Nuachtlitir Aibreáin 2018c

May 17, 2018

 

Grúpa Garraíodoireachta

Curtha ar athló go dtí Aoine 11 Bealtaine de bharr na drochaimsire.

Our Gardening Group has been postponed til Friday 11th May because of the bad weather.

 

Glantacháin

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus na tuismitheoirí – trí Choiste na dTuismitheoirí – a chabhraigh le géarchéim glantóireachta sa scoil le cúpla seachtain anuas.  Sampla de sprid Scoil Lorcáin a bhí ann, chomh maith is a bhí riamh sna laethanta fadó.

Thanks to the parents – through Coiste na dTuismitheoirí –  and teachers who helped out while we were looking for a cleaner for the last two weeks.  It was a great example of the school community pulling together. 

 

Oíche Eolais

Below is an information note and invitation to an Information Session in Trinity College May 3rd 6.45 – 9.00 pm on immersion education and bilingualism for children with speech, language and communication needs.

Ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas faoi oíche eolais an-tábhachtach maidir leis an tumoideachas agus oideachas dátheangach do pháistí a bhfuil riachtanais urlabhra, teanga, chumarsáide agus riachtanais speisialta oideachais eile acu i gColáiste na Tríonóide ar an 3ú Bealtaine. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil ag Gaeloideachas i gcomhpháirt le Líonra na hÉireann um Dhátheangachas agus Ilteangachas sa Luath-Óige agus beidh sé dírithe ar thuismitheoirí/caomhnóirí go príomha, mar aon le hoideachasóirí, taighdeoirí agus leachtóirí. Ar an oíche beidh painéal saineolaithe a roinnfidh saineolas, taighde, comhairle agus a gcuid eispéireas féin orthu siúd a bheas ag freastal. Ar an bpainéal, beidh an Dr Ciara O Toole, an tOllamh Ianthi Tsimpli, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín agus ball ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas, mar aon le tuismitheoir. Pléifear na buntáistí a bhaineann leis an gcóras agus an bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint leis, mar aon leis na tacaíochtaí atá ar fáil agus go leor eile.

I measc na gceisteanna a bhfreagrófar ar an oíche, beidh:

  • An bhfuil naíonraí, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta oiriúnach do pháistí a bhfuil riachtanais urlabhra, teanga agus cumarsáide acu?
  • Céard iad na tacaíochtaí agus acmhainní atá ar fáil i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do pháistí a bhfuil disléicse, uathachas, agus riachtanais speisialta oideachais eile acu?
  • Tá comhairle faighte agam gan mo pháiste a bhfuil riachtanais speisialta oideachais uirthi a chur chuig an nGaelscoil áitiúil, ceard is cóir dom a dhéanamh?
  • An féidir leis an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge freastal ar mo pháiste a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó ar chóir dom tosú ag breathnú ar scoileanna meán-Bhéarla?
  • Cén ról atá ag teiripeoirí urlabhra agus teanga maidir le diagnóis agus tacaíocht a thabhairt do pháistí dátheangacha?
  • Céard iad na córais atá i bhfeidhm le tacú le páistí dátheangacha a bhfuil riachtanais teanga agus riachtanais speisialta oideachais eile acu?

. Beidh fáilte roimh chách chuig an oíche eolais ach clárú ar Eventbrite roimh ré. Tá líon teoranta spásanna ar fáil agus meastar go mbeidh an-éileamh orthu.
Amharclann JM Synge, Bloc na nEalaíon, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

3 Bealtaine 2018 18.45-21.00

 

 

  Luach €10,000 de scoláireachtaí teaghlaigh le baint ar RTÉRnaG

Tá luach €10,000 de scoláireachtaí do chúrsaí samhraidh do theaghlaigh le baint ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn, ó 30 Aibreán go 4 Bealtaine.

Cúrsa teaghlaigh i gColáiste an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair ó 14-21 Iúil atá i gceist, agus beidh na teaghlaigh ag freastal ar ranganna agus imeachtaí trí Ghaeilge i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Beidh trí scoláireacht in aghaidh an lae le baint ó Luan go hAoine le luach iomlán de €2000, a bhuíochas le Foras na Gaeilge.

Tá na scoláireachtaí dírithe ar theaghlaigh le páistí atá ag freastal ar Ghaelscoil, nó ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.  Tá breis eolais faoi na cúrsaí le fáil ag www.piarsaigh.ie

Is comórtas téacs a bheidh i gceist, mar sin tugaigí cluas don chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 11 am ó 30 Aibreán go 4 Bealtaine.
Family Gaeltacht scholarships worth €10,000 to be won on RTÉRnaG

RTÉ Raidió na Gaeltachta programme Barrscéalta will be giving away €10,000 worth of family Gaeltacht scholarships next week, from 30 April to 4 May. 

The scholarships are for family Gaeltacht holidays being run by Coláiste an Phiarsaigh from 14-21 July in Gaoth Dobhair in Co. Donegal, featuring a weeklong programme of classes and events which will take place in Pobalscoil Ghaoth Dobhair.
Every day, Barrscéalta will have three scholarships to give away, to the value of €2000, with thanks to Foras na Gaeilge.

The competition is open to families whose children are in the Irish-language education system, and there is further information on the courses available at www.piarsaigh.ie
The scholarships will be given away in a text competition, so tune in to Barrscéalta on RTÉ Raidió na Gaeltachta at 11 am from Monday 30 April to Friday 4 M
ay.

 

Laoch Leadóige

Comhghairdeas le James Lorenc atá roghnaithe ar Scuaid F12 Acadamh Leadóige Laighean.  Níl sé ag imirt ach le roinnt míonna, ach déanann sé iarracht mhór i gcónaí.

Well done to James Lorenc who has been selected for the Leinster U12 Tennis Academy, despite only taking up the game some months ago.  Hard work pays off.