Nuachtlitir Aibreán 2016

May 19, 2016

Taifead leabhar/Reading Log

Mar chuid do Phlean Litearthachta na Scoile, beidh an scoil dírithe ar chaighdeán léitheoireacht na bpáistí a fhorbairt i nGaeilge agus i mBéarla an téarma seo.  Beidh na ranganna ó Rang a hAon ar aghaidh in ann leabhar léitheoireachta a roghnú dóibh féin ón mbaile agus é a léamh ar feadh 10 nóiméad gach oíche mar chuid don obair bhaile.  Beidh siad ag léamh i mBéarla ar feadh ceithre seachtaine agus i nGaeilge ar feadh ceithre seachtaine.  Toisc go mbeidh na páistí ag léamh aon leabhar gur maith leo féin, tá súil againn go mbeidh sé an-taitneamhach dóibh.  Molaimid go mbeadh an leabhar oiriúnach do do pháiste ó thaobh téama de agus don chaighdeán léitheoireachta atá aige nó aici. Iarraimid ar na páistí na leabhair a thabhairt ar scoil leo agus beimid ag éisteacht leo á léamh i rith na seachtaine.  Is féidir leo leabhair a roghnú ón leabharlann ranga muna bhfuil ceann oiriúnach sa bhaile. Iarraimid oraibh éisteacht leo gach oíche agus iad ag léamh agus an Taifead Leabhar nó Reading Log sa dialann a shíniú. Tá súil againn go mbeidh tairbhe ag baint leis an léitheoireacht seo.

As part of the school’s Literacy Policy we are focusing on developinging the children’s reading in Irish and in English this term. We will be commencing a new reading scheme as part of obair bhaile . We have asked the children to choose a book themselves from home, which they will read for 10 minutes as part of their homework.  As the children will be choosing their own reading, we hope that this will be enjoyable for them.  We recommend that you look at the book that your child is reading to ensure that it is suitable in terms of theme and reading level.  If the book is too difficult the children will not benefit from this reading.  We would ask that the children bring the book that they are reading to school with them, so that we can listen to them reading during the week.  They may choose books from the classroom library if they so wish. We would ask that you listen to their reading every evening and sign the reading log in their diary. Míle buíochas.

Crann do Lúc

Cailleadh Lúc Mac Mathúna go tragóideach an Samhradh seo caite.  Beidh crann – Crann Caorthainn Órga – á dhílsiú againn go Lúc Dé Máirt seo chughainn ag 8.45 rn.  Tá fáilte roimh thuismitheoirí fanacht agus a bheith páirteach sa searmanas beag a bheidh again.

We will be having a small ceremony next Tuesday 26th April to dedicate a Golden Rowan Tree to the memory of Lúc Mac pMathúna, past-pupil, who died in a tragic accident last summer.  Parents are welcome to attend.

 

Ficheall

Tá Comórtas Fichille Scoil Lorcáin ag druidim chun deiridh agus seisear fágtha san iomaíocht.  Beidh Conor Dubh, Conor Mac Giolla Iasachta, Conor Mag Ruairc, Conor Ó hAodha, san iomaíocht lena chéile.  Roghnófar Seaimpín na Scoile agus Foireann Fichille Scoil Lorcáin as na páistí seo.  Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt agus buíochas leis an Máistir Mac Aogáin as é a eagrú.

Well done to the 4 Connors and who are left standing in our chess competition.  Our champion and our chess team will be selected from these.  The team will take part in an inter-gaelscoil competition at the end of the month.  Thanks to Donnchadh Mac Aogáin for all his work on this.

 

Grúpa Tuismitheoirí is Leanbh

Táimid chun ár nGrúpa Tuismitheoirí is Leanbh a thosú arís an Aoine bheag seo 22 Aibreán.  Ní rabhamar in ann é a dhéanamh ó thosaigh an athfhorbairt.  Beidh seomra ar fáil do thuisitheoirí le páistí beaga ar mian leo teacht agus comhrá a dhéanamh in nGaeilge.  Is é an grúpa a reachtálann é féin.  Tá fáilte roimh aon duine ar suim leo é teacht idir 8.40 – 9.40, cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.

We’re going to start up our Parent and Toddler group again this Friday 22nd April 8.40 – 9.40 am for those of you with younger children who would like an opportunity to speak and hear some Irish.  All are welcome, no matter what your standard of Irish is.  This group runs itself.  We just provide the space and the expectation that an effort is made to speak Irish.

 

Dátaí don Dialann

Lá Spóirt Satharn 28/5 2-5 in/pm  Sráid an tSrutháin/ Stradbrook

Bronnadh na dTeastas Rang 6 Céadaoin 29/6

 

Déanach

Thosaíomar an Tionól  ag 8.38 Dé Luain.  Tháinig breis is 70 páiste isteach tar éis dúinn tosú.  Sin 70 páiste atá ag cailliúint am scoile agus ag cuir isteach ar gach duine eile agus iad ag teacht isteach go déanach.  Ba bhreá linn go mbedh na páistí go léir sa line ag 8.35 nuair a bhailíonn an múinteoir an rang.  Is é seo ceann de na lochtanna a fuair an chigireacht ar an scoil sa tuairisc a deineadh le déanaí.  Is féidir an tuairisc a léamh ar education.ie.

We started our assembly for Rang 1-6 ón Monday at 8.38.  70 children came in after that time.  That’s 70 children who are missing class time and who are disrupting the teacher and the children who are in on time.  Please, have your child in the line for 8.35 am unless there is a good reason not to be.  This was one of the main recommendations from the inspectorate in their recent report on Scoil Lorcáin.  The report can be read on education.ie.

 

 

 

Katie ón Údarás um Shábháltacht Bóithre

Tháinig oifigeach chughainn ón UumSB chun labhairt leis na páistí faoi chúrsaí sábháltachta, mar chuid d’ár bhfeachtas chun pobal na scoile a spreagadh chun modhanna taistil inmharthanna a úsáid agus iad ag taisteal ar scoil agus abhaile arís.  Mheas Katie go raibh an-eolas ag na páistí cheana féin agus an tuiscint ar chúrsaí.

Rang 1-6 recently had a visit from a Road Safety Officer who commended them on the depth of their knowledge and understanding.  All the more reason, she felt, that many more could walk, scoot or cycle to school.

 

Drumadóireacht

Tá Ceardlanna Drumadóireachta á reachtáil sa scoil againn sa Halla nua.  Gheobhaidh na ranganna go léir seans roimh dheireadh nab liana.  Is mór an sport é.  Chrochamar roinnt pictiúr ar ár gcuntas Twitter.  Is fiú súil a choimeád air d’imeachtaí scoile.

We’ve stared drumming workshops in the new hall on Thursdays.  All classes will get a series of lessons before year’s end.  It’s great fun.  We posted a few pictures on Twitter.  It’s worth while keeping an eye on @scoillorcain for news of school events.

 

Comhneartú

Comhghairdeas le daltaí Rang 6 a rinne an Comhneartú an tseachtain seo caite.  Comhghairdeas le Rang 5, chomh maith, a chan thar barr.  Buíochas leis na múinteoirí Bríd, Cuán, Ciara agus Ann Marie as a gcuid oibre agus leis an Athair Lomán.

Congratulations to all in Rang 6 for doing their Confirmation last Thursday and to the teachers and Rang 5 for putting on such a good show.

 

Boscaí Rothaíocha

Tá Bosca Rothaíoch á lorg againn, má tá ceann ag luí folamh sa bhaile.

We’re looking for a few wheelie bins for storage purposes.  If anybody has one or two lying idle at home we’d be grateful to get them sooner rather than later.

 

Círéab

Comhghairdeas leis na hiarscoláirí Clodagh Daltún, Micheál Ó Grálaigh agus Caoimhe Blennerhasset agus na baill eile den ghrúpa Círéab ó Choláiste Íosagáin/Eoin a bhuaigh Comórtas Siansa Ghael Linn ag an deireadh seachtaine.  Beidh siad le feiscint ar TG4 ar an 2 Bealtaine ag 5.30 in.

Well done to the past pupils in the group Círéab for winning the nation Siansa competition this weekend.  They will be on TG4 on 2nd May.
Dífhibrileoir

Tá dífhibrileoir ceannaithe ag an scoil.  Tá sé suite laistigh den phríomhdhoras.  Beidh sé ar fáil le n-úsáid sa scoil ag aon am agus i dtimpeallacht na scoile, chomh maith.

We have invested in a defibrillator.  It is located in the reception area and will be available for use in the school or in the area.

 

Cór

Cór do pháistí – the SuperTones (Dun Laoghaire Choral Society).  Tá 14 pháiste ón scoil mar bhaill (Tadhg, Molly Verdier, Luke & Adam Brophy, Fionan, Luan & Seimi  O Ceallaigh, Lara Hodgett, Kate Kennedy, Luca & Art Ó Súilleabháin), Rebekah Olden,
William Olden, Eabha Scollard.  Thainig siad sa dara háit san Fheis Ceoil an mhí seo caite. Ba éacht mhór dóibh é sin!  Chomh maith leis sin bhuaigh Molly and dara háit ag canadh ina haonar i nGaeilge san Fheis Ceoil sa chomórtas do chailíní faoi 15 bhliain d’aois.

11 children from the school sing in the Supertones Choir which did really well in the Feis Ceoil last month.  Congratulations to them and their families.

 

Tráth na gCeisteanna

Comhghairdeas leis an bhfoireann Tráth na gCeisteanna ar éirigh leo an t-8ú áit a bhaint amach  sa Chraobh Náisiúnta agus 50 foireann ag glacadh páirte.  Táimid an-bhródúil as: Maitiú Ó Domhnaill, Conor Dubh, Aisling Nig Ruairc, Tadhg Verdier agus Max Ó Donnchú.  Buíochas, arís, le Cuán agus Bríd as an obair a rinne siad leo.

Our quiz team finished 8th in the National Finals.  What a superb effort.  Well done to all.

 

Ravelóid

Beidh Ravelóid ar siúl ar an 10 agus 11 Meitheamh i gCaisleán Ard Giolláin i mBaile Brigín.  Seo an chéad uair a tugadh faoina leithéid d’imeacht a chur ar siúl, dírithe ar phobal na Gaeilge,.   Le go n-éireoidh le Ravelóid, tá sé tábhachtach go mbeidh scaifte mór i láthair don deireadh seachtaine – dúshlán mór sa chéad bhliain d’imeacht ar bith mar seo.   Tá sé an-tábhachtach go dtuigfidh an pobal dhá rud ar leith:

Gur féile í seo a thabharfaidh blaiseadh Gaeilge do té a thagann, ach nach féile iomlán Ghaeilge í.  Beidh pobal na Gaeilge i láthair, ach beidh fáilte fosta roimh dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu; agus

go mbeidh fáilte roimh theaghlaigh, agus go mbeidh riar oiriúnach déanta le haghaidh teaghlach, mar lucht freastail lae agus campála don deireadh seachtaine.   Tá eolas cothrom le dáta le fáil ó www.raveloid.ie .

Information above on Ravelóid Music Festival in Ardgillen Castle Balbriggan 10th and 11th June.  There will be an emphasis on Irish in this festival, with all bands singing at least one song in Irish.  See website for more details but the organisers stress that it is for all who are interested in no matter what their level of proficiency is.

 

Ag damhsa d’Aoife Beary

Ar an 23 Aibreán, beidh comórtas damhsa ‘Strictly’ ar siúl i gColáiste na hOllscoile, ar son Aoife Beary, duine de na daoine óga a gortaíodh i gcathair Berkeley, Meiriceá an Samhradh seo caite.
Bainfear feidhm as an airgead a bhaileofar chun cabhrú léi aire speisialta a fháil i Sasana. Beidh Sinéad Ní Ghioballáin, mamaí Chaoimhín (Rang 3) agus Shaoirse (N.Shinsir) ag damhsa ar an oíche mhór.
Bheadh Sinéad fíorbhuíoch dá bhféadfadh le pobal Lorcáin tacaíocht a thabhairt. Cabhróidh gach uile euro! Tuilleadh eolais ar fáil ar an nasc seo a leanas:

http://www.ifundraise.ie/mobile/fundraiser/11258778_john-and-sinead.html.

Sinéad Ní Ghioballáin – mother of Caoimhín and Saoirse – is taking part in a Strictly fundraiser for Aoife Beary, one of the Berkeley victims.  She would be grateful for any support from the school community.

 

Campa Sóisearach Samhraidh

Scoil Lorcáin

€55 an páiste €100 do bheirt

4/7/16  –  8/7/16

10am-1pm

Foirmeacha ar fáil san oifig

Junior Summer Camp notice above.

 

Fógra

Táimid an-sásta cur in iúl daoibh go mbéimid ag oscailt cúram iarscoile nua trí mheán na Gaeilge i Scoil Lorcáin ó Mheán Fómhair 2016.

Beidh Cúram Iarscoile Explorers’ i Scoil Lorcáin ar oscailt ó 2.15 go dtí 6.15 gach lá i rith an bhliain scoile.

Beidh féitheoireacht ar obair bhaile scríofa gach lá.

San áireamh sna táillí tá 3 ghníomhaíocht sa tseachtain, gníomhaíchtaí cosúil le damhsa, dramaíocht, karate agus spórt.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh idirlín www.explorersafterschool.com

Seoil ríomhphost chuig  explorersafterschool@gmail.com nó cuir glaoch ar Míde 0876367916 más rud é go bhfuil foirm áirithinte ag teastáil. Tabharfar na spásanna amach ar dtús do na daoine a thagann ar dtús.

We are delighted to announce that we are opening a new Afterschool Club in Scoil Lorcáin in September 2016.

Cúram Iarscoile Explorers in Scoil Lorcáin will be open from 2.15 – 6.15  everyday during the school year.

We supervise all written homework.

Included in the fees are 3 activities each week, activities like dancing, drama, karate and sport. 

There is further information on our website www.explorersafterschool.com

Spaces will be allocated on a first come, first served basis. If you would like a booking form,  Emailexplorersafterschool@gmail.com or phone Míde on 0876367916