangailte siar.  Scríobhaigí ainm an pháiste ar gach geansaí agus cóta, le bhur dtoil.

Please ensure that your child is wearing the uniform or the school tracksuit in school.  Both are equally acceptable.   Clothes should be clean and tidy and long hair tied back.  Please write  your child’s name on every school jumper and coat and t-shirt.

 

Oifig na Scoile

Bíonn Oifig na Scoile ar oscailt ó 8.35 rn. – 12.15 in. agus ó 12.45 in. – 2.30 in.

The office is open from 8.35 to 12.15. and from 12.45 to 2.30.

 

Páiste as láthair

Cuimhnigh go gcaithfear nóta a thabhairt don mhúinteoir má tá páiste as láthair.  Is ceart na nótaí ar chúl an Dialann Scoile a úsáid do pháistí Rang 1-6.  In aon chás, níl aon ghá glaoch ar an scoil chun neamhláithreacht a chur in iúl dúinn muna dtéann sé thar 3 lá.

Please remember that , as per Departmental rules – a note is required to explain any absence by a child.  The notes at the back of the new school diary should be used for children Rang 1-6.   There is no need to ring the school to inform us of absences unless they extend past 3 days.

 

Pointí Teagmhála Nua

Má tá aon athrú i do phointí teagmhála – go speisalta uimhreacha gutháin nó ríomhphost, cuir in iúl do Rós é, le do thoil ag scoillorcain@scoillorcain.ie Ní bheidh Foirm Eolais ag dul amach ach chuig páistí nua sa scoil

If there is any change in your points of contact, please let us know by email to scoillorcain1scoillorcain.ie.  We will only be sending our Foirm Eolais/Information Form out to new children’s parents.

 

Acadamh Cuala

Fáilte roimh bhuachaillí agus chailíní nua a rugadh 2012, 2011, 2010 agus 2009.  Clárú ar an Satharn 9 Meán Fómhair Ionad Cuala, Deilginis.

Cuala GAA Academy welcomes new boys and girls born , 2009, 2010,  2011 and 2012 who are interested in playing football and hurling/camogie.  Registration is in the Cuala Centre Dalkey Saturday 9th September 9.30 – 11.00 am.

 

 

Suíomh Gréasán

Suíomh gréasáin darb ainm www.irishforparents.ie – tá sé dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.

A website for parents learning Irish is available at www.irishforparents.ie

 

Ailéirgithe is rl

Iarraimid ar thuismitheoirí a dhéanamh cinnte go bhfuilimid ar an eolas faoi aon ailéirge nó plúchadh is rl  atá ar a bpáiste.   Iarraimid ar thuismitheoirí cnónna a sheachaint mar ábhar loin, mar go bhfuil roinnt páistí le hailéirge dáiríre do chnónna acu.

Please ensure we are aware of any allergies, asthma  etc that your child has, especially if they have cropped up recently.  As we have a few children in school with very serious nut allergies, we ask all parents to avoid giving their children nuts for lunch.

 

Cruinnithe Creidimh

Cruinniú Chéad Chomaoineach do thuismitheoirí Rang 2 Céadaoin 13 Meán Fómhair 8.00 in.

Cruinniú Comhneartaithe do thuismitheoirí Rang 6 Céadaoin 20 Meán Fómhair

First Communion Meeting for Rang 2 parents Wednesday 13th September 8.00 pm.

Confirmation Meeting for Rang 6 parents Wednesday 20th September 8.00 pm.

 

Comhghairdeas

Comhghairdeas le hAoife Ní Drisceoil a d’imir i gcluiche taispeántais ag leath ama ag Leathchraobh na hÉireann idir Gaillimh agus Tiobrad Árann ag tús Lúnasa.  D’imir sí is a foireann úr go tréan agus scóráil sí cúilín álainn.   Tá muid an-bhródúil aisti.  Moladh mór di.

Well done to Aoife Ní Drisceoil who represented the school in a display game in Croke Park during the interval of the All-Ireland Semi-Final between Tipperary and Galway.

 

Léitheoireacht i rith an tSamhraidh

Tá na cártaí ón léitheoireacht a rinne na páistí le linn an tSamhraidh le tabhairt isteach don chrannchur.

Any cards which children completed during the summer as part of our reading challenge should be returned to the teacher so that they are included in our draw.

 

Gaeilge

Labhair Gaeilge timpeall na scoile, le do thoil.

Speak whatever Irish you can, when in school, please.

 

Naíonáin

Beidh na Naíonáin Shóisearacha ag fágail ag 11.30 go dtí Déardaoin 14 MF.  Beidh siad ag fágáil don chéad uair ag 1.15 ó Dé hAoine 15 MF.

Junior Infants will have their first full day until 1.15 pm on Friday 14th September.

 

 

Éadaí Caillte

Cuirimid éadaí caillte nach bhfuil aon ainm orthu amach sa chlós ó am go céile.  Tá fáilte romhat aon rud a thógaint.  Rudaí a fhágtar, déanaimid athchúrsáil orthu.

We occasionally place lost clothes which haven’t a name written on them out in the yard.  You are welcome to take anything from the pile.  What’s left will be recycled.

 

Club  Leadóige De  Vesci Ceachtanna leadóige do pháistí cúig bliana d’aois nó níos sine i mBaile na Manach Ceachtanna  do  Mheán  Fómhair  2017 Luan faoi 12: 4:30–5:30 faoi 14: 5:30–6:30 Máirt faoi 8: 3–4 faoi 10: 4–5 faoi 12: 5–6 faoi 14: 6–7 Céadaoin 3‐4 4‐5 5‐6 Déardaoin faoi 6: 3–4 faoi 8: 4 5 Tá  ranganna  aonair  ar  fáil do  pháistí  5  bhlian  d’aois  suas Má  tá  suim  agat,  téigh  i  dteagmháil  le Tadhg: 087  630  1313 nó tadhgjohnston@gmail.com

 

National Parents Week 2017 is from Monday 18th to Sunday 24th September.  During National Parents Week we want to make parents aware that Parentline is there for them when they need support, information and guidance. The theme for National Parents Week is: It’s OK to Ask! We want to encourage parents to look for support whenever they need it.

Parentline

Seirbhís do thuismitheoirí a bhfuil comhairle uathu.  Curtha ar fáil ag TUSLA.  Is iontach a bheith i do thuismitheoir, ach ní sé éasca uaireanta.
Parentline is a helpline for parents.  Parentline’s trained facilitators will give support, information and guidance.The helpline is open Monday to Thursday from 10 a.m. – 9 p.m. and Friday from 10 a.m. – 5 p.m.  1890927277 or 01 8733500. Whatever the issue – It’s OK to Ask!

 

Múinteoir Gaeilge

Múinteoir le Gaeilge den scoth á lorg chun Gaeilge a mhúineadh do dhuine fásta (in oifig sa Charraig Dubh) taobh amuigh d’uaireanta scoile. Seisiún 2 uair in aghaidh na seachtaine. Cuir glaoch ar Shiobhán ar 086 6007517.

Ranganna Iarscoile

Club Spórt

  Ranganna Táille Múinteoirí
Dé Máirt  (12/09-21/11)

2:15- 3:15

Rang 4, 5 agus 6 €80 Bríd Firtéar agus Sinéad Ní Dhóláin
Dé Céadaoin (13/09-22/11)

2:15- 3:15

Rang 1, 2 agus 3 €80 Bríd Firtéar agus Sinéad Ní Dhóláin

Drámaíocht

  Ranganna Táille Múinteoir
Dé Máirt  (12/09-21/11)

2:15-3:15

Rang 2,3 agus 4 €65 Cáit Ní Dhuineacha

 

Ealaíon

  Ranganna Táille Múinteoir
Dé Máirt  (12/09-21/11)

2:15- 3:15

Rang 1 agus 2 €65 Caitríona Nic Íomhair

 

Ríomhairí

  Ranganna Táille Múinteoir
Dé Máirt  (12/09-21/11)

2:15- 3:15

Rang 1,2,3 agus 4 €70 Orla Ní Choitir
Dé Céadaoin (13/09-22/11)

2:15- 3:15

Rang 1,2,3 agus 4 €70 Orla Ní Choitir
Déardaoin (14/09-23-11)

2.15- 3.15

Rang 1,2,3 agus 4 €70 Orla Ní Choitir

 

Ealaíon

  Ranganna Táille Múinteoir
Dé Máirt  (12/09-21/11)

2:15-3:15

Rang 3, 4 agus 5 €65 Aisling Nic Fhionnghaile

 

Fidil

  Ranganna Táille Múinteoir
Dé Máirt  (12/09-21/11)

2:15- 3:15

Rang 1, 2, 3 agus 4 €100 Ciara Nic Giolla Bhríde
Dé Céadaoin (13/09-22/11)

2:15- 3:15

Rang 1, 2, 3 agus 4 €100 Ciara Nic Giolla Bhríde