Nuachtlitir Méan Fómhair 2019

Sep 18, 2019

Nuachtlitir Scoil Lorcáin

Meán Fómhair 2019

Buíochas

Míle buíochas libh go léir as tús iontach a chur leis an mbliain scoile.  Tá caighdeán ard bainte amach againn maidir le: obair, iompar, Gaeilge, poncúlacht, éide scoile.  Cabhraíonn na nithe seo go léir linn na hard-chaighdeáin a bhíonn á lorg againn a bhaint amach.  Leanaimís leis an bponcúlacht, ach go háirithe.

Thanks to all of you for a great start to the new school year.  The standard of work, Irish, behaviour, punctuality, uniform has been excellent.  All these help us to maintain high standards in Scoil Lorcáin.  Punctuality tends to slip after a few weeks.  Please help us to buck this trend.

Gníomh ar son na timpeallachta

Tá pobal na scoile ag eagrú gníomh eile ar son na timpeallachta agus na haeráide.  D’éirigh an-mhaith le gníomh na bliana seo caite.

13/9 Aoine an Ullmhúcháin, postaeir á ndearadh agus á ndathú I Halla Scoil Lorcáin 2.15 – 3.45 in.  Fáilte roimh pháistí, ach iad a bheith faoi chúram dhuine fásta.  Beidh cabhair ag teastáil ó na daoine fásta.

20/9 Aoine an Ghnímh, bailiú i gclós na scoile 2.15 in, máirseáil go Halla an Chontae, litir a thabhairt isteach ón gCoiste Glas thar cheann phobal na scoile.

The school community is organising another Climate Action Event.

Friday 13/9, Day of Preparation: children/ parents/ minders are welcome to the school hall to create posters.  All children must be in the care of an adult.  While we understand that not all parents/minders are fluent, as a school event all pupils are expected to speak Irish and should be encouraged to do so.

Friday 20/9 Day of Action: those taking part will gather in Clós na Scoile and will march to Dún Laoghaire County Hall to hand in a letter written on our behalf by our Coiste Glas/ Green Schools Committee.  We will all go our own way from there.  School hig-viz will be distributed and collected.

Lá Inseirbhíse

Beidh an scoil dúnta Luan 11 Samhain agus na múinteoirí ag freastal ar inseirbhís ar an gCuraclam Nua Teanga.

We will be closed Monday 11th November for an inservice day on the new Language Curriculum.

Ranganna Iarscoile

Beidh na ranganna iarscoile ag tosnú an tseachtain seo chugainn ón Mháirt ar aghaidh. Beidh Club Obair Bhaile, Club Spóirt, Club Fuála, Rang Ealaíne, agus Rang Ríomhairí ar fáil.

After-school classes starting next week.  Homework club, sports, sewing, art and computers will be available.

Oíche Choláiste Eoin

Ceiliúradh 50 Bliain

Máirt 24/9/19

Ticéidí ar fáil ón gCeoláras

Is fiú dul agus is féidir, ach teagmháil a dhéanamh leis an gCeoláras.

Coláiste Eoin celebrating 50 years, in the NCH Tuesday 24th September.  These nights tend to be really enjoyable classiscs with a plethora of musicians on stage.

Cabhair sa Chúram

Má tá suim agat cabhrú sa Chúram 1.15 – 2.15 ó am go ham, déan teagmháil le Caitríona in Oifig na Scoile, ldt.  Obair ar phá atá I gceist.

If you are interested/available in paid work in the Cúram 1.15 – 2.15 occasionally, please le Caitríona Rúnaí know.

Seastáin

Seastán tosaigh rothar lán?  Tá seastán eile ar chúl na scoile.

Front bike stand full?  We have another at the back of the school.

An tAthair Lomán Mac Aodha

Is le doilíos croí a chuirimid iúl go bhfuil Séipléineach na Scoile le breise is 25 bliain tar éis éirí as a chúram anseo sa scoil.  Tá aire tugtha do phoball uile na scoile ag an Athair Lomán san am sin, idir Chéad Fhaoistin, Chéad Chomaoineach, Aifreann na nGeallúintí, Cóineartú, Aifreann Naomh Lorcán, seirbhís ar an mBord Bainistíochta is eile.  Crothnóimid uainn é.  Más mian leat scríobh chuige, is é An Mhainistir, Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí a sheoladh.

We’re really sad to have to let you know that An tAthair Lomán Mac Aodha, our chaplain for many years has retired due to failing health.  Loman looked after our religious needs, and others, and was a great friend of the school.  There is a gaping chasm to fill.  If you would like to write to him, Lomán’s address is An Mhainistir, Muilte Farranáin, Co. na hIarmhí.

Ceistneoirí do Mhúinteoirí

Bíonn tuismitheoirí ag iarradh mhúinteoirí, ceisnteoirí (m.sh. siceolaiochta) a líonadh uaireanta.  As seo amach is ceart ceistneoirí a fhágaint in Oifig na Scoile seachas iad a thabhairt don mhúinteoir féin.  Ligfidh sé seo dúinn tuairisc lárnach a choimeád orthu.  Is ceart seachtain a fhagáil le ceistneoir a fháil ar ais.  Caitheann múinteoirí go leor dua leo, agus ní féidir iad a dhéanamh faoi dheifir.  Go raibh maith agaibh.

Parents sometimes ask teachers to fill in questionnaires, eg for psychological profiling.  From now on, these questionnaires are to be handed in to Oifig na Scoile, rather than directly to the teacher.  This will help us keep a track of them.  Parents should leave a week for a questionnaire to be completed.  Teachers like to complete them properly, and this cannot be done overnight.

Gaeilge sa Chlós

Ba bhreá linn tuismitheoirí/feighlithe ag labhairt an méid Gaeilge agus is féidir leo sa chlós.  Déanann sé seo imprisean mór ar na páistí.  Dar ndóigh, bac heart do na daltaí Gaeilge a labhairt lena chéile an t-am ar fad agus iad sa scoil.

We’d like to hear parents/minders speak as much Irish as they can in the clós.  This makes a solid impression on the pupils.  Of course, the pupils should speak Irish to each other at all times when in the school.

Clampaí don bhfráma Dreapadóireachta

Tá clampaí a bhí againn chun barraí a nascadh leis an bhfráma dreapadóireachte imithe ar iarraidh.  Má tá aithne agat ar cheardlann a fhéadfadh clampaí a dhéanamh dúinn, ba bhreá linn fáil amach fúithi.

We have misplaced clamps which were used to attach bars and a ladder to our climbing frame.  If you know of a workshop which could make clamps for use, we’d be glan to her about it.

Riachtanais Leighis

Déan cinnte, le do thoil, go bhfuilimid ar an eolas faoi aon riachtanais leighis atá ag do pháiste.

Please ensure that we are aware of any medical needs your child has.  Thank you.

Naíonáin Shóisireacha

Tá na Naíonáin Shóisireacha tar éis socrú go seoigh.  Beidh lá iomlán acu go dtí 1.15 in ó 12/9 ar aghaidh.

Our Naíonáin Shóisireacha have settled really well.  They will ‘enjoy’ the benefits of a full school day til 1.15 pm from Thursday next 12/9.

An Peann Luaidhe

Beidh Gabriel Rosenstock ag caint le daltaí Rang 1 (1.00 in) agus Rang 4 (1.30 in) ag an dealbh An Peann Luaidhe i nGairdín na Scoile ar an Aoine 4 Deireadh Fómhair.    Seans go ndéarfadh Cormac Ó Bréartúin cúpla focal, chomh maith. Tá fáilte roimh thuismitheoirí crochadh timpall an imill.

Gabriel Rosenstock will talk about reading and writing at the the Peann Luaidhe sculpture in our Gairdín Friday 4 October 1.00 pm (Rang 1) and 1.30 pm (Rang 4).  Cormac Ó Bréartúin – sculptor, teacher – may also say a few words.  Parents are welcome to hang around the fringe.

Múinteoir Gaeilge á lorg

Tá múinteoir Gaeilge á lorg ag Cumann na dTuismitheoirí do na ranganna Gaeilge.  Má tá suim agat cabhrú : SLRangannaGaeilge@gmail.com (Muireann Nic Giolla Phádraig).

Cumann na dTuismitheoirí are looking for a teacher for their Irish classes.

Ranganna Gaeilge

Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí/caomhnóirí/feighlithe ag tosú ag deireadh Mean Fómhair sa scoil.  Costas €70 don téarma.

(Irish classes for parents/guardians/minders starting end of September in Scoil Lorcáin.  Cost €70 for the term).

Tuilleadh eolais: SLRangannaGaeilge@gmail.com (Muireann Nic Giolla Phádraig).

Dátaí don Dialann 2019/20

23/09/19             Oíche Eolais/Shóisialta sa scoil    

24/10/19             Céilí na Samhna (Ranganna 2-6) óna 7-9 i.n i Halla na Scoile

30/11/19              Aonach na Nollag

05/02/20              Aifreann na nGeallúintí (Rang 6)  (braitheann sé ar shagart)

23/03/20              Oíche Eolais do thuismitheoirí nua 2020/2021

16/05/20              Fáiltiú sa Scoil do Rang 2 tar éis an Chéad Chomaoinigh (Rang 1 & 3 ag cabhrú)

28/05/20              Cruinniú Cinn Bhliana Choiste na dTuismitheoirí sa scoil @ 8.00 i.n

7/06/20                Lá Spóirt eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí

25/06/20              Oíche Bhronnadh na dTeastas do Rang 6 & tuismitheoirí (Rang 5 ag eagrú)

Litir ó Chumann Áitritheoirí Chearnóg Belgrave

Is talamh príomháideach í Cearnóg Belgrave.  Ní páirc phoiblí í.

‘I should mention that I had several complaints about parents and children in the Square on the Thursday and Friday evenings this year at the end of term;  the following from a resident gives a typical reaction:

‘Over the last 2 days we have had an unprecedented number of children from Scoil Lorcain playing in the square, largely unsupervised. There were at least 80+ children between the 2 events. I witnessed children wholesale trampling the flowerbeds, deliberately breaking branches off trees, (including the lovely old plum tree and adjacent magnolia), hanging out of other young vulnerable trees and using the wire fencing as a tightrope.’

Clearly the parents/children need to be reminded about good behaviour!

Best regards,

Belgrave Square Residents’ Association.

Fógra ó Pharóiste na Carraige Duibhe

BLACKROCK PARISH JUNIOR CHOIR

Calling all budding singers from 3rd Class to 6th Class!

We rehearse on Tuesday evenings from 4.45 p.m. till 6.00 p.m. in the Parish Centre beside St. John the Baptist Church in Blackrock, and sing at the 10.30 a.m. Mass each Sunday during term time.

Come along to rehearsal any Tuesday or contact the parish office on 01 2882104.