Nuachtlitir Márta 2016

May 19, 2016

Scoil Nua, Halla Nua

Táimid sa scoil nua anois.  Tá sí go hálainn.  Bhí a lán oibre le déanamh.  Míle buíochas le gach duine a chabhraigh.  Tá Céim 3 tosaithe anois.  Tógfaidh sé 6 seachtaine, nó mar sin.

We’re in the new school now.  It’s lovely, but it took a lot of work by a lot of people.  Thanks to all who helped.  Phase 3 – the demolition of the old school – has started.  It will take approx. 6 – 8 weeks.

 

Comóradh 1916

D’éirigh go sár-mhaith le Comóradh 1916 Scoil Lorcáin.  D’fhreastal slua iontach ar an oíche Déardaoin seo caite.  Labhair na cainteoirí go cumasach agus cuireadh ceisteanna suimiúla.  Buíochas leis an gCoiste a d’eagraigh – Alice, Bríd, Cathy, Caitríona agus Colmán.  Seacht mile buíochas le gach duine a chabhraigh in aon bhealach.  Coimeád an Leabhrán Comórtha má tá sé agat.  Níor cuireadh ach 200 i gcló agus níl aon cheann fágtha.  Buíochasle CocoDlr as a dtacaíocht.

Our 1916 Commemoration turned out to be a brilliant night.  The presentations were very well received and followed by questions.  The reception in Cultúrlann na hÉireann was also well attended.  Thanks to all who came.  If you have a copy of the programme, hold on to it  It is already a collector’s item, with only 200 printed.  The night was recorded and has been posted on youtube.

 

Lá an Fhorógra

Beidh Lá an Fhorógra á chomóradh againn ar bhealach uasal simplí Máirt bheag seo 15 Márta ag 8.45 I gClós na Scoile.  Tá failte roimh thuismitheoirí teacht.  Ardóimid an brat, léifimid Forógra na Cásca, canfaimid Óró se do bheata bhaile, Léifimid Forógra Nua do 2016 agus críochnóimid le hAmhrán na bhFiann.

We are going to celebrate Proclamation Day in a simple honest way this Tuesday.  We’ll raise the flag at 8.45 am and, read the Proclamation.   Parents are welcome to attend.  We’ll show parents round the new school afterwards.

 

Coiste Glas

Comhghairdeas le gach duine a scútáil ar scoil Dé Céadaoin seo caite.  Ár mbuíochas leis na múinteoirí a chabhraigh linn.  Tháining 248 duine ar an mbus scútála nó leo féin.  Bhí aimsir iontach againn agus bhaineamar taitneamh as.  GRMA.

Max agus an Coiste Glas

 

Ealaíontóir

Comhghairdeas le Ruairí Ó Condúin a bhuaigh duais speisialta sa Texaco Children’s Art Competition le déanaí.

Well done to Ruairí Ó Condúin who won a Special Merit Award in the Texaco Children’s Art Competition recently.

 

Peileadóirí

Comhghairdeas agus comhbhrón leis na hiarscoláirí go léir a bhí ag imirt ar Fhoireann Peile Choláste Íosagáin a shroich agus a chaill Craobh eile na hÉireann le déanaí.

Congratulations and commiserations to all the Scoil Lorcáin past-pupils who reached and then lost the All-Ireland Colleges Football Final with Coláiste Íosagáin recently.

 

Rinceoir

Comhghairdeas le Niomí Ní Aodha i Rang 2 ar Curadh Rince Faoi 9 anois í.

Congratulations to Niomi Ní Aodha, Rang 2 who competed in the An Comhdhail Irish Dancing Dublin Championships last weekend. Niomi is now the U9 An Chomhdháil Dublin Champion 2016.

 

Ceisteadóirí

Bhuaigh ár bhFoireann Tráth na gCeisteannae arís agus bhronnadh an duais €100 ar an scoil.  Comhghairdeas le Max, Matthew, Aisling agus Conor.  Beidh siad ag glacadh páirte i gCraobh na hÉireann.  Go n-éirí go geal leo.

Our quiz team won the second round of the Credit Union Quiz recently.  Well done to them.  They now go on to represent us in the All-Ireland Final.  Good luck to all of them.

 

Cuairt timpeall na scoile nua

Tabharfaimid turas timpeall na scoile nua d’aon tuismitheoir ar suim leo a leithéid maidin Mháirt tar éis dúinn Lá an Fhorógra a cheiliúradh.  Tosóidh an turas c 9.15.

We’ll give a guided tour around the new school on Tuesday after our Proclamation Day celebrations which will take place 8.45 – 9.15 am.  All parents who would like to have a gawk are welcome.

 

5 páiste nach bhfuil gaolta le 1916

Tá cúigear páiste aimsithe againn sa scoil nach raibh aon bhaint ag a dtuismitheoirí le hÉirí Amach 1916.  Reachtálfaimid seimineár go luath, mar a labharfaidh na gaolta seo ar an tionchar nach raibh ag 1916 ar a saol.

We have at least 5 children in the school whose grandparents had nothing what-so-ever to do with 1916.  We will be organising a seminar soon, where these relatives will talk about their ancestors and the effect of not being involved had on their lives.

 

CCB Choiste na dTuismitheoirí

D’fhreastal slua iontach mór – an slua is mó le 20 bliain ar a laghad – ar Chruinniú Cinn Bhliana Choiste na dTuismitheoirí.  Roghnaíodh coiste nua agus Ciara Uí Aodha fós ina Cathaoirleach.  Tháinig go leor ‘aghaidheanna’ nua chun tosaigh chun cabhrú agus is iontach sin.  Buíochas le gach duine a bhí i láthair.

Coiste na dTuismitheoirí’s AGM was packed, with the healthiest crowd for over 20 years.  Lots of new volunteers came forward to help over the next year.  Thanks to the outgoing members and to all who attended.  The Coiste is always delighted to get offers of help for any of the events they organise.

 

Leathlá Céadaoin 16 Márta 

Beimid ag dúnadh ag 12.00 nóin Céadaoin bheag seo 16 Márta.

We’re closing at 12.00 noon this Wednesday for Easter.

 

Páirceáil ag imeachtaí scoile

Iarraimid, arís, ar thuismitheoirí, gan páirceáil ach i spásanna ainmnithe ma tá sibh ag freastal ar imeacht I Scoil Lorcáin.  Pháirceáil roinnt tuismitheoirí ar línte dúbalta buí agus ar chúinní ag an dá ócáid a bhí again le déanaí agus chruthaigh sé seo dainséar do dhaoine eile.

We’d like, again, to ask parents to park only in designated parking spaces when attending school events.  At two recent events – Comóradh 1916 and Aifreann na nGeallúintí – parents parked on double yellow lines and on corners leaving them more dangerous.  Give yourself enough time if you do have to drive to park legally and walk to the school.  Of course, even better would be to walk, cycle, scoot, bus or DART to the event.

 

Naíonáin ar maidin

Iarraimid ar thuismitheoirí na Naíonán a bhíónn sa line ar maidin gan ligint dá bpáistí a bheith ag rith timpeall na háite.  Tá an iomarca daoinetimpeall chuige sin.

We ask parents of infants who are good enough to be in early enough to wait in the line not to let their children run around.  There are a lot of people in a small space and we could have an accident.

 

Turas Ceoil

D’eagraigh Ciara Nic Giolla Bhríde Turas Ceoil do na páistí go léir a sheinneann sa seisiún ag am lóin Dé Céadaoin.  Bhuaileadar le dhá scoil eile I gCo  na Mí agus sheinneadar ceoil agus chanadar amhráin.  Bhain na páistí go léir an-taitneamh as.

The children in Rang 4-6 who take part in the music session every Wednesday travelled to Co. Meath to play music with two other schools.  Thanks to Ciara, Donnchadh and Aodhán for the work they do with this group.

 

Líonra Gnó na Carraige Duibhe 

Ba mhaith leis an Líonra Gnó na Carraige Duibhe cuireadh a thabhairt do gach duine Lá Le Pádraig a chéilúradh i bPáirc agus sráidbhaile na Carraige Duibhe. Gléas suas agus téigh sa tóir ar an Lucharachán tríd an bpáirc go dtí an sráidbhaile. Tosóidh an tóir ag an meán-lae agus beidh gníomhachtaí spreagúla ar siúl sa sráidbhaile don teaghlach go léir. Féach www.blackrock.ie/chase. Tá gá le duine fásta a bheith le gach páiste.

The Blackrock Business Network would like to invite you to celebrate St. Patrick’s Day in Blackrock Park and Village! Put on your finest festive outfit and chase our lucky Leprechaun around the park into the village. The  Blackrock Leprechaun Chase begins at 12 noon and will be followed by fun-filled activities for all the family in the Village. Please register online for this free event at www.blackrock.ie/chase. All children must be accompanied by an adult.

 

Céilí

Céilí Naomh Padraig (Cuala Halla 17 Marta  7-9 p.m.) Fáilte roimh an teaghlach go léir.

A great evening of ‘Céilí, Ceol agus Craic’. Ticéidí  10 euro don teaghlach. (includes  tea, coffee, biscuits and soft drinks) ‘Crannchur Mór with great prizes. Bígí linn!

 

Cáisc Shona

Guímid Cáisc Shona ar ár léitheoirí go léir.

Happy Easter to all in our community.

 

Lá Scútála

D’éirigh thar barr leis an Lá Scútála ar an gCéadaoin seo caite.  D’eagraigh an Coiste Glas é, mile buíochas leo.  Is léiriú eile é ar ár dtiomantas don timpeallacht agus do laghdú tráchta.  Tháinig 248 páiste ar scútair nó ag siúl sna busanna scútar ar an lá.  Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt agus buíochas leis na múinteoirí Caitríona, Aisling, Jacinta.  Cén fáth nach leanaimid ar aghaidh ag scútáil anois, agus an dea-aimsir tagtha.

Our Coiste Glas organised Scoot to School last Wednesday.  It was a scoot-away success with 248 children walking and scooting.  This is further evidence of our commitment to the environment and to reducing the school traffic.  Thanks to all who participated.  Why not scoot more often?