Nuachtlitir Márta 2017

May 08, 2017

 

 

Féilire na Scoile

Tá Féilire na Scoile 2017-18 ag bun na Nuachtlitireach seo.

The School Calender for 2017-18 is at the bottom of this Nuachtlitir.

 

Comhghairdeas

Comhghairdeas le Foireann Shinsireach Iomána Cuala agus, go speisialta, le hiarscoláirí Scoil Lorcáin, a bhain Craobh Shinisreacha na gClubanna Lá ‘le Pádraig.

Congratulations to the Cuala Senior Hurling Team, and especially to our former students, who won the Senior Club Final on St. Patrick’s Day.

 

Nuachtlitir na Márta

Gabh ár leithscéal as an eagarthóireacht ar Nuachtlitir Mhárta a bheith le feiscint sa leagan a scaipeadh.  De timpist a tharla sé, le brú ama.

Apologies for the version of the Nuachtltir which was distributed, showing editing etc.  We blame time pressure.

 

Seachtain Scútála, siúil agus rothaíochta.

Táimid ag iarraidh ar gach duine iarracht speisialta a dhéanamh scútáil (nó siúl nó rothaíocht) ar scoil an tseachtain seo chughainn, agus feabhas ag teacht ar an aimsir.  Is é an faisean is déanaí do thuismitheorí ná sodar agus na páistí ag scútáil.

We’re asking all to make a special effort to scoot (or walk, or cycle) to school next week, as the weather improves.  The latest fashion is for parents to jog while their children scoot or cycle.  Why not give it a go.

 

Díolachán Éadaí

Ba mhaith le hOisín Beathnach, ár n-iarscoláire buíochas a ghabháil as na héadaí a tugadh isteach don Díolachán Éadaí Ban atá á eagrú aige do Zambia Satharn 25 Márta 11.00 rn – 4.00 in Ionas an Pharóise, Séipéal na Carraige Duibhe.  Is féidir éadaí a thabhairt isteach go hOifig na Scoile go dtí an Aoine agus ba bhreá le hOisín agus a chairde tuismitheoirí Scoil Lorcáin a fheiscint ag an díolachán féin.

Past-pupil Oisín Breathnach and his friends are grateful for the donations they have received for their sale of Women’s Clothing  for Zambia which takes place this Saturday 25th March 11.00 am – 4.00 pm in the Parish Centre beside Blackrock Church.  Any more donations can be left in to Oifig na Scoile up to Friday.  Oisínand friends would be delighted to see Scoil Lorcáin parents come along to the sale for a browse.
Campa Ealaíne na Cásca
Dáta : 10 – 13 lá d ‘Aibreán
Am : 10 -2 i .n
Costas : €65 nó €120 do bheirt
Aois : 7 -12 bl
Eolas Breise : 0879651082  Caitriona Scollard

 

Lá na Seantuismitheoirí

Tá Lá na Seantuismitheoirí á mbeartú againn don Déardaoin 30 Márta.  Beidh cuireadh á thabhairt again do sheantuismitheoirí cuairt a thabhairt ar ranganna agus labhairt leis na páistí faoin saol a bhí acu nuair a bhí siad óg.  Má tá aon seantuismitheoir atá sásta cabhrú linn, ba cheart an t-eolas a thabhairt do Rós Poirtéir nó do Bhríd Firtéar.

We’re planning Grandparents’ Day on Thursday 30th March.  We would love to hear from or of any grandparents who would be willing to come in and talk to the children in Irish abut life when they were young. Talk to Rós or Bríd Firtéar.

 

Feighlí páistí/Buime/Nanny  (le Gaeilge)

Feighlí páistí (le Gaeilge) á lorg do phost lánaimseartha ar chonradh 8mí lonnaithe sa Charraig Dubh i Co. Ath Cliath. Tá triúr gasúir sa teaglach (8, 5 agus 2).  Taithí ag tabhairt aire do ghasúir agus ceadúnas tiománma riachtannach.   Coinníollacha an-mhaith.

Tús leis an bpost i lár Bealtaine 2017.

Má tá spéis agat sa phost seol ríomhphost le sonraí teagmhála agus CV iniata chuig siobhan@colaistechamuis.ie

 

Grúpa Spraoi Tuismitheoirí agus Leanaí Ghlór na nGael i Scoil Lorcáin!

Beidh an Grúpa Spraoi Tuismitheoirí & Leanaí le Gaeilge ag teacht le chéile uair sa mhí i Scoil Lorcáin ar an Satharn, 25 Márta, 22 Aibreáin agus 27 Bealtaine 2017.

Ar an Satharn beag seo, beidh Ceardlann Damhsa ar an Sean-nós againn le Caoimhe Ní Mhaolagáin ón 2.15 – 3i.n agus beidh deis ag leanaí agus daoine fásta cúpla céim a fhoghlaim agus a chleachtadh le chéile!Breis eolais & clárú: siobhannicgaoithin@yahoo.com

 

Éadaí Caillte

Tá bosca mór éadaí caillte againn.  Cuirfimid amach iad nuair a thagann lá tirim.  Tá fáilte romhat aon bhall éadaigh gan ainm a thógaint.  Déan cinnte go bhfuil ainm ar gach cóta agus geansaí, le do thoil.

We have a big box of lost clothes.  We’ll put them out the next fine day.  You are welcome to take any coat or jumper unless it has a name on it.  Please, ensure your coats and jumpers have names. 

 

Poncúlacht

Bíonn roinnt mhaith páistí déanach na laethanta seo.  Bíodh do pháiste in am, le do thoil.   Má tá tú déanach, is isteach tríd an doras tosaigh is ceart teacht.

We’ve some children arriving late regularly.  Please have your child in school punctually.  If you are late, entrance is by the front/main door.

 


Féilire 2017-2018

Meán Fómhair Scoil ag Oscailt Dé hAoine 01.09.17  ag 8.35
Briseadh Méan Téarma Scoil ag dúnadh Dé hAoine 27.10.17   ag 2.15
  Athoscailt na Scoile Dé Luain 06.11.17
Saoire Nollag Scoil ag dúnadh Dé hAoine 22.12.17  ag 12.00
  Athoscailt na Scoile Dé Luain 08.01.18
Briseadh Meán Téarma Scoil ag dúnadh Dé hAoine 09.02.18   ag 2.15
  Athoscailt na Scoile Dé Luain 19.02.18
Lá  le Pádraig Scoil ag dúnadh Dé hAoine 16.03.18   ag 2.15
  Athoscailt na Scoile Dé Máirt 20.03.18
Saoire na Cásca Scoil ag dúnadh Dé hAoine 23.03.18  ag 12.00
  Athoscailt na Scoile Dé Luain 09.04.18
Briseadh  Bealtaine Scoil ag dúnadh Dé hAoine 04.05.18  ag 2.15.
  Athoscailt na Scoile Dé Máirt 08.05.18
Briseadh Meán Téarma Scoil ag dúnadh Dé hAoine 01.06.18  ag 2.15
  Athoscailt na Scoile Dé Máirt 05.06.18
Saoire an tSamhraidh Scoil ag dúnadh Dé hAoine 29.06.18 ag 12.00