Nuachtlitir an Mheithimh 2016

Sep 06, 2016

Páirc an Chrócaigh

Tá dhá Fhoireann Camógaíochta na Scoile ag imirt i bPáirc an Chrócaigh ag 12.20 rn (Foireann Rang 6) agus 1.30 in (Foireann Rang 4/5),  Máirt 21 Meitheamh.  Comhghairdeas leo.

Táimid ag eagrú busanna chun daltaí na scoile agus a dtuismitheoirí a thabhairt chuig Páirc an Chrócaigh. Fágfaidh na busanna ó stad an bhus ar Bhr. Bhaile na Manach ag a 11.15 rn.  Fillfidh na busanna ar an scoil c. 3.30 in.

Má tá sé i gceist ag do pháiste (Rang 3-6) freastal ar Pháirc an Chrócaigh is ceart dó/di €8 a thabhairt isteach chuig an múinteoir ranga.

Má tá do shlí féin á déanamh agat chuig Páirc an Chrócaigh is féidir ticéad don gheata a cheannach sa chlós- €5 Daoine Fásta, €3 Páistí.  Ní féidir leat díol ag an ngeata i bPáirc an Chrócaigh.

Iarraimid ar ár lucht leanúna Gaeilge a labhairt ar na busanna agus tacaíocht a thabhairt i nGaeilge don fhoireann ar an bpáirc.

Our two Camogie teams are playing in the finals on Tuesday 21st June in Croke Park.  Rang 6 at 12.20 pm and Rang 4/5 at 1.30 pm.  Congratulations to them.

We are arranging buses for the pupils in Rang 3-6 to attend the game.  The buses will leave from the bus stop on the Monkstown Rd. at 11.15 a.m.  and return c. 3.30 pm. 

If you intend using your own transport to Croke Park you may buy a ticket for the gate in the Clós until Friday.  Cost €5.00 for adults and €3.00 for children.  Money cannot be accepted at the gate at Croke Park. 

We would love all the support for our gallant girls to be in Irish.

 

Síntiús Deonach

Tá Coiste na dTuismitheoirí fíor-bhuíoch do gach síntús deonach a thugtar don scoil. Faoi scéim “Faoiseamh Cánach um Dheonacháin chuig Cumainn Charthanachta”, is féidir le Scoil Lorcáin éileamh a dhéanamh ar an cháin bhreise atá íochta ag daoine a thug níos ná €250 mar shíntús gan costas breise orthu. Mura bhfuair tú litir faoi seo, is féidir na foirmeacha cuí a chóipeáil anuas ó rannóg an gCoiste ar shuíomh idirlín na scoile. Is gá na foirmeacha a bheith ar ais ag an gCoiste roimh 29 Meitheamh.

The Parents Association / Coiste na dTuismitheoirí is very grateful for every voluntary donation made to the school. Under the “Tax Relief for Donations to Charities and Approved Bodies Scheme”, Scoil Lorcáin can reclaim some tax paid by people who donated €250 or more at no additional cost to them. If you didn’t receive a letter about this, the relevant forms can be downloaded from the Coiste na dTuismitheoirí section of the school website. The forms need to be back to the Coiste before 29 June.

 

Plandáil

Nuar a thángamar ar ais Dé Luan chonaic gach duine an phlandáil sa scoil.  Ba mhaith linn aire a thabhairt do na plandaí, mar sin, iarraimid ar thuismitheoirí páistí beaga agus móra a choimeád amach as na ceapacha éagsúla.

Níor cheart ligint do pháistí siúl ar fhallaí ísle ná ar an bhfalla ard atá os cionn na céime móire sa chlós, le bhur dtoil.

We we returned on Monday we saw the planting which has taken place on the school grounds.  We would like to look after the plants, so we ask parents to ensure that children – big and small – stay away from the planted areas.  Please, also, ensure that your children do not walk on the raised bed and wall above the big step in the yard.  It is dangerous.  Where one child goes, others follow.

 

Clós Nua

Cé go bhfuil an chuma ar an gclós nua go bhfuil sé críochnaithe, cuid mhaith, níl na ráillí sábháltachta curtha i bhfearas go fóill.  Ar an gcúis seo, ní féidir linn, faraor, ach úsáid an-teoranta a bhaint as an gclós go dtí go mbíonn na ráillí in áit.

Although our new yard looks to be nearly ready, we are still waiting for safety rails to be installed, and therefore we have very limited use of it.

 

Athchúrsáil éadaí scoile

Beidh coicíos athchúrsáil éadaí scoile againn an tseachtain seo agus seo chugainn.  Má tá éadaí scoile nach bhfuil uait a thuilleadh agat, agus iad glan agus dea-chaoi orthu, tá fáilte romhat iad a thabhairt isteach.  Má tá éadaí scoile á lorg agat tá fáilte romhat aon rud atá ar fáil a thógaint.  Ná bíodh náire ort go leor a thabhairt leat.  Is fearr go dtógfá iad ná go gcaithfí amach iad, mar a tharlóidh le haon bhall atá fágtha ag deireadh na seachtaine.   Ní féidir linn glacadh le héadaí tar éis na seachtaine seo.

We’ll have a school clothes recycling stall all this week and next.  If you have any school clothes  – clean and in reasonable repair – that you’re finished with you are welcome to bring them in.  If you are interested in them, please take as many as you want.  Worse, by far, for them to be thrown out at the end of the week for want of demand.

 

Tuairiscí Scoile

Cuirfear na tuairiscí scoile sa phost Dé hAoine 17 Meitheamh.  Beidh siad agaibh faoin Luan nó an Máirt.

School reports will be posted Friday 17th June.  You should have them by Monday, Tuesday by the latest.

 

Picnic Scoile

Tá Picnic Scoile á bheartú againn don Aoine24 Meitheamh, má ligeann an aimsir dúinn.  Siúlfaidh Rang 2-6 go dtí Páirc na Carraige Duibhe agus Rang 1 agus na Naíonáin chuig páirc níos gaire don scoil.  Tá fáilte roimh thuismitheoir teacht linn agus cabhrú.  Má tá fonn ort a bheith linn, cuir é sin in iúl do mhúinteor do pháiste, le do thoil.  Tarlóidh sé go léir laistigh d’am scoile.

We are planning another school picnic, like the one we had last year.  Rang 2-6 will walk to Blackrock Park and Rang 1 and the infants will walk to a park nearer the school.  Parents and older siblings are welcome to attend to help.  Talk to your child’s teacher if you would like to help out.

 

Ath-oscailt Oifigiúil

Beimid ag ath-oscailt na scoile go hoifigiúil Aoine 11 Samhain 2016.  Beidh fáilte roimh phobal fásta na scoile teacht chuig an ócáid.  Scaipigí an scéal, le bhur dtoil, ar phobal na scoile – iardhaltaí, iarthuismitheoirí is eile.  Beidh lá againn do na daltaí Dé Luain 14 Samhain.

We’ll be celebrating our official re-opening (for adults) Friday 11th November 2016.  All will be welcome.  Please spread the word to past-pupils, past-parents, etc.  We will have a day for the pupils Monday 14th November, Lá Fhéile Naomh Lorcán Ó Tuathail.

 

 

Fógra

 

Iarrann Coiste na dTuismitheoirí ar aon duine a fuair Uirlisí Ceoil iad a thabhairt ar ais chuig Oifig na Scoile roimh Aoine 24 Meitheamh 2016.  Bí cinnte d’ainm a thabhairt do Rós nuair a thugann tú uirlis ar ais.  Cuir téacs chuig Niamh Mhic an Rothaich ar 087-9068623 nó ríomh-phoist go niamh.garavin@gmail.com má tá aon cheist agat.
Parents are asked to return instruments from the rental scheme to Oifig na Scoile before Friday 24 June 2016 and to be sure to sign them in.  Queries by text or email to Niamh Mhic an Rothaich at 087-9068623 or niamh.garavin@gmail.com

 

 

SCOIL LORCÁIN – Coiste na dTuismitheoirí

Scéim Uirlisí Ceoil

Liostaí Feithimh oscailte go dtí Dé Céadaoin 22/06/2016

Dáilfear na huirlisí roimh 30 Meitheamh 2016

Tabharfar tosaíocht do pháistí atá ag baint triail

as uirlis nua don chéad uair
Costas

Píopaí Uilleann – €100

Féadog Mhór, Bosca Ceoil, Consairtin, Mandolin, Banjo – €50

Eolas trí téacs/ríomhphost chuig Niamh Mhic an Rothaich

087 9068623 / niamh.garavin@gmail.com

Osclófar an liosta do Fiddle (€30) & Bodhrán (€20) i Meán Fómhair

Musical Instrument Rental Scheme

Waiting List Open until Wednesday 22/06/2016

Instruments allocated by the 30 June 2016
Preference given to children trying a new

instrument for the first time

Cost of Hire
Uilleann Pipes – €100

Flute, Button Accordion, Concertina, Mandolin, Banjo – €50

Information via text/email from Niamh Mhic an Rothaich

087 9068623 / niamh.garavin@gmail.com

Waiting List will open in September for Fiddle (€30) &

Bodhrán (€20)

 

 

Campa Ealaine

4 – 8ú iúil

10 r.n. go 2 i .n

Costas : €70

Aois ghrúpa : 7 -12 bl .

Eolas Breise : Caitríona Scollard

0879651082

 

Campa Ealaine

18  – 22 Iúil

10 r.n. go 2 i .n

Costas : €70

Aois ghrúpa : 7 -12 bl .

Eolas Breise : Caitríona Scollard

0879651082

 

Litir ó Iarscoláire

Bernard Ó Súilleabháin is ainm dom agus is iarscoláire Scoil Lorcáin mé.  Chríochnaigh mé i Scoil Lorcáin sa bhlian 2010.

Táim ag déanamh obair deonach in áit darbh ainm Machakos i ndeisceart Nairobi i gKenya i ndiadh na hardteiste le mo scoil.  Beimid ag tógáil scoil ann do dhaoine bochta gan aon saghas oideachais.  Chuala mé ó cheann do na daltaí a bhí ann an bhliain seo caite gur bhreá le na páistí geansaithe spóirt a fháil ó na hÉireannaigh.

Ba mhaith liom iarraidh ar na daltaí i Scoil Lorcáin aon saghas sean geansaí spóirt a thabhairt isteach leo agus iad a thabhairt dom ionas go mbeinn ábalta iad a thabhairt liom go Kenya le haghaidh na páistí.  Is féidir na geansaithe a fhágáil ag an mbord Athchúrsáil Éadaí Scoile.  Go raibh maith agaibh.

Above is a letter from a past pupil who is going to Kenya during the summer to work.  He is looking to bring any sports jerseys which are needed.  Apparently the local children in Kenya really love having them.  Jerseys can be left at the school clothes recycling table.

 

An Clár Vaicsínithe Scoile

Sheolamar abhaile billeog chuig tuistí Rang 6 maidir le vaicsíniú I mBliain 1 den meánscoil.  Tá an t-eolas ar fáil ag immunisation.ie chomh maith.

We sent home a leaflet with Rang 6 from the HSE re School Immunisation in First Year of secondary.  The information is also available at immunisation.ie.

 

Múinteoirí 2016/17

Naíonáin Shóisireacha

Jacinta Nig Shamhráin S3, Cristín Reddin S4, Jen Ní Mhathúna 1 S2

N Shinsireacha

Niamh Uí Chroidheáin S12 (Rang Chaitríona Uí Choiligh), Máire Ní Thóibín/Fionnuala Uí Chróinín (Postroinnt) S1 (Rang Jacinta Mhig Shamhráin), Emer Ní Chéidigh S17 (Rang Christín Reddin)

 

MTF

Paula Uí Mhurchú, Solweg Ní Fhiaich (Roinnte le scoil eile), Ciara Nic Giolla Bhríde, Fionnuala Nic Eochaidh, Aoife Ní Scolaí

 

R1A Caitríona Magner S13 (Rang Chaitríona Uí Choiligh ó na Naíonáin Shóisireacha), R1B Aisling Nic Fhionnghaile S14 (Rang Christín Reddin ó na N Shóisireacha)

R2A Sinéad Ní Dhóláin S15, R2B Orla Ní Choitir S16  (Rang Chaitríona Magner)

R3A Bríd Firtéar S28 (Rang Emer Uí Chéidigh), R3B Múinteoir Eile 4 S29

R4A Donnchadh Mac Aogáin S23 (Rang Aoife Uí Scolaí), R4B Caitríona Nic Íomhair S24

R5A Ann Marie Ní Labhairí S27 (Rang Aodáin Uí Cheallaigh),R5B  Cuán Ó Flatharta S22

R6A Gráinne Uí Lúing S25, R6B Aodán Ó Ceallaigh S26 (Rang Sholweg Uí Fhiaich)

 

Macalla

Is comhlacht teilifíse agus na meáin é Macalla. Táimid lonnaithe i mBÁC agus tá ábhar teilifíse agus raidió á léiriú againn trí Bhéarla & trí Ghaeilge le fiche bliain anuas. Tá dubáil déanta againn do TG4 ar Spongebob, The Muppets, Ben Ten, Umizoomi, Breadwinners, Power Rangers……

Tá tionscadail nua idir lámha againn faoi láthair chun ábhar simplí agus taitneamhach a dhéanamh trí Ghaeilge le cur ar YouTube. Táimid paiseanta faoi ábhar tras ardáin a chur ar fáil do pháistí atá á dtógáil trí mheán na Gaeilge (agus iad siúd atá ag foghlaim na Gaeilge ar scoil). Creidimid gur cabhair a bheidh ann do phróifíl agus ábharachas na teanga míreanna a chur ar fáil ar You Tube trí Ghaeilge do pháistí.

Táimid ag lorg leanaí atá sásta bheith os comhair ceamara agus ábalta iad fhéin a chur in iúil go líofa trí Ghaeilge. Ní gá go mbeadh gramadach foirfe nó canúint Ghaeltachta acu. Táimid ag lorg leanaí a labhrann go nádúrtha agus go Bleá Cliathach.  Ba bhreá linn teacht ar theaghlach Gaelach a bheadh sásta físeáin a dhéanamh.  Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag na pointí thíos.

Jane Farley

Léiritheoir

087 3185216  / 01 6703880  

farley.jane@gmail.com / macallateo@gmail.com

 

Mí Náisiúnta Rothaíochta

Seo anois chugainn Mí Náisiúnta Rothaíochta.

Ba bhreá an rud go dtriallfadh níos mó againn teacht ar an rothar lenár bpáistí  ar a laghad uair amháin an mhí seo.  Ní bheidh aon pháiste i dtrioblóid as a bheith déanach.

Why not give cycling to school a go at least once this month which is National Cycle to School Month.  It’a lovely way to start the day.

 

Dúshlán Léitheoireachta an tSamhraidh

Beidh dúshlán léitheoireachta againn arís i mbliana, mar a bhí anuraidh, ach le casadh eile sa scéal, mar a déarfá.  Coimeád súil amach dó.

We’ll have another summer reading challenge for the children this year, with a twist in the tale, so to speak.  Keep an eye out.  Thanks to Caitríona Magner for organising this.

 

Campaí Cuala

Tosú 4 Iúil

Luan go hAoine

€60 baill, €80 daoine nach baill iad

Cuala Summor Camps

4 weeks 4th Julyfor 4 weeks

€60 members, €80 non-members

 

Liostaí Leabhar.

Beidh an scoil ag ceannach na leabhair go léir arís i mbliana mar a rinneamar le blianta beag anuas. Ní ga ach an bille a íoc linn. Beidh an liosta ag dul abhaile tríd ríomhphost do gach páiste agus beidh ceangail len é a íoc. Is féidir é a íoc aon am.  Fáilte roimh íocaíocht luath.

The school is again buying all the books.  The booklist will be sent home via email with a link to payment.  Early payment would be appreciated.

 

Billí Leabhar – Bealach  íoctha.

Is féidir bille leabhar do pháiste a dhíol ar-líne le Visa nó Mastercart trí nasc a sheolfar abhaile i ríomhphost chuig gach teaghlach.  B’fhearr linn go n-íocfaí billí mar seo.  Muna n-oireann sé sin duit, tá fáilte romhat an bille a dhíol le seic  go dtí an oifig.

Book Bills – payment method.  You can now pay your book bills electronically with Visa or Mastercard by following the link which will be sent by email to all families in the school.  This is our preferred method of payment.  If this doesn’t suit you, then you are welcome to pay by cheque to the school office.

 

Lean Muid

Lean muid ar twitter @scoillorcain.  Ba mhaith linn 1000 leantóir roimh Mheán Fomhair!

 

Grianghrafanna Pháirc an Chrócaigh

Ar fáil ag an nasc thíos.

Pictures from the Croke Park finals can accessed through www.cnmb.ie and click on the flickr logo or use the following link.

https://www.flickr.com/photos/cnmb_ath_cliath/collections/

Pictures can be downloaded for free.

 

Siúl agus Rothaíocht

Leanaimís leis an siúl agus an rothaíocht, le bhur dtoil.

Let’s keep up the walking and cycling, please.  We really appreciate your efforts. 

 

Lá Spóirt

D’éirigh go sár-mhaith leis an Lá Spóirt a d’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí.  Ba mhaith leis an gCoiste buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh agus le Club Rugbaí na Carraige Duibhe as an áit a chur ar fáil.  Agus buíochas leis an gCoiste as an obair go léir.

 Our sports’ day was a great succes.  Well done to the parents committee for organising it.  Thanks to all who helped and to Blackrock Rugby Club for letting us use Stradbrook.  And thanks to the Coiste and all the parents who helped.

 

Buíochas don Choiste

Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta buíochas a ghabháil le Coiste na dTuismitheoirí as an obair ar fad a dhéantar ar son na bpáistí agus na scoile.  Eagraíter a lán ócáidí iontacha i rith na bliana agus bailítear go leor airgid.

The Board of Management would like to thank Coiste na dTuismitheoirí for all the work they do during the year organising events and raising money.

 

Páirceáil

Tá gearán déanta ag comharsa linn nach raibh ábalta teacht ar a lána mar go raibh gluaisteán ó Scoil Lorcáin páirceálta os a chomhair.  Níl sé seo ceart.    Is í an teach is gaire do gheata coisithe agus Lána Alma is mó bhíonn thíos leis an iompar seo.  Tá sé leithleasach mar iompar.

We have received a complaint from one of our near neighbours who couldn’t access her drive because a Scoil Lorcáin car was parked in the way two days running.  This isn’t fair  – it is selfish behaviour – and we, again, ask our drivers to park correctly.  We understand that   the licence plate numbers were sent to the Gardai.  The house nearest the school pedestrian gate and Alma Lane is the one most affected.  Please do not park at this corner.

 

Fógra

Beidh Cúram Iarscoile Explorers’ i Scoil Lorcáin ar oscailt ó 2.15 go dtí 6.15 gach lá i rith an bhliain scoile.

Beidh féitheoireacht ar obair bhaile scríofa gach lá. San áireamh sna táillí tá 3 ghníomhaíocht sa tseachtain, gníomhaíchtaí cosúil le damhsa, dramaíocht, karate agus spórt.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh idirlín www.explorersafterschool.com

Seoil ríomhphost chuig  explorersafterschool@gmail.com nó cuir glaoch ar Míde 0876367916 más rud é go bhfuil foirm áirithinte ag teastáil. Tabharfar na spásanna amach ar dtús do na daoine a thagann ar dtús.

Afterschool Club in Scoil Lorcáin in September 2016.  Cúram Iarscoile Explorers in Scoil Lorcáin will be open from 2.15 – 6.15  everyday during the school year.

We supervise all written homework.

Included in the fees are 3 activities each week, activities like dancing, drama, karate and sport. 

There is further information on our website www.explorersafterschool.com