NL Meán Fómhair 2026
Fáilte ar ais agus Gaeilge
Tá súil againn go bhfuil gach duine ag baint taitnimh as earball na laethanta saoire.agus muid ag tnúth leis na daltaí go léir a fheiscint Dé Máirt 1 Meán Fómhair. Cuirimid fáilte speisialta rompu siúd atá ag tosú i Scoil Lorcáin. Iarraimid ar gach duine Gaeilge a labhairt laistigh de gheatai na scoile. Má tá ort Béarla a labhairt, labhair go ciúin i, le do thoil, ionas nach mbeidh ach Gaeilge le cloisteáil ag na daltaí. Tá fáilte roimh na daltaí teacht isteach go Clós na Scoile ó 8.20 rn ar aghaidh. Ní ceart dóibh teacht ró-luath.
We hope all are enjoying the summer as we look forward to seeing the pupils return Tuesday 1st September with a special welcome to those starting their journey in Scoil Lorcáin. Everyone is asked to speak Irish inside the school gates. If you need to speak English, please do so quietly, so the pupils hear only Irish. This will help us to get the school year off to a strong start. Pupils are welcome in to the school yard from 8.20 am. They shouldn’t arrive too early.
Nuacht Foirne
D’éirigh triúr múinteoirí as a bpostanna i Scoil Lorcáin i rith an tsamhraidh – Lucy Martin, Jacinta Nig Shamhráin agus Colmán Ó hÁinle. Gabhaimid buíochas leo as a gcuid ama linn agus guímid gach rath orthu. Tá briseadh gairme don bhliain tógtha ag na múinteoirí Solweg Uí Fhaoláin agus Donnchadh Mac Aogáin agus an CRS Sarah Nic Aonghusa. Ceapadh triúr múinteoirí go buan sa scoil: Niamh Ní Chlúmháin, Líadan Ní Lonáin agus Caitlin Ní Thuathail. D’oibrigh and triúr acu linn an bhliain seo caite.
Three teachers resigned their positions in Scoil Lorcáin this summer: Lucy Martin, Jacinta Nig Shamhráin (who has been on career break for four years) and Colmán Ó hÁinle. We thank them for their time with us and wish them well. We have appointed three permanent teachers – all of who were working with us last year: Niamh Ní Chlúmháin, Líadan Ní Lonáin and Caitlin Ní Thuathail. Two teachers and an SNA have taken career breaks – Sarah Nic Aonghusa, Donnchadh Mac Aogáin and Solweg Uí Fhaoláin.
Béilte Te
Bhí na béilte te le tosú ar an gcéad lá ar ais ar scoil ach níor tháinig Grinnfhiosrú Gardaí na n-oibrithe go fóill agus ní féidir tosú go dtagann sé. Mar sin, beidh lón ón mbaile ó na daltaí go dtí go ndéanaimid teagmháil libh arís.
The Hot Meals scheme was to start on the first day back but we’re waiting for the Garda Vetting for the workers. We can’t start without it. So, the pupils will need lunch from home until further notice.
Coiste na dTuismitheoirí don Scoilbhliain 2026/2027
(Parents’ Committee for the school year 2026/2027)
Cathaoirleach Eoin Ó Fearghail
Leas-Chathaoirleach Ronan McGrath
Runaí Nóirín Ní Earcáin
Leas-Rúnaí Regina Uí Charthaigh
Cisteoir Pearse Ó Loingsigh
Leas-Chisteoir Helen O’Flynn
Gnáthbhaill Manus Goan, Odile Ní Chonghaile
R1 Sylvie Ryan
R2 Zarah Ní Dhúill
R3 Shauna Egan
R4 Claire McKenna
R5 Laura Mehtar
R6 Teresa Beausang
Ainmní na dTuismitheoirí ar an mBord Bainistíochta Sandra Uí Chléirigh
Ainmní na dTuismithoirí ar an mBord Bainistíochta Diarmuid Mac Giolla Easpaig
Polasaí na Scoile maidir le hIarratais ar Fhaisnéis Oideachais le haghaidh Measúnuithe Príobháideacha
Faigheann an scoil iarratais go rialta ar fhaisnéis a sholáthar mar thaca le measúnuithe príobháideacha, lena n-áirítear measúnuithe ar líne a bhaineann le huathachas, ADHD, disléicse, diospraicse agus measúnuithe eile oideachais, forbartha nó síceolaíochta.
Tá an scoil tiomanta do chomhoibriú le próisis mheasúnaithe chuí agus cuirfidh sí faisnéis fhíorasach ar fáil maidir le dul chun cinn oideachais an scoláire, a thinreamh, a phróifíl foghlama agus breathnuithe scoilbhunaithe, nuair is cuí.
Mar sin féin, chun cruinneas i gcoinneáil taifead a chinntiú agus chun ár n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí agus rialachas a chomhlíonadh, ní sholáthróidh an scoil faisnéis ach amháin nuair a chuirtear foirm nó doiciméad páipéir nó leictreonach ar fáil go díreach don scoil agus nuair is féidir leis an scoil cóip iomlán den fhaisnéis a chuirtear isteach a choinneáil.
Is ceart deich lá oibre a cheadú do chomhlánú aon doiciméad.
Ní chomhlánóidh an scoil suirbhéanna ar líne, ceistneoirí gréasánbhunaithe, tairseacha ná ardáin mheasúnaithe:
Nuair a bhíonn ionchur ón scoil de dhíth ar sholáthraí measúnaithe, iarrtar ar thuismitheoirí nó ar sholáthraithe ceistneoir, foirm nó doiciméad in-íoslódáilte nó inphriontáilte a chur ar fáil ionas gur féidir leis an mball foirne cuí é a chomhlánú, cóip a choinneáil i dtaifid na scoile, agus ansin é a chur ar ais chuig an soláthraí.
Gabhaimid buíochas libh as bhur dtuiscint agus bhur gcomhoibriú chun cabhrú leis an scoil a cuid oibleagáidí maidir le bainistiú taifead, cosaint sonraí agus cuntasacht ghairmiúil a chomhlíonadh, agus í ag leanúint de thacaíocht a thabhairt do dhalthaí agus do theaghlaigh chun rochtain a fháil ar mheasúnuithe cuí.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go leithdháiltear tacaíochtaí breise (cibé acu tacaíocht ón Múinteoir Oideachais Speisialta nó tacaíocht ó Chúntóir Riachtanas Speisialta) bunaithe ar acmhainní na scoile agus de réir na measúnuithe a dhéantar laistigh den scoil. Faigheann na daltaí a bhfuil an leibhéal riachtanais is airde acu an leibhéal tacaíochta is airde.
Ní gá do dhaltaí measúnú síceolaíoch ná measúnú ó ghairmithe seachtracha eile a bheith acu chun teacht ar na tacaíochtaí seo. Ina theannta sin, níl aon cheangal ar scoileanna moltaí maidir le tacaíochtaí breise a chuirtear chun cinn i dtuarascálacha gairmiúla a chur i bhfeidhm.
School Policy Regarding Requests for Educational Information for Private Assessments
The school regularly receives requests to provide information in support of private assessments, including online assessments relating to autism, ADHD, dyslexia, dyspraxia, and other educational, developmental, or psychological evaluations.
The school is committed to cooperating with appropriate assessment processes and will provide factual information regarding a student’s educational progress, attendance, learning profile, and school-based observations where appropriate.
However, in order to ensure accurate record-keeping and compliance with our data protection and governance obligations, the school will only provide information where a paper or electronic form/document is supplied directly to the school and where the school can retain a complete copy of the information submitted.
Ten working days should be allowed for forms to be filled and returned.
The school will not complete online surveys, web-based questionnaires, portals, or assessment platforms where:
Where an assessment provider requires school input, parents or providers are requested to supply a downloadable or printable questionnaire, form, or document that can be completed by the relevant member of staff and retained within the school’s records before being returned to the provider.
We appreciate your understanding and cooperation in helping the school meet its obligations regarding record management, data protection, and professional accountability while continuing to support students and families in accessing appropriate assessments.
It’s important to note also that additional support (either Special Education Teaching support or SNA support) is allocated based on the resources of the school and in line with in-school assessments, with those students with the highest level of need receiving the highest level of support. Students do not require a psychological assessment or assessment from other external professionals to access this support nor are schools required to implement any recommendations regarding additional supports that are made in professional reports.
Ranganna 2026 – 2027
N Shóis S4 Caitlin Ní Thuathail S1 Róisín Ní Mhuineacháin S2 Niamh Ní Chonghaile S3
N Shins S4 Niamh Uí Chroidheáin (N Shóis a), S29 Orla Ní Choitir (N Shóis b) , S28 Niamh Ní Chlúmháin (N Shóis c)
R1 Saffron Rosenstock (N Shin c) S21 , Adele Ní Chéadogáin (N Shins b) S22 , Natasha Ní Dhuileáin (N Shins a) S27
R2 S17 Gráinne Ní Dhrisceoil, Niamh Uí Óldáin S12 , (meascaithe as an nua)
Oideachas Speisialta: Eva Ní Mháirtín, Éabha de Staic, Gráinne Uí Lúing , Sarah Nic Aonghusa, Rachel Ní Loideáin.
R3 S24 Líadan Ní Lonáin (Rang 2a) S23 Jocelyn Ní Cheallaigh (Rang 2b)
R4 S13 Mait Ó Briain S14 Cliona Máirtín (Meascaithe as an nua.)
R5 S15 Jen Ní Mhathúna (Rang 4a) , S16 Ann-Marie Ní Labhraí (Rang 4b)
R6, Darragh Ó Conaill S26 (Rang 5b) S25 Caitríona Magner (Rang 5a)
Féilire na Scoile
Gheobhaidh sibh, leis seo, Féilire na Scoile 2026 – 2027. Bhí earráid sa cheann a scaipeadh roimh an samhraidh a luaigh Dé hAoine seachas Dé Céadaoin le dáta dhúnadh na scoile don samhradh 30/6/2027. Ár leithscéal as aon mhí-chaothúlacht.
Enclosed find a copy of the school calendar. There was an error in the calendar circulated before the summer which mentioned Friday, rather than Wednesday, for the school closing date for summer 30/6/27. Apologies for any confusion.
Lucht oibre do na Béilte Te
Seans go mbeidh oibrithe breise á lorg ag Glanmore do Scéim na mBéilte Te sa scoil. Bheadh gá le grinnfhiosrú a bheith déanta. Labhair le Colmán nó Caitíona san oifig má tá suim agat.
Glanmore may be looking for more workers for the Hot School Meals scheme in the school. Garda Vetting is a requirement and takes some time to come through. Please talk to Caitríona or Colmán if you are interested.
Leadóg Bhoird
D’eagraíomar Chéad Chomórtas Leadóg Bhord Scoil Lorcáin ag deireadh an Mheithimh. Comhghairdeas le Johanna Nic Eoin a bhuaigh i gCraobh na gCailíní agus le Naoise Ó Crualaoich a bhuaigh a i gCraobh na mBuachaillí.
We had our first table tennis competition in June. All who took part enjoyed it. Well done to the winners Naoise Ó Crualaoich and Johanna Nic Eoin.
Obair Bhaile
Tosóidh obair bhaile do Naíonáin Shinsireacha – Rang 6 ar an Luan 7 Meán Fómhair. Tosóidh na Naíonáin Shóisireacha ag deireadh Mheán Fómhair.
Homework will start Monday 7th September, but for the Naíonáin Shóisireacha who will start at the end of the month.
Lorg Lóistín
Rinne naonúr teagmháil linn ag tairscint cabhrach maidir le lóistín do mhúinteoir. Buíochas leo agus le pobal na scoile a thugann tacaíocht nuair a lorgaítear.
Nine of you contacted us to offer help with accommodation for a teacher. We’re really grateful for this help and the tremendous ongoing support which the school community provides.
Ceiliúradh 75 Bliain
Beidh Scoil Lorcáin ag ceiliúradh 75 bliain a bunaithe i 2027.
Imlíne an Cheiliúrtha
Tréimhse: Samhain 2027 – Lá ‘le Pádraig 2028
Imeachtaí A: dírithe ar dhaltaí na scoile faoi láthair agus iarscoláirí le sé bliana anuas.
Imeachtaí B: dírithe ar iarscoláirí fásta, iarthuismitheoirí, tuismitheoirí is pobal na scoile i gcoitinne
Ócáid Shóisialta sa scoil
Ócáid Cheiliúrtha i gCultúrlann na hÉireann
Ócáid Cheoil in ionad poiblí do 1,000 duine
Leabhar ar stair, forbairt agus foirgnimh Scoil Lorcáin
Imeacht/ taispeántas grianghrafanna is rl in ionad poiblí i nDún Laoghaire
Bheimis an-bhuíoch ach cabhair a fháil leis na himeachtaí a eagrú agus moltaí maidir le himeachtaí, chomh maith. Leis seo tá nasc do shuirbhé mar ar féidir leat cláru chun cabhrú agus chun moltaí a thabhairt. Bheimís buíoch dá scaipfí an t-alt seo agus an nasc go leathan ar phobal Scoil Lorcáin idir óg is aosta. Tabhair faoi ndearadh na rudaí deasa a dúramar faoi phobal na scoile san alt roimh seo.
Nasc: https://forms.gle/QfjeGn8TMCn7RNmVA
Scoil Lorcáin will be celebrating 75 years during the 2027 – 2028 school year. Below is an outline of ideas. We’d appreciate feedback and offers of help at the link above. (Note the nice things we said about our school community in the preceding article.)
Period: November 2027 – St. Patrick’s Day 2028
A Events for current pupils and past pupils of last six years
B Events for past/parents, past pupils, the wider school community
Social events in school, Cultúrlann na hÉireann, in a music venue for c 1,000, book on history and development, exhibition in public space in Dún Laoghaire.
It would really help if this article was shared with any and all who are associated with Scoil Lorcáin
Cuireadh Cuairte
Má cheapann tú go gcabhróidh sé le do pháiste socrú isteach, tá fáilte romhaibh cuairt a thabhairt ar an seomra ranga 12.30 – 1.00 in. Dé Luain 30 Lúnasa. Is gá go mbeadh tuismitheoir leis an bpáiste. Beidh roinnt múinteoirí sna seomraí ach b’fhéidir nach mbeidh gach múinteoir. Cloígh leis an am, ldt. Beimid gnóthach ag ullmhú don Mháirt. .
If you think it will help your child start well/ settle in, you are welcome to bring them to visit the classroom Monday 31st August 12.30 – 1.00 pm. Some, but not all, teachers will be in their rooms. Children must be accompanied by a parent. Please adhere to the time above – we will be busy preparing for Tuesday.
Árachas Pearsanta
Glacaimid páirt sa Scéim Árachais atá á reachtáil ag Allianz do dhaltaí scoile. Eolas ag:
https://www.allianz.ie/products/schools/pupil-personal-accident.html
We take part in the Allianz Pupil Personal Accident Scheme, 24/7. Link above for more info.
Nóta ó Barnardos
We wish to send a huge thank you to the Parents’ Association in Scoil Lorcain for the fantastic donation of €1,451.40 recently received in Barnardos. We are delighted with this wonderful support for our work with vulnerable children and their families. Thank you very much.
‘Maoirseoir na bhFoirgneamh’
Coláiste Eoin
Tá maoirseoir na bhfoirgneamh á lorg ag Coláiste Eoin
Téarmaí oscailte, agus le haontú leis an duine cuí. Má tá aithne agat ar aon duine, déan teagmháil le Pádraig Mac Donnchadha i gColáiste Eoin, ldt, ag ce@eoiniosagain.ie nó
O1-2884002.
Coláiste Eoin are looking for a caretaker, c 15 – 20 hours a week.
Mana na Scoile
Mol an Óige (agus tiocfaidh sí).
(Praise the youth and they will flourish.)