Nuachtlitir Feabhra 2020

Mar 06, 2020

 

Leath-lá scoile

Beidh an scoil ag dúnadh ag 12.00 meán lae ar an Aoine 14 Feabhra mar go bhfuil inseirbhís le déanamh ag an bhfoireann ar an gCuraclam nua Teanga.  Táimid dúnta an tseachtain dar gcionn don bhriseadh mean-téarma.

The school will close at 12.00 noon Friday 14th February as the staff take inservice for the new Language Curriculum.  We are closed the following week for mid-term.

 

Éilimh Thoghachán 2020 Ghaelscoileanna

Polasaí Stáit don Oideachas lánGhaeilge a bheidh láidir, cuimsitheach agus taighdebunaithe, de réir sceideal comhaontaithe agus le hacmhainní cuí, soláthar múinteoirí san áireamh

Tacaíocht leanúnach don Pholasaí Oideachas Gaeltachta

Tacaíochtaí cuí don oideachas speisialta sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus córas a thacaíonn le riachtanais gach páiste

Cosaint do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais

 

Election wishlist from Gaelscoileanna

A robust and comprehensive State Policy on Irish-medium Education, evidence-based, in an agreed timeframe and adequately resourced, including teacher supply

Continued support for the Policy on Gaeltacht Education

Full support for special education in Irish-medium and Gaeltacht settings, with a system that supports the needs of every child

Protection for the status of Irish in the education system

 

 

 

Sábháltacht Idirlín

Buíochas le Ronan Munore agus Cumann na dTuismitheoirí a d’eagraigh cainte luachmhar ar shábháltacht idirlín Déardaoin seo caite sa scoil.  D’fhreastal slua mór air.

Tá lámhleabhar Gaeilge agus Béarla do thuismitheoirí le fáil ar Webwise.

https://www.webwise.ie/ga/tuismitheoiri/

Thanks to Ronan Munroe and Cumann na dTuismitheoirí for organising a very well attended night on Internet Safety in the school last Thursday.  Parents might be interested in the booklet available at the link above.

https://www.webwise.ie/parents/

 

Páirceáil

Buíochas as an bhfeabhas ar chúrsaí páirceála lasmuigh den scoil.  Faraor, bíonn feithiclí páirceálta, fós, ar na cúinní.  Is neamhthuistí/chaomhnóirí is measa – feighlithe, seirbhísí iarscoile, seantuistí, uncailí, aintíní, tacsaithe.  Labhair leo, le do thoil.

Thanks for the improvement in the parking.  Unfortunately a minority still park on corners, sometimes driving over and breaking the cones which have been placed there.  Worst offenders are non-parents/ guardians: minders, grandparetns, uncles, aunties, taxi drivers, afterschool services.  Please talk to them.

 

Campa Cásca

Beidh Campa Cásca ar siúl i Scoil Lorcáin ón 6ú-10ú Aibreán 2020. Beidh an campa ar siúl ó 9.30 r.n. – 1.30 i.n. do ranganna Naíonáin Shóisearacha – Rang a 2.

Beidh costas €80 an pháiste/€140 do bheirt. Beidh seirbhís maoirseachta ar fáil ó 9.00 r.n. – 9.30 r.n. agus ó 1.30 i.n. – 2.00 i.n. ar chostas breise. Tuilleadh eolas le teacht.

An Easter Camp will be running from the 6th – 10th April 2020 in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9.30 am – 1.30 pm for Junior Infant – 2nd Class pupils.

The cost of the camp will be €80 per child/€140 for two children. There will be an optional drop-off/collection service at an extra cost from 9.00 am – 9.30 am and from 1.30pm – 2.00pm. Additional information will soon be available.

 

Beatha Teanga
Tá Beatha Teanga, leabhrán lán de spreagsmaointe chun an Ghaeilge mar theanga an tsóisialaithe a spreagadh, ar fáil anois ó Gaeloideachas.
Is í sprioc an leabhráin seo ná dearcthaí dearfacha agus gníomhartha a spreagadh i measc phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá deis ag gach duine a bhfuil baint acu leis an scoil an Ghaeilge a spreagadh agus a chothú, beag beann ar cén leibhéal líofachta atá acu sa teanga.  Tá sé ar fáil anois ag an nasc thíos.

https://gaeloideachas.ie/wp-content/uploads/2020/01/Leabhr%C3%A1n_Beatha_Teanga_01.2020.pdf

Beatha Teanga is a resource published by Gaeloideachas which supports the school community in its aim to make Irish a language of socialisation and play for the pupils.

 

 

Ranganna Piano

Ranganna pianó le fáil i mbliana go háitúil ( trí Ghaeilge nó Bhéarla ) ó hiar-scolaire Scoil Lorcáin ag freastal ar Choláiste na hOllscoile BAC faoi láthair.

Fón Aoife – 086 0567574

Piano lessons available locally ( through Irish or English) from a Scoil Lorcáin past pupil who is currently attending university in UCD.

Phone Aoife – 086 0567574

 

 

I mo bhróga – Coiste Glas Scoil Lorcáin

 

 

IARRATAS AR BhRÓGA SPÓiRT DON AFRAIC

Táimid ag lorg:

“Runners, trainers, studs” do bhuachaillí nó do chailíní idir 6 agus 16 bliana d’aois. Caithfidh gach péire bróg a bheith ceangailte go daingean dá chéile, le ceangal cábla, más féidir.
Caithfidh na bróga bheith i riocht maith
Caithfidh na bróga a bheith nite le meaisín níocháin  – tá gá leis seo le haghaidh imréiteach custaim (is féidir buataisí leathair a ghlanadh de láimh)

 

 

Más mian libh nóta gairid a chur isteach, bhéadh sé sin go deas ach

níl sé riachtanach

 

Cuir sna boscaí ar scoil idir Feabhra 10ú agus Feabhru 14ú.  Go raibh maith agat!!

https://www.inmyshoes.ie/

“IN MY SHOES   “

AFRICA SPORTS SHOE SHARE APPEAL

 

What We Need:

Runners, trainers, studs for boys or girls ages 6 – 16. Each pair of shoes needs to be securely attached to each other, ideally by cable tie. (essential for shoes without laces)
The sports shoes need to be in good condition.
The shoes need to be machine washed – this is needed for customs clearance (leather football boots need to be wiped as clean as you can get them)

 

 

Feel free to include a short note with the shoes to tell the child in South Africa about the sports you play .

 

PLEASE DROP IN BOXES in the school BETWEEN FEB 10th and FEB 14th . THANK YOU SO MUCH!
https://www.inmyshoes.ie/

 

Starcamps

Ag filleadh ar Scoil Lorcáin 20 – 24 Iúil, 10 – 14 Lúnasa do pháistí 4 – 12 bl.

021-4377900, 9.30 rn – 2.30 in. info@starcamp.ie

Starcamps return to Scoil Lorcáin this summer for two weeks 20 – 24 July and 10 – 14 August for children 4 – 12 years. 9.30 – 2.30.

 

Beidh Aonach Amárach

Tá an t-amhrán grá seo foghlamtha ag an scoil ar fad.  D’fhéadfá é a chasadh le do pháiste.

The whole school has learnt this song.  You could sing it with your child.  It’s about a nine year old child whose mother won’t let her to the fair in Co. Clare to meet the cobbler until she’s thirteen.

 

Beidh Aonach Amárach

 

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir

Cén mhaith dom é, ní bheidh mé ann?

 

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mhuirnín ó, ná héiligh é

 

Níl tú a deich ná a haon déag fós

Níl tú a deich ná a haon déag fós

Níl tú a deich ná a haon déag fós

Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú mór

 

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mhuirnín ó, ná héiligh é

 

B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg

B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg

B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg

Ná oifigeach airm faoi lásaí óir

 

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?

A mhuirnín ó, ná héiligh é