Nuachtlitir Dheireadh Fómhair 2016

Jan 12, 2017

 

Lá na Rothar

Bhí Lá iontach Rothar againn ar an 28 Meán Fómhair.  Líon na rothair an scoil.  Buíochas le gach duine a ghlac páirt, agus go speisialta leis na páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí a chabhraigh agus le Caitríona Ní Mhurchú a d’eagraigh an lá.  Leanaimís ar aghaidh ar na rothair, nuair is féidir.

We were nearly over-run by bicycles on our Lá na Rothar.  Thanks to all who took part.  Keep using that bike, please.  Thanks, also, to all who helped.

 

Buaiteoirí Dhuaiseanna Lá na Rothar

In. Mhig Shamhráin: Molly Goss, Máire Ní Shúilleabháin, Darcie Belle, Joanie Frost,

In. Uí Mhathúna: Mahon Mac an Rothaich, Caoimhe Ní Chuana, Liam Óg Ó Lonargáin

Múinteoir Reddin: Ferdia Mac Mathúna, Emmet Mac an tSaoir, Caoimhe Ní Chearbhaill, Iollann Caomhánach.

In. Uí Thóibín/ Bn. Uí Chróinín: Clíodhna Ní Chonduigh, Zach Mac an tSaoir, Ethan Mac Gabhann, Toby de Brún Ó Loinsigh, Sam Ó Tuathaigh.

Bn. Uí Chroidheáin: Ruaidhrí Ó Murchú, Leonardo Chiricozzi, Lucia Ní Chonghaile

In. Uí Chéidigh: Patrick de Buitléar, Cian Ó hAodha, Evelyn de Búrca.

 

Aonach na Nollag

Beidh Aonach na Nollag ar siúl Dé Domhnaigh 4 Nollaig.  Beimid ar ais sa scoil don chéad uair le 3 bliana.  Táimid ag tnúth to mór leis.  Glacfaimid le bric-a-breac, leabhair agus bréagaín is rl an tseachtain roimhe sin.  Is féidir earraí ar ard-luach a fhéadfaí a úsáid mar dhuaiseanna a fhágáil isteach san Oifig aon am tar éis an bhriseadh mean-téarma.

Aonach na Nollag will be on in Scoil Lorcáin Sunday 4th December.  It’ll be the first Aonach in the redeveloped school, and the best one ever – maybe.  We’ll collect bric-a- brac, toys, books etc in the week before the Aonach.  Vouchers etc which could be used as prizes can be left in the office any time after mid-term.

 

Céilí na Samhna

Beidh Céilí na Samhna againn Déardaoin 27 Deireadh Fómhair 7-9 sa scoil do Rang 2-6.  Beidh cead ag na páistí a bhfeisteas bréige a chaitheamh ar scoil Dé hAoine 28.  Bronnfaidh an Coiste Glas duaiseanna ar ghléasadh déanta le hábhar athchúrsálta.

Coiste na dTuismitheoirí are organising our annual Céilí na Samhna Thursday 27th October.  It’ll be frighteningly good.  There will be prozes.  Children may wear their Halloween Clothes to school on Friday 28th.  There will be prizes from the Coiste Glas for outfits made from recycled material.

 

Club Leabhar

Club Leabhar ag tosú Dé Luain, 17 Deireadh Fómair le hAoife Ní Scolaí

Rang 4-6.  2.15 – 3.00 in.

 

Tionól

Táimid ag cur béime sa tionól a bhíonn againn gach Luan le Rang 1-6 ar dhá ábhar: Meabhairshláinte agus  Ilchineálachas.  B’fhiú do thuismitheoirí labhairt lena bpáistí faoi na hábhair seo, chomh maith, chun na teachtaireachtaí a neartú.  Tá Teachtaireachtaí Cairdis á lua leis an páisti sna ranganna le linn na míosa:

Bígí go deas le chéile, Táimid ar fad éagsúil, Is mar a chéile muid, Níl dath ar chairdeas.

We’re emphasising two areas in our weekly Tionól with Rang 1-6 this month: Mental Health and Multi-culturalism.  It may be useful to talk to your child about these topics this month to re-inforce their importance.  The four multicultural messages being mentioned in class are: Be nice to each other, Were all different, We’re all the same, Friendship has no colour.

 

Oscailt Oifigiúil

Beidh Oscailt Oifigiúil na Scoile do dhaoine fásta againn ar an Aoine 11 Samhain.  Ba bhreá linn go dtiocfadh tuismitheorí na scoile chuig an oscailt.  Is ócáid shóisialta a bheith ann le sóláistí.  Iarraimid oraibh go léir an scéal a scaipeadh ar iarscoláirí, iarthuismitheoirí agus iarmhúinteoirí.  Ba bhreá linn slua mór a bheith i láthair.  Má tá aithne agat ar aon duine ar cheart cuireadh pearsanta a thabhairt dó nó di, labhair le Paula, Rós nó Colmán, le do thoil.

Our official re-opening of the school, for adults, takes place Friday 11th November from 6.30 pm on.  We would love our parents to attend.  We’d also be delighted if you would spread the word to former parents, pupils and teachers.  All will be welcome on the night.  It will be an informal occasion with refreshments provided.  If you know of a significant person in the history of the school who should receive a personal invite, please talk to Paula, Colmán or Rós.

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge

21 Meán Fómhair

R6 Órfhlaith Reddin, Claire Ní Earchaí,

R5 Ruán von der Decken, Aoife Powell

R4 Orla Ní Fhlaithmhín, Luke Mag Annaidh

R3 Cathal Ó Dufaigh, Lochlann Dingle,

R2 Patrick Breathnach

R1 Eibhiní , Finian Mc an Rothaich

 

Buaiteoirí Dhuas na Gaeilge 3 Deireadh Fómhair

Sam Crotty, Oscar Ó Murchú Ó Tuathail, Sophia Ní Bhreacáin , Jake Ó Searraigh, Hannah Blackmore, Lúc Ó hIarlaithe, Cillian Ó Dochraigh, Béibhinn Ní Dhufaigh, Aidan Mac Gamhna, Róisín Wylde, Kim Ní Mhuirí, Conor Ó hAodha.

 

Buaiteoirí Dhuas na Gaeilge 10 Deireadh Fómhair

Aoife Ó Sioradáin, Lauren Ní Rúis, Sinéad Ní Chorráin, Méabh Bairéad, Conor Mac an Airchinnigh, Aoibhinn Nic Shiacais, Caoimhe Ní Raghallaigh, Suzie Lee-Cooper, Niamh Scollard, Croía Nic Thréinfhir, Paddy Ó Duibhleacháin, Oisín Mac Tiarnáin.

 

An Coiste Glas

Glas le brí sin an tslí

Comórtas Bréigéide Oíche Shamhna

Déanaigí bhur mbréigéide féin  Bainigí úsáid as aon rud a féidir a athúsáid nó a athchúrsáil.

Beidh duaiseanna do na cinn is fearr!!!  Tosaigí ag obair  anois . . . . Spriocdáta: Dé hAoine, 28 Deireadh Fómhair

 

Polalsaí Cláraithe

Tá an Bord Bainistíochta ag machtnamh ar chur leis an bPolasaí Cláraithe chun foráil a bheith ann a dhéileálfadh leis an bhfadhb muna mbeadh go leor spásanna do na siblingí go léir atá ar an Liosta Iarrthóirí.  D’fhéadfaí na háiteanna a roinnt ar bhonn crannchuir, mar shampla, nó de réir aois na bpáistí, ag tabhairt príorachta do na páistí is sine.  Ba bhreá linn tuairimí phobal na scoile a fháil i scríbhinn ar nó roimh an Aoine 28 Deireadh Fómhair.

The Board of Management is considering amending the Enrolment Policy to include a provision to deal with a situation where we wouldn’t have enough vacancies for all siblings.  It is well within the bounds of possibility that this situation could arise in any given year.  Places could be allocated on a random/lottery basis, for example, or by giving preference according to age (higher preference to older children).  The Board would be delighted to receive submissions on this in writing by Friday 28th October.

 

Liostaí Iarrthóirí

An bhfuil tú cinnte go bhfuil do pháistí go léir cláraithe ar ár Liostaí Iarrthóirí?

Are you sure that you have all your children on our Lists of Applicants?

 

Grianghraf Scoile

Beidh grianghrafanna á dtógaint againn de na ranganna go léir sa scoil Dá Máirt 18 Deireadh Fómhair.  Ba bhreá linn an éide cheart scoile nó an chulaithe spóirt scoile a bheith ar gach páiste, le do thoil.  Táimid ag smaoineamh ar leabhrá a fhoilsiú leis na grianghrafanna mar chuid de Chomóradh Oíche na nAislingí – Athoscailt Oifigiúil na Scoile.

We’re going to be taking photographs of every class Tuesday 18 October  We may publish them in booklet as part of our official re-opening – Oíche na nAislingí.  Please make a special effort to have your child dressed neatly in the school uniform or tracksuit that day.

 

Lá Inseirbhíse

Beidh lá inseirbhíse ag na múinteoirí ar an gCuracalam Nua Teanga ar an Déardaoin  19 Eanáir 2017.  Beidh an scoil dúnta ar an lá sin dá bharr.

We will be getting inservice on the new Language Curriculum on Thursday 19th January 2017.  The school will be closed that day, therefore.

 

Cabhair ón gCoiste Glas

Tá cabhair ón gCoiste Glas ó roinnt tuismitheoirí a bheadh in ann cabhrú le plotaí a ullmhú do phlandáil glasraí, le tithe éan a chrochadh is rl.  Labhair le hAisling Ní Fhionnghaile Rang 1 nó

Our Green Schools committee is looking for parents who might help with preparing ground for vegetables, hanging bird boxes etc.  Aisling Nic Fhionnghaile Rang 1 or

 

An Clós ar maidin

Iarraimid ar thuismitheoirí na Naíonán agus na bpáistí eile gan ligint dóigh rith timpeall ar maidin agus iad ag bailiú sa chlós.  Bíonn a lán daoine ann agus ba mhaith linn timpistí a sheachaint.  Bailíonn na múinteoirí na ranganna ag 8.35 rn agus ba cheart do pháistí a bheith sna línte faoin am seo.  Glacaimid le freagracht do pháiste ón am seo, ach ní roimhe seo.  Ní bheidh aon pháiste i dtrioblóid as a bheith déanach, ach ní ceart a bheith déanach muna bhfuil cúis mhaith chuige sin.

We ask parents of infants and children in other classes not to let them run around the yard in the mornings.  We have a lot of people around at that time and would like to avoid accidents.  Please have your child in school by the time the teacher collects the class at 8.35 am.  We accept responsibility for your child from this time.

 

TG4

Tá roinnt cláracha maithe ar TG4 a mbeadh suim ag páistí iontu.  Is fiú breathnú ar ‘Is Eolaí Mé’ agus ‘Dúlra’.

There is a good science programme on TG4 ‘Is Eolaí Mé’.  ‘Dúlra’ is also worth a look.

 

Gaeilge

Buíochas as an nGaeilge a labhairt timpeall na scoile.  Tá sé an-tábhachtach dúinn leanúint leis seo.  Bheadh sé an-mhaith do na naíonáin dá mbeannófaí dóibh as Gaeilge nuair a bhailítear iad ag 1.15 in

Thanks to all for making the effort to speak Irish around the school.  It’s very important.  Greeting your infant child in Irish at 1.15 is a great way to support him/her.  Beatha teanga í a labhairt.

 

Leideanna

Anseo thíos tá cúpla leid a gcabhródh sé leis na múinteoirí dá dtógfaí ceann díobh:

Ins na Naíonáin má théann tú isteach le do pháiste sa seomra ar maidin, fág pras go leor, ledo thoil.  Tá se deacair ar an múinteoir an obair a thosú nuair a bhíonn tuismitheoirí sa seomra fós.   Má thagann tú déanach le do pháiste ná himigh níos faide ná doras an tseomra, muna bhfuil gá, agus ní chuirfidh tú isteach ar obair an ranga mórán.

Sna ranganna sinsireacha, cinntigh go bhfuil go leor codlata á fáil.  Bíonn tuirse ar roinnt de na páistí.  Molaimid gan gléasanna leictreonacha a cheadú sna seomraí leapan ag am codlata.

A couple of hints which could help us:

In the infants, you are welcome to go in to the classroom with your child, but leave promptly enough, please.  The teachers find it hard to begin work with the class with parents still there.  If you arrive late and the class work has begun, let your child find his/her own way from the class room door.  It will be less disruptive for the class. 

In senior classes, please ensure your child is getting enough sleep.  Some of the children appear tired.  We suggest that it is better not to allow electronic gadgets in the bedroom at bedtime.  A good boring book will have him/her snoring in no time.

 

Peil

Comhghairdeas leis Foireann Shinsireach na gCailíní a shroich an leath-chraobh agus a d’imir go hiontach I gcoinne Ros Eo, mar a d’imir an bhlian ar fad.  Tá an dá fhoireann soisireacha cailíní ag baint taitnimh as comórtas áitiúil Cuala gach Céadaoin.  Comhghairdeas leis na buachaillí a bhuaigh an ceathrúchraobh agus a bheidh I gcoinne Ghaelscoil Bhrian Bhóraimhe ó Short Colmcille Déardaoin bheag seo.

Our three girls’ football teams are all enjoying taking part in their competitions and are playing extremely well.  Our boys’ team has qualified for the semi-final.  We wish them well next Thursday.  Thanks to all the teachers who give their time voluntarily to the children in this way.

 

Ashtanga Yoga i nGAEILGE

i ASHTANGA YOGA DUBLIN

AN CHARRAIG DHUBH, BAILE ÁTHA CLIATH.

12.30–2.00:AN DOMHNACH:

16ú DEIREADH FÓMHAIR 2016

SEISIÚN YOGA A THABHAIRT AG

DAVID COLLINS,

(Bunaitheoir ASHTANGA YOGA DUBLIN)

1.CAINT GOIRID DHÁ-THEANGACH:

‘BUNÚS AGUS TRADISIÚIN AN ASHTANGA YOGA.’

2.RANG SAMPLACH BUNÚSACH ASHTANGA YOGA

ÁIT: IDRONE LANE AN CHARRAIG DHUBH. B.A.C. www.ashtanga.ie

T:0872376383/0860875059

E:info@ashtanga.ie

LUACH:€15.(Mic léinn agus daoine dífhostaithe: €10).

 

www.irishforparents.ie

Irish for parents

Cabhair bheo 4-6 Luan go Déardaoin do thuismitheoirí atá ag déanamh obair bhaile Gaeilge lena bpáistí.

Live help 4-6 pm Monday – Thursday for parents who are helping with any homework in Irish.

 

An Gúm

Chomhdháil ar shaothar an Ghúim a bheidh ar siúl ar an 21 Deireadh Fómhair in UCD.  Cothrom an ama seo 90 bliain ó shin a bunaíodh an Gúm.  Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh an t-aoiléachtóir a chuirfidh tús leis an ócáid. Cloisfimid freisin ó Alan Titley, Michael Cronin, Antain Mag Shamhráin agus scoláirí eile ar an lá.  Beidh an chomhdháil ar siúl i seomra E0.01 i Lárionad Eolaíochta Uí Bhriain ar champas UCD. Níl aon táille ar an gcomhdháil agus tá fáilte roimh chách freastal uirthi.