Nuachtlitir Bealtaine 2018

Jul 03, 2018

Brat Glas

Comhghairdeas leis an gCoiste Glas – na daltaí agus na múinteoirí atá ag obair go dian ar son na timpeallachta sa scoil.  Fuaireamar an scéal Dé hAoine seo caite go bhfuil an Brat Glas bainte amach againn.  Eagróimid searmanas ardaithe don bhrat nuair a bhronntar orainn é i gceann roinnt seachtaine.

Great news last Friday that we have been awarded the Green Schools Flag for our work on the environment, headed up by the pupils and teachers on our Green Schools committee.  Well done to all.  We’ll be presented with the flag at a ceremony in a few weeks.  Then we’ll have a hoisting ceremony of our own.

Lúthchleasa

Beidh Rang 3-6 ag siúil chuig Páirc Ghort na Carraige , sa Charraig Dhubh, maidin Mháirt bheag seo c 9.30 rn, chun páirt a ghlacadh sna triallacha d’Fhoireann Lúthchleasaíochta na Scoile.  Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht linn, más mian leo.  Ba cheart do na daltaí a bheith réidh don aimsir atá tuartha.

Rang 3-6 will be walking to Rockfield Park, in Blackrock, via Barclay Court,  this Tuesday morning c 9.30 am, for the trials for the school’s athletics team.  Parents etc are welcome to join us.  The pupils should be dressed appropriately for the weather.

 

Grúpa Garraíodóireachta

Tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht chun cabhrú linn sa Ghairdín ar an Aoine bheag seo 11 Bealtaine 2.15 – 3.45.   Beimid ag baint fiailí, ag rácáil agus ag cur síol féir.  Ba mhaith linn tús a chur leis an gcosán, chomh maith.  Mi-wadi agus Marietta do chách.

Parents are welcome to join us this Friday 11th May 2.15 – 3.45 pm to work in the school garden.  We’ll be weeding, raking and planting grass seed.  We’d also like to make a start with our garden path.  Mi-wadi and Marietta for all.

 

Glantóir

Faraor, tá glantóir eile á lorg againn, láithreach.  2 ½ uair sa lá, 5 lá na seachtaine.  Má tá aithne agat ar dhuine éigin labhair le Colmán nó Rós nó seol ríomhphost chuig codrisceoil@scoillorcain.ie.  Go raibh maith agat.

We’re looking for another cleaner immediately.  2 ½ hours a day, five days a week.  €13 plus an hour.  If you know someone please have a word with Rós or Colmán ar email codrisceoil@scoillorcain.ie.

Amharcléiritheoirí briste

Tá teicneoir á lorg againn chun dhá amharcléiritheoir atá briste a dheisiú.  Cosnóidh amharcléiritheoir nua c €350.  Má tá tú úsáideach le do lámha, labhair le Colmán, ldt.

We’re looking for a technician who would have a go at fixing three broken visualisers for us.  A new one would cost c €350.  If you’re handy with electronics, or know someone, have a word with Colmán, please.

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge 30/04/2018

Rang 1.Zack Mac an tSaoir,Deirdre Ní hAlmhain,Ailbhe Ní Leathlobhair,Alex Ó hIarlaithe. Rang 2 Laragh Ní Cheallacháin Jayden Mac an Ridire,Harry O Flannabhra. Rang 3. Pheilim Binéad, Sophie Ní Mhurchú,Cillian Ó Céirín. Rang 4.Oisín Powell, Sorcha Ní Shíocháin, Iseult Nic Giolla Phadraig , Oisín Harper. Rang 5.Fiachra Mac Ionnrachtaigh, Luan Ní Cheallaigh, Lexie Ní Mhaonaigh, Joseph Ó hAirtnéada. Rang 6. Bláithín Cartúir, Conor Mag  Ruairc, Blathna Marry, Sam de Bhailís.

 

Rúnaí Nua

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Caitríona Mhic Leannáin – iarscoláire – ina rúnaí nua againn, nuair a fhágann Rós ag deireadh an tSamhraidh.  Beidh Caitríona istigh linn go hócáidiúil idir seo agus deireadh na scoilbhliana ag cur aithne ar an scoil.

We’re delighted to announce that Caitríona Mhic Leannáin – a pastpupil – will be taking up the post of Rúnaí when Rós leaves at the end of summer.  Caitríona will be in occasionally between now and the end of the year getting to know the school.

 

Leabharlann na hAoine

Táimid chun leagan amach Leabharlann na hAoine a athrú beagán mar go raibh roinnt cur isteach ar ranganna.  As seo amach, beidh fáilte roimh thuismitheoirí a bpáistí a thabhairt isteach chuig Leabharlann na Scoile ar an Aoine ó 8.15 – 8.35 chun leabhar Gaeilge a fháil.

We’re changing the arrangements for Leabharlann na hAoine, which we instituted so that parents could select Irish language books with their children, because some libraries don’t stock a lot.  From now on, parents may bring their child to the school library on Fridays 8.15 – 8.35 am to borrow Irish books.  Entrance will be by the main door.  Children may not come in unless accompanied by a parent.

 

Aon duine ag fágáil na scoile

Bheadh sé an-chabhrach a fháil amach anois má tá aon pháiste nach mbeidh ag teacht ar ais go Scoil Lorcáin tar éis an tSamhraidh, seachas a fháil amach i Meán Fómhair.

It would really help us to learn now if any child won’t be returning to Scoil Lorcáin after the summer break, rather than hearing at the end of August.  Thank you.

 

Grúpá Tuistí is Leanbh

Gach Aoine 8.35 – 9.30 Cistin na Scoile.  Fáilte roimh chách.

Parent and Toddler group meets every Friday morning in the Cistin to get an opportunity to speak Irish.  All welcome.

 

 

Uirlisí Ceoil

Iarrann Coiste na dTuismitheoirí ar aon duine a fuair Uirlisí Ceoil iad a thabhairt ar ais chuig Oifig na Scoile roimh Aoine 22 Meitheamh 2018. Bí cinnte d’ainm a thabhairt do Rós nuair a thugann tú uirlis ar ais. Cuir rphoist chuig Sylvia agus Mairéad an ríomh-phoist go sluirlisiceoil@gmail.com má tá aon cheist agat. Parents are asked to return instruments from the rental scheme to Oifig na Scoile before Friday 22 June 2018 and to be sure to sign them in. Email Sylvia & Mairéad at sluirlisiceoil@gmail.com with any queries

 

Seantrabh

Bhain na daltaí agus na múinteoirí an-taitneamh as dhá lá álainne i Seantrabh le seachtain anuas.  Thugamar 6 bhonn abhaile linn.   Comhghairdeas leis na daltáí agus buíochas leis na múinteoirí go léir a chabhraigh, go speisialta Gráinne Uí Lúing a rinne a lán oibre.   Bhuaigh na páistí seo bonn: Ariel de Hochtúin Cillian Ó Caoilte , Conor Mag Ruairc, Anna Nic Cárthaigh dhá cheann, agus Kerrie Ní Bheaghlaoich.

We had two great days in Santry, bringing home 6 medals for athletics.  Well done to the pupils and thanks to all who helped.

 

STEAM

Tá Eolaíocht i mBosca déanta ag Rang 6 le 3 bliana anuas agus Innealtóireacht i mBosca déanta ag Rang 5 i mbliana.  Cosnaíonn na cúrsaí seo €2,500 in aghaidh an ranga.  Bhíomar ábalta tabhairt fúthu de bharr urraíochta a fuaireamar ó thuismitheoirí flaithiúla.  Táimid an-bhuíoch dóibh.  Ba bhreá linn páirt a ghlacadh arís an bhliain seo chughainn, ach bheadh orainn urraithe a fháil.   Má tá tú féin nó comhlucht a bhfuil baint agat leo in ann cabhrú linn, labhair le Colmán roimh an samhradh, ldt.

We have done Science in a Box with Rang 6 for the last 3 years and Engineering in a Box with Rang 5 this year.  The programme has always been well received.  Generous sponsorship from parents and Coiste na dTuismitheoirí has enabled us to take part. We would not be able to afford the €2,500 per class.  We will need sponsorship for next year’s Rang 5 and 6 to take part.  If you or a company you are involved with can help, talk to Colmán, please.

 

Boird Chearnógacha

Beidh boird chearnógacha nach bhfuil uainn a thuilleadh á bhfágáil amach sa Chlós againn an tseachtain seo chughainn.  Tá 10 gcinn againn ar fad.  Tóg ceann, nó cuir d’ainm air, má tá suim agan ann.

We have 10 large square tables which we don’t need any more.  We’ll place them in the Clós next week.  Please take one or more, as suits.

 

Maor Tráchta Mí-shásta

Tá Jackie an Maor Trácht mí-shásta le tuismitheoirí a thugann a bpáistí trasna an bhóthair gan fanacht idir na línte bána agus gan fanacht ar ghlaoch uaithi féin.  Deir sí  go bhfoghlaimíonn na páistí drochnósanna na dtuismitheoirí agus go ndéanann siad aithrís orthu nuair nach bhfuil a dtuismitheoirí leo.  Cabhraimís léi, le bhur dtoil.   Is fearr mall ná marbh.

Jackie, our Traffic Warden is very unhappy with parents who bring their children across the road outside the white lines and before she beckons them across.  She has seen children copy their parents bad example when their parents aren’t with them.  Please, let’s all help Jackie.  Better late than never.

 

Brat Glas

Bronnadh an Brat Glas ar an scoil ag searmanas an tseachtain seo caite.  Táimid chun é a ardú maidin Mháirt seo chughainn 8.35 rn.  Tá fáilte roimh thuismitheoirí a bheith linn.

We were presented with the Green Flag at a ceremony last week.  We’re going to raise it next Tuesday at 8.35 am.  All are welcome to attend.

 

Ficheall

Tá cúrsaí fichille faoi lán-tseoil sa scoil anois, a bhuíochas do Mháistir Mac Aogáin na Fichille.  Tá comórtaisí inmheánacha i Rang 3-6 agus foireann scoile ag glacadh páirte i gComórtas Fichille na nGaelscoileanna.

Chess is every one’s best mate at the moment in school, with internal competitions in Rang 3-6 and the school team competing in Comórtas na nGaelscoileanna this Thursday in UCD.

 

Éadaí féin /Athchúrsáil Éadaí

Beidh cead ag na daltaí a gcuid éadaí féin a chaitheamh ón Máirt seo chughainn ar aghaidh.  Beidh spota athchúrsála againn an tseachtain ina dhiaidh sin d’éadaí scoile.  Tóg a bhfuil uait ón spota, le do thoil.  Fágtar meall mór éadaí againn gach bliain.

Children may wear their own clothes from next Tuesday on.  We’ll have a recycling spot for unwanted school uniforms the following week, when you have had a chance to wash them.  Please take as many clothes as you want from the recycling spot.  Don’t be selfconscious.  Every year, we are left with unwanted school clothes.

 

Dinnéar Chairde Choláiste Eoin/Íosagáin

Óstán an Intercontinental

26 Deireadh Fómhair

 

Foireann Peile Bhunscoileanna Bhaile Átha Cliath

Comhghairdeas le Lucy Ní Airtnéide agus Aoife Ní Drisceoil a d’imir ar Fhoireann Peile Bhunscoileanna Bhaile Átha Cliath le déanaí I gcoinne contaetha eile Chúige Laighean.

 

Campaí Samhraidh Ógras ag teacht chuig Scoil Lorcáin!

Beidh Campaí Samhraidh a reáchtáil ag Ógras i Scoil Lorcáin i mbliana. Beidh an campa ar siúl ón 9-13 Iúil don dá aoisghrúpa, 7-11bl agus 12-15bl. Más mian leat clárú don champa thig foirm chláraithe a fháil ar suíomh Ógras (www.ogras.ie) nó cuir glaoch 01 475 1487 má tá tuilleadh eolais uait.

Ógras Summer Camps are coming to Scoil Lorcáin!

We are excited to announce that Ógras will host an Irish language Summer Camp in Scoil Lorcáin. The camp will run from 9-13 July for both age groups, 7-11yrs and 12-15yrs. For more information on Ógras Summer Camps and to register for the camp, visit the Ógras website (www.ogras.ie) to do so.

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge 8/05/2018

Rang 1.Mac Dara Ó Drisceoil,  Ada Ní Dhomhnaill, Conall Ó Súilleabháin, Sadhbh Ní Bhrádaigh. Rang 2 Saoirse Fíobhuí, Scott Mac Donnchaidh, Tom Blackmore. Rang 3. Rónán Ó Morán, Séamus Ó Ceallaigh, Niamh Ní Gabhann.Rang 4. Méabh Nic Pháidín, Maise Crosbie, Fiachra Ó Muirí, Senán Ó Muirí. Rang 5.Emilie Slyne, Ivan Ó Croimín, Aobha Ní Chuana, Fiachra Mortún. Rang 6. Sophie Dáibhís Finn Ó Donnaile, Clara Nic Mhánas, Sam Ó Duinn.

 

 

Fógra:  ó Fergus Brady fergusbbrady@gmail.com

Tá síob le haghaidh beirt pháiste a bheidh i R2 agus N. Shoir. an Mean Fómhair seo chughainn.

Ón scoil ag a 2:15in go dtí Park Academy Afterschool, Thornwood, ar bhárr Ascail Baile an Bhóthair.

3 lá sa seachtain ar a laghad: ó Mhean Fómhair, 2018 ar aghaidh.

Aontaímid rátai oiriúnacha !

Fógra above from a parent looking for lifts for two children next year at 2.15 pm to Booterstown Ave 3 days a week.  Rate to be negotiated.

 

 

Tionól Gaeilge

Beidh Tionól Gaeilge UCD, Scoil Samhraidh do dhaoine fásta á reáchtáil ag Bord na Gaeilge UCD arís i mbliana; 2-6 Iúil  2018. Tá an cúrsa á reáchtáil i gcomhar le Gaelchultúr.  Tá an sceideal iomlán le léamh ag: http://www.ucd.ie/bnag/ga/seirbhisi/tionolgaeilgeucd/  Bíonn ranganna teanga ag 5 leibheál, léachtaí agus imeachtaí cultúrtha.

 

 

Eochair

Eochair rothair faighte, in Oifig na Scoile

Bike key found.  In the school office.

 

Páirc an Chrócaigh

Go n-éirí go geal lenár gcailíní agus iad ag imirt i gCraobh Chorn Haughey sa Chamógaíocht i bPáirc an Chrócaigh Céadaoin 6 Meitheamh 3.00 in.

Good luck to our camogie players in the Corn Haughey Final in Croke Park Wednesday 6th June.

 

Boscaí

Má tá crátaí/ciseáin agat atá ar chaighdeán na gcinn a bhíonn i siopaí agus nach bhfuil sé uait ba bhreá linn é a fháil.  Tá siad níos fearr ná aon rud a cheannófaí.

If you have baskets/crates that may have originated in a shop and that are unneeded, we would be happy to get them.  They are better than most you would buy in a shop.

 

Léitheoirí

Buíochas do na tuistí agus seantuistí a chabhraíonn leis an léitheoireacht. Tá na múinteoirí buíoch as an cabhair. Bhaineann na páistí taitneamh agus tairbhe as.

Thanks to the parents/grandparents who help with reading in the mornings, it’s a great help to the teachers.

 

Tuairiscí

Beidh siad ar fáil ag bord sa Chlós Mór Aoine 15 Meitheamh ag 1.15 agus 2.15 le bailiú. Muna mbailítear iad is féidir iad a bhailiú ón Oifig ar an Luan 18.  Cuirfimid aon cheann atá fágtha sa phost ina dhiaidh sin.

School reports can be collected in the Clós on Friday 15th June. 1.15 and 2.15.

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge 11/05/2018

Rang 1.Clíodhna Ní Chondubh, Éanna Ó Caoimh, Ellen Ní Shúilleabháin, Sebastian Ó Broin.  Rang 2 Seosamh Mac Colla, Jack Ó Ceallaigh, Martha Crosbie. Rang 3. Éabha Mortún, George Ó Cinnéide,Alyson Groome, Anna Lee Cooper, Stephen Mac Ruairc. Rang 4. Cathal Ó Dufaigh , Kate Ní Chárthaigh. Rang 5.Mac Dara Ó Finneadha, Sadhbh Ní Mheachair, Ciaran Ó Raghallaigh, Shéana Ní Lobhaois.  Rang 6. Mia Ní Dhúnaigh, Pádraig Ó Ceirín, Róisín Wylde, Marc Ó Grainne.

 

Buaiteoirí Dhuais na Gaeilge 18/05/2018

Rang 1. Sam Ó Tuathaigh, Madeleine Lorenc, Ellen Ní Shúilleabháin, Sebastian Ó Broin. Rang 2. Clodhagh Ní Chuana, Eoin Mac  Páidín,Finían Mac an Rothaich, Aisling Ní Fhloinn. Rang 3. Maria de Buitleir, Laoise Van As, Orán Ó Comhraí, Sophie Ní Mhurchú, Rang 4. Aoife de Fréine, Séamus Ó Riain, William Olden. Rang 5. Clódagh Stiobhairt, Fiachra Mac Ionnrachtaigh, Seán Mac Donnchaidh, Muireann Ní Mhuineacháin.  Rang 6. Lúc de Paor, Emma Ní Dhomhnaill, Lucy Ní hAirtnéada, Seán Ó Donnchú.

 

Campa Sóisireach Samhraidh

Scoil Lorcáin

€65 do pháiste.  €110 do bheirt

4-9 bliana

2/7/18 – 6/7/18

9.30 – 12.30

Múinteoirí Scoil Lorcáin ina bhun

087-9947401

Junior Summer Camp for 4-9 year olds details above.

 

Obair bhaile

Ní bheidh aon obair bhaile scríofa don choicís dheireannach, ó 18 Meitheamh ar aghaidh.  Beidh obair bhaile go dtí sin agus táimid buíoch as tacaíocht na dtuismitheoirí leis an obair bhaile seo.

There will be no written homework for the last fortnight, from 18th June.  There will be homework until then, and parents support in ensuring the homework is completed is, as always, appreciated.

 

TG4 agus Rang 1

Comhghairdeas le Rang 1 In. Uí Mhathúna a bhuaigh duais do Lorcán – Róbó Scoil Lorcáin.  Féach nasc anseo do mhír ar TG4.

https://www.youtube.com/watch?v=daIl-zA4_g8

Well done to Rang 1 for winning a prize on TG4 with Lorcán, the new robot in town.

See link above.

 

Gaeilge ó na hardranganna

Táimid beagán buartha nach mbíonnn gach dalta as Rang 4, 5 is 6, go speisialta, ag labhairt Gaeilge sa Chlós ar maidin agus um thráthnóna.  Bheimís buíoch dá labhródh tuismitheoirí lena bpáistí faoi seo.  Bheimís ag súil, dár ndóigh, nach nglacfadh aon tuismitheoir ach le Gaeilge amháin agus a bpáistí ag caint le páistí eile sa Chlós nó díreach lasmuigh de gheataí na scoile.

We’re a little worried that not all children in Rang 4-6 especially are speaking Irish all the time in the yard in the morning and evening.  We’d appreciate if parents could talk to their children about this.  Of course, we hope every parent will expect their children to speak Irish to other school children when in the yard or just outside the school at going home time.

Go raibh maith agaibh.

 

Chéad Chomaoineach          

Bhaineamar go léir an-taitneamh as an gCéad Chomaoineach.  Míle buíochas leis na múinteoirí as an obair ar fad sa séipéal agus le Cumann na dTuismitheoirí agus tuismitheoirí Rang 1 agus 3 as an bhFáiltiú ar ais sa scoil.  Bhí sé ar dóigh.

Thanks to all who helped with the First Communion, in what turned out to be another great day in Scoil Lorcáin.  The children were excellent all round.

 

Lá Spóirt Scoil Lorcáin

17 Meitheamh

Club Rugbaí Wanderers

Sports Day 17th June

Keep it free

 

Gutháin Póca

Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí gan ligint dá bpáistí gutháin póca a thabhairt isteach ar scoil muna bhfuil gá leo ó thaobh slándála agus iad ag taisteal.  Go raibh maith agaibh.

We’re asking parents not to let their children bring phones into school unless they really need them for security when travelling to or from school.