Nuachtlitir an Mheithimh 2021

Jul 02, 2021

NL Meitheamh 2021

Bratacha Náisiúnta

Tá fáilte rompu ar shaoirí náisiúnta.  D’ardaíomar brat na hIorua ar an 17 Bealtaine, Lá an Bhunreachta, ag ceiliúradh bhunreacht 1814 na tíre sin.  Bheimís an-sásta laethanta náisúnta eile de phobal na scoile a cheiliúradh.

We celebrated Norway’s National Constitution Day on May 17th by raising the Norwegian flag.  We would be glad to celebrate other national days from our school community.  Please, let us know.

Cúrsaí Tráchta

Táímid an-buíoch don iarracht leanúnach le cúrsaí tráchta.  Aithníonn gach éinne an dul mór chun cinn i mbliana.  Buíochas speisialta leis an tuismitheoirí a chabhraíonn leis na cóin maidin is tráthnóna.  Ní bheidh sé indéanta leanúint ar aghaidh an bhliain seo chughainn gan breis cabhrach.  Labhair le haon mhaor má tá tú sásta cabhrú.  Luaigh tuismitheoir linn gur ar éigean ar seachnaíodh drochthimpist cúpla uair le déanaí nuair a oscalaíodh doras ar an taobh amuigh chun páistí a scaoileadh amach as gluaisteán ar maidin agus páistí eile ag gabháil an bhealaigh ar rothair.  Bímis cúramach, le bhur dtoil.

We’re all really grateful for the continuing efforts with traffic management.  Everyone recognises the huge improvement this year. It won’t be possible to continue next year without extra help.  You can talk to any one of the parents who are helping if you, too, can help.  A parent has witnessed two near accidents when outside car doors were opened as pupils were cycling by in the morning.  Let’s all be careful, please.

Gaelscoil Laighean

Is cosúil go bhfuil fórsaí an dorchadais dírithe ar Ghaelscoil Laighean leis an nuacht go bhfuil an scoil le bogadh go láthair mhí-oiriúnach in Ascaill Eblana, Dún Laoghaire.  Is é Baile an Bhóthair/ An Charraig Dhubh abhanntrach oifigiúil na scoile.  Tá an foirgneamh ina bhfuil siad i nGráinseach an Déin le tabhairt do scoile eile.  Tá feachtas poiblíochta agus polaitiúil ar siúl ag pobal Ghaelscoil Laighean agus Cothrom na Féinne á lorg acu.  Bheimís buíoch dá bhféadfadh pobal Scoil Lorcáin tacú lenár n-iarmhúinteoirí Aoife Ní Scolaí agus Caitríona Magner agus le pobal Gaelach Ghaelscoil Laighean ina n-iarrachtaí.

The forces of darkness seem to be conspiring against our sister school Gaelscoil Laighean where Aoife Ní Scolaí and Caitríona Magner are working with a small community to establish another vibrant Gaelscoil.  They have been directed to move from Dean’s Grange to a totally unsuitable building in Eblana Ave, Dún Laoghaire.  Their current home is to be given to another school.  Gaelscoil Laighean – whose catchment area is Blackrock/ Booterstown – have had to resort to a publicity/ political campaign to secure fair play from the Department of Education.  We would appreciate any support which can be given by our community.

Teimpléad dátheangach den Tuairisc

Gheobhaidh tú teimpléad dátheangach leis an Nuachtlitir seo a chabhróidh leis an Tuairisc Cinn Bhliana a thuiscint.

With this Nuachtlitir we’re sending a bi-lingual template for the school reports Tuairiscí Cinn Bhliana to help with understanding your child’s report when you receive it.

CCB Chumann na dTuismitheoirí

Céadaoin bheag seo 8.00.  Fáilte roimh chaomhnóirí/ thuismitheoirí.

Our parents committee’s AGM takes place this Wednesday 8.00 pm.  All  guardians/ parents welcome.

Feighlí Scoile

Ní raibh aon iarratas againn ó phobal na scoile don phost mar fheighlí.  Bheimís buíoch, ar sin, dá gcrochfaí an fógra seo thíos ar aon chláracah fógraí nó fóra oiriúnacha. 

We’ve had no applications for our school caretaker role from the school community so we would like to cast our net wider. We’d appreciate it if the fógra below was posted on a suitable local fora.

Fógra

Tá feighlí nua scoile á lorg ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach le dul i mbun oibre ón 1 Lúnasa 2021.  Beidh an scála pá ceangailte le Scála Pá na Roinne Oideachais le haghaidh Feighlithe Scoile.  Lá roinnte atá i gceist le freastal ar an scoil ar maidin agus um thráthnóna, ach solúbthacht áirithe maidir leis na huaireanta.  Beidh ar an té a dtairscítear an post di/dó dul faoi Ghrinnfhiosrú Gardaí.  Is buntáiste í an Ghaeilge ach níl sí riachtanach.  Ba cheart iarratais nó fiosrúcháin a sheoladh chuig An Cathaoirleach ag scoillorcain1@scoillorcain.ie faoi Aoine 18 Meitheamh 2021. 

We in Scoil Lorcáin, Monkstown, are looking for a new caretaker.  Approximately 25 hours a week with split day morning and afternoon, with flexibility in the actual hours.  Pay Scale will be related to the Department of Education’s Scale for School Caretakers.  The successful applicant will have to undergo Garda Vetting.  A basic knowledge of Irish would be an advantage, but not a prerequisite.  Applications or enquiries to An Cathaoirleach at scoillorcain1@scoillorcain.ie by Friday 18th June. 

Éide Scoile

Tá Corrs i nDún Laoghaire ag aistriú gnó chuig Uniformity, Áth an Ghainimh (https://uniformity.ie/collections/scoil-lorcain-blackrock).

Is féidir éide scoile a cheannach i Uniform Warehouse chomh maith (https://www.uniformwarehouse.ie/101-scoil-lorcain-monkstown).

Rogha ceannach ar líne nó glaoch isteach.

Corr’s in Dún Laoghaire have transferred their business to Uniformity, Sandyford.  School uniforms may also be bought in the Uniform Warehouse.  Links above.

Cearnóg Belgrave

Chuir Cumann Áitritheoirí na Cearnóige in iúl dúinn go bhfuil rialacháin pháirceála i bhfeidhm ar an gcosán ar an taobh ó thuaidh (taobh na mara) den Chearnóg.  Is cosúil gur tionscnamh príobháideach é seo.  Tá go leor gluaisteán feicthe clampaithe againn le seachtain anuas.  Gach seans go gclampálfar tú, ag aon am, má bhíonn aon chuid ded’ ghluaisteán in airde ar an gcosán gairbhéil.

Belgrave Square Res Ass have informed us that parking controls have been introduced on the gravel path on the northern (seaward) side of the Square.  This appears to be a private, rather than a county council,  initiative.  We have seen a lot of clars clamped there in the last week.  You may be clamped at any time if you are fully or partially parked on the path.

Cearnóg Eaton

Deir áitritheoirí Chearnóg Eataon, ar leo an chearnóg féin, nár cheart do ghrúpaí móra bheith ag bailiú sa pháirc agus, má bhíonn tuismitheoirí sa pháirc lena bpáistí bheith cinnte go dtugann siad a gcuid bruscair abhaile leo agus a chinntiú nach ndéantar aon dochar do na plandaí.

The residents of Eaton Square, who own the square itself, say that large groups should not gather in the square and that if parents are in the square with their children to be sure to bring your rubbish with you and to ensure that no damage is done to the plants.

Campa Samhraidh Ógras

Tá Campaí Samhraidh Ógras ar ais arís i mbliana. Beidh na campaí seo lasmuigh don chuid is mó, le huimhreacha teoranta, agus le béim ar shábháilteacht gach éinne trí threoirlínte an rialtas, an FSS agus Ógras féin a leanúint maidir le Covid19.

Tá tuilleadh eolas faoi na Campaí agus clárú ar shuíomh Ógras anseo: https://www.ogras.ie/campai-samhraidh

*Campa Scoil Lorcáin 26ú-30ú Iúil 10rn-2.30in gach lá*

Ógras Summer Camps are back this year. The camps will be predominantly outdoors, with limited numbers, and a focus on everyone’s safety by following the government, HSE and Ógras guidelines regarding Covid 19.

More information about the Camps and registration be found on the Ógras website here: https://oifigogras.wixsite.com/english/summer-camps

*Scoil Lorcáin Camp 26th-30th July 10am-2.30pm each day*

Campaí Samhraidh

Scoil Lorcáin

 Campa Sóisearach 

Naíonáin – Rang 2

Agus Naíonáin nua Meán Fómhair 2021

Luan 5 — Aoine 16 Iúil (July)

9 – 1 gach lá (daily)

Eolas ar fáil ó campascoillorcain@gmail.com

Múinteoir: Ann Marie Ní Labhairí

 Campa Sinsireach

Rang 3 – Rang 6

Luan 5 — Aoine 16 Iúil (July)

9 – 1 gach lá (daily)

Eolas ar fáil ó campascoillorcain@gmail.com

Múinteoirí: Sorcha Nic Shamhráin, Cliona Máirtín, Róisín Ní Mhuineacháin

Campa Sóisearach

Naíonáin – Rang 2

Agus Naíonáin nua Meán Fómhair 2021

Luan 16- Aoine 20 Lúnasa (Aug)

campalunasa@gmail.com

Múinteoirí: Christina Ní Mhurchú

Fógra

Feighlí leanaí á lorg ó Mheán Fhómhair 2021 ar aghaidh ar feadh 3 uair a chloig in aghaidh an lae,  12:30- 3:30. Beidh an páiste ag freastal ar Naíonra Lorcáin agus tá an tuismitheoir ag obair sa scoil.  Cúram i rith an téarma scoile amháin atá i gceist. Feighlí le Gaeilge inmhianaithe ach níl sé riachtanach.  Má tá suim agat sa phost is féidir ríomhphost a sheoladh chuig:  caitrionahoward@hotmail.com

 A staff member is looking for a childminder from September 2021 for 3 hours a day, 12:30 – 3:30. The child is 3 years old and will be attending Naíonra Lorcáin. The job is during term time only. Somebody with Irish is preferable but not necessary. Please contact caitrionahoward@hotmail.com if interested. 

Campa Faisin

26 – 30 Iúil

Oiliúinteoirí Dhearadh Faisin

7 mbl – 15 bl.

Níl aon ghá le taithí

Éadaí athláimhe go Gúnaí Breátha

Béim ar fhaisean mall (pé rud é sin) agus inmharthannacht.

Nasc:  2021 Campa Faisin 

Fashion Camp in Scoil Lorcáin

www.projectfashion.ie

Fill Arís (sliocht)

Ní dual do neach a thigh ná a threabh a thréigean.

Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne,

Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann

An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach,

Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine:

Sin é do dhoras,

Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna,

Buail is osclófar

D’intinn féin is do chló ceart.

(It is not natural for anyone to abandon his house or his tribe.

On a sunlit evening take the cliff road out to Corca

Dhuibhne,

and out on the horizon you will see shoaling there

the Dual Number, and the Subjunctive Mood,

and the vocative case on people’s mouths:

that is your door,

Dun Chaoin in the evening light,

knock and there will be opened

your own mind and your right shape.)