Nuachtlitir Deireadh Fómhair 2019

Oct 10, 2019
Nuachtlitir Scoil Lorcain

Deireadh Fómhair 2019

Leabharlann

Chuir Séamus an Leabharlannaí a bhí againn anuraidh an-chruth ar an Leabharlann Scoile.  Faraor, níl Séamus linn a thuilleadh.  Ba mhaith linn grúpa  a chur le chéile a chabhródh linn cruth a choimeád ar an Leabharlann.  Labhair le Colmán nó le Caitríona Rúnaí má tá suim agat.

Our library is in great shape after the work of Séamus our Leabharlannaí last year.  Séamus, however has left us.  We would like to put a group together to help maintain the library for the pupils. If you are interested in helping out, have a word – please – with Caitríona in Oifig na Scoile or with Colmán.

Deireadh ag teacht le tréimhse an Bhord Bainistíochta

Tá deireadh ag teacht le tréimhse an Bhoird Bainistíochta agus dá bharr sin táthar ag lorg ainmithe nua ó phobail  thuismitheoirí na scoile don ré nua.  Bíonn athair agus máthair i gceist.
Bhain mé an sult as a bheith páirteach i gníomhtachtaí na scoile agus molaim d’éinne an deis seo a ghlacadh a bheith páirteach ann.  Cruinniú míosúil atá i gceist agus suíonn ochtar ar an mBord idir an cathaoirleach, an rúnaí, cisteoir, múinteoir amháin, beirt tuismitheoirí agus beirt ainmithe ó lasmuigh den scoil.  Beidh Cumann na dTuismitheoirí eagrú toghacháin d’ainmnithe na dtuismitheoirí ar an mBord.  Tá mé sásta aon cheist a fhreagairt.

The term of the current Board of Management of Scoil Lorcáin is coming to an end this October. The Board would like to welcome new nominations from the school’s parents, one mother and one father, on to the new Board. I found it very rewarding to participate and facilitate the great work that the school’s Board of Management endeavours to do. There is a monthly meeting and 8 people are involved; the chairperson, secretary, treasurer, one teacher, 2 parents and 2 nominations from interested parties from the wider community. I would encourage you to consider participating and am willing to answer any questions you may have. The Board conducts all meetings As Gaeilge, in contrast the parent’s committee meetings which are bilingual.

cathyniriain@gmail.com

Cathy Ní Riain

Comhairliúchán Poiblí

D’fhógair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairliúchán poiblí ar an tsraith shinsearach agus go mbeidh sé ar oscailt go dtí 1 Samhain 2019.  D’fheadfadh an comhairliúchán agus na torthaí ag éirí as a bheith an-tromchúiseach do mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna.  D’fheadfadh go leor droch-impleachtaí éirí as don Ghaeilge má athraítear, mar shampla, an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist.

Tá sraith ceardlainn á éagrú ag an NCCA ag na dátaí agus seoltaí thíos. Is féidir clárú chun freastal ar cheardlann tríd clárú ag an nasc thíos.

Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, 1 Deireadh Fómhair, 4.30-6.30

Ionad Oideachais na Carraige Duibhe, 10 Deireadh Fómhair

 The NCCA is organising a series of workshops to discuss various proposals for the Leaving Certificate.  Among the proposals is removing Irish as a core subject.  This wouldn’t help our cause.  One of the workshops is in the Blackrock Education Centre on 10th October.  More info at link below.  This is an opportunity to have a positive impact on the position of Irish in Ireland.

https://forms.office.com/Pages/ResponsePage.aspx?id=s-Fcb2jZiUaBpt7a8TpbEeo6PgalEapJu4aYhUpM4ZhUNElCN0tHOTFPS1lRUTdYV05NSUhGWEpMNy4u

Iarscoláirí ar Thaithí Oibre

Is fada iarscoláirí ag filleadh orainn chun Taithí Oibre na hIdirbhliana a dhéanamh.  Is deas linn seo.  Ach is gá iarratas scríofa via ríomhphost tuismitheora a bheith déanta ceithre seachtaine, ar a laghad, roimh an dáta tosaithe, chun seans a thabhairt dúinn é a eagrú.

We have long welcomed back past-pupils on work-experience for their Transition Year placement.  We are more than happy with this arrangement, but please be aware that application should be made by email by the student him/herself from a parent’s email address, at least 4 weeks in advance of the starting date.

Imram – Féile Litríochta Gaeilge

Cén fáth a labhrann tú Gaeilge? Imram.ie

Cén fáth ar sheol tú go pháistí go Scoil Lorcáin? Imram.ie

Cad is fiú an Ghaeilge? Imram.ie

Cad is fiú agus is féidir? Imram.ie

Why speak Irish?  Imram.ie

Why send your children to Scoil Lorcáin? Imram.ie

What’s the point of it all?  Imram.ie

Pourquoi? Imram.ie

Gníomh Tionsclaíoch ag Rúnaithe Scoile

Tá feachtas tosaithe ag FORSA chun feabhas a chur ar phá agus ar phinsean rúnaithe scoile.  Beidh Caitríona Rúnaí Scoil Lorcáin ag léirisú maidin amháin taobh amuigh den scoil chun tacaíocht a léiriú don bhfeachtas.  D’fhéadfadh baill eile foirne  seasamh léi chun tacaíocht a léiriú.  Ní picéad a bheidh anseo, agus, mar sin, ní chuirfear isteach ar obair fhostaithe eile.

There is a campaign by FORSA to improve the pay and pension conditions of school secretaries, who play a vital role in our schools.  Caitríona our school secretary will protest outside Scoil Lorcáin one morning in support.  She may be joined briefly by teaching colleagues to show their support.  As this is not a picket we do not expect the work of other employees to be disrupted.

Féile na nÓg – spreagadh don tsamhlaíocht

Féile Litríochta agus Ealaíon do Pháistí

Lexicon Dún Laoghaire Satharn 5/10

10.00 rn – 5.00 in

Ióga, ceol, amhráin, puipéid, rince, ealaíon, scéalaíocht.

Children’s Irish Language Literature and Arts Festival

All day in the Lexicon this Saturday 5/10

No booking required.

Feighlí páistí/Nanny  (le Gaeilge)

Feighlí páistí (le Gaeilge) á lorg do phost lánaimseartha lonnaithe sa Charraig Dubh i Co. Ath Cliath. Tá triúr gasúir sa gclann (10, 8 agus 4).  Taithí ag tabhairt aire do ghasúir agus ceadúnas tiománma riachtannach.   Coinníollacha an-mhaith.  Tús leis an bpost i mí na Samhna.   Má tá spéis agat sa phost glaoigh ar Shiobhán ar 086 6007517

Above is a notice looking for an Irish speaking mindeer for three children in the Blackrock area.

Cealtán

Tá comhadchealtán ceithre tharraiceán á lorg againn, má tá ceann agat nach bhfuil ag teastáil.

We’re looking for a four drawer filing cabinet, if you have one that’s not needed.

Ealaín

Find below a link to a public art project being organised by parent and legend Cormac Ó Bréartúin, who sidelines as an art teacher in Coláiste Eoin.

https://spark.adobe.com/page/NJ8GxSyr4Qj2Y/

‘Táim ag iarradh an méid ba mhó de dhaoine bheith páirteach san dealbh seo… Na mílte babhla greamaithe leis an bhfalla agus iad ag síor-dhoirteadh na dea-thola’.

Lego agus Jenga

Ba mhaith linn níos mó lego agus jenga a chur ar fáil sa Chlós ag am lóin.  Má tá roinnt agat sa bhaile nach n-úsáidtear, bheimís buíoch iad a fháil.

We’d like to provide more lego and jenga at lunchtime.  If you have any unloved at home, we will love it for you.  You could drop it in to Caitríona in Oifig na Scoile.

Céilí na Samhna Rang 2-6

Cumann na dTuismitheoirí

Scoil Lorcáin

Déardaoin 24 Deireadh Fómhair

7.00  – 9.00 in.

Meabhrúchán

Beimid dúnta ar an Luan 11 Samhain d’inseirbhís ar an gCuraclam Nua Teanga.

We’ll be closed Monday 11th November for inservice on the new Language Curriculum.

Éadaí Caillte

Tá málaí móra d’éadaí caillte scoile bailithe againn cheana féin I mbliana.  Níl spás stórála againn dóibh.  As seo amach, beimid ag fáil réidh le héadaí atá fágtha le breis is dhá sheachtain.  Má tá ainm soiléir ar bhall éadaigh tabharfaimid ar ais don pháiste é agus fáilte.  Ach is minic nach mbíonn ainm scríofa nó nach bhfuil rud atá scríofa iontuigthe.

We already have bags of lost school clothes, geansaís especially.  We don’t have storage space for these.  From now on we’ll be recycling clothes after two weeks.  If there is a legible name on a jumper or coat we’ll be glad to hand it back.  But too often, there is no name, or it’s not legible.

Le meas,

Colmán Ó Drisceoil

Príomhoide