Nuachtlitir Bealtaine 2016

May 19, 2016

Beach Litrithe

D’éirigh thar bharr le Max Ó Donnchú Déardaoin 21 Aibreán sa Chomórtas Spelling Bee, thar cheann na scoile.  D’fhreastail thart ar 75 dalta bunscoile ar an ócáid agus d’éirigh le Max an dara háit a aimsiú.  Is mór an éacht é seo is táimid an-bhrodúil ar fad as.

Well done to Max Rang 6 for coming in 2nd place in the Annual Spelling  Bee competition, our highest ever placing.

 

Seaimpíní Fichille Ghaelscoileanna Laighean

Ní in aon lá amháin a thógtar na caisleáin, ach thóg Foireann Fichille Scoil Lorcáin a lán caisleán agus iad i mbun Chomórtas Fichille na nGaelscoileanna, áit ar bhuamar Roinn 1 don chéad uair riamh.  Comhghairdeas le Conor Mag Ruairc, Conor Mac Giolla Iasachta, Conor Ó hAodha, Rónán Ó Tuama agus Liam Ó Laoide, ar corónaíodh ina Rí na Fichille ar an lá é.  Míle buíochas le Donnchadh Mac Aogáin as an obair a dhéanann sé chun an fhicheall a spreagadh sa scoil.

We are Kings of the Castle in chess, having brought home the Gaelscoileanna Division 1 title for the first time ever in April.  Well done to all concerned.  Thanks to Donnchadh Mac Aogáin for all his work and to the parents for their support.

 

Crann do Lúc

Bhí ócáid álainn againn Déardaoin seo caite i Halla na Scoile nuair a dhílsíomar crann caorthainn órga do Lúc Mac Mathúna, iarscoláire a cailleadh i rith an tsamhraidh.  D’fhreastal teaghlach Lúc ar an ócáid.  Táimid an-bhuíoch dóibh as teacht agus do Fiona agus Mairéad as cabhrú leis an ócáid a eagrú.

We dedicated a Golden Rowan Tree to the memory of Lúc Mac Mathúna last Thursday in the new hall.  We’re very grateful to Lúc’s family for attending what was a lovely ceremony.

 

Scoil Dúnta

Beidh Lá Inseirbhíse againn ar an gCuraclam Nua Teangan agus beidh an scoil dúnta Aoine 3 Meitheamh, dá bharr sin.  Seo an Aoine roimh an tseachtain saor a bheidh again.

We are to have an inservice day Friday 3rd June on the newly announced Language Curriculum.  The Department have had the great idea of introducing immersion education to gaelscoileanna, and there we were thinking that’s what we were at for the last 60 years.  So, there will be no school for the children that day.  This is just before the week’s break, so the children, at least, will be happy.

 

Seantrabh

Tá Trialacha Lúthchleasaíochta á n-eagrú again an tseachtain seo chun foireann lúthchleasaiochta na scoile a roghnú.  Beidh na lúthchleasa ar siúl i Seantrabh 23 agus 31 Bealtaine.  Buíochas le Gráinne Uí Lúing agus Niamh Uí Chroidheáin, go speisialta, as an obair air seo.

We’re having our trials for the Athletics Team to participate in the Cumann na mBunscol Athletics on 23rd and 31st May this week.  Good luck to all the children.

 

Grúpa Tuismitheoirí is Leanbh

Tá ár nGrúpa Tuismitheoirí is Leanbh a tosaithe arís.  Bíonn sé ar siúl gach Aoine 8.40 – 9.40, sa seomra atá trasna ó Oifig na Scoile.  Beidh seomra ar fáil do thuisitheoirí le páistí beaga ar mian leo teacht agus comhrá a dhéanamh in nGaeilge.  Is é an grúpa a reachtálann é féin.  Tá fáilte roimh aon duine ar suim leo é teacht idir 8.40 – 9.40, cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.

We have started up our Parent and Toddler group again every Friday 8.40 – 9.40 am for those of you with younger children who would like an opportunity to speak and hear some Irish.  All are welcome, no matter what your standard of Irish is.  This group runs itself.  We just provide the space and the expectation that an effort is made to speak Irish.

 

Déanach

Tá 50 páiste ag teacht déanach go rialta.  Sin 50 páiste atá ag cailliúint am scoile agus ag cur isteach ar gach duine eile agus iad ag teacht isteach go déanach.  Ba bhreá linn go mbedh na páistí go léir sa line ag 8.35 nuair a bhailíonn an múinteoir an rang.  Cabhraigh linn, le do thoil.  Má tá aon mholtaí agat maidir le conas is féidir feabhas a chur ar chúrsaí, ba bhreá linn cloisteáil uait.

50 children are coming in late regularly.  That’s 50 children who are missing class time and who are disrupting the teacher and the children who are in on time.  Please, have your child in the line for 8.35 am unless there is a good reason not to be.  Please, help us on this.  If you have any suggestion as to how we could improve this, we would be happy to hear it.

 

 

Campa Sóisearach Samhraidh

Scoil Lorcáin

€55 an páiste €100 do bheirt

4/7/16  –  8/7/16

10am-1pm

Foirmeacha ar fáil san oifig

Junior Summer Camp notice above.

 

Fógra

Beidh Cúram Iarscoile Explorers’ i Scoil Lorcáin ar oscailt ó 2.15 go dtí 6.15 gach lá i rith an bhliain scoile.

Beidh féitheoireacht ar obair bhaile scríofa gach lá.

San áireamh sna táillí tá 3 ghníomhaíocht sa tseachtain, gníomhaíchtaí cosúil le damhsa, dramaíocht, karate agus spórt.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh idirlín www.explorersafterschool.com

Seoil ríomhphost chuig  explorersafterschool@gmail.com nó cuir glaoch ar Míde 0876367916 más rud é go bhfuil foirm áirithinte ag teastáil. Tabharfar na spásanna amach ar dtús do na daoine a thagann ar dtús.

Afterschool Club in Scoil Lorcáin in September 2016.

Cúram Iarscoile Explorers in Scoil Lorcáin will be open from 2.15 – 6.15  everyday during the school year.

We supervise all written homework.

Included in the fees are 3 activities each week, activities like dancing, drama, karate and sport. 

There is further information on our website www.explorersafterschool.com

Spaces will be allocated on a first come, first served basis. If you would like a booking form,  Emailexplorersafterschool@gmail.com or phone Míde on 0876367916

 

 

Cúram 1.15 – 2.15

Tá an Litir Cúram curtha amach chuig tuismitheoirí Naíonán 2015-16.  Tá gach eolas sa litir.

The letter for the 1.15 – 2.15 cúram for infants with siblings in Rang 1-6 was distributed yesterday 4th May.  All information is in the letter.

 

An féidir leat:

Siúl ar scoil

Rothaíocht ar scoil

Páirceáil agus Siúl ar scoil

Bus agus Dart a fháil ar scoil

 

Athchúrsáil

Má tá bosca bruscair rothaí nó agat sa bhaile nach bhfuil gá leo, bheadh suim againn iad a fháil chun stórais agus chun cosán a dhéanamh sa ghairdín.

If you have a wheelie bin or paving slabs at home that are unloved, we would have use of them.  The wheelie bins for storage and the paving slabs because our Coiste Glas wants to start planting vegetables.

 

Suirbhé Tráchta

Tá suirbhé tráchta ar siúl again an tseachtain seo, féachaint an bhfuil feabhas tagtha ar na pátrúin taistil atá againn.

We are conducting a Traffic Survey this week, to see if we have improved the sustainability of our travel patterns over the last year.  Thanks to all who walk, scoot, cycle, bus, dart and park and stride.

 

Úsáid uaireanta Pháirc an Chrócaigh

Déanann na múinteoirí sa scoil 36 uair a chloig oibre neamhtheagmhála mar chuid de Chomhaontas Pháirc an Chrócaigh.  I measc na mbuntáistí a bhainimid as an am seo tá cruinniú míosúil foirne (10 uair),  cruinnithe ullmhúcháin ag tús na scoilbhliana (6 uair), cruinnithe fhorbairt polasaithe (10), cruinnithe tuismitheoirí/múinteoirí (2) agus uaireanta inseirbhíse (8).Dár ndóigh, caitheann na múinteoirí a lán ama lasmuigh den chomhaontas thuasluaite ar imeachtaí den chineál seo agus ar ghníomhaíochtaí deonacha eile.  Bíonn na cruinnithe againn gach dara Luan tar éis am scoile, go ginearálta.

The teachers in Scoil Lorcáin fulfil 36 hours non-contact hours as part of the Croke Park Agreement.  The uses we put these hours to include 10 hours spent on monthly staff meetings, 6 spent on a preparation at the start of the school year, 10 hours spent on policy formation, 2 hours on parent/teacher meetings and 8 on in-service.  We usually hold these meetings every second Monday after school time.  Of course, the teachers spend many more hours outside of the agreement on activities such as these and on other voluntary work. 

 

Fleadh Cheoil Átha Cliath: Comóradh agus Ceiliúradh

Tá Fleadh Cheoil Átha Cliath ag teacht go Deilginis 10-15 Bealtaine 2016.

Dé Máirt 10 Bealtaine, osclófar an Fhleadh Cheoil san Ionad Oidhreachta i nDeilginis.  Seinnfidh Cairde Chualann píosa ceoil nua-chumtha “Rithim na Réabhlóide” le Tim Doyle agus beidh damhsa ar an sean-nós ó Shibéal Davitt.

Déardaoin 12 Bealtaine, seinnfear MARBHNA 1916 le hOdhrán Ó Casaide a cumadh go speisialta dóibh siúd ar fad a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916. Beidh saorchead isteach. Beidh an ócáid seo ar siúl san Eaglais Chaitliceach i nDeilginis. Imeacht trí Ghaeilge atá i gceist leis seo.

Dé hAoine,13 Bealtaine, beidh ‘Réalta’ Chraobh Chualann againn. Cloisfear scoth amhránaithe, grúpaí ceoil, rinceoirí agus ceoltóirí ón gcraobh. Tá costas €5 ar na ticéid. Beidh an cheolchoirm seo ar siúl san Ionad Oidhreachta i nDeilginis.

Dé Sathairn, 14 Bealtaine, beidh ceolchoirm againn leis an ngrúpa clúiteach RÉ. Tá costas €15 ar na ticéid. Beidh an cheolchoirm seo ar siúl in Eaglais Anglacánach Naomh Pádraig, Bóthar an Chuain, Deilginis

14-15 Bealtaine, beidh na comórtais are siúl i Meánscoil Loreto Abbey i nDeilginis.

11-14 Bealtaine,  Beidh seisiúin cheoil ar siúl sna tábhairní gach oíche idir 11-14 Bealtaine.

Obair dheonach atá i gceist leis an bhFleadh Cheoil a reáchtáil. Ba mhór againn bhur dtacaíocht trí fhreastal a dhéanamh ar na hócáidí thuasluaite agus freisin lámh chúnta a thabhairt, más féidir, ag reáchtáil na gcomórtas i rith an lae. Déan teagmháil linn.

Ticéid ar fáil: “The Red Shop” Deilginis, nó https://dublinfleadh2016events.eventbrite.ie

Tuilleadh eolais: info@craobhchualann.net

Fleadh Cheoil Átha Cliath is coming to Dalkey 10-15 May 2016.

Tuesday, 10 May, the official opening of the Dublin Fleadh Cheoil will be held in the Heritage Centre in Dalkey on the 10 May. Cairde Chualann will perform a newly composed piece of music called “Rithim na Réabhlóide” by Tim Doyle and Sibéal Davitt will perform a sean-nós dance,

Thursday, 12 May, we will have an orchestral performance of MARBHNA 1916 by Odhrán Ó Casaide, a requiem that was specially composed for all those who died during the Easter Rising 1916. Admission is free to this event. It will be performed in the Church of the Assumption, Dalkey. This will be an Irish language performance.

Friday, 13 May, we will have a traditional concert featuring ‘Réalta’ Chraobh Chualann. This will include the best of singers, grúpaí ceoil, dancers and musicians from the Craobh Chualann branch. Tickets cost €5 for this event. It will be held in Dalkey Castle & Heritage Centre, Castle Street.

Saturday, 14 May, we will present a concert by the well known band RÉ. Tickets cost €15. This concert will be held in St Patrick’s Church, Harbour Rd, Dalkey.

14-15 May, the Fleadh competitions will be take place in Loreto Abbey Secondary School, Harbour Road.

11-14 May, there will be sessions in the pubs each night in the heritage town 11-14 May from 9pm.

The Fleadh Cheoil is run on a voluntary basis. We would really like your support by attending the aforementioned events and by helping out running the competitions during the day. Please get in touch with us.

Tickets are available from “The Red Shop, Dalkey” or  https://dublinfleadh2016events.eventbrite.ie

For information: info@craobhchualann.net